Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Seanchaí cáiliúil famous storyteller
" " Seanchaí cáiliúil a bhí ann a fuair bás i 1965 agus a bhfuil bailiúchán mór scéalta tógtha síos uaidh.
bhoscadóra cháiliúil famous box-player
" Ós ag caint ar thionchar atá mé, tá tionchar an bhoscadóra cháiliúil Johnny O'Leary as Sliabh Luachra le mothú go láidir ar an albam seo.
boscadóir cáiliúil famous box player
" Más fearr leat a bheith ag damhsa caithfidh tú Johnny O'Leary a leanacht, an boscadóir cáiliúil as Sliabh Luachra.
cáiliúla famous
" An é go bhfuil caighdeán na bhfoirne sin tite go sealadach nó an bhfuil géarchéim sna contaetha sin maidir le dul chun cinn na hiomána? Na scéalta atá ag teacht as Corcaigh is measa, sé sin, go bhfuil caighdeán na gclubanna íslithe an oiread sin nach bhfuil ar a gcumas dul san iomaíocht i gceart i gcraobhchomórtas chlubanna na Mumhan agus go bhfuil clubanna cáiliúla na cathrach, Naomh Fionnbarra, An Charraig Dhubh agus Fánaithe an Ghleanna tite i léig ar fad de bharr athruithe daonra agus thionchar an tsacair.
cáiliúla famous
" Ba chuma linn ach dul chuig cluiche agus imreoirí móra, cáiliúla na linne a fheiceáil ag imirt.
contaetha cáiliúla iomána famous hurling counties
" Sna contaetha cáiliúla iomána tá an-tábhacht leis an traidisiún a bhaineann leis an gcluiche.
eachtra cháiliúil famous incident
" In eachtra cháiliúil i gclár sa dara sraith, ghlac sé seilbh ar mhicreafón fógróra in oifig ollmhargaidh in Helsinki na Fionlainne agus d'fhógair sé i nGaeilge go raibh buachaill dána cúig bliana d'aois tar éis micreafón a thógáil agus gur cheart dá mháthair é a thabhairt léi as an siopa láithreach! Nuair a bhuail mé le Hector i nGaillimh le déanaí rith sé liom gur duine é nach gcloíonn le rialacha ar bith, is cuma cé acu na rialacha a bhaineann le cláracha taistil nó rialacha ghramadach na Gaeilge atá i gceist.
cáiliúil famous
" Teastaíonn ó gach duine a bheith cáiliúil agus teastaíonn ó gach duine a bheith ar an teilifís.
cháiliúil famous
" Agus héalacapatair thorannacha ag eitilt os a gcionn, bhailigh na hagóidithe le chéile ag sráideanana 49 agus 50, in aice le hArdeaglais cháiliúil Naomh Pádraig, agus in aice le Saks Fifth Avenue, atá chomh cáiliúil céanna.
an duine is cáiliúla the most famous person
" Daoine cáiliúla ======= Sa lá atá inniu ann is dócha gan dabht gurb é John Kerr an duine is cáiliúla sa cheantar.
cáiliúil famous
" Tá go leor imirceach as Éirinn ann freisin nach bhfuil chomh cáiliúil sin.
imreoirí cáiliúla famous players
" Béim ar dhea-thréithe ======= An ghné eile den chultúr ná go maitear drochimirt nó drochiompar ar an bpáirc d'imreoirí an-éasca, go mór mór i gcás imreoirí cáiliúla.
damhsóir cáiliúil famous dancer
" Mac eisean leis an damhsóir cáiliúil Paidí Bán Ó Broin.
an píobaire cáiliúil the famous piper
" Ba é an píobaire cáiliúil Dáithí Page a athair.
cáiliúil famous
" Chaith siad mar an gcéanna le "Urinal" cáiliúil Marcel Ducamp - "Two Artists Piss on Duchamp's Urinal" (2000) an bhaist siad ar an leagan athchruthaithe.
cáiliúil famous
" Cloisimid go bhfuil sé seo nó é siúd i mbun traenála arís, go bhfacthas imeoir cáiliúil éigin i mbun traenála den chéad uair le trí bliana, ón uair a cailleadh craobh an chontae le cúilín amháin, agus mar sin na ráflaí agus na scéalta a lorgaímid.
