Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-cháilithe very qualified
" Bhí traenáil agus taithí mhaith faighte ag foireann Digital, agus iad an-cháilithe.
cáilithe qualified
" Mheasadar go héadóchasach nach rabhadar cáilithe le haon rud eile a dhéanamh.
cluiche cáilithe qualifying games
" Is mar sin a bhí an scéal fiú tar éis athrú a bheith déanta ar an gcóras agus cúpla cluiche cáilithe a bheith le himirt le dul chun cinn go dtí babhta leathcheannais den chraobhchomórtas.
cáilithe qualified
" Ní raibh sé cáilithe mar mhúinteoir ná ní raibh aon taithí aige ar a bheith ag múineadh i meánscoil, ach de bharr gur scoil de chuid Choiste Gairmoideachais Bhaile Átha Cliath a bhí i gceist, ní raibh le déanamh aige ach scrúdú an cheardteastais a dhéanamh le bheith i dteideal dul i mbun an teagaisc.
is cáilithe most qualified
" Láidreacht eile de chuid na heagraíochta ná in ionad duine nó beirt a bheith fostaithe aici le háiseanna ilghnéitheacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt, is féidir dul ar thóir na saineolaithe sna réimsí éagsúla le táirgí den chaighdeán is airde a choimisiúnú - ach is féidir leis seo bheith ina laige fosta, ar ndóigh, nuair a bhíonn na daoine is cáilithe do jabanna áirithe róghafa lena gcuid oibre nó dualgas féin! Ní laige de chuid an tionscadail nuabhunaithe í seo, ach ó thaobh fhorbairt ábhair theagaisc de, is míbhuntáiste mór atá ann do Bhreacadh an neamart atá déanta sa tír seo le blianta i dteagasc na Gaeilge scríofa agus léite do chainteoirí dúchais Gaeilge, ag leibhéal na bunscoile nó na meánscoile - gan trácht ar dhaoine fásta.
cháiligh sé he qualified
" Ina dhiaidh sin, cháiligh sé mar mhúinteoir meánscoile agus mhúin sé Gaeilge, Stair agus Tíreolas ar na Gleanntaí.
níos cáilithe more qualified
" Níl duine sa tír níos cáilithe ná é féin le bheith ag caint ar chúrsaí meisce.
mbabhtaí cáilithe qualifying rounds
" Níor imríodh ach trí chluiche mhóra iomána go dtí seo (mí an Mheithimh) i bPáirc an Chrócaigh - Craobh na gClub Lá Fhéile Pádraig, cluiche ceannais na Sraithe idir Tiobrad Árann agus Cill Chainnigh agus Áth Cliath v Uíbh Fhailí i mbabhtaí cáilithe an Chraobhchomórtais (cuir é sin i gcomparáid leis an iliomad cluichí peile a cuireadh ar siúl ann).
babhtaí cáilithe qualifying rounds
" An é sin le rá go bhfuil Áth Cliath beagnach chomh maith le Tiobraid Árann? B'fhéidir nach ea ach tá siad beagnach chomh maith le hUíbh Fháilí mar a léiríodh sna babhtaí cáilithe níos déanaí.
na cluichí cáilithe the qualifying games
" Mar shampla, tá na cluichí cáilithe, nó córas an chúldorais mar a thugtar air, i ndiaidh líon mór daoine a mhealladh, ní hamháin go Páirc an Chrócaigh, ach thart ar an teilifís i dtithe agus i dtábhairní ó cheann ceann na tíre.
toisc nár cháiligh siad because they didn't qualify
" ), agus trí fhoireann míshona (toisc nár cháiligh siad do na babhtaí ceannais) agus trí cinn faoi bhrú (mar go raibh an baol ann go dtitfidís go Roinn a Dó).
cáilithe qualified
" Tá sé cáilithe mar thraenálaí tar éis freastal ar chúrsaí éagsúla.
cáilithe qualified
" Chiallaigh sin go raibh níos mó agus níos mó páistí cáilithe don oideachas speisialta, gné atá an-chostasach.
mar go gcáileoidh siad because they will qualify
" Seans fosta go mbeidh buntáiste geilleagrach ann do lánúineacha óga mar go gcáileoidh siad do na tithe a chuirfear ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
cáilithe qualified
" Tá daoine cáilithe neamhspleácha ar an gCóras Eadrána, daoine nach bhfuil, go teoiriciúil ar aon nós, aon bhaint ná páirt acu le haon chontae nó foireann ar leith ná aon suim acu sna cásanna a thagann os a gcomhair ach amháin ó thaobh ceart nó mícheart, de réir rialacha agus dlí an Chumainn agus na tíre.
sna cluichí cáilithe in the qualifying games
" Tharla sin den chuid is mó sna cluichí cáilithe as ar tháinig Gaillimh, an Clár, Tiobraid Árann, Loch Garman, Port Láirge agus Luimneach.
