Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bunaithe based
" Labhraimid ar shochaí atá bunaithe ar eolas, seachas ar scileanna.
lucht bunaithe founders
" Tá ag éirí go han-mhaith le TG4 anois, a bhuíochas sin ar lucht bunaithe an stáisiúin, saineolas an chéad cheannasaí Cathal Goan agus an modh oibre straitéiseach atá ag a chomharba Pól Ó Gallchóir agus a fhoireann.
aithreacha bunaithe na tíre the founding fathers
" Chun casadh a bhaint as cuid focal duine de "aithreacha bunaithe na tíre": Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh".
bunaithe based
" Tá béim na laethanta seo ar gheilleagar bunaithe ar eolas, seachas ar scileanna.
bunaithe ar fhoréigean based on violence
" Tá formhór na gcluichí ríomhaireachta bunaithe ar fhoréigean - agus go deimhin níl sé ceadaithe roinnt cluichí a dhíol le daoine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois.
bunaithe ar based on
" Go ndéanfaí forbairt láidir bunaithe ar theanga agus chultúr na hÉireann sa tslí is go mbeadh obair as Gaeilge ar fáil do na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh.
seirbhísí bunaithe ar an láthair location-based services
" Tá an córas GPS mar chuid de roinnt fón soghluaiste nua den tríú glúin atá ag teacht ar an margadh anois agus, cé gur féidir suíomh aon fón soghluaiste a aimsiú cheana féin, cuirfidh an cruinneas nua seo go mór leis na seirbhísí bunaithe ar an láthair atá ar fáil.
bunaithe ar based on
" Beidh an tionscadal bunaithe ar phrionsabal simplí fisice - éiríonn aer te.
bunaithe established
" Tá eastát tionsclaíoch bunaithe le cúpla bliain anuas, ina bhfuil comhlachtaí ar nós More Net Teoranta agus Seaspray ag feidhmiú.
bunaithe established
" Tá cainéal teilifíse Breatnaise bunaithe.
bunaithe based
" Níl mórán suime agam in an-chuid den cheol nuachumtha, ach amháin na píosaí ceoil atá bunaithe ar an traidisiún, cosúil leis na tiúin a chum Seán Ryan, Josie McDermott, John Brady agus araile.
bunaithe ar an gcóras oideachais based on the education system
" I bhfocail eile, tá gá le córas bunaithe ar an gcóras oideachais, is é sin áiseanna a bheith i ngach scoil sa tír agus oiliúnóirí/múinteoirí speisialta chun na gasúir a oiliúint i gceart.
bunaithe orthu based on them
" Amuigh ansin, áit eigin sa strataisféar, beidh satailít dírithe ar Chorcaigh a chuirfidh íomhánna ar fáil agus déanfaidh na cniotálaithe léarscáil a dhearadh bunaithe orthu.
bunaithe ar based on
" Tá cuid acu bunaithe ar dhaoine a bhí beo sa naoú céad déag nó ag tús an fichiú céad, ar nós Jack Riley ("the Man from Snowy River") agus a chumas leis na capaill.
bunaithe ar an fhírinne based on the truth
" Ionsaí ======= Tá miotaseolaíocht ann (bunaithe ar an fhírinne) gur shábháil an IRA an Trá Ghearr i mí an Mheithimh 1970 nuair a d'ionsaigh ollscaifte Protastúnach í.
bunaithe orthu based on them
" “Rinne mé féin sraith cláracha do RTÉ, *The Years of Change*, a bhí go hiomlán bunaithe orthu.
bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh based on census figures
" Ní chuirfear an cóimheá idir cainteoirí Gaeilge agus Béarla i gceantair Ghaeltachta as a riocht mar go mbeidh an céatadán de thithe a chuirfear ar leataobh do Ghaeilgeoirí bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh i leith líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar.