an-cháiliúil very famous
" Mar shampla, le tamall anuas tá go leor cloiste agam faoi "fhadhbanna" Manchester United PLC, club sacair an-cháiliúil i Sasana a bhfuil gean ag b'fhéidir leath de mhuintir na hÉireann air agus fuath ag an leath eile dó (seachas an cúpla duine againn gur cuma linn sa mhí-ádh fúthu, bealach amháin nó bealach eile).
an bheoir cháiliúil sin that famous beer
" Chuas go Ceské Budejovice, an áit ina ndéantar an bheoir cháiliúil sin Budvar - agus ónar ghoid na Meiriceánaigh Budweiser, mar a deir na Seicigh ar fad liom i gcónaí! Bhí breis is daichead mac léinn ag Roinn an Bhéarla ansin le héisteacht liomsa agus le mo chomhghleacaí Ondrej Pilný.
iriseoir cáiliúil famous journalist
" Ionsaí feargach ======= An mhí seo, bígí réidh d'ionsaí feargach eile ar an Eaglais ón iriseoir cáiliúil Gael-Mheiricéanach sin, Jimmy Breslin.
léiritheoir cáiliúil famous producer
" Beidh an léiritheoir cáiliúil Bill Schultz, an fear a bhí ina léiritheoir ar shraitheanna iomráiteacha ar nós *The Simpsons *agus *Garfield*, ag obair ar an tionscadal sin.
bhua cáiliúil famous victory
" " Dúradh sa tuairisc chéanna: "Thosaigh na caismirtí Dé Luain i gceantar Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste agus fir Oráiste Phrotastúnacha ag máirseáil tríd an cheantar le ceiliúradh a dhéanamh ar bhua cáiliúil ar na Caitlicigh ar an mhachaire catha breis is 300 bliain ó shin.
dhá thúr cháiliúla an Lárionaid Trádála Domhanda the two famous towers of the World Trade Center
" " Nuair a bhreathnaíonn tú ar an saothar, idir phaidríní lonracha agus aghaidheanna ildaite Mhuire agus na naomh éagsúil, agus tú píosa uaidh, cuireann crosanna na ngadaithe rud éicint i gcuimhne duit: dhá thúr cháiliúla an Lárionaid Trádála Domhanda.
An dornálaí is cáiliúla the most famous boxer
" An dornálaí is cáiliúla, dar ndóigh, as an gceantar ná Seán Ó Mainnín a throid i gCraobh an Domhain i Nua-Eabhrac i gcoinne Mike McCallum i 1982.
cháiliúil prestigious
" Agus ní ealaín gan tábhacht atá i gceist mar gur bhuaigh na saothair aisteacha seo go léir an duais cháiliúil sin i saol na healaíne atá ar nós Oscars shaol na scannán: Duais Turner.
chompántas cáiliúil famous theatre company
" Chomh maith leis an obair a dhein sí le Taibhdhearc na Gaillimhe, ghlac sí páirt i gcéad séasúr chompántas cáiliúil an Druid i 1975.
pearsana cáiliúla famous people
" Tógadh é san 18ú haois agus chónaigh pearsana cáiliúla as an traidisiún náisiúnach agus aontachtach ann i gcaitheamh na mblianta.
staraí cáiliúil famous historian
" In 1833, cheannaigh John Lecky an teach mar áit chónaithe dá theaghlach agus tógadh an staraí cáiliúil William Edward Hartpole Lecky (1838 - 1903) ann.
peileadóir cáiliúil famous footballer
" Imríonn sé féin corrchluiche gailf, agus le linn ár dtimpeall taitneamhach, éachtach, d'inis an mac go mbíonn ar a athair, an peileadóir cáiliúil, cáirín a thiomáint timpeall an chúrsa gailf ar an ábhar nach féidir leis é a shiúl gan pian a fhulaingt.
