Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Céard a spreagann chun cumadóireachta thú? what prompts you to write?
" AÓF: Cumann tú amhráin freisin, nach gcumann? Céard a spreagann chun cumadóireachta thú? DNíS: Is cumadóir mé ceart go leor.
céard ba ghá a dhéanamh what had to be done
" Agus é ina sheasamh ar 18ú tí don bhabhta deiridh, chuir sé ceist ar a ghiolla faoin staid ina raibh sé agus céard ba ghá a dhéanamh.
céard a d'fhéadfaí a dhéanamh what could be done
" Is iarracht a bhí ann taighde agus forbairt a spreagadh agus a thaispeáint céard a d'fhéadfaí a dhéanamh le carranna gréine.
céard a mhúscail do spéis what awoke your interest
" Antaine Ó Faracháin: A Terry, céard a mhúscail do spéis sa cheol ar an gcéad dul síos, nó cén chaoi ar thosaigh tú? Terry Moylan: Ba hiad na hamhráin i dtosach ba chúis leis.
céard a thitfeadh amach what would happen
" Ach céard a thitfeadh amach dá dtarlódh athrú tobann, thar deich mbliana? Sin an cheist a chuir *éminence grise *an Pentagon, Andrew Marshall, fear a bhí i gcroílár na pleanála míleata san áit ar feadh breis is 30 bliain.
céard a dhéanfaimis what would we do
" Uaireanta bím rud beag cráite ag an smaoineamh nach bhfuil ar siúl agam ach spraoi - ach caithfear an cheist a chur: céard a dhéanfaimis gan an ealaín? Muide an t-aon ainmhí amháin a chruthaíonn rudaí ar mhaithe le háilleacht.
Céard a chriog iad? What hit them?
céard a tharlóidh what will happen
" Athraíonn an clár féin ar bhealach nádúrtha, agus is dócha go mbíonn daoine ag breathnú air go bhfeicfidh siad céard a tharlóidh an tseachtain seo.
céard atá uathu what they want
" Is próiseas é le haghaidh comhairle a chur ar dhaoine maidir lena bpost, lena gceird, maidir le céard atá uathu ina saol oibre agus, ansin, maidir le cinntí móra a ghlacadh.
céard a bhí uainn ar an dlúthdhiosca what we wanted on the CD
" Is dócha gur thóg sé tamall orainn “fuaim” Líadan a aimsiú ar dtús ach faoin am a thosaigh muid ag taifeadadh bhí a fhios againn céard a bhí uainn ar an dlúthdhiosca.
Ní raibh a fhios agam beo céard a bhí romham. I had no idea what awaited me.
Céard a thugann orthu bogadh? What makes them move?
" Céard a thugann orthu bogadh? Más fíor na tuairiscí, tá an aimsir ar cheann de na cúiseanna is tábhachtaí, chomh maith leis an gcostas maireachtála sa mBreatain agus daoine a deir “níl tada anseo dúinn”.
céard a spreag é le dul i mbun fiontraíochta? what inspired him to become involved in entrepreneurship?
" Bhí sé sna daichidí faoin am sin – céard a spreag é le dul i mbun fiontraíochta? “Fuair mé an fhéinmhuinín a bhí de dhíth le gnó a thosú go neamhspleách ó bheith ag obair le Seán.
céard atá i ndán dom what's in store for me
" Fós féin nílim cinnte céard atá i ndán dom amach anseo, cathain a fhillfidh mé ar Éirinn – má fhillim riamh.
Céard is cúis leis an aighneas seo? What is the cause of this dispute?