bunaithe ar an fhírinne based on truth
" Ach cén fáth a gcreidfeá aon scéal eile i nuachtán atá sásta deargchumadóireacht den chineál thuas a chur i gcló? Nuair a d’fhoilsigh *The Sun *na Breataine scéalta ar nós *“Freddie Starr Ate My Hamster”* (níor ith!) agus gur chuir Comhairle Bhrent cosc ar mhálaí bruscair dubha mar go raibh siad ciníoch (níor chuir!), thug siad le fios don saol mór nach gá go mbeadh a gcuid scéalta bunaithe ar an fhírinne.
bunaithe based
" “Bhí cuid áirithe den chlúdach a fuair muid ó chuid de na meáin Bhéarla aontaobhach go maith, cuid de bunaithe ar mhíthuiscintí agus ar dhoiléireacht.
bunaithe established
" Faoin bhliain 1999, mar shampla, bhí Comhairle nan Eilean agus Parlaimint na hAlban bunaithe mar thoradh ar an phróiseas díláraithe cumhachta sa Bhreatain agus Comhaontú Aoine an Chéasta sa tuaisceart, agus chruthaigh sé seo comhthéacs nua polaitiúil ina bhféadfadh tionscadail mar *An Leabhar Mór *bláthú.
bunaithe ar chur i gcéill based on pretence
" Ní féidir aon dul chun cinn a dhéanamh bunaithe ar chur i gcéill.
bunaithe ar bhréag based on a lie
" Amaidí agus ábhar maslach, a deir urlabhraithe na hEaglaise Chaitlicí é an scannán *The Da Vinci Code* agus go háirithe an tuairim a chuireann sé chun cinn go bhfuil cumhacht na hEaglaise Caitlicí bunaithe ar bhréag, bréag atá á ceilt leis na mílte bliain.
bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh based on census figures
" Is chuige sin atá an choinníoll teanga de dhíth mar go mbeidh an céatadán de thithe a chuirfear ar leataobh do Ghaeilgeoirí bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh i leith líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar.
bunaithe ar eachtra based on an incident
" Tá an méid seo bunaithe ar eachtra a thit amach i 1982, nuair a dhúisigh banríon Shasana maidin amháin i bPálás Buckingham agus fear ina shuí ar cholbha a leapa.
bunaithe ar iar-iarrthóirí based on former candidates
" An fiú dúinn aird a thabhairt ar na healaíontóirí a bhíonn ar taispeáint ann nó an séitéireacht chliste a bhíonn ar siúl acu – éadaí nua an impire, mar a déarfá? Is é an déantóir scannán Phil Collins an duine is mó as an cheathrar atá ar ghearrliosta an chomórtais atá ag díriú ar cheist an ionracais leis an tsraith cláracha a rinne sé bunaithe ar iar-iarrthóirí cláracha de chuid Theilifís na Réaltachta.
troid bunaithe ar thaicticí a fight based on tactics
" Nil duine ar bith ag dúil le *ko* ach le troid bunaithe ar thaicticí agus an poblachtánachas agus an t-aontachas i ndeabhaidh pholaitíochta.
bunaithe ar riachtanais an tsaoránaigh based on the needs of the citizen
" Tá sé róluath le hainm a thabhairt ar an tréimhse ina bhfuil muid faoi láthair, tréimhse ina bhfuil – tá súil againn – tús á chur le polaitíocht úr bunaithe ar riachtanais an tsaoránaigh ó thuaidh.
bunaithe ar an eolas is déanaí based on the latest information
" Tá gá le measúnú agus monatóireacht rialta a dhéanamh ar pholasaithe agus ar thorthaí na bpolasaithe, bunaithe ar an eolas is déanaí faoi rannpháirtíocht sa spórt.
