Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cáiníocóirí tax-payers
" Is ceisteanna iad seo a bhfuil baint acu le hoibrithe agus cáiníocóirí an lae amáraigh sna Stáit Aontaithe.
gcáiníocóir tax-payer
" Ní hamháin go bhfuil ar an gcáiníocóir íoc as feidhmiú na ndlíthe, tá sé á phlúchadh ag na dlíthe céanna.
cáiníocóirí taxpayers
" Agus ní hiad cáiníocóirí an Aontais amháin atá thíos leis an socrú sin.
cáiníocóir taxpayer
" Tá an dlí nua chomh casta sin, agus tá oiread forialacha agus eisceachtaí ag baint leis, go gcosnóidh sé na milliúin euro ar an gcáiníocóir é a chur i bhfeidhm.
cáiníocóirí taxpayers
" Is léir nach bhfuil aon athruithe móra i ndán don dóigh a reáchtáiltear gnóthaí an Stáit ach amháin go bhfuil seans ann go ndéanfar an obair sin ar dhóigh níos éifeachtaí as seo amach (cé nach féidir a bheith ag súil go dtarlóidh sé sin i gcúrsaí iompair, b'fhéidir, de bhrí gurb é Martin Cullen atá sa chathaoir sin - eisean an té a chuir breis is €40 milliún d'airgead na gcáiníocóirí amú ar chóras vótála leictreonraí nach bhféadfaí a úsáid).
cáiníocóirí taxpayers
" Tuairiscítear gur mhaith leo go mairfeadh an clár OSP, ach go ndéanfar ísliú mór ar na fóirdheontais a bheas ag teacht ó na cáiníocóirí.
cáiníocóirí taxpayers
" In ainneoin na gcúiseanna a bhí ag an Bhord chun seo a dhéanamh, deir Hussey nach bhfuil sé ceart cosc a chur ar scoláirí féachaint ar ábhar ar ríomhairí a ceannaíodh le hairgead cáiníocóirí, díreach mar gheall ar dhrochléirmheasanna.
cháiníocóirí taxpayers
" Tá láithreoir an chláir, an Corcaíoch Eddie Hobbs, gona chanúint ghéar dhúchasach, ag díriú go neamhbhalbh ar an tslí a bhfuil ar cháiníocóirí na tíre seo bheith ag streachailt leis an saol agus, ag an am chéanna, bheith ag íoc as drochbhainistíocht i gcás tionscadal mór caipitil a gcaitear na milliúin euro breise orthu ná mar a bhí sé i gceist a dhéanamh.
cháiníocóir tax payer
" Má chruthaitear gur theip ar na hotharlanna cloí lena gcuid rialacha sláinteachais féin, d’fhéadfadh bille mór eile a bheith le díol ag an cháiníocóir.
na cáiníocóirí the taxpayers
" na cáiníocóirí atá faoi chois ag tírghráthóirí na láimhe deirge cheana.
an cáiníocóir the taxpayer
" Go deireanach, fuarthas amach go raibh an cáiníocóir ag íoc as oifig toghcheantair an dá Paisley ar an Bhaile Meanach – a cheithre oiread níos mó ná oifig MLA ar bith eile.
cháiníocóirí taxpayers
" Meastar go forleathan go bhfuil saol an mhadra bháin againn sa phríomhchathair, agus go mbíonn ar cháiníocóirí eile sa tír íoc as ár saol sómasach.
airgead na gcáiníocóirí the taxpayers' money
" Agus déanann an rialtas náisiúnta gearrán ina ndiaidh ag maíomh nach bhfuil na rialtais eile ag caitheamh airgead na gcáiníocóirí mar is cóir ar na seirbhísí poiblí céanna! Cleasa na polaitíochta a bhíonn i gceist go hiondúil.
gcáiníocóirí of the taxpayers
" ” Ina dhiaidh sin is uile, rinne rialtas SAM iarracht an poll dubh a líonadh le hairgead na gcáiníocóirí.
cáiníocóirí taxpayers
" ” Ina dhiaidh sin is uile, rinne rialtas SAM iarracht an poll dubh a líonadh le hairgead na gcáiníocóirí.
fóirdheonaithe ag cáiníocóirí taxpayer-subsidized
" ’ Fad is a bhí na meáin ag tuairisciú don domhan mór faoi na coilínigh Ghiúdacha bhochta sa Ghaza a bheith á ndíbirt ag an arm amach as a dtithe fóirdheonaithe ag cáiníocóirí Mheiriceá, bhí mise ar turas don Bhruach Thiar ag an am céanna, áit a raibh lonnaíochtaí mídhleathacha go leor eile á dtógáil ar fud na háite.
