Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dá spáint do chách showing them to everyone
" Tharraing sé suas cosa a bhríste agus shiúil anonn is anall dá pharáideáil féin is dá spáint do chách is do Réamonn Rua Ribeach.
soiléir do chách clear to everyone
" Bhí an teachtaireacht (is é sin, go bhfuil a theanga féin ag gach náisiún) soiléir do chách i mo ghrúpa, idir Ghaeilgeoirí agus iadsan gan Ghaeilge, cé nár dúradh rud ar bith os ard.
leithscéal a ghabháil le cách apologising to everyone
" Ach in áit do McLaughlin a rá go ndearna siad meancóg mhór agus leithscéal a ghabháil le cách, dúirt sé ar an raidió ar an BBC go raibh leithéidí Bruce Scott ag insint bréag.
oscailte do chách open to everyone
" An rud ba ghreanmhara a tharla domsa ar fad, dar liom, ná an oíche a fuaireas cuireadh dul go céilí a eagraíonn na trí ghrúpa uair sa mhí mar ócáid shóisialta agus a bhíonn oscailte do chách.
Mar is eol do chách as everyone knows
" Mar is eol do chách, is dóigh, tá bainisteoir ar United (nach bhfuil chomh haontaithe sin faoi láthair, de réir mar a thuigim) agus tá sé molta go hard mar bhainisteoir i ngeall ar an méid corn agus craobh atá buaite ag an gclub úd faoina stiúir le beagnach 20 bliain anuas.
ag dul don éag mar chách going the way of all flesh
" Gluais • Glossary carógblack-haired woman airdheed míchinniúintill fate caidéisinquisitiveness frigháireslight smile ní shamhlófáyou wouldn't imagine cár go cluaisgrin to the ears go réchúiseachin a laidback way geolánfan glinnclear, distinct a dhallfadh thúwhich would blind you ceirdtrade an rud ar dheacra greim a fháil airthe thing that was difficult to get hold of súimínsip fiosrúinvestigating ar a thóirlooking for him geoindrone, hum boladh a allais féin chuigethe smell of his own sweat coming to him cuideachtacompany leigheassolution díbholaíochdeodarant ceist oidhreachtaquestion of inheritance os cionn cláirlaid out (dead) uisce reoiteiced water a thuairimseanhis opinion prochógahovels drochfháistinebad prophecy buagift tairbhebenefit ar nós cuma liomindifferently a shúile sáite i ngile na cathrach amuighhis eyes staring at the whiteness of the city outside marfachdeadly ag dul don éag mar cháchgoing the way of all flesh beathalivelihood bean feasafortune-teller go frimhagúilmockingly ag ceilt na seanscéine uirthihiding the old terror from her beag beann ar bhrothallindifferent to heat anamsoul an dea-scéalthe good news an drochscéalthe bad news á pholladhstabbing him a ghéaga leata faoi chosa an domhainhis legs open under the feet of the world
mar chách like everyone
" Uaireanta, nuair a fheicim scuaine fhada oibrithe ag fanacht lena gcuid ticéad a stampáil ar an mbealach isteach, tagann líne Mháirtín Uí Chadhain, "mise sa lár, i mo chime mar chách", isteach i m'aigne.
cách everyone
" Taitníonn an ollscoil, agus Gaillimh i gcoitinne, le cách.
go bhfuil an Béarla ag cách that everyone speaks English
" Measann duine a bhfuil an Béarla mar mháthair-theanga aige nach gá dó iarracht a dhéanamh, go bhfuil an Béarla ag cách.
fear mar chách an ordinary man
" Murab ionann is Atlás i miotaseolaíocht na Gréige, níl i ndia an haca ach fear mar chách.
Tháinig an fógra seo aniar aduaidh ar chách. This announcement caught everyone by surprise.
Mar is eol do chách, as everyone knows,
" Mar is eol do chách, is minic drochaimsir, idir bháisteach is fhuacht, ar lá na féile náisiúnta agus ba ghearr gur thuig daoine ar fud na tíre go mba thaitneamhaí agus go mba shaoire fanacht sa mbaile ar a gcompord agus breathnú ar na cluichí ar an teilifís ná taisteal go Baile Átha Cliath, suí nó seasamh sa bhfuacht agus an baile a shroicheadh arís faoi dhorchadas na hoíche.