Bunaithe ar based on
" Bunaithe ar scéal as an bhéaloideas atá an scéal.
bunaithe ar thaighde a rinneadh cheana féin based on research conducted before
" Tá an obair seo bunaithe ar thaighde a rinneadh cheana féin sna Stáit Aontaithe, taighde ar cuireadh stop leis sa bhliain 1996 toisc nach raibh praghas an bhreosla ag an am sin ard go leor chun costais an taighde a chosaint.
bunaithe ar thaighde ar chúinsí based on research on factors
" Tá na moltaí seo bunaithe ar thaighde ar chúinsí mar an costas maireachtála, costas tithíochta, boilsciú, etc.
bunaithe, established,
" Dhá bhliain níos déanaí agus an fhéile bunaithe, lonnaithe cois tábhairne ceanúil Uí Mhurchú, nasctha leis an bpobal áitiúil agus an-dea-eagraithe, seo muidne ann, na cailíní ag damhsa go corpchuara chun tosaigh, na buachaillí ina seasamh go craos-shúileach sna heití, an ceol dainséarach, diamhair agus allas stoirmiúil, gáirsiúil, brothallach i lár an tsamhraidh ag meascadh go meangúil san oíche.
bunaithe ar chreideamh based on religion
" Tá scoileanna atá bunaithe ar chreideamh á ndruid mar gheall ar thitim i líon na ndaltaí in áiteacha a mbeadh scoil amháin imeasctha inmharthana.
bunaithe ar rialacha peile based on football rules
" Bhunaíodar a gcumann féin, bunaithe ar rialacha peile a tháinig as scoil Rugby, agus dá réir, thugadar Rugby Football Union orthu féin.
bunaithe ar leabhar based on a book
" Rinne Tom scannán eile a stiúradh dar teideal Hush-a-Bye Baby, ar dhráma é, agus tá seans ann go stiúrfaidh sé scannán bunaithe ar leabhar de chuid Séamus Deane, a bhfuil Reading in the Dark mar theideal air, san am atá romhainn.
bunaithe. based
" Ag tabhairt faoi KingsAch cén fáth ar chuir sé spéis an chéad lá riamh i ndráma de chuid Jimmy Murphy dar teideal *Kings of the **Kilburn High Road,* an saothar ar a bhfuil an scannán Kings bunaithe.
bunaithe ar thaithí phearsanta. based on first hand experience.
" Tá a thuairimí maidir le coimhlintí éagsúla agus maidir le huafás na cogaíochta bunaithe ar thaithí phearsanta.
fógraíocht a bhí bunaithe ar na heochairfhocail advertising which was based on the key words in the email itself
" Conspóid nuaBhí an chonspóid seo ar fad ag Google roimhe seo nuair a thosaigh siad an tseirbhís ríomhphoist Gmail le fógraíocht mar chuid de – fógraíocht a bhí bunaithe ar na heochairfhocail a bhí sna teachtaireachtaí ríomhphoist féin.
siad ar fad bunaithe ar véarsaíocht dhúchasach Chonamara. they are all based on verses which are native to Conamara
" Is é an snáth a cheanglaíonn na dánta ar fad le chéile ná go bhfuil siad ar fad bunaithe ar véarsaíocht dhúchasach Chonamara.
a bheadh bunaithe ar mhianta phobal na mballstát which would be based on the wishes of the memberstates
" Déanann a leithéid de mhaistíneacht beag is fiú den imní atá ar dhaoine áirithe faoin luas lasrach - seachas éabhlóid nádúrtha a bheadh bunaithe ar mhianta phobal na mballstát – atá faoi Aontas na hEorpa le scór bliain anuas.
bunaithe ar an dialann based on the diary
" Tá an leabhar bunaithe ar an dialann a scríobh Trench i rith na tréimhse sin.
ní rabhthas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán a judgement wasn't being made on the basis of a film
" Mar sin, ní rabhthas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán – rud a bheadh lochtach ann féin – ach bhíothas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán ar chualathas cur síos air.
bunaithe ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge based on the percentage of Irish speakers
" Bhí an líon seo bunaithe ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge sa Spidéal de réir dhaonáireamh na bliana 2002.
bunaithe based
" Tá tionchar Patrick Caulfield agus Michael Craig-Martin le feiceáil ar a shaothar sa dóigh a mbaineann Opie úsáid as bogearraí ríomhaireachta chun grianghraif agus gearrscannáin a athchruthú agus íomhánna atá bunaithe ar an duine – nó ar fhigiúir éigin – a léiriú.
bunaithe ar cheol clasaiceach. based on classical music.