cáilithe qualified
" ) Ta leabhar ollmhór scríofa ag Fisk dar teideal *The Great War for Civilisation: The Conquest Of the Middle East *agus is é is fearr atá cáilithe lena leithéid de leabhar a scríobh.
cáiliú qualifying
" Fiú amháin in aimsir Jack Charlton, an tréimhse ab fhearr riamh ag foireann sacair na tíre seo, nuair a bhí imreoirí cumasacha láidre a raibh carachtar agus cinnireacht ag baint leo (Bonner, Moran, Whelan, Townsend, Houghton, etc) ar fáil, bhí an t-ádh ar Jack Mór ó am go ham maidir le cáiliú do chomórtais Eorpacha nó Dhomhanda.
an dara babhta cáilithe the second qualifying round
" Thuill Shelbourne €400,000 de bharr a gcuid iarrachtaí san Eoraip anuraidh, agus bhí samhradh cuibheasach brabúsach acu i mbliana nuair a shroich siad an dara babhta cáilithe i Sraith na Seaimpíní.
cáilithe qualified
" Bíonn sé iontach deacair nuair atá tú cáilithe i réimse amháin agus go bhfuil a fhios agat go bhfuil obair agat ann.
cáilithe qualified
" Tá siad cáilithe, ar bhealach, ar shlí nach mbeadh daoine cheana féin.
cáilithe qualified
" Is cosúil, de réir na dtuairiscí neamhoifigiúla, gur cúigear iad a bhaineann ó dhúchas le contaetha phríomhroinn na hiomána agus dá réir sin ba chóir go mbeadh a gcuid ‘stuif’ ar eolas acu, mar a deir fear an Bhéarla! Ar an bpainéal agallaimh bhí daoine cumasacha, eolacha ar nós Nicky English, Pádraig Ó Dálaigh (Ceannasaí na gCluichí in Ardoifig CLG) agus daoine cáilithe ón taobh amuigh de CLG.
cáiliú do cheithre chluiche ceannais qualifying for four finals
" Má tá sin fíor, is foireann thar barr ar fad í foireann Chorcaí tar éis dóibh dhá chraobh as a chéile a bhuachan in 2004 agus 2005 agus cáiliú do cheithre chluiche ceannais as a chéile.
níor shíl mé go mbeinn cáilithe lena haghaidh I didn't think I would be qualified to do that
" ” Caithfidh mé a admháil nach raibh sé i gceist agam ar dtús léirmheas a scríobh ar an saothar seo – níor shíl mé go mbeinn cáilithe lena haghaidh mar gheall ar nach bhfuil an oiread sin cur amach agam ar chúrsaí filíochta.
gur cháiligh sé do phas saorthaistil that he qualified for a free travel pass
" Cuir i gcás go bhfuair duine litir dochtúra a thug le fios go raibh máchail coirp air agus gur cháiligh sé do phas saorthaistil dá bharr.
Vótáil Tromlaigh Cháilithe Qualified Majority Voting
" Dá nglacfaí le Conradh Liospóin, dhéanfaí a lán cinntí nua ar bhonn Vótáil Tromlaigh Cháilithe (i.
abhcóide cáilithe qualified barrister
" “Chomh maith leis sin, mar abhcóide cáilithe, níl mistéir ag baint leis an dlí ach oiread.
cháiligh qualified
" Is fada an lá ó bhuaigh Áth Cliath dhá chluiche sa chraobhchomórtas sinsearach, gur cháiligh siad do chluiche ceannais Laighean, gur thugadar dóthain agus breis le déanamh do Chill Chainnigh i gcluichí sraithe agus craoibhe, agus go raibh de mhí-ádh orthu cailliúint i gcoinne Luimnigh i gcluiche ceathrú Ceannais na hÉireann.
cáilithe qualifying
" An cluiche deireanach de chluichí cáilithe Chorn an Domhain a bhí i gceist agus ní raibh ach toradh amháin insamhlaithe, bua d’fhoireann na Poblachta, Poblacht na hÉireann dar ndóigh.
cáilithe qualified
" Is í croí na faidhbe san anailís nár tugadh san áireamh go bhfuil poist áirithe ann nach féidir le duine le Béarla amháin a fháil mar nach bhfuil siad cáilithe chucu.
cháiligh qualified
" I dtosach báire, bhí fúm a bheith i m’eitnicheoleolaí ach tar éis tamaill chuir mé a oiread suime i dtéacsanna na n-amhrán gur cháiligh mé i mo theangeolaí ina ionad sin.
cáilithe qualified
" Faoin bhliain 2025, ach sinn beartú agus oibriú chuige uaidh seo, thiocfadh linn mic léinn a fheiceáil ag tabhairt faoin saol cáilithe i mbithcheimic, sa mhargaíocht, sna teicneolaíochtaí, sa bhaincéireacht, sa dlí idirnáisiúnta agus san iliomad eolaíocht eile chomh maith agus a bheith cumasach mar chainteoirí dúchais san iliomad teangacha ag an am céanna.
cháilithe qualifying
" An bhliain seo chugainn, bliain cháilithe do na cluichí Oilimpeacha a bheidh i gceist, agus mar sin bliain ollmhór a bheidh inti.
cluichí cáilithe qualifiers
" Lena chois sin, cé go raibh an dara seans ag neasóirí na gcomórtas cúige, An Lú, Muineacháin, Luimneach agus Sligeach, b’éigean dóibh imirt arís go luath (fiú taobh istigh de sé lá) i ndiaidh dóibh a bheith buailte i gcluiche ceannais an chúige agus ní hiontas ar bith é agus iad fós faoi dhíomá agus faoi thuirse gur buaileadh iad sna cluichí cáilithe sin.
