Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an chéad chéim eile the next step
" Is faoin gcoiste seo a bheidh sé a bheartú cad í an chéad chéim eile ba chóir a ghlacadh.
don chéad ghlúin eile for the next generation
" Ach dúirt sé gur cheart go mbeadh siad siúd a thabharfadh cuairt ar an leacht a thógfaí "ábalta ainmneacha na n-oibrithe tarrthála a léamh, go mbeadh a fhios acu cad é a rinne siad, go bhfaigheadh siad tuiscint ar a laochas, go spreagfadh a n-íobairt iad, agus go ndéanfaí iad a áireamh mar eiseamláirí don chéad ghlúin eile a bheas ár gcosaint go léir.
an chéad chéim loighciúil eile the next logical step
" "Braithimid gurb é seo an chéad chéim loighciúil eile.
an chéad toghchán Tionóil eile the next Assembly election
" Tá *mandate *eile de dhíth ar an DUP agus ní thiocfaidh sin roimh an chéad toghchán Tionóil eile.
an chéad ghlúin eile the next generation
" Tógadh Anna í féin le Gaeilge, agus tá sé tábhachtach di an teanga a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.
ár gcéad cheann scríbe eile our next destination
" Lean muid ar aghaidh linn go dtí ár gcéad cheann scríbe eile: an seanmhuileann.
an chéad ghlúin eile the next generation
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an Ghaeilge? Ag breathnú ar an mhéid bunscoileanna lán-Ghaelacha atá á mbunú ar fud na tíre, ar an mhéid clubanna óige atá á mbunú ag na hógeagraíochtaí Gaeilge, agus ar an dearcadh nua atá ag na "seandaoine" ar an chéad ghlúin eile, bheinn ag súil go mbeidh an teanga faiseanta i measc óige na hÉireann agus go mbeidh siad in ann í a thógáil ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.
An Chéad Ghlúin Eile The Next Generation
" “An Chéad Ghlúin Eile” a bheidh mar théama an Tóstail i mbliana.
An Chéad Ghlúin Eile The Next Generation
" “An Chéad Ghlúin Eile” a bheidh mar théama an Tóstail i mbliana.
an chéad chéim eile the next step
" Maraíodh Denis Donaldson an lá sula raibh an dá Rialtas le ráiteas a eisiúint le chéile faoi cad é an chéad chéim eile a bhí beartaithe acu maidir leis an phróiseas síochána.
an chéad ghlúin eile the next generation
" Fiú má bhaineann an GPA a gcuid aidhmeanna amach ach gan íocaíocht ar son imeartha ina measc, an mbeidh suim ag an chéad ghlúin eile d’imreoirí sa chúis? Cibé scéal é, tá uachtarán nua-tofa CLG ag tabhairt le fios go bhfuil sé féin an-dáiríre faoin mbagairt, mar a fheiceann sé é, ón GPA maidir le himreoirí ag fáil íocaíochta as ucht imirt dá gcontae.
An Chéad Ghlúin Eile The Next Generation
" “An Chéad Ghlúin Eile” a bheidh mar théama an Tóstail i mbliana.
an chéad babhta eile next time around
" Ach fan go dtitfidh fómhar na SSIAs isteach i gcuntais iad san atá ag smaoineamh ar vóta a chaitheamh i gcoinne Fhianna Fáil an chéad babhta eile.
an chéad chlár eile the next programme
" Mar gheall ar athruithe a thiocfas leis an chéad chlár eile de Chistí Struchtúracha na hEorpa 2007-13, beidh cead ag Albain maoiniú trasteorann a iarraidh faoin Territorial Co-operation Objective.
Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile. They won't think about it again until the next one happens.
" Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile.
an chéad bhabhta eile. next time around.