cháiníocóir taxpayer
" Níor cheart go mbeadh ar an cháiníocóir díol as, go háirithe le linn tréimhse ina bhfuil na cianóga gann.
cháiníocóirí taxpayers
" Is baill iad Cohen agus Lockheed den ATC, áit a gcasann siad leis na ginearáil Turcacha a cheannaíonn na hairm - le hairgead ó cháiníocóirí Mheiriceá, ar ndóigh.
airgead an cháiníocóra the taxpayer's money
" An t-adhmad atá le baint as na haltanna seo uilig faoin chaiteachas ar an teanga ná go bhfuil an rialtas ag caitheamh airgead an cháiníocóra ar theanga atá marbh (nó ina hothar i muinín inneall tacaíochta beatha mar a déarfadh Kevin Myers) fad is atá deireadh á chur le seirbhísí riachtanacha sláinte is oideachais, de cheal maoinithe.
airgead an cháiníocóra taxpayer's money
" Chaithfeadh an tír airgead an cháiníocóra ar bhonneagar, fuinneamh gaoithe agus gréine, scoileanna, agus ar thacaíocht dífhostaíochta maille le giorrúcháin cánach $800 do theaghlaigh.
cáiníocóirí taxpayers
" Bhí áthas ar mhuintir na Somáile slán a fhágáil leo mar rinne an ‘cúnamh’ bia an-dochar do na feirmeoirí áitiúla, murab ionann agus na corparáidí agra-ghnó ar íoc cáiníocóirí Mheiriceá as a gcuid barr feirme.
cháiníocóra of the tax
" D’fhonn pilleadh ar an téad eile thuas, len iad féin, an státseirbhís, a naomhú i súile an phobail, scaoiltear scéal leis na meáin faoi dhreamanna isteach sa tír ag tarraingt airgid an cháiníocóra le faofú rialacha an stáit.
cháiníocóir taxpayer
" Agus nuair a chlis ar an margadh dírialáilte a bhí curtha ar bun acu, b’éigean don cháiníocóir teacht i gcabhair ar an dream a rinne go han-mhaith as le blianta.
cháiníocóir taxpayer
cáiníocóir taxpayer
" Nuair a éiríonn na daoine seo an-tinn ámh, ar ndóigh, bíonn dualgas ar otharlanna na tíre iad a thógáil isteach, agus is é an cáiníocóir a íocas astu.
gcáiníocóir taxpayer
" Tá gach uile eagraíocht á maoiniú ag an gcáiníocóir ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, bíodh sé trí Fhoras na Gaeilge, An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, nó tríd An Roinn Oideachais nó trí eite eile den státchóras.
cháiníocóra taxpayer's
" Mar sin, ní raibh rud ar bith eile le déanamh ach iad a tharrtháil le hairgead stáit - airgead an cháiníocóra.
airgid an cháiníocóra the taxpayer’s money
" Is cosúil nach gcuireann an stát mórán dua air féin le luach airgid an cháiníocóra a fháil.
cáiníocóir taxpayer
" Cuimhnímis gur tharraing an Coimisinéir aird ina chéad tuarascáil ar an easpa luacha a bhí an cáiníocóir ag fáil as an infheistíocht mhór atá á déanamh ag an stát i múineadh na Gaeilge.
D’íocfadh an cáiníocóir the taxpayer would pay
" D’íocfadh an cáiníocóir as an maoiniú thuas go léir do na scoileanna poiblí agus as idir 20-25 faoin gcéad den mhaoiniú do na scoileanna eile, de réir na tuarascála.
an cháiníocóra the taxpayer’s
" Íocann siad ar shon na seirbhíse, tríd an cheadúnas, ceadúnas an cháiníocóra, dar ndóighe, ach is páirt lárnach de RTÉ muid.
don cháiníocóir to the taxpayer(s)
" Shocraigh siad fosta ar fhaoiseamh a thabhairt don cháiníocóir ar cuireadh an t-ualach trom air le roinnt blianta anuas.
cáiníocóirí san Aontas Eorpach taxpayers in the European Union
" Ní hiad na cáiníocóirí san Aontas Eorpach amháin atá thíos le polasaithe talmhaíochta an Aontais, ach lucht an tríú domhain chomh maith.
cháiníocóir taxpayer
" Ar dhroim an dochair, tá an bhris le breith isteach agus tá costais charchrach le híoc ag an cháiníocóir.