Cháiligh qualified
" Cháiligh sé mar innealtóir ach bhí air dul thar lear go Meiriceá Theas le post a fháil.
nach raibh cáilithe unqualified
" Ó na hochtóidí i leith, bhí ceardchumainn na seirbhíse poiblí ag iarraidh go gcealófaí córas na marcanna breise d’arduithe céime siocair go raibh cuid dá mbaill nach raibh cáilithe do na marcanna seo den bharúil go raibh leatrom á imirt orthu.
cháiliú qualifying
" Cinneadh réiteora a tháinig idir cháiliú agus a mhalairt i 1978.
cáilithe qualified
" Le cúlra dlí na beirte, bhíodar cáilithe go maith le dualgaisí bunreachtúla na huachtaránachta a chomhlíonadh.
cé gur cáilíodh an méid sin although that was qualified
" ”* (- cé gur cáilíodh an méid sin le peann ar thaobh na litreach.
cáilithe qualified
" Ach ritheann sé liom go mb’fhéidir go mbeidh gá le seiceadáirí le saineolas digiteach nó le dlíodóirí cáilithe le teastais speisialta ó na gréasáin, go háirithe nuair a smaoiním ar an méid ábhair atá i bhfoirm dhigiteach atá agus a bheas mar chuid d’oidhreacht ár bpáistí.
cháiligh qualified
" An mbeidh siad in acmhainn freastal ar Chorn na hEorpa faoi mar a rinne a n-aithreacha rompu i 1988 an chéad uair a cháiligh foireann Phoblacht na hÉireann don mhórfhéile sacair seo? Ach, múineann gá seift agus ar nós dream 88, éireoidh le dream 2012 ceann scríbe a shroicheadh.
bhain mé an duais sa chomórtas cháilithe I won a prize in the qualifiers
" (pléascadh gáire) Ar an darna nó an tríú hiarracht, bhain mé an duais sa chomórtas cháilithe.
cáilithe le bheith páirteach qualified to take part
" Cé go raibh Norman cáilithe le bheith páirteach sna rásaí céad mhéadar agus dhá chéad méadar sna Cluichí Oilimpeacha in Munich sa bhliain 17972, chinn na húdaráis nach mbeadh aon rábálaí fir ar an bhfoireann.
i gcomhpháirt le treoraithe cáilithe along with trained guides
" I Mí na Márta, nuair a bheidh an mheánscoil críochnaithe ag Enderson, cuirfidh Mídia Periférica tús le turais lae go Sussuarana, i gcomhpháirt le treoraithe cáilithe.
poitigéir cáilithe a qualified chemist
" Is poitigéir cáilithe í a chaith blianta fada ag obair le Bord Leigheasra na hÉireann agus ag cur comhairle ar thionscal na cógaisíochta.
díreach cáilithe just qualified
" Tá James Larkin-Connolly díreach cáilithe mar mhúinteoir i mbliana.
de réir mar atá na hollúna is cáilithe according as the most qualified professors
" Faoin am seo, mura bhfuil deireadh leis an obair sna háiteacha sin, tá deireadh ré, ísliú céime nó easpa bisigh á dtuar de réir mar atá na hollúna is cáilithe ag dul ar phinsean agus na coláistí éagsúla ag fáisceadh an chreasa.
ceapadh na daoine ba cháilithe a bhí ar fáil the most qualified available people were appointed
" Arís eile, tchítear domh gur ar leas an phobail atá sé go bhfoilseofaí na liostaí áirithe seo lena chinntiú gur ceapadh na daoine ba cháilithe a bhí ar fáil.
gineolaí cáilithe a qualified genealogist
" Inniu, is comhairleoir gnó agus is cuntasóir é, gineolaí cáilithe, tá sé ar choiste an nuachtáin náisiúnta, La Nacion agus tá sé ina chomhairleoir d'ambasáid na hÉireann in Buenos Aires chomh maith.
cáilithe maith good qualifications
" Sílim go bhfuil ag éirí measartha maith le gairmeacha éagsúla, go háirithe i measc iad siúd a bhfuil cáilithe maith orthu, fad is atá rudaí deacair go leor ag daoine nach bhfuil oideachas maith nó oiliúint ar leith orthu.
cháilithe qualifying
" Tá a haird dírithe ar an mbliain seo chugainn, 2011, bliain cháilithe do na cluichí Oilimpeacha i Londain, 2012.