" Céard is cúis leis an aighneas seo? “Na daoine seo, tá seanaithne agam orthu.
céard a tharlóidh what will happen
" Agus cá bhfios céard a tharlóidh nuair a chúlóidh Meiriceá, agus anois glacann gach polaiteoir, nach mór, leis an tuairim nach mbeidh an dara rogha acu, luath ná mall, ach cúlú.
tá sé deacair a thomhas céard a d'imir siad i ndáiríre, it is difficult to estimate what they played really,
" 138 bliain ina dhiaidh sin, tá sé deacair a thomhas céard a d'imir siad i ndáiríre, ach amháin go raibh rialacha i gceist.
is cuma céard atá ag tarlú it doesn't matter what is happening
" Is féidir leis a spící a chur amach agus é féin a dhúnadh isteach chun a rud féin a dhéanamh, is cuma céard atá ag tarlú taobh amuigh.
céard a bhí romham what was in front of me
" Níor thuigeas céard a bhí romham go dtí gur tháinig an sliotar inár dtreo den chéad uair.
céard a bhí mar aidhm aige, what was his aim,
" Ach ní dóigh liom go raibh sé ríshoiléir dó féin céard a bhí mar aidhm aige, nó céard a theastaigh uaidh a bhaint amach.
céard a chuirfear ina áit. what will be put in its place
" Sula bhfágfaimid na lipéid cheirníní, áfach, caithfimid smaoineamh ar an mbéim a chuir na cinn ab fhearr ar an bpróiseas taifeadta, agus ceist a chur céard a chuirfear ina áit.
Céard is cúis le what is the cause
" Ba í an cheist a cuireadh orthu ná: “Céard is cúis le do chinneadh gan úsáid a bhaint as rothar le dul chuig an obair?”.
céard a bhí i ndán di what was ahead of her
" Bhí sí ag iompar clainne agus í ag fágáil na tíre agus ní raibh a fhios aici céard a bhí i ndán di ach go dtabharfaí í chun na hEorpa.
Cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: who knows what will emerge
" Cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: d’fhéadfadh sé tarlú go gcuirfidh daoine áirithe rompu an teanga a fhoghlaim de thoradh iad a bheith spreagtha ag an tsraith.
Ach cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: but who knows what will emerge
"Ach cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: d'fhéadfadh sé tarlú go mbuafadh Hansard deilbhín órga eile ag an Kodak Theatre amach anseo.
is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais it doesn't matter what else come to light
" D’fhéadfadh sé tarlú go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad – is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais mar gheall ar thochailt Bhinse Fiosraithe Mahon – de bhrí gur thuig sé go raibh a phort seinnte agus de bhrí gur thuig sé gurb é is tábhachtaí ná leas a pháirtí agus leas mhuintir na tíre seo.
ní nochtar céard ba chúis le bás what was the cause of death
" In amanna, ní nochtar céard ba chúis le bás daoine a raibh SEIF orthu, ach amháin go raibh siad “tinn”.
céard faoi gcóisir leictreach seo what about this electric party
" Ach céard faoi gcóisir leictreach seo a luaigh mé cheana? Picnic LeictreachMar is iondúil ag an am seo bliana, bhí an Picnic Leictreach, ar féile cheoil mhórthaibhseach í, ar siúl sa tSráidbhaile i gContae Laoise.
céard atá i ndán what’s in store
" Is cosúil go leanfaidh an scéal amhlaidh go dtí lár an chéid seo ar a laghad (ina dhiaidh sin ag Dia atá a fhios céard atá i ndán dúinn).
Céard a tharla sa saol what occasioned
" **SMM: Céard a tharla sa saol gur bhog tú go hÉirinn?** SÓD: Nuair a bhí mé teacht abhaile go Meiriceá, stop mé isteach ag mo mhuintir in Árainn.
céard a dhéanfas muinn feasta gan adhmad song reference
" Tá an saibhreas fós sa nGaeltacht, ach ‘céard a dhéanfas muinn feasta gan adhmad’? – is é sin, gan an t-aos óg, má thréigeann siad an Ghaeilge.
céard a thiomáin thú what drove you
" Ní luaithe thú abhus agus bhí an ghaelscoil ar an bhfód agat – céard a thiomáin thú chomh mór sin leis an nGaeilge?** RÓS: Bhí riail docht daingean aige baile.
Céard tá i ndán what's in store
" Céard tá i ndán do Fhianna Fáil? ================ Níl aon amhras faoi ach gurb é Fianna Fáil ceann de na páirtithe polaitíochta ba rathúla san Eoraip.
céard a bhí tarlaithe what had happened
" Ach, tar éis machnamh a dhéanamh ar an scéal, bhí sé soiléir céard a bhí tarlaithe.