" Agus mé chomh fada sin chun tosaigh anois, rachad sa tseans uair amháin eile – caillfidh Cuffe an suíochán agus beidh an lá leis an mBaróideach an chéad bhabhta eile.
an chéad athbheochan eile the next revival
" Bhí de mhí-ádh air fosta gur chaill sé an chéad athbheochan eile - más sin atá ann - agus deontais mhóra Fhoras na Gaeilge agus cláir TG4.
an chéad bhabhta coimisiúnaithe eile. the next commissiong round.
" Mura bhfaigheann siad an coimisiún, beidh siad ag fanacht ar feadh sé mhí go dtí an chéad bhabhta coimisiúnaithe eile.
leis an chéad ghlúin eile de ghléasanna. with the next generation of devices
" Is crá croí é guthán soghluaiste a úsáid chun brabhsáil ar an idirlíon faoi láthair toisc go bhfuil an tseirbhís iontach mall agus na scáileáin an-bheag – ach tá sé sin ar fad chun athrú leis an chéad ghlúin eile de ghléasanna.
an chéad dúshlán eile the next challenge
" Dar leis an gcomhlacht Zamano (a bunaíodh i mBaile Átha Cliath) is é cosaint sonraí an chéad dúshlán eile do chúrsaí gnó soghluaiste.
Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn the next Christmas is almost with us
" Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn – Nollaig nach bhfeicfidh mé m’iníon lena linn agus Nollaig nach mbeidh mé in ann taitneamh a bhaint aisti ina héagmais.
an chéad nasc eile the next link
" Ach mheas an pobal mór go raibh caidreamh ródhlúth idir Paisley Jnr agus an forbróir Seymour Sweeney, agus bhí sé greannmhar a bheith ag fanacht ar an chéad nasc eile a cheanglódh MLA Thuaisceart Aontroma le ball saibhir an DUP.
Bhíothas ag iarraidh an chéad ghlúin eile a chothú. They was an effort to bring and the next generation
" Bhíothas ag iarraidh an chéad ghlúin eile a chothú.
chun an chéad chéim eile sa phróiseas foghlama a thógáil. to take the next step in the learning process
" Tá aitheantas tugtha don obair agus don dul chun cinn atá déanta ag an bhfoghlaimeoir agus spreagtar é chun an chéad chéim eile sa phróiseas foghlama a thógáil.
na chéad chéimeanna eile the next steps
" Mar sin de, cad iad na chéad chéimeanna eile le *Lá Nua* a thabhairt slán agus le hé a threisiú? Áirím sé réimse forbartha.
an chéad uair eile, next time
" Ach an chéad uair eile, seans gurb iad na daoine a bhfaighidh sé an ceann is fearr orthu ná leithéidí Daniel Day Lewis agus Tommy Lee Jones.
an chéad leid eile the next hint
" Agus leoga, is cuma leo cibé! EurotrashIs é an chéad leid eile atá agam ná seo: má tá dúil agat i gcineál áirithe ceoil, gach seans nach gcloisfidh tú é agus tú ar shaoire sciála.
an chéad ghlúin eile the next generation
" Rinneadh éagóir ar Teddy Holland, an t-aon bhainisteoir riamh – go bhfios domsa – nach bhfuair deis a phraiseach féin a dhéanamh de rudaí! Cé go bhfuil stailc imreoirí CLG Chorcaí thart anois, an ndéarfadh mórán daoine go bhfuil deireadh leis an imreas ba chúis leis an stailc agus a chuir bearna mhór leathan idir imreoirí agus lucht bainistíochta an chontae? ** ** **Amhras**Beidh amhras agus drochfhuil, b’fhéidir, i gceist eatarthu go dtí go n-imeoidh an ghlúin peileadóirí atá ag imirt faoi láthair, ar a laghad, agus go dtí go dtiocfaidh an chéad ghlúin eile chun cinn.