" Ag an am, bhí an siollabas bunaithe ar cheol clasaiceach.
duine de lucht bunaithe one of the founders
" Fear físe ab ea é Dónall Ó Móráin, duine de lucht bunaithe na heagraíochta sin, a bhí in ann daoine eile a spreagadh agus a thabhairt leis, mar aon le rudaí a bhaint amach a chuaigh i bhfeidhm go mór ar dhaoine agus a raibh tionchar inbhraite acu ar chur chun cinn na Gaeilge.
bunaithe ar chreideamh. based on religion.
" "Bhí seanmhana ag aontachtaithe a dúirt gurbh ionann *Home Rule* agus *Rome Rule*, is é sin, go mba dhrochrud é an córas rialtais a bheadh bunaithe ar chreideamh.
bunaithe ar an dialann based on the diary
" Tá an leabhar bunaithe ar an dialann a scríobh Trench i rith na tréimhse sin agus craoladh clár faisnéise den teideal céanna ar TG4.
chonacthas do lucht bunaithe na heagraíochta it appeared to the founders of the organisation
" Um an dtaca sin, chonacthas do lucht bunaithe na heagraíochta go raibh suim choitianta sa rince céilí ag dul i léig diaidh ar ndiaidh agus nach raibh an oiread sin deiseanna ag grúpaí éagsúla castáil lena chéile chun na rincí a chleachtadh.
bunaithe ar based on
" Sa leabhar L’Adversaire a scríobh Emmanuel Carrère agus atá bunaithe ar shaol Romand, feictear an príomhcharachtar ag imeacht as an teach chuile mhaidin chun dul ag obair, mar dhea, nó ag ligint air go mbeidh sé imithe ón mbaile ar feadh tréimhse cúpla lá toisc go gcaithfidh sé freastal ar chomhdháil éigin i dtír iasachta a bhaineann lena chuid oibre.
bunaithe settled
" Measann an t-Ollamh Georges go bhfuil 25 mamach andúchasach ar a laghad bunaithe anois san Astráil, agus fearacht Oileán Mhic Guaire, tá an-dochar déanta acu do na hainmhithe bunaidh, ach go háirithe do na fiachait.
bunaithe ar based on
" I gcroílár na heabhlóide seo, bhí cur chuige bunaithe ar roinnt, comh-inoibritheacht agus ar chumarsáid idir córais agus feidhmchláracha éagsúla.
bunaithe based
" *" Ar ndóigh ba cheart neamhaird iomlán a dhéanamh d’ionsaithe spídiúla den chineál sin atá bunaithe ar aineolas agus fuath.
bunaithe based
" Maíodh sna meáin san India go raibh na hionsaithe bunaithe ar chiníochas agus ar dhearcadh diúltach san Astráil i leith na nIndiach.
bunaithe based
" org/) Tarraingt in Aghaidh a Chéile Scríobhas cheana ar an gcaoi ina bhfuil an dá pháirtí anseo deighilte suas iontu féin i ndreamanna bunaithe ar na rudaí is mó suime dóibh.
bunaithe based
" com/video/screenplay/vi1625424153/ ‘Goodbye Lenin!’ le Wolfgang Becker (2003) Pathé PS22301000Coiméide iar-Chumannach eile is ea an ceann seo – bunaithe ar sheift chliste scéil.
bunaithe ar based on
" Ba sna nuachtáin Bhéarla a tharla an díospóireacht faoi chostaisí aistriúcháin agus cearta bunreachtúla phobal na Gaeilge agus níor mhiste a rá go raibh cuid de bunaithe ar aineolas is ar chlár oibre folaithe.
bunaithe ar based on
" Déantar athchóiriú ar an táirge féin bunaithe ar an aiseolas méadaithe de bharr na bhfeidhmeanna nua.
