Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gach dalta bunscoile every primary school pupil
" Post nua a bhí ann, mar dúirt an rialtas faoin am sin go raibh cead ag gach dalta bunscoile Manainnis a fhoghlaim ar feadh leathuaire gach seachtain, dá mba mhian leo.
líon na ndaltaí bunscoile the number of primary school pupils
" De bharr an fheachtais sin, táthar ag cur go mór le líon na ndaltaí bunscoile a bhfuil rochtain acu ar leabhair Ghaeilge le súil is go gcuirfear síol na léitheoireachta Gaeilge ina saol, síol a fhásfaidh de réir mar a fhorbraíonn siad mar dhaoine.
gur ghá bunscoil a bhunú that it was necessary to establish a primary school
" I ndiaidh tamaill, mheas siad gur ghá bunscoil a bhunú, agus d'oscail siad Scoil an Droichid i 1996.
do bhunscoileanna neamh-mhaoinithe for non-funded primary schools
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta ann do na naíscoileanna agus do bhunscoileanna neamh-mhaoinithe, a chuireann airgead ar fáil do thuarastail, do shuímh, do bhotháin agus araile.
nithe níos tábhachtaí ná cairdeas bunscoile more important things that primary school friendship
" Rinne muid iarracht fanacht i dteagmháil le chéile tar éis dúinn bogadh go meánscoileanna éagsúla, ach le haois tagann nithe níos tábhachtaí ná cairdeas bunscoile agus cibé ar bith thosaigh muid ag imirt ar son foirne difriúla sacair.
ar bhunscoil ullmhúcháin phríobháideach (attended a) preparatory private primary school
" D’fhreastail na daoine eile ar bhunscoil ullmhúcháin phríobháideach agus ba léir gur shíl siad go rabhadar níb éirimiúla, ní ba chliste agus ní ba shofaisticiúla ná lucht na scoile náisiúnta.
ag fágáil na bunscoile idirchreidmhí leaving the inter-denominational primary school
" Bhí páistí ag fágáil na bunscoile idirchreidmhí Emmaus, atá béal dorais don teach tábhairne, agus mé ansin.
bunscoileanna primary schools
" Bhí vótaí ag tuismitheoirí daltaí a bheas ag fágáil na scoile go luath i ndiaidh na hArdteiste ach gan aird ar bith tugtha ar thuairim tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí i mbunscoileanna an cheantair agus a bheas ag dul chun na Pobalscoile amach anseo.
do mhúinteoirí bunscoile. for primary school teachers.
" ” I ndiaidh na scoile chaith Carrie trí bliana i gColáiste Phádraig, an coláiste oiliúna i mBaile Átha Cliath do mhúinteoirí bunscoile.
príomhoide bunscoile a primary school principal
" Is mar seo a dhéanann Pádraig Ó Cuinneagáin, príomhoide bunscoile i gContae an Chabháin, cur síos ar a thaithí féin ar an MSc: “Tá buntáistí gairmiúla ag baint leis an gcáilíocht MSc seo agus tá tábhacht ag baint leis an gcúrsa a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge, go háirithe agus mé ag obair in earnáil an Ghaeloideachais.
dírithe ar pháistí bunscoile aimed at primary school children
" Bhí an tsraith dírithe ar pháistí bunscoile agus léiríodh í i gcomhpháirt leis an gcomplacht puipéadóireachta Fíbín.
bhunscoileanna national schools
" Níl aon fhear ag teagasc insa tríú cuid de bhunscoileanna na hÉireann anois.
gasúr bunscoile national school child
" Déanann beagnach gach gasúr bunscoile abhus staidéar ar an dán agus, cé go bhfuil nathanna seanreicthe go leor ann agus go bhfuil na mothúcháin maothintinneach in áiteanna, níl aon amhras ach go ndeachaigh na rainn i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile.
mheán teagaisc bunscoile means of national school instruction
" D’úsáidfinn na figiúirí a chuirtí ar fáil chuile bhliain chun monatóireacht a dhéanamh ar staid na teanga sna ceantair láidir Ghaeltachta agus chun meabhrú don saol mór nach ann don Ghaeilge mar theanga teaghlaigh nó mar mheán teagaisc bunscoile in os cionn leath de na ceantair oifigiúla Gaeltachta.