ó pheann an údair cháiliúil from the pen of the famous author
" Ba é seo an chéad léiriú riamh den dráma seo ó pheann an údair cháiliúil agus bhí an-rath ar an léiriú, i dtéarmaí an lucht féachana agus na léirmheasanna a fuair sé.
bhailiúcháin cháiliúla famous collections
" Tá mé ag caint (ar ndóigh) faoi bhailiúcháin cháiliúla litreacha ar nós MP3, JPG agus DOC.
cáiliúil famous
" Sé bliana ina dhiaidh sin fuair sé áit sa Slade, an coláiste cáiliúil ealaíne i Londain, agus rinne sé staidéar ansin ar shaothar na seanmháistrí faoi stiúir Henry Tonks.
stiúrthóirí cáiliúla scannán famous film directors
" Go minic, nuair a léann tú agallaimh le stiúrthóirí cáiliúla scannán, maíonn siad gur spreagadh iad le dul i mbun scannánaíochta tar éis dóibh saothair phríomhstiúrthóirí a linne a fheiceáil.
an t-údar cáiliúil the famous author
" Tá cónaí ar a dheartháir David – an t-údar cáiliúil - in aice láimhe i Ráth Garbh agus tá seisean pósta le húdar cáiliúil eile, Ita Daly.
namhaid cáiliúil “cur isteach” an Stáit a famous enemy of State interference
" Na laethanta seo, agus Iarnród Éireann ag lorg breis airgid ón Rialtais chun a ghréasán féin a fhorbairt i gceart, b’ait an rud é dá bhfaigheadh Ryanair (namhaid cáiliúil “cur isteach” an Stáit) fóirdheontas chun dul in iomaíocht leis an traein ar bhealach ionsaitheach, agus chun daoine a spreagadh le modh iompair a roghnú a bhfuil truailliú níos measa ag baint leis ná mar atá ag baint leis an traein.
imreoirí cáiliúla famous players
" Cheana féin tá lucht gnó ag díriú ar imreoirí cáiliúla CLG sa chaoi chéanna ó thaobh gnó de is a bhreathnaíonn siad ar imreoirí sacair agus rugbaí.
is cáiliúla most famous
" Is cosúil go bhfuil lucht leanta “na nDiabhal Dearg” réidh le Malcolm Glazer, an t-uinéir nua, a thachtadh ar an ábhar go raibh sé de dhánaíocht ann deis mhaith gnó a thapú agus a chuid airgid a infheistiú sa chlub sacair is fearr (?) agus is cáiliúla (b’fhéidir) ar domhan.
ba cháiliúla most famous
" Maidir le lucht leanúna an tsacair in Éirinn, ba cheart dóibh bheith níos buartha faoi staid Ruagairí na Seamróige, an club ab fhearr agus ba cháiliúla sa tír seo tráth agus atá anois ar an trá fholamh agus todhchaí an-éiginnte rompu.
dhaoine cáiliúla famous people
" Ag deireadh na bliana thug siad liosta de dhaoine cáiliúla a cailleadh i rith na bliana.
cáiliúil famous
" Gleanntán glas álainn a bhí ann san 18ú haois, sular fhás Learpholl go mór, agus scríobh an file cáiliúil ón chathair, William Roscoe (1753-1831), an dán “The Nymph of Dingle” faoin áit.
iarpheileadóir cáiliúil de chuid an Dúin famous former Down footballer
" Níos mó ná riamh tá gá le ciall agus stuaim i gCLG agus córas atá soiléir agus atá dian ar lucht calaoise, agus, mar a scríobh Joe Lennon, iarpheileadóir cáiliúil de chuid an Dúin, chuideodh sé go mór le feabhas na gcuichí Gaelacha dá nglacfadh imreoirí leis na rialacha agus dá gcuirfeadh réiteoirí i bhfeidhm iad.
aisteoir cáiliúil famous actor
" Tá McBratney tar éis bualadh leis an aisteoir cáiliúil Matt Dillon, atá ag forbairt scannáin faoi Ed Maloney, Gael-Mheiriceánach eile agus comhpháirtí de chuid McBratney.
ar an chearnóg cháiliúil on the famous square
" Saolaíodh Alison Lapper gan lámha agus le cosa gearra de bharr an druga tailídimíd agus is í a portráid, snoite ó bhloc de mharmar bán Iodálach, atá cúig troithe déag ar airde, a bheas le feiceáil ar an chearnóg cháiliúil go ceann seacht mí dhéag eile.