nuair a dhéanfar an chéad olltoghchán eile a ghairm when the next general election is called
" D’eisigh ARM preaseisiúint díreach tar éis na comhdhála thuasluaite inar léirigh siad go gcuireann siad fearadh na fáilte roimh an moladh maidir leis an bpoblacht, agus d'éiligh siad go reáchtálfaí an phobalbhreith tháscach nuair a dhéanfar an chéad olltoghchán eile a ghairm, is é sin, sa bhliain 2010, is dócha.
sa chéad stát eile in the next state
" Níos déanaí, agus muid ag taisteal chuig tigh cara liom i Redding sa chéad stát eile – Connecticut – pléascann an spéir in athuair.
ag an gcéad bhabhta eile de Chluichí at the next bout of games
" Ag deireadh na gCluichí i mBéising, mhaígh John Coates, atá ina uachtarán ar Choiste Oilimpeach na hAstráile, go bhfuil maoiniú sa bhreis ag teastáil ionas go mbeidh an Astráil in ann boinn sa bhreis a bhaint ag an gcéad bhabhta eile de Chluichí a bheas ar siúl i Londain i gceann ceithre bliana.
leis an gcéad chor eile sa scéal for the next twist in the story
" Anuas air sin, fágann Ó Conaire thú ag fanacht i gcónaí leis an gcéad chor eile sa scéal.
chéad iarraidh eile next time around
" Beidh sé in ann an t-am a roghnú níos fearr an chéad iarraidh eile.
an chéad iarraidh eile the next time round
" Agus, má éiríonn linn dul chun cinn arís, b’fhéidir nach mbeimid chomh sotalach an chéad iarraidh eile.
chéad ghlúin eile next generation
" Teilgtear chugainn gan taise iad, cóta aibhléise á gcoimeád beo don chéad ghlúin eile.
chéad chruinnithe eile next meeting
" An Bord a Scor Anois ============ Creidim go mba cheart an Bord atá ann faoi láthair a scor tar éis an chéad chruinnithe eile.
cathain a bheidh an chéad dreigechith eile when the next meteor shower
" Is mór liom an feidhmchláirín *Android Meteor Shower Calendar* a thaispeánann cathain a bheidh an chéad dreigechith eile agus eolas a bhailiú faoi ar líne.
den chéad “ghlúin” eile of the next generation
" Bheadh na déantóirí trealaimh (Ericsson, Alcatel, Northern Telecom agus a léithéidí) ag obair ar theicneolaíocht den chéad “ghlúin” eile ar feadh an ama seo.
an chéad dul eile next time
"an chéad dul eile, a Spielberg oinúin?
an chéad chor mí-áidh eile the first turn of bad luck
" Ciallaíonn sé sin gur ar thalamh na hIlchríche Dorcha atá an teorainn idir an Eoraip is an Afraic agus is ag an teorainn seo a tháinig an chéad chor mí-áidh eile i gcinniúint an Chamarúnaigh, Eric Tabo.
céad bliain eile a hundred more years
" Bheadh céad bliain eile ann sular cuireadh na moltaí sin i bhfeidhm áfach.
chéad olltoghchán eile next general election
" Bíodh is nach dócha go dtitfidh an rialtas seo sula mbeidh a dtéarma istigh sa bhliain 2016, beidh na páirtithe uilig ag fáil réidh don chéad olltoghchán eile as seo amach.
an chéad iarraidh eile next time around
" An dóigh a bhfuil sé anois, áfach, léiríonn na pobalbhreitheanna is deireanaí gur léirscrios atá in ann do Pháirtí an Lucht Oibre agus gur beag suíocháin a bheas idir Fine Gael agus Fianna Fáil an chéad iarraidh eile.