Lá foirfe, dar le cách. A perfect day, according to everyone.
is mór is fiú do chách it is worth everyone's while
" D’fhiafraigh sé de, suas lena bhéal, an raibh aon mheas aige ar an Ghaeilge, agus seo mar a d’fhreagair Enda: “Ó a Bhaloir, a chara, is mór is fiú do chách meas a bheith acu ar an Ghaeilge, nó is í teanga ár sinsir í, gan dabht, gan amhras, gan bhréag, gan aon agó.
Mar is eol do chách as everyone knows
" Mar is eol do chách anois, maraíodh 33 (an gunnadóir san áireamh) i sléacht ar champas ollscoile Virginia Tech an mhí seo a chuaigh thart.
Mar is eol do chách, as everyone knows,
" Mar is eol do chách, tá cosc ar úsáid guthán póca agus trealamh leictreonach ar eitleáin – ach an raibh a fhios agat nach mbíonn cead agat Furbys a thabhairt leat ar Qantas? Agus turas 24 uair an chloig romham, chaith mé lá agus oíche i Singeapór chun codladh agus suathaireacht Shíneach a fháil.
mar is eol do chách. as everyone knows.
Beidh fáilte roimh chách. All will be welcome.
chách everyone
" Tá daoine ag súil go bhfaighidh an rialtas réiteach na faidhbe, ach i ndáiríre, tá cumhacht an rialtais teorannta go maith agus beidh ar mhuintir na tíre, mar dhuine aonair, mar theaghlaigh, agus mar phobal, an cruatan a fhulaingt agus beidh ar chách a ndícheall a dhéanamh cuidiú lena chéile mar chomharsana agus mar náisiún.
fáilte roimh chách all are welcome
saol do chách life for everyone
" Chuir sí i gcéill orthu gur mar sin a bhí an saol do chách.
Mar is eol do chách as everyone knows
" Mar is eol do chách anois, ní raibh 'airm ollscriosúla' ag Saddam Hussein ach oiread.
ar fáil do chách available to all
" Bhí ceol ann i gcónaí agus ag pointe éigin, thosnaigh daoine ag déanamh airgid as agus rinneadh airgead as mar nach raibh sé ar fáil do chách i ngach áit, i gcónaí.
do chách to all
" Níl mé i dtaithí ar dhá cheist a fhreagairt in aon abairt amháin, ach ós léir do chách an meas atá agam ort mar iriseoir agus mar dhuine – más féidir duine a thabhairt ar do leithéid – freagróidh mé do chuid ceisteanna mar seo: is féidir agus ní déarfaidh.
cách everyone
" Bhítí ag rá nach raibh a dhath cosúil leis, ag maíomh go dtiocfaí scríobh ag daoine ionas gur ghnáthshuíomh ríomhphoist a bhí ann agus go dtiocfaí pictiúirí a chur suas sa dóigh is go raibh siad le feiceáil ag cách.
chách everyone
" Is éagóir ar chách neamhaird a dhéanamh ar aon éagóir amháin.
chách against
" Is éagóir ar chách neamhaird a dhéanamh ar aon éagóir amháin.
Cothroime do Chách equality for all
" com/watch?v=JuFuJ262pnY&feature=related) Cothroime do Chách Is furasta an scéal a réiteach.
cách everyone
" Dar le cách ba chóir go mbeadh cic saor ag na hÉireannaigh an tráth ar láimhseáil Mac Annraoi an liathróid agus rinneadh, dá bhrí sin, éagóir ar fhoireann na hÉireann.
cách (we) all
" Bhí a fhios ag cách go raibh rud ab ionann agus an peaca marfach déanta ag Kevin agus Ginger.
chách all, everyone
" Bhí Comhluadar buartha nach raibh faic sa dréachtstraitéis faoi conas a chinnteofaí go mbeadh an gaeloideachas ar fáil do chách, cuspóir sa Ráiteas i Leith na Gaeilge a rinne an Rialtas i 2006.
