Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cara cáinteach critical friend
" Is "cara cáinteach" den cheannaire é anois, duine a bhíonn ag tabhairt amach go rialta sna meáin chumarsáide faoin treo a bhfuil an páirtí ag dul sa lá atá inniu ann.
gháir cháinteach critical chorus
" I bhfianaise an mhéid atá tarlaithe, tá fiú na Caitlicigh is goilliúnaí páirteach anois sa gháir cháinteach seo atá ag éileamh go mbéarfadh an eaglais greim uirthi féin, go n-admhódh sí an méid atá fulaingthe ag na híospartaigh, agus go dtabharfadh sí cléirigh atá tugtha do mhí-iompar gnéasach os comhair cúirte.
a bheith cáinteach to find fault
" " Is duine thar a bheith dearfach í Gearóidín agus nuair a d'fhiafraigh mé di ar chuir sé isteach uirthi nach raibh an meas céanna ar an scéalaíocht agus ar an amhránaíocht ina ceantar dúchais, ní raibh sí sásta a bheith cáinteach.
níos cáintí more critical
" Agus leathshúil aige ar na feirmeoirí ina dháilcheantar Muimhneach féin, bhí seisean i bhfad níos cáintí mar gheall ar an socrú nua ná mar a bhí na hurlabhraithe talmhaíochta Mary Upton ó Pháirtí an Lucht Oibre agus Martin Ferris de chuid Shinn Féin.
cáinteach critical
" Tá sí cáinteach faoin méid atá á scríobh faoi láthair Ghaeilge.
cáinteach critical
" Ní bhíonn an Grifíneach cáinteach, diúltach i gcónaí, áfach.
ní ba cháintí more critical
" In aghaidh an chogaidh ======= Nuair a bhí cuma ar an scéal nach raibh Rialtas na Breataine ag déanamh mórán ar son Ken Bigley, thosaigh na gnáthdhaoine ag éirí ní ba cháintí mar gheall orthu.
cáinteach critical
" Dá mbeadh locht amháin agam féin air, agus ní mian liom a bheith cáinteach, is é seo é: bronntar an iomarca duaiseanna ar imreoirí churaidh na hÉireann gach bliain.
An-cháinteach very critical
" An-cháinteach, mar shampla, faoi easnamh i gclár caipitil an Údaráis ach ag an am chéanna bhí sé ar dhuine de na comhaltaí a mhol go ndíolfaí Tithe Saoire Eanach Mheáin don tríú tairiscint ba mhó, ar chaillteanas €0.
a thuairiscí cáinteacha his critical reports
" Gach oíche Luain, tá Eddie Hobbs ina sheasamh os comhair lucht féachana in Amharclann an Helix i mBaile Munna agus sé chéad míle duine eile ina suí sa bhaile ag breathnú ar a thuairiscí cáinteacha.
cáinteach critical
" Bíonn lucht “tacaíochta” thar a bheith gearánach, cáinteach go minic agus lochtann siad bainisteoir gan an dara smaoineamh.
cáinteacha critical
" Is cosúil go raibh/go bhfuil tuairimí láidre, cáinteacha aige freisin faoi imreoirí eile, faoi bhainisteoirí agus faoi dhaoine éagsúla eile a raibh baint acu leis an spórt a thug slí bheatha dó.
cáinteach critical
" " Éiríonn le hIzabela comhrá iomlán a dhéanamh faoi Éirinn gan oiread agus focal amháin cáinteach a rá faoin tír ná faoi mhuintir na tíre.
cáinteach critical
" ”Ó thaobh TG4 é féin de, bíonn sé deacair a bheith cáinteach faoi chomh híseal is atá a mbuiséid, a deir Irial, ach tá léiritheoirí ag éirí cáinteach anois toisc go bhfuil an oiread sin brú orthu.
cáinteach critical
" Anois, tá daoine fós ag caint faoi Facebook – ach tá siad cáinteach ina thaobh an iarraidh seo.
cáinteach ina thaobh critical about it
" Anois, tá daoine fós ag caint faoi Facebook – ach tá siad cáinteach ina thaobh an iarraidh seo.
an-cháinteach very critical
" ” Leoga, bíonn Bishop an-cháinteach mar gheall ar an Eaglais Chaitliceach ina chuid fuirseoireachta.
cáinteach faulting
" B’fhéidir nach ionadh, mar sin, nach n-éiríonn liom oiread is focal cáinteach a mhealladh uaithi mar gheall ar aon duine muinteartha, fiú nuair a bheadh cáineadh tuillte mar a bhí i gcás a dearthár Setanta.
cáinteach censuring
" Rinne Morrison iarracht láidir ina ráiteas cáinteach ceangal a dhéanamh idir dearcadh an phríomhaire i dtaca le fás an daonra agus dúnghaois an rialtais i ndáil le hinimirce gan chead: *Just like illegal boat arrivals, Mr Rudd believes population growth is just another global tectonic force outside his control that he is not responsible for.
cáinteach faultfinding
" Bhí go leor daoine cáinteach fosta nach raibh spriocóg faoi leith leagtha síos don Ghaeltacht sa Dréachtstraitéis laistigh den 250,000 sin.
cáinteach faultfinding
" Fiú an t-aiseolas traidisiúnta, táimid an-sásta a fháil freisin, léirmheas sna nuachtáin, bhí siad sin an-dearfach fiú ó dhreamanna a bhíonn amantaí, b’fhéidir, cáinteach.
má ghoill an torann cáinteach ar if the disapproving noise hurt
" Ach má ghoill an torann cáinteach ar Scarlett Johansson, príomhaisteoir an scannáin, ní raibh sé le haithint uirthi.
cáinteach critical, fault-finding
" Tá sé in am ag daoine áirithe moltaí praiticiúla a chur ar fáil faoi chaomhnú na Gaeltachta agus éirí as a bheith cáinteach an t-am go léir.
sách cáinteach fairly faultfinding
" Bhí Donncha Ó hÉallaithe sách cáinteach faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh deireadh na bliana seo caite agus a mhol go ndéanfaí Údarás na Gaeilge d’Údarás na Gaeltachta.