Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bunphrionsabail basic principles
" Tá na bunphrionsabail i bhfeidhm i gcónaí agus is léir gurb é a bhí ar intinn an dreama a chuir le chéile iad ná a chinntiú gur cluiche tapa, sciliúil a bheadh ann agus nach mbainfí mí-úsáid ar bith as an gcamán ach a mhalairt, is é sin chun an sliotar a thiomáint, a ardú agus a iompar go gasta ó cheann ceann na páirce.
bunphrionsabal daonlathach a basic principle of democracy
" Tar éis an tsaoil, más mian le muintir na tíre éisteacht le popcheol Angla-Mheiriceánach, tuige nach ngéillfí dóibh? Nach bunphrionsabal daonlathach é déanamh de réir thoil an tromlaigh? Sa gcomhtéacs seo, níor mhór féachaint ar ar tharla sa mBaváir.
bunphrionsabail basic principles
" Dar leis an iriseoir and staraí John Bowman, sa chlár fáisnéise faoi Whitaker sa tsraith "Nation Builders", bhí bunphrionsabail Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 go léir breactha síos ag Whitaker tríocha bliain roimhe sin nuair ba é a chomhairligh Jack Lynch faoi chúrsaí an Tuaiscirt.
bhunphrionsabail basic principles
" Dar liomsa nach féidir mo chuid cumadóireachta a scarúint ó chomhthéacs an ilchultúrachais, ceann de bhunphrionsabail phobal s'againne i gCeanada.
bunphrionsabal basic principle
" Ba é seo an chéad uair riamh a briseadh an bunphrionsabal seo maidir le cártaí leighis a bhronnadh ar dhaoine.
bunphrionsabal roinnt na cumhachta the basic principle of powersharing
" Rinneadh go leor iarrachtaí ó shin rialtas logánta a chur ar bun i Stormont agus bunphrionsabal roinnt na cumhachta mar dhúshraith aige.
bunphrionsabal basic principle
" Rith sé liom go mbíonn tógálaithe ag smaoineamh ar an mbunphrionsabal – agus tithe á dtógáil acu – gurb í an teilifís an príomhchaitheamh aimsire atá ag teaghlaigh sa lá atá inniu ann.
bhunphrionsabail chothromaíocht teangacha the basic principle of language equality
" Dyane Adam, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada: “Tá sé ríthábhachtach oiliúint a sholáthar d’oibrithe san earnáil phoiblí ar riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar bhunphrionsabail chothromaíocht teangacha.
bunphrionsabail basic principals
" Is iad sin an clár a dhréachtaigh an Coiste Náisiúnta Frithbheartaíochta (Conseil National de la Résistance - coiste inar cuimsíodh na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla sa Fhrainc a chuir i gcoinne na Naitsithe) i Márta 1944 agus ina leagtar síos bunphrionsabail an stáit nua, agus Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe ar glacadh leis i 1948.
bunphrionsabail intleachtúla neamhstairiúla a dhearadh dóibh féin to create their own basic original intellectual principles
" Ba dheacair dóibh ná do lucht éisteachta aige baile fiú, ciall a bhaint as aitheasc poiblí a chaith anuas ar an stair go huile is go hiomlán, agus a thug cuireadh do dhaoine bunphrionsabail intleachtúla neamhstairiúla a dhearadh dóibh féin agus dá gcuid sinsear.