Is Réidh le Cách Stiall den Duine Eile everyone is generous with other people's property
" Is Réidh le Cách Stiall den Duine Eile Ar bealach sin ceann de na fáthanna a cheapaim go bhfuil pointe ag Nicholas Carr.
chách everyone
" Is cuid de fhealsúnacht Roddy Doyle féin, an gnáthdhuine a spreagadh i mbun pinn agus sin é an fáth gur bhunaigh sé *‘Fighting Words’* ionad scríbhneoireachta cruthaitheach i mBaile Átha Cliath i 2009, áit a mbíonn an teagasc saor in aisce do chách.
dar le cách according to all
" Ní inseoidh na fíricí loma sin áfach, go raibh críoch a bhí conspóideach agus scannalach araon leis an gcluiche ceannais úd mar go ndearna an réiteoir, Martin Sludden, tuaiplis le cinneadh mícheart, rud a d’admhaigh sé féin níos déanaí, i bhfíordheireadh na himeartha a sciob an chraobh ó Lú agus a bhronn ar an Mhí í, dar le cách.
is eol do chách everyone knows
" Mar is eol do chách, bhí comhdháil bhliantúil an Pháirtí Choimeádaigh ar siúl agus iarracht a bhí ar bun ag an IRA Príomh-Aire na Breataine ag an am, Margaret Thatcher, agus a comhaireacht a mharú.
chách everyone
" Is léir gurb é a theastaíonn, ionas go mbeidh cothrom na Féinne ar fáil do chách, ná dhá chraobhchomórtas neamhspleácha agus go mbeadh comórtas an chúige agus comórtas na hÉireann beag beann ar a chéile.
fáilte roimh chách all are welcome
" Tá cuireadh i mo láimh agam ónár gcomharsana, muintir Panagrosso, teaghlach Meiriceánach/Iodálach a bhfuil cónaí orthu san fhoirgneamh céanna linn, chuig ócáid ar a dtugann siad ‘fáilte roimh chách’ air chun Lá an Altaithe, nó Lá an Bhuíochais, a cheiliúradh.
chách everyone
" Sásamh ==== Seoladh *Quora* i lár an samhraidh seo chaite ach bhí sé dúnta do chách seachas an dream a raibh cuireadh faighte acu.
Cách ar Aithris everyone slavishly reciting
" Cách ar Aithris an Aon Phoirt Amháin ==================== Ach sin an stair.
do chách for all
" Níl aon amhras nach ionann cúrsaí do chách ach sa mhéid atá feicthe agamsa leis na blianta in ollscoileanna, is mór an sonas atá le baint as saol na hollscolaíochta ag an duine óg.
do chách to all
" Ba léir do chách ó Dhomhnach na Fola ar aghaidh gur beartas amaideach a bhí ann agus i 1981 bhí mé féin sa *Troops Out Movement*, buíon a bhí ar son réiteach polaitiúil agus in aghaidh chos ar bolg Arm Shasana.
An Imirt Chothrom ar Chách equal treatment for all
" An Imirt Chothrom ar Chách ======== D’fhógair an tAire Inimirce, Chris Bowen, go raibh comhaontú socraithe le rialtas na Malaeisia scéim mhalartaithe i dtaca le teifigh a cur i dtreoir.
ag cách everybody’s
" Ba iad na Iúdaigh an ceap milleáin ag cách an t-am sin.
ar oscailt do chách open to all
" D'fhógair Google an tseachtain seo i gcomhtharlúint (mar dhea) go bhfuil Google+ anois ar oscailt do chách; go dtí an tseachtain seo, bhí gá le cuireadh ó úsáideoir eile de chuid Google+.
dar le cách everyone feels
" Is céim síos é don fhoireann idirnáisiúnta go bhfuil cuid de na himreoirí is fearr, dar le cách, in easnamh.
ar eolas ag cách known to all
" Nach é sin a deirtear? Ach cé a mhúnlaíonn an tuairimíocht choiteann? Nach mbeadh díospóireacht phoiblí níos fearr againn dá mbeadh ainmneacha na “n-imreoirí” ar eolas ag cách? Nach mbeadh cur agus cúiteamh i bhfad níos macánta agus níos cuimsithí againn dá bharr? Dá mbeadh gach éinne “sofheicthe” nach ndéanfadh sé cúrsaí i bhfad níos sibhialta ná mar atá i láthair na huaire? An fearr leis an bhformhór againn a bheith ag ag plé le “fíordhaoine” agus le féiniúlacht sho-aitheanta leanúnach nó an é go bhfuil an mheatacht go forleathan inár measc i gcónaí? Chomh Sean leis na Cnoic ============== Ní rud nua é an cur i gcéill agus an chleasaíocht seo i dtaobh cúrsaí ionannais agus ainmneacha ar ndóigh.