Ach cárb as don fhear cháiliúil seo? But where is this old man from?
" Ach cárb as don fhear cháiliúil seo? Tá an béaloideas a bhaineann leis beo beathach go fóill gan amhras: taistealaíonn sé i gcarr sleamháin, á tharraingt ag ocht réinfhia; déanann sé féin agus a chuid sióg bréagáin ina gceardlann sa Mhol Thuaidh; téann sé síos simléir le bronntanais a fhágáil do mhaidin Lá Nollag.
líne cháiliúil famous line
" Nicholas”, a thosaíonn leis an líne cháiliúil, “Twas the night before Christmas …” Ba é Moore a chruthaigh na hocht réinfhia agus a thug ainmeacha orthu, agus ba é fosta a shamhlaigh den chéad uair Daidí na Nollag ag teacht anuas simléar Oíche Nollag.
leithinis cháiliúil famous peninsula
" Cuairt eile ar Éirinn ======= Thug mé aghaidh ar Éirinn den dara huair san fhómhar agus chuaigh go dtí an leithinis cháiliúil sin, an Daingean, mar theastaigh uaim cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht.
is cáiliúla most famous
" Is dócha gurb iad na cinn is cáiliúla i measc turasóirí ná an Barrio Gotico agus La Rambla, siúlóid mhór fhada a théann síos chuig an bhfarraige.
an t-iriseoir cáiliúil the famous journalist
" Ní raibh sé ach fiche bliain roimhe sin, sna seascaidí, ó scríobh an t-iriseoir cáiliúil John Healy leabhar faoina chontae féin, Maigh Eo, dar teideal *No One Shouted Stop.
cáiliúil famous
" Ar feadh ceithre huaire is fiche dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe, a dúirt Woody Allen sa scannán cáiliúil *Sleeper *nuair a cuireadh an cheist air, “Have you ever taken a serious political stand on anything?” Níl aon dabht, in Éirinn an lae inniu, gur minic ár bpolaiteoirí gann ar sheasamh ar bith, gan trácht ar sheasamh láidir.
is cáiliúla most famous
" Is dócha gurb iad na cinn is cáiliúla i measc turasóirí ná an Barrio Gotico agus La Rambla, siúlóid mhór fhada a théann síos chuig an bhfarraige.
cáiliúil famous
" Bhí mé i mo chónaí in aice le Tigh Bric (i Riasc, cóngarach do Bhaile an Fheirtéaraigh), teach tábhairne cáiliúil – tá aithne ag go leor daoine air.
samplaí cáiliúla famous examples
" Is samplaí cáiliúla iad Condoleeza Rice, Rúnaí Stáit an Rialtais, a bhí ina propast ar Ollscoil Stanford nuair a glaodh uirthi, agus Donald Rumsfeld, Aire Cosanta Mheiriceá, a bhí ina chathaoirleach ar chomhlacht eolaíochta.
cáiliúil famous
" ” Tá an t-úrscéal grafach is déanaí dá chuid, *An Táin*, ar insint nua é ar an scéal cáiliúil miotaseolaíochta, díreach foilsithe ag comhlacht Cholmáin, Cló Mhaigh Eo ((www.
an seanadóir cáiliúil the famous senator
" Thuar Teddy Kennedy, an seanadóir cáiliúil, go mbeadh dhá theach na Comhdhála ar ais i seilbh na nDaonlathaithe roimh i bhfad.
ghníomhaireacht cháiliúil famous agency
" Is é Donovan Wylie as Béal Feirste, a bhfuil saothar leis ar taispeáint chomh maith, an t-aon Éireannach atá ina bhall den ghníomhaireacht cháiliúil seo.
an seanadóir cáiliúil the famous senator
" Thuar Teddy Kennedy, an seanadóir cáiliúil, go mbeadh dhá theach na Comhdhála ar ais i seilbh na nDaonlathaithe roimh i bhfad.
casúr cáiliúil an chathaoirligh the famous chairman's gavel
" I 1973, chroch Aiken casúr cáiliúil an chathaoirligh suas le taobh an tseanghunna a leag sé uaidh i 1923.