Nuair a thagann an chéad chruachás eile inár dtreo when the next predicament comes our way
" Nuair a thagann an chéad chruachás eile inár dtreo, agus tiocfaidh luath nó mall, tá an baol ann nach n-oibreodh an sceach sa bhearna agus beidh géarchéim eile coinsiasa ag an tír agus ag ár gcuid polaiteoirí, nach mbeifear in ann a réiteach de bharr Airteagal 40.
an chéad ghlúin eile níos measa as the next generation will be worse of
" Ar bhealach, is drochrud é sin, Is é an trua nach bhfuil níos mo daoine a labhródh amach,
“Tá ceathrar gasúr agam féin agus don chéad uair, b'fhéidir, i stair na hÉireann - tá súil agam nach dtarlóidh sé ach tá faitíos orm - go mbeidh an chéad ghlúin eile níos measa as.
an gcéad togra eile the next project
" Tá neart comhlachtaí DFÉ ann chun cabhair a thabhairt don mhaisitheoir tí leis an gcéad togra eile.
chéad toghcháin eile next election
" Is léir go bhfuil cinneadh déanta ag an DUP gan socrú de chineál ar bith a dheanamh le Sinn Féin roimh an chéad toghcháin eile do Stormont.
an chéad ghlúin eile to the next generation
" B’in mar a shocraíomar ar albam teaghlaigh a dhéanamh lena chéile tá tamall de bhlianta ó shin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht shainiúil dar díobh muid, an traidisiún áirithe ceoil sin a chaomhnú agus é a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile.
an gcéad ghlúin eile next generation
" Gan obair iontu, níl airgead iontu, agus fágann sin na scoileanna ar caighdeán íseal, rud a chinntíonn nach mbeidh oideachas ag an gcéad ghlúin eile ach oiread.
chéad olltoghchán eile next general election
" Bhí Tony Abbott ina cheannaire ar an bhfreasúra ag an am agus gheall sé go ndéanfaí aisghairm ar 18C dá mbeadh an bua ag a pháirtí sa chéad olltoghchán eile.
an chéad ghlúin eile aníos the next generation growing up
" Ba cheart dúinn níos mó aird suntasach a thabhairt ar an fhadhb seo mar shaoránaigh na tíre, mar is ar leas an aosa óig atá muid agus an chéad ghlúin eile aníos inár ndiaidh.
an chéad iarraidh eile next time
" An amhlaidh go bhfuil an Taoiseach ag iarraidh díoltas a bhaint amach in éadan ghluaiseacht na Gaeilge a chuir chomh binibeach sin in éadan a chuid moltaí i leith deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach i ndiaidh an Teastais Sóisirigh? Ghlacfá an cheist a chur fosta: dá mbeadh meas ag an Aire Mc Hugh ar na pobail Ghaeltachta (beidh an Ghaeltacht is mó ó thaobh na tíreolaíochta de ina dháilcheantar an chéad iarraidh eile) nár cheart dó diúltú do thairiscint an Taoisigh ar an bhonn nach mbeadh sé ábalta freastal ceart a dhéanamh orthu? Dá olcas a cheapacháin, chuir an Taoiseach an lasóg sa bharrach nuair a d'fhógair sé go sotalach go mbeadh Gaeilge líofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh an tsamhraidh.
an chéad olltoghchán eile the next general election
" Beidh neart cor agus cur is cúiteamh go leor ann i ndiaidh an chéad olltoghchán eile sula gcuirfear rialtas nua le chéile.
tar éis an chéad olltoghchán eile, after the next general election,
" Ní minic a thagann athrú ar rialtas náisiúnta na hAstráile, ach táthar ag súil go mbeidh ré an chomhrialtais reatha thart tar éis an chéad olltoghchán eile, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
gcéad rialtas eile next government
" Anois go bhfuil sé socraithe go mbeidh olltoghchán ann, ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe cé chomh dáiríre is atá an Lucht Oibre faoi Gilmore a bheith ina Thaoiseach ar an gcéad rialtas eile.
céad chnap eile na firmiminte the next lump of the heavens
" Mheas Balor go raibh fíor niamhrach dhiamhrach neamhaí ar ár dTaoiseach tuisceanach macríúil tomhasta, ach ní fios an log a dtitfidh céad chnap eile na firmiminte anuas ar neach dearóil daonna.