Ba léir do chách it was obvious to all
" Ba léir do chách go raibh tallann eisceachtúil peile aige ach, ní ar fhoireann shinsir Átha Cliath a thug Jim aghaidh, ach ar Astráil na gréine agus na *Melbourne Demons*.
Am Cinniúnach do Chách a fateful time for all
" Am Cinniúnach do Chách ========== Ar ndóigh is am cinniúnach é seo don Ghaeltacht fosta.
An Deis Chéanna ag Cách everyone has the same chance
" An Deis Chéanna ag Cách ======== Cén seans atá ag foireann Phoblacht na hÉireann sa chomórtas seo ar aon chaoi? Freagra amháin ar an gceist sin ná an deis chéanna is atá ag gach foireann eile ach tuigimid ar fad gur ag na tíortha móra (an Spáinn, an Iodáil agus an Ghearmáin, a bhfuil seacht gcinn de chraobhacha buaite acu eatarthu as na trí cinn déag ó bunaíodh an comórtas i 1960), atá an buntáiste maidir le togha agus rogha na n-imreoirí.
Cait chun Cinn ar Chách the Cats leading all others
" Cait chun Cinn ar Chách ============ Anois, agus é seo á scríobh agam, tá gach foireann iomána chontae feicthe againn uair amháin ar a laghad ag imirt sa chraobhchomórtas, agus cheana féin tá cosúlacht mhór ar an scéal nach dtiocfaidh aon athrú suntasach ar ord nó ar stádas na gcontaetha in 2012 seachas mar a bhí i 2011.
Cách everyone
" Cách ag Brú Béarla & Gaeilge ar an Bhanríon ================ Bhí ceiliúradh nach beag ag Banríon Shasana ar na mallaibh.
Séimhe agus Dea-Ghnaoi ar Chách a tranquil and pleasant expression on everyone
" Séimhe agus Dea-Ghnaoi ar Chách =============== Tar éis chaitheamh an dinnéir mhóir (de dhlúth agus d'inneach chultúr na Spáinne la cena) agus tar éis bhronnadh na gcorn agus thabhairt na n-aitheasc fadálach (nós thar a bheith Éireannach) a lean iad, thug lucht na peile aghaidh ar thrá Orzan, mar a raibh an chraic is an spraoi is lasracha na dtinte cnámh.
do chách everyone
" com níos fearr do chách.
a dtreoracha ar fáil do chách their guidelines available to everyone
" Cé go gcosnaíonn an iris *Make* $35 ina aghaidh na bliana cuireann rannpháirtithe ann a dtreoracha ar fáil do chách.
mar is eol do chách as everyone knows
" * Bhuel, mar is eol do chách, tháinig an tuar faoin an tairngreacht agus ní ag maíomh atáim as eolas ná as tuiscint ar leith a bheith agam nuair a scríobh mé an méid sin thuas in 2008.
Cách ar Tinneall everyone on tender hooks
" Cách ar Tinneall ======= Rogha na coitiantachta a bhí inti le fada, ní nach ionadh agus Craobh na hEorpa buaite faoi chúig agus craobh an Domhain faoi cheathair.
cothrom na Féinne do chách equality for all
" I gcomórtas le cruth an tseomra ranga bíonn modhanna teagaisc níos solúbtha ag an dojo, agus is é bunphrionsabal na gluaiseachta ná cothrom na Féinne do chách.
Bíodh cách slán fá chomhartha let everyone know
" Fearann fola críoch Cruinne, Bíodh cách slán fá chomhartha Go bhfuil d’oidhreacht ar Chlainn Ádhaimh Slad, slad, slad.