éadaí síoda marcach cáiliúil the silk clothes of famous jockeys
" Áit an-suimiúil atá ann, ina bhfuil éadaí síoda marcach cáiliúil, pictiúir agus trealamh rásaí ar taispeáint.
chomh cáiliúil céanna quite as famous
" AÓF: Cén hiad na laochra ceoil atá agat féin ar an gconsairtín? TC: Is breá liom Micheál Ó Raghallaigh agus Noel Hill ach, ar ndóigh, tá na céadta eile a thaitníonn liom freisin nach bhfuil chomh cáiliúil céanna.
sléibhteoir cáiliúil famous mountaineer
" Ní raibh, ach bhí Liam ag stánadh ar ais ar an sléibhteoir cáiliúil agus meascán den ghreann, den scéin, agus den amhras ina aghaidh.
grúpa mór cáiliúil a big famous group
" AÓF: ***Tá ráfla cloiste agam go mb'fhéidir go mbeidh sibh ag dul ar thuras le grúpa mór cáiliúil.
cathair cháiliúil choireach cholach sin na beorach that wicked, sinful city of beer
" I bhfocail eile: tá mé chun tú a thabhairt liom chuig cathair cháiliúil choireach cholach sin na beorach cois Loch Michigan, áit a dtéann maithe agus móruaisle eile shaol na Gaeilge gach samhradh, chuig Féile na nGael i Milwaukee.
na galfairí is cáiliúla ar domhan the most famous golfers in the world
" Ar aon nós, d’fhreastail daoine ar chomórtas Chorn Ryder ina sluaite móra gach lá ó Mháirt go Domhnach agus is dóigh gurb é an fáth ba mhó ná chun an deis a thapú le ceithre dhuine is fiche de na galfairí is cáiliúla ar domhan a fheiceáil i mbun imeartha.
imreoirí cáiliúla famous players
" Fiú amháin imreoirí cáiliúla ar nós Tiger Woods agus Phil Mickelson, níor éirigh leo tionchar mór a imirt ar an gcomórtas.
i mórbhua i gcomórtas cáiliúil, idirnáisiúnta in a big victory in a famous international competition
" Rud eile, is annamh a bhuann cuid d’imreoirí na hEorpa aon chomórtas astu féin, agus mar sin, tugann sé sásamh ar leith dóibh nach mbíonn le fáil acu ach go hannamh bheith páirteach i mórbhua i gcomórtas cáiliúil, idirnáisiúnta.
file, fealsamh, amhránaí agus ceoltóir cáiliúil poet, philosopher, singer and famous musician
" Sa dara leath, seinneann muid cúpla fonn le Hiroshie Yamaguchi, file, fealsamh, amhránaí agus ceoltóir cáiliúil – Bruce Springsteen na Seapáine.
an táille cháiliúil sin that famous charge
" Agus, má tá tú ag tiomáint gluaisteán leictreach, ní gá duit an táille cháiliúil sin, an táille phlódaithe tráchta, a íoc nuair a théann tú isteach go lár chathair Londan.
an t-ealaíontóir cáiliúil the famous artist
" Bronnfar macasamhail den Ghradam, atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta agus a dhear an t-ealaíontóir cáiliúil Pádraig Reaney go speisialta, ar an bpríomhbhuaiteoir i ngach catagóir agus uathu sin a roghnófar buaiteoir iomlán an Ghradaim.
an reilig is cáiliúla the most famous cemetery
" Cosúil leis na mílte eile rinne mé ar Powazki, an reilig is cáiliúla sa Pholainn.
ceann de na lochanna is cáiliúla one of the most famous lakes
" Tar éis lá a chaitheamh i Lilongwe, príomhchathair na tíre, ag baint suilt as an atmaisféar speisialta a bhaineann le cathracha Afracacha, bhuail mé bóthar suas go Nkhata Bay, baile ar bhruach Loch na Maláive, ceann de na lochanna is cáiliúla ar domhan.