bunscoileanna national schools
" Thairis sin, mholfainn don rialtas machnamh go géar ar chinntí maidir le táillí ollscoile a thabhairt isteach agus ar an méid iomlán atá á bhaint acu ón gcóras oideachais, ó na bunscoileanna ar aghaidh.
sciar áirithe bunscoileanna a certain amount of national schools
" Creidim fós go bhfuil cuid den locht ar an gcúrsa Matamaitice sna meánscoileanna agus ar chaighdeán na múinteoireachta sa seomra ranga ach anois ceapaim gur sna bunscoileanna atá préamhacha na faidhbe lonnaithe: tá sciar áirithe bunscoileanna ann atá ag cliseadh ó thaobh múineadh na mbunscileanna uimhríochta do na daltaí agus tá na daltaí sin ag snámh in aghaidh easa nuair a théann siad isteach sa gcóras meánscolaíochta.
bunscoil lán-Ghaeilge Irish medium primary school
" Chuaigh mé chuig naíscoil agus bunscoil lán-Ghaeilge agus, ainneoin go ndeachaigh mé chuig meánscoil Bhéarla, tá mo chroí istigh sa teanga.
n-iar-bhunscoileanna secondary schools
" I gcás na n-iar-bhunscoileanna, tá 41 iar-bhunscoil sna 32 contae, (36 sna 26 Co.
bhunscoileanna friothálacha lán-Ghaeilge Irish medium feeder schools
" Ní bheidh Gaelcholáistí ábalta, mar shampla, tosaíocht a thabhairt feasta ins an chóras iontrála do dhaltaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna friothálacha lán-Ghaeilge.
le hais an té a d'fhreastail ar bhunscoil Bhéarla as against a person who attended an English medium national school
" I bhfocail eile, ní gá go dtabharfadh freastal ar bhunscoil lán-Ghaelach buntáiste iontrála do dhalta le hais an té a d'fhreastail ar bhunscoil Bhéarla ach a bhfuil cónaí air sa cheantar máguaird.
polcaí simplí bunscoile simple national school polkas
" Turasanna ceoil, U2, Steve Jobs, polcaí simplí bunscoile, comórtais Fheis Átha Cliath, agus raidhse ábhar eile atá faoi chaibidil.
oideachas bunscoile primary schooling
" Tá an céatadán de dhaoine óga a chríochnaíonn oideachas bunscoile ag dul in airde, cé go bhfuil a dhá n-oiread níos airde i measc an chine ghil is atá sé i measc an chine ghoirm.
mhúinteoir bunscoile a national school teacher
" Ó chríochnaigh sé iarchéim san oideachas dhá bhliain ó shin tá Dara ina mhúinteoir bunscoile agus téann sé ag traenáil lena fhoireann club dhá oíche sa tseachtain agus ag an deireadh seachtaine bíonn seisiún traenála nó dhó aige nó cluiche.
mhúinteoir bunscoile national school teacher
" Rinne mé an Ardteist i scoil De La Salle i mBaile an Teampaill agus ina dhiaidh sin d’fhreastail mé ar Choláiste Phádraig, Droim Chonrach le traenáil mar mhúinteoir bunscoile.
Chomh maith leis an bhunscoil as well as the national school
" Chomh maith leis an bhunscoil, tá cúig naíonra faoi stiúir Mooinjer Veggey (muintir bheag) ar fud an oileáin anois.
a thaitníonn le daltaí bunscoile which captivate school children
" Anuas air sin, tá an tsraith úrscéalta, *Silver Brumby*, le Elyne Mitchell, ar na leabhair is mó a thaitníonn le daltaí bunscoile agus le déagóirí araon le corradh is seasca bliain anuas.
stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile legal status of the New Primary School Curriculum
" Dealraíonn sé go bhfuil éiginnteacht maidir le stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile.
Bhunscoil national schools
" Ní maith le Ciarán Mac Aonghusa an druidim siar ón ilteangachas a bheas ar bun feasta, is cosúil, más leid ar bith an cúbadh atá ar na bacáin don Tionscnamh um Theangacha Nua-aoiseacha sa Bhunscoil.