Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cógaisí cáidheacha dirty medicines
" Ach, bhí na páirtithe polaitíochta agus an dá rialtas mar a bheadh dochtúir ann - ag tabhairt cógaisí cáidheacha do na hothair, á rá "tá a fhios againn go bhfuil sé go dona, ach déanfaidh sé maith duit.
páca madadh cáidheach pack of dirty dogs
" Agus ná bí ag súil le trócaire ó iriseoirí mar is páca madadh cáidheach iad iriseoirí a náireodh a máithreacha féin dá dtabharfaí an chéad leathanach dóibh.
níos cáidhí go mór far dirtier
" " Ní ag tagairt do lábán shuíomh na tógála i mBaile an Aba atá sé, ach do chlábar atá níos cáidhí go mór.
bpoblachtánach cáidheach dirty republicans
" **PM:** Ach seo bolscaireacht de cuid na bpoblachtánach cáidheach.
chailleach cháidheach dirty hag
" Cúis iontais dúinn uilig gur thug an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, cead a cinn don chailleach cháidheach a cuid barúlacha binbeacha a scaipeadh fríd an liarlóg leamh seo.
leis an scaifte claibhtéirí cáidheacha sin with that crowd of dirty louts
" "Cad é mar a bheinn sásta leis an scaifte claibhtéirí cáidheacha sin?" a d'fhreagair Sodom.
ina phluais cháidheach in his dirty cave
" (Rabhadh: Tá an t-alt seo fóirsteanach dóibh siúd os cionn ocht mbliana déag d'aois agus dóibh siúd amháin!) Bhí brionglóid ag Balor - tromluí iontach trom a tháinig chuige agus é ar a leathluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathadh as an sliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin.
cáidheacha dirty
" DENIS: Na *Brits *cáidheacha.
cnagáin cháidheacha dirty hard lumps
" Nuair a labhair Balor Fáidh leo níor éist siad lena fhírinne ghlan, agus ní dhearna siad beart de réir a bhriathair, agus chruaigh siad a gcroí agus chaith maslaí leis agus clocha agus cnagáin cháidheacha as cairn aoiligh.
ba cháidhí most dirty
" Suarach ======= Ba é an scéal ba cháidhí a léigh mé le déanaí, áfach, ná an t-alt agus na grianghrafanna a bhí in *Ireland On Sunday *de mhac Malcolm McArthur agus é ag déanamh a bhealach go Coláiste na Tríonóide ar a rothar.
tuilithe cáidheacha dirty bastards
" ‘Gabhaigí suas oraibh féin, a scaifte hiúranna!’ nó ‘Níl ionaibh ach tuilithe cáidheacha!’ Ba iad sin na maslaí a d’fhoghlaim muid in Odious Gael ar scor ar bith.
do chuid rún folaitheach cáidheach féin your own hidden dirty secrets
" Ach ná scaoil mo rún le duine ar bith nó scaoilfidh mise do chuid rún folaitheach cáidheach féin leis an domhan mór ar an *Sindo*, fiú mura bhfuil rún ar bith agat! Anois fág an bealach agus lig dom sult a bhaint as an oíche!” Bhuel Balor Bocht! Caidé a bhí sé ag gabháil a dhéanamh? Níor thóg sé air ach an dá mheandar le cuimhneamh nach raibh rún ar bith fágtha aige, ná dea-chlú, ná cáil ar bith le cur ó chion, a bhuíochas sin don liarlóg *Beo Ar Éigean *agus don eagarthóir mí-thrócaireach Éamonn Ó Doornail.
cad é is brí leis an scéal cáidheach sin, what does that dirty story mean,
" ” “Agus cad é is brí leis an scéal cáidheach sin, a Bhaloir?” a d’fhiafraigh an tAire.
Brocais bhrocach cháidheach! A dirty filthy den!
" pluais urchóide! Brocais bhrocach cháidheach! Caithfidh reachtaire na háite sin an tsíoraíocht ag stócáil thinte Ifrinn as scaoilteacht mhorálta an choláiste sin.
ina phluais bhrocach cháidheach shalach, in his dirty filthy cave
" Oíche Shamhna bhí Balor ina phluais bhrocach cháidheach shalach, ag meabhrú os cionn na tine agus ag cogaint cnámh mar is gnách leis ag an am seo den bhliain, nuair a tharla dó fís.
an chos cháidheach the dirty foot
" Mothaíonn tú go bhfuil Ní Dhuibhne sásta súil shlítheánta a chaitheamh ar an tsochaí ghalánta ach níl sí sásta an chos cháidheach a chur ar sceadamán agus anáil a bhaint as lena sála míne Stiletto – a bhuíochas sin, b’fhéidir, ar an cheangal a chuireann scéal Tolstoy uirthi.
phluais cháidheach dirty cave
" ) Bhí brionglóid ag Balor – tromluí trom, tromchúiseach, tromchiallach, tromsmaointeach a tháinig chuige agus é ar a shleasluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathaidh as an tsliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin.
cháidheach dirty
" Tá Balor slán sábháilte sa bhaile arís agus soiprithe ina phluais cháidheach i ndiaidh dó éalú ó mhná allta na Stát Aontaithe.
ina phluais bhrocach cháidheach in his stinking dirty cave
" Nuair a bhí a sháith den chearc fhrancach ite ag Balor an Bromaire Bocht Breoite agus a sháith de gach deoch mheisciúil ólta aige, shín sé a chnámha craptha siar ar an charn craicne a bhí os comhair na tine ina phluais bhrocach cháidheach agus thosaigh sé ag meabhrú.