craoltóir agus iriseoir cáiliúil, broadcaster and famous journalist,
" ” Ar ndóigh ba é Vincent Browne, craoltóir agus iriseoir cáiliúil, a chuir *Village* ar bun agus tá seisean ina eagarthóir ar an iris chomh maith.
in iomaíocht don duais cháiliúil, competing for the famous prize,
" Agus ceathrar in iomaíocht don duais cháiliúil, mar aon le £25,000 agus aitheantas idirnáisiúnta, ní hionadh ar bith go n-éiríonn an troid níos teasaí agus níos géire le himeacht gach bliana.
cáiliúil famous
" Ní chuirfí fiú an 747 cáiliúil ar fáil an chéad lá riamh murach go raibh gá ag an earnáil mhíleata lena leithéid.
cáiliúil famous
" Bhí mé sásta seans a thabhairt don tír, áfach, agus don chósta cáiliúil seo.
ceann de na scéalta cáiliúla one of the famous stories
" Mar shampla, ceann de na scéalta cáiliúla faoi Sheán Óg ná go ndeachaigh sé ag traenáil ina aonar an lá i ndiaidh cluiche ceannais na hÉireann cúpla bliain ó shin in áit fanacht sa leaba tamaillín níos faide ar maidin.
leis an amhránaí cáiliúil with the famous singer
" AÓF: Inis dom faoi do chuid oibre leis an amhránaí cáiliúil Luka Bloom.
ar an amhrán cáiliúil on the famous song
" Chan mé agus sheinn mé ar a album *Innocence* agus tá sé féin ag canadh agus ag casadh an ghiotáir ar m’albamsa ar an amhrán cáiliúil de chuid Sandy Denny “Who knows where the time goes”.
ar an gconair cháiliúil seo. on this famous path.
" Cín lae oilithrigh atá ann ina rianaíonn sé a thuras pearsanta ar an gconair cháiliúil seo.
focail dheireanacha cháiliúla, famous last words,
" Chuir mé scairt ar mo chairde ar mo ghuthán póca le cur in iúl dóibh go raibh gach rud ceart go leor, focail dheireanacha cháiliúla, mar a deir an Béarla, mar cúpla bomaite ina dhiaidh sin thit mé i muc shneachta.
fidléir cáiliúil famous fiddler
" Is fidléir cáiliúil é siúd anois ach bhí píosaí d’fhidleacha agus de rudaí a bhain le fidleacha i gcónaí ar fud an tí nuair a bhí mé ag éirí aníos.
Ollscoil cháiliúil a famous university
" Ollscoil cháiliúil is ea Virginia Tech, in ainm is a bheith mar “MIT an Deiscirt”, agus bíonn foirne spóirt na hollscoile, na *Hokies*, le feiceáil ag imirt ar bhonn náisiúnta gach bliain.
an eachtra is cáiliúla the most famous incident
" Is í an eachtra is cáiliúla go dtí seo, ámh, ná an ceann inár mharaigh beirt ógánach trí dhuine dhéag (ar dhéagóirí a bhformhór) i scoil i gColumbine, Colorado.
an gunna cáiliúil the famous gun
" I measc na n-armadóirí móra tá Smith and Wesson i Massachusetts (an déantóir gunnaí láimhe is mó sa tír), Colt in Connecticut (a rinne an gunna cáiliúil an Colt 45, ar ndóigh) agus – comhlacht a bhfuil aithne air go fairsing in Éirinn – Armalite, in Illinois.
sa chluiche cáiliúil úd in that famous match
" Cé nach raibh mórán idir na foirne sa chluiche cáiliúil úd i 1977, bhí Ciarraí ag imirt thar cionn agus bhí an lámh in uachtar acu sa dara leath.
de réir an scéil cháiliúil, according to the famous story,
" Chaith siad a n-óige ar fheirm 23 acra agus b’in an áit, de réir an scéil cháiliúil, ar chuir Seán Quinn tús lena impireacht nuair a thosaigh sé ag baint cloch i 1973 tar éis dó iasacht ₤100 a fháil ón mbanc.
is cáiliúla most famous
" Ar ais i dteagmháil le hOki agus ceolchoirm leis i gceann des na hallaí is cáiliúla i Sasana.
faoi cheannas an scríbhneora cháiliúil under the leadership of the famous writer
" B’as scríbhneoirí an cheantair seo, ar ndóigh, faoi cheannas an scríbhneora cháiliúil Langston Hughes, a d’eascair an “Harlem Renaissance” sna tríochaidí.
iarimreoirí agus ag iarbhainisteoirí cáiliúla famous former players and former managers
" Tá sé ráite ag iarimreoirí agus ag iarbhainisteoirí cáiliúla le déanaí go bhfuil na daoine thuasluaite go léir sásta rud ar bith a dhéanamh ar mhaithe le cluiche a bhuachaint.