bunaithe based
" Is ar oidhreacht choitinn atá an creideamh bunaithe seachas ar aon sraith foirceadal is prionsabal.
bunaithe based
" Teanga Phobail sa Ghaeltacht Nuair a foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch dhá bhliain ó shin fógraíodh go mbeadh Coiste faoi Chathaoirleacht an Taoisigh ag cur stráitéis le chéile, bunaithe ar na moltaí ó na saineolaithe “chun todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chinntiú.
bunaithe based
" BD: Maidir leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, cén uair a bheas moltaí an fhreasúra agus na heagrais Ghaeilge curtha le chéile agat? PÓC: Tá fochoiste den Choiste Um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta agus Gaeltachta ag obair ar thuarascáíl bunaithe ar na moltaí sin faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh siad réidh faoi lár na míosa seo.
bunaithe ar based on
" **Scannán Lánfhada Éireannach** **Stiúrthóir: Robert Quinn** **Léiritheoir: ROSG** Is scannán samhlaíoch, corraitheach é Na Cloigne, scannán atá bunaithe ar bhunscript Dharach Uí Scolaí.
bunaithe ar based on
" Tá córas rialtais na hAstráile bunaithe ar chóras Westminster de chuid na Ríochta Aontaithe.
bunaithe based
" Tá saoirse de shaghas éigin bainte amach ag na 26 Chontae, mar sin tá cead acu a bheith chomh hÉireannach agus is mian leo (ahem!), ach ó thuaidh, b’fhurasta a chreidbheáil go raibh an naimhdeas don stát agus don “mhórthír” bunaithe ar fhríth-Shasanachas.
bunaithe ar based on
" Glacaim leis nach bhfuil an córas leath chomh casta i do chomhlacht féin! - Faigh réidh leis na leithscéalta dóibh: Breathnaigh ar an liosta fáthanna: conas gur féidir leatsa cabhrú le do chustaiméirí na bacanna sin a shárú? - (a)“Níl an t-am ag daoine” - cabhraigh leo am a aimsiú: cuir oideas chucu nó sceideal béiltí don tseachtain nó roghnaigh culaith éadaí bunaithe ar eolas a bhailigh tú ón suirbhé.
Coiste Bunaithe the founding committee
" Tháinig Coiste Bunaithe Ghaelscoil Ráth Tó le chéile i Mí Lúnasa 2008 le deis gaelscolaíochta a thabhairt do leanaí phobal Ráth Tó.
bunaithe ar based on
" Deirtear go bhfuil sé bunaithe ar chlogad deasghnách Cheilteach.
bunaithe based
" Dar leis go bhfuil na luachanna ar a bhfuil an tsochaí sa Fhrainc bunaithe faoi bhagairt.
bunaithe ar based on
" Is é ‘Visceral’ an teideal atá ar an taispeántas agus tá sé bunaithe ar shaothar a rinne SymbioticA, foras Astrálach, a chruthaíonn ábhar ealaíne atá bunaithe ar theicneolaíocht na clónála agus a mbíonn idir shaothrúchán fíocháin agus innealtóireacht ghéiniteach i gceist.
saothar bunaithe the work is based
" Bhí sé i gceist aici taighde a dhéanamh ar an chóras imdhíonachta agus ar mhianach na gcorp seo ag an tús, ach baineadh geit as achan duine nuair a thosaigh roinnt cealla ag nascadh in áit a bheith ag troid i gcoinne a chéile agus is ar an chomhtharlúint neamhghnách seo atá an saothar bunaithe.
bunaithe cuid mhór based a lot
" Le Gnéithe de Shinn Féin =========== “Ó mo thaithí féin de, faighim spreagadh ón duine is mó dar shiúil ar dhromchla an domhain riamh, an Tiarna Íosa Críost, a dúirt ‘Gráigh do chomharsa mar thú féin’”, ar sé, ag rá go raibh fréamhacha an tsóisialachais sa Bhreatain bunaithe cuid mhór ar an Athnuachan Modhach.