Tá a fhios ag cách everyone knows
" Tá a fhios ag cách faoi seo, mar bhí ceamara cinn ar a chlogad agus d’fhoilsigh sé an scannán ar an idirlíon tar éis na timpiste mar rabhadh do dhaoine eile.
a linne dar le cách of his era according to everyone
" Scéal eile ar fad é scéal an Drisceolaigh, sár-imreoir rugbaí a linne dar le cách.
Caithfimid a bheith cothrom le cách we must treat all fairly
" Caithfimid a bheith cothrom le cách agus tuiscint a léiriú dár gcomhpháirtithe san Eoraip.
Roinnimis an Taisce Le Cách let us share the treasure with everyone
" Roinnimis an Taisce Le Cách =========== Níl mé ag súil go mbeadh an uachtaránacht trí mheán na Gaeilge.
tá a fhios ag cách everyone knows
" Is scothchóras daonlathais é, ach tá a fhios ag cách nach n-oibreodh sé áit ar bith ar an tsaol mar nach naomh ná saoi gan locht éinne againn.
Is é leas cách it’s to everyone’s benefit
" Is é leas cách nach bhfoilseofaí aon ionsaí, bog ná gránna, faoi ainm cleite (ná faoi ainm dílis) a dhéanfadh beag is fiú d’éinne.
Ar mhaithe le cách for everyone’s sake
" Ar mhaithe le cách, scriosfar feasta teachtaireachtaí nach dtugann gnáthurraim mar is cuí don chomhluadar mhéarchláir.
ag míniú do chách explaining to everyone
" Tá a teanga caite ag Susan George (sna naisc ar dheis) le daichead bliain anuas ag míniú do chách faoin éagothroime tráchtála a fhágann tuaisceart an domhain ag alpadh agus ag tarraingt gach saibhris aneas chucu féin ar chonarthaí nár athraíodh ó ré mhíleata an chos ar bolg.
Cén fáth gur cuma le cách an slad go léir why is everyone heedless to the slaughter
" Cén fáth gur cuma le cách an slad go léir ar son chóras geilleagair an artdollair? Nár spéisiúil ann féin ceist an phíblíne ola seo thar an phíblíne ola siúd mar chlár faisnéise? Bhí Gurdjieff den tuairim gur ‘*potiential human beings*’ sinn ach go gcaithfimis dúiseacht agus gníomhú le sinn féin a fheabhsú mar dhaoine.
mheabhródh a shloinne do chách his surname would remind everyone of
" Mark Dreyfus is ainm dó agus mheabhródh a shloinne do chách ceann de na héagóracha is measa riamh, l’affaire Dreyfus mar a thugtar uirthi sa Fhrainc.
Is léir do chách áfach everyone knows however
" ”* Is léir do chách áfach nach bhfaigheann na haingil is uaisle an lámh in uachtar le linn reifrinn, agus sin a chúis gur cuireadh reifrinn ar ceal d’aon ghnó san Afraic Theas de chuid Mandela agus sa Ghearmáin tar éis 1945.
Tuigeann cách ar an bpointe everyone immediately realises
" Tuigeann cách ar an bpointe ag éisteacht leis go bhfuil sé tinn.
nuair a chaithfidh cách seasamh seal when everyone has to stop a while
" A leath den lucht tiomána, bíonn siad róghar don charr a bhíos rompu, agus an dream seo caithfidh sé go mbíonn siad in ann greamáin an chairr a bhíos rompu a léamh, go háirid ag na soilse tráchta nuair a chaithfidh cách seasamh seal.
do chách to all
" Cealú Maoinithe ====== Sa chás seo, tá bille nua sláinte an Uachtaráin Obama, a gheallfaidh árachas sláinte do chách, le teacht i bhfeidhm ar an gcéad lá d’Eanáir, 2014, agus tá cead ag daoine cur isteach air ón 1 Deireadh Fómhair na bliana seo.
nuair ba léir do chách when it was clear to all
" Agus Holmes ag déanamh achoimre ar a chuid mothúcháin nuair ba léir do chách go bhfaighfeadh sé bás ag cath Ball’s Bluff, scríobh sé: *“It is curious how rapidly the mind adjusts itself under some circumstances to entirely new relations.