Tagairt cháiliúil famous reference
" Tagairt cháiliúil CJ Haughey don leasú a bhí á mholadh aige siúd ar an dlí, leasú a thabharfadh cead do phoitigéirí coiscíní a sholáthar – do lánúineacha pósta amháin – ar oideas! Is fada ó Ré Dhorcha na n-ochtóidí anois sinn, buíochas le Dia.
na scannáin cháiliúla the well-known films
" Beidh scannán La Frenais agus Clement suite i Londain agus deirtear go mbeidh cosúlachtaí móra idir an scannán sin agus na scannáin cháiliúla The Thomas Crown Affair agus Dirty Rotten Scoundrels.
machaire cáiliúil gailf famous golf links
" Is é an galfaire Pádraig Harrington an té atá i gceist agam agus is é an t-éacht atá bainte amach aige ná a bhua i gComórtas Oscailte na Breataine ag Carnoustie, an machaire cáiliúil gailf in Albain.
pictiúr cáiliúil Picasso, Picasso's famous picture,
" Tá saothar a rinne an bheirt acu féin le feiceáil thart timpeall Bhéal Feirste, chomh maith le dhá mhúrmhaisiú shuntasacha ar oibrigh an bheirt acu le chéile orthu – ceann amháin atá bunaithe ar leagan de *Guernica*, pictiúr cáiliúil Picasso, agus ceann eile a dhéanann ceiliúradh ar na briogáidí idirnáisiúnta a throid in éadan Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne.
chun an phluais cháiliúil a bhaint amach to reach the famous cave
" Bhí orainn rith síos an trá chun an phluais cháiliúil a bhaint amach sula mbéarfadh an taoide orainn.
an ní is cáiliúla the most famous thing
" Tá deoch, ar a dtugtar Lemon and Paeroa, ar an ní is cáiliúla a thagann ón mbaile seo.
duine de na craoltóirí is cáiliúla one of the most famous broadcasters
" ” Agus cén tuairim atá aici de Pat Kenny, duine de na craoltóirí is cáiliúla sa tír seo? “Níl sé sin féaráilte!” a deir sí agus déanann gáire croíúil.
léargas cáiliúil famous insight
" Oireann léargas cáiliúil Wordsworth dó: “*the child is father to the man*”.
is cáiliúla most famous
" Stíleanna éagsúla maireachtálaTá Byron Bay ar an áit is cáiliúla sa tSír, gan agó.
An comhlacht cáiliúil vodca the famous vodka company
" An comhlacht cáiliúil vodca Checkout Tescoski a bheas ag urrú na duaise úire, Sciath Rinksi Amscaí.
le ráiteas cáiliúil Winston Churchill: with Winston Churchill's famous quote:
" Is dócha go raibh mé i gcoinne ‘nóisean na gairme’ ar bhonn idé-eolaíoch mar gur bhain mé go láidir le polaitíocht na heite clé – creid é nó ná creid!”Is dócha, mar sin, go n-aontódh Myers le ráiteas cáiliúil Winston Churchill: “If a man is not a socialist by the time he is 20, he has no heart.
nach bhfuil chomh cáiliúil céanna, who isn't as famous
" Duine de lucht spóirt na hÉireann nach bhfuil chomh cáiliúil céanna, ach a bhfuil ag éirí thar cionn léi le cúpla bliain anuas, í Katie Taylor.
daoine cáiliúla famous people
" Má fheiceann siad go bhfuil daoine cáiliúla ag canadh trí Ghaeilge, is cinnte go mbeidh tionchar ag sin ar a ndearcadh i leith na teanga.