coiste bunaithe founding committee
"coiste bunaithe againn agus tá céimeanna beaga tosaigh glactha againn.
bunaithe ar based on
" Ghlac an t-aisteoir agus scríbhneoir Tom McLennan páirt Robert Noonan ansin agus rinne sé féin agus aisteoirí eile dráma beag bunaithe ar an leabhar agus ar thórramh Noonan, sular chaith an slua rósanna dearg ar an leacht cuimhneacháin.
bunaithe based
" B’as Inis Ceithleann ó dhúchas dó agus is thart ar an chontae sin, Fir Manach, agus ar chontae Shligigh is mó a bhí an chuid is mó dá shaothar bunaithe.
bunaithe ar an deighilt based on the split
" Nuair a theip go holc ar Fhine Gael sa bhliain 2002, shíl daoine go leor go raibh deireadh ag teacht leis an pholaitíocht a bhí bunaithe ar an deighilt a mhair ó aimsir chogadh na gcarad.
bunaithe ar based on
" Bhí éagsúlacht shuntasach idir na staidrimh féinmheasta agus iad bunaithe ar innéacs corpmhaise, a léirigh go raibh 62% de na fir agus 45% de na mná sa mheastachán aicmithe mar róthrom nó murtallach.
bunaithe ar based on
" Lena chois sin, tá cúrsa idirghníomhach chomh maith atá bunaithe ar *QuickGuide™ Irish Grammar* ar fáil ag (Ranganna)(http://www.
bunaithe based
" Bhí teicneolaíocht ársa acu, bunaithe ar an bhitheolaíocht.
bunaithe based
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
Poblacht Bunaithe ar Chearta a republic based on rights
" Poblacht Bunaithe ar Chearta =============== D’imigh an chinedheighilt san Afraic Theas, tháinig deireadh leis an chogadh i Vítneam ach b'iomaí locht a bhí ar na 26 Chontae.
bunaithe based
" Tá iontas orm go bhfuil gradam bunaithe cheana féin le meas ar dhuine nach bhfuil sa Dáil ach le dornán beag míonna.
bunaithe ar an bhfonn a bheadh orm féin based on the humor I’m in
" Chomh maith leis na feidhmchláiríní seo ar mo ghuthán, tá ceann a ligeann duit do ráta chroí a thaifead, tá feidhmchláirín eile Nike a d’fhéadfadh comhrá a dhéanamh le mo bhróga (tá slis sa sáile s’acu) agus ceann darbh ainm de MoodAgent a ligeann dom líostaí ceoil a chruthú bunaithe ar an bhfonn a bheadh orm féin.
bunaithe ar iarratais based on requests
" Tá an bunmhaoiniú (£20 milliún) ag teacht ó dheontais Eorpacha bunaithe ar iarratais a rinne Bord Turasóireachta agus Roinn Trádála agus Infheistíochta Thuaisceart Éireann, agus, de réir tuairisce a tháinig amach ó Choimisiún na hEorpa le gairid, níl an t-airgead sin ceadaithe go fóill de bhrí nach raibh go leor tairscintí páirteach san iomaíocht don tionscadal.
bunaithe ar based on
" Tá sé bunaithe ar spéis in ionad a bheith bunaithe ar phobal.
bunaithe ar riachtanas based on needs
" Bhí lucht na scoileanna poiblí ceansaithe de bharr go raibh sí ag moladh go mbeadh a mhaoiniú bunaithe ar riachtanas as seo amach agus go bhfuil a mhaoiniú reatha uireasach.