Céard tá i ndán what's in store
" Céard tá i ndán do Fhianna Fáil? =================== Níl aon amhras faoi ach gurb é Fianna Fáil ceann de na páirtithe polaitíochta ba rathúla san Eoraip.
Céard is cúis what’s the cause
" Céard is cúis leis an sonas i saol na n-óg in Éirinn? Lena bhfuil de dhrochscéalta thart faoin tuairteáil gheilleagair, faoin dífhostaíocht agus faoi chaimiléireacht na bpolaiteoirí, is deacair a shamhlú gur as an méid seo a spreagtar aon chineál sonais sa chroí óg.
Céard é do mheas what do you think
" Uachtarán ===== **SMM: Céard é do mheas ar na daoine a luadh leis an toghchán Uachtaránachta? An bheirt Mhícheál, Mícheál Ó Muircheartaigh agus Michael D.
céard eile atá le cailleadh againn what have we got to lose
" Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste le síorbháisteach abhus i gCorca Dorcha, céard eile atá le cailleadh againn! Múinimis do mhuintir an tsaoil bhraonaigh gur cuma faoin bhraon anuas agus faoi ghadaíocht ár gcuid airgid nuair is féidir leat ceol, braon a ól le STUAIM, agus taitneamh a thabairt do chomhluadar an daoine eile, an ‘chuileachta’ mar a deirid ó dheas.
céard é féin what’s it all about
" ‘An scliúchas seo,’ adeirim, ‘céard é féin.
a léireoidh céard which shall demonstrate
" **Samplaí** Tabharfaidh mé trí shampla a léireoidh céard tá i gceist agam.
céard a chiallódh sin what that would mean
" Tá a fhios agam go maith céard a chiallódh sin ó thaobh iompar teanga dhó agus caithfear cur ina aghaidh go tréan.
Is ar mhaithe le céard is féidir it’s for the sake of what can
" Is ar mhaithe le céard is féidir agus le cé mhéid is féidir a dhéanamh as, atá siadsan.
céard tá ar bun ag Sinn Féin what SF are up to
" Ní thuigim céard tá ar bun ag Sinn Féin na laethanta seo ó thuaidh.
céard go díreach a chiallaíonn sé sin what exactly does that mean
" Má tá creidmheas ag dul d’fhoireann nó d’imreoir nó don réiteoir, céard go díreach a chiallaíonn sé sin? An é go bhfuil cineál liúntais tuillte ag tosaí mar shampla ó na coimisinéirí ioncaim toisc gur imir sé an-mhaith ar fad nó de bharr cúilín breá a aimsiú? B’fhéidir go mb’fhearr moladh mór a thabhairt dóibh – níl impleachtaí cánach ag baint leis sin.
céard fúthu siúd a mhealladh what about winning them over
" Cén bealach a rachas Sinn Féin i ngleic le dearcadh na bunaíochta ó dheas? Cé na haicmí is na dreamanna is féidir libh tacaíocht a fháil ina measc? Bheadh an aicme oibre agus na daoine dífhostaithe ag réiteach libh, ach lucht an tsaibhris, feirmeoirí móra na Mí agus na Mumhan, abair, daoine a bhíodh le Cumann na nGaedhael i bhfad siar, céard fúthu siúd a mhealladh?** TÓC: Tá muintir na hÉireann coimeádach go leor, is dóigh.
gur chuimhneach leob céard who remember what
" Tá mé ag fiosrú taobh istigh de mo pháirtí féin, an dream a bhí ann ag an am; céard go díreach a bhfuil a fhios acu faoi; cé mhéad de gur finscéal atá ann agus cé mhéad de gurb í an fhírinne í? Tá daoine ann gur chuimhneach leob céard a bhí ag tarlú ag an am.
Céard é an ‘príomhrún what’s the main aim
" ie) An Cheist === **Céard é an ‘príomhrún ó thaobh an cheoil’ a chuir Cló Iar-Chonnacht - CIC - rompu nuair a thosaigh siad ag foilsiú sa bhliain 1985?** Seol do fhreagra chuig <oifig@beo.
céard