do chách everyone
" Molaim an iarsmalann sacair do chách, bíodh is go bhfuil sé i Manchain!
ainneoin gur léir do chách despite that it’s obvious to all
" Sin í an chúis go mbraitheann muid go bhfuil teanntás éigin againn ar Bharack Obama ainneoin gur léir do chách gurb as an Chéinia dá oidhreacht.
soiléir do chách clear to everybody
" *" Cad tuige gur tugadh oiread sin suntais don eagarfhocal seo? ’Sí freagra na ceiste ná go raibh ríméad orainn deimhniú oifigiúil a fháil ónar gcomharsain béal dorais ar an rud atá soiléir do chách - gur cluiche maith í an iománaíocht! Mar a dúirt an té a dúirt: "*Arise Knocknagoshel, and take your place among the nations of the earth!*" Más Dona Galltacht is Measa Gaeltacht is Lucht Gaeilge ===================== Dá olcas an tír frí chéile, is measa i bhfad cíocras phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta stampa aitheantais a fháil ón taobh amuigh go bhfuil tábhacht ag baint lena n-oidhreacht.
bheinn chun cinn ar cách I’d be ahead of everyone
" Dá mbeinn in ann an t-ábhar go léir a alpadh dhá oiread nó trí oiread níos tapúla, bheinn chun cinn ar cách.
Bhí fonn spleodrach beoga le brath ar chách a lively cheerful atmosphere was evident (on all)
" Bhí fonn spleodrach beoga le brath ar chách i sráideanna Dhoire Cholmcille ar na mallaibh, nuair a bhí an 43ú Féile Phan-Cheilteach ar siúl ann.
beannaíonn sé do chách says hello to everyone
" Bíonn sé suairc i dtólamh agus beannaíonn sé do chách.
i súile cách in everyone’s eyes
" Is cuma cá háit a rachaidh mé, deartháir Mairead Farrell a bheas ionam i súile cách.
sa chruth go mbeidh fáil ag cách so that everyone shall have access
" Fágfar Beo! ar líne don am atá romhainn sa chruth go mbeidh fáil ag cách feasta ar an chartlann luachmar atá cnuasaithe thar na blianta ann.
chách everyone
" Beidh Mícheál Ó Máirtín saighdte amach chun tosaigh os comhair na meán leis an aoibh is fearr agus dea-leagan an rialtais a chur abhaile ar chách.
chách everyone
" Ní thig an bhréag a ligean chun tosaigh ar an fhírinne in aon scéal amháin nó is ag ceilt na córach ar chách a bheas tú.
chách against
" Ní thig an bhréag a ligean chun tosaigh ar an fhírinne in aon scéal amháin nó is ag ceilt na córach ar chách a bheas tú.
chách everyone
" Tá Robert McMillen den tuairim go mbaineann cur as feidhm na n-easaontóirí le cothrom na Féinne a roinnt ar chách tríd an pholaitíocht.
do chách for all
" Cead cainte, cead cáinte agus cead adhartha do chách más fíor don dlí, ach tá deacracht ar leith dúisithe ag Tionscnamh Córdoba, nó Páirc 51 mar atá anois air.
chách everyone
" Is é dearcadh mhuintir na hAstráile é gur ceart an deis chéanna, nó mar a deir siad, ‘a fair go’, a thabhairt do chách.
An cuma le cách does nobody care
" An cuma le cách an méid sin?
thugann sásamh do chách pleasing to all
" Gné a thugann sásamh do chách is ea cumas an ghutháin agus deiseanna an ríomhaire le grianghraif a tharraingt, a fheabhsú agus a roinnt le daoine eile.
ainmhí clúmhach a bhfuil cách ceanúil air furry animal which everyone is fond of
" Tá idir údaráis agus mhuintir na hAstráile araon buartha faoin ainmhí clúmhach a bhfuil cách ceanúil air, faoi stró mór.
ar chách on everyone
" Beidh soilse geala na Nollag as sméideadh go gealgháireach as fuinneoga siopaí ar chách, ach níl an méid dífhostaíochta, gnólachtaí druidte ná níl na céatadáin dócmhainneachtaí ag tabhairt aon siocair gealgháire sna Sé Chontae ach oiread le háit ar bith.