Bunaithe ar based on
" Bunaithe ar bhrat Shasana agus ar bhrat Chuige Uladh, tá coróin i lár báire agus réalt sé-thaobhach, ceann amháin do gach contae sna Sé Chontae ach le 40 bliain, is Oisíní i ndiaidh na Féinne iad lucht leanúna Thuaisceart Éireann agus iad ag smaoineamh siar go dtí laethanta órga *(ahem) Stormont*.
scoláirí bunaithe established scholars
" Bainfidh scoláirí bunaithe agus mic léinn úra araon taitneamh agus tairbhe as an saothar ildánach seo.
bunaithe ar an chreideamh a bhí agat based on your religion
" I measc na gCaitliceach, meabhróidh siad go bhfuil siad ar ais chuig na seanlaethanta réamh-Thrioblóide nuair a fuair tú teach bunaithe ar an chreideamh a bhí agat - Protastúnach.
bunaithe ar eachtra based on a incident
" Bhí sé suimiúil domsa a chloisteáil go raibh an dráma bunaithe ar eachtra mar seo.
bunaithe ar na ‘trí’ ní áirithe based on the three special things
" Tá an focal ‘tréith’ bunaithe ar na ‘trí’ ní áirithe a shiúlas le duine.
bunaithe ar based on
" Amhráin Ghrá: ====== Bailiúchán d’amhránaithe mná é seo atá bunaithe ar cheirníní a d’eisigh Gael Linn idir na 1960í agus na 80í, chomh maith le roinnt rianta nár eisíodh cheana.
bunaithe ar staidreamh ón Daonáireamh based on research from the Census
" Éirionn leis an gcóras méid áirithe Gaeilge a mhúineadh do sciar maith den daonra ach, mar a léiríonn an tábla seo thíos atá bunaithe ar staidreamh ón Daonáireamh a tógadh i 2011, is beag acu a labhraíonn an Ghaeilge ina dhiaidh sin.
bunaithe ar based on
" Bhí an leabhar bunaithe ar an taighde a rinne sí ar an tionchar a bhí ag an nGaeilge ar chanúint Bhéarla na hAstráile.
bunaithe ar an smaointeoir based on the thinker
" Antoisceach amach is amach is ea é, óna dhearcadh polaitiúil atá bunaithe ar an smaointeoir Ayn Rand (a sheas go láidir in aghaidh rudaí mar leas sóisialach) go dtí a dhearcadh fíor-Chaitliceach.
bunaithe ar dhea-luachanna based on good values
" Cé go raibh teagasc na ndiagairí seo bunaithe ar dhea-luachanna, droch-chleachtas dlí a bhí ann sa mhéid is go raibh sé préamhaithe ar choincheap iontach teibí a bhféadfaí brí leathan a bhaint as.
cumann fuinniúil óige bunaithe an energetic youth club based
" “Anuas air sin, tá beagnach 250 duine, idir óg agus aosta ag foghlaim uirlisí ceoil agus bíonn coirmeacha ceoil agus léiriúcháin de na healaíona traidisiúnta - an damhsa agus an amhránaíocht ar an sean-nós - sa Chultúrlann agus tá cumann fuinniúil óige bunaithe sa Chultúrlann” ar sé.
bunaithe ar mhiotais myth based
" Ní mór don chainteoir Gaeilge cur suas le go leor claontachta a bhíonn bunaithe ar mhiotais.
bunaithe ar a chuid buanna dochreidte scríbhneoireachta based on his incredible writing
" Bhain sé an cháil sin amach fé dheireadh, ach cáil ab ea é a bhí bunaithe ar a chuid buanna dochreidte scríbhneoireachta in ionad a bheith bunaithe ar a chuid éachtaí taidhleoireachta.
in ionad a bheith bunaithe ar rather than being based on
" Bhain sé an cháil sin amach fé dheireadh, ach cáil ab ea é a bhí bunaithe ar a chuid buanna dochreidte scríbhneoireachta in ionad a bheith bunaithe ar a chuid éachtaí taidhleoireachta.
bunaithe ar gach scéal based on every tale
" Cnoc Muaidhe ===== "Baineann ábhar na n-amhrán atá ar Clocks leis an taithí saoil as ar fáisceadh iad ach ní raibh mé iarraidh amhráin a scríobh agus iad bunaithe ar gach scéal i mo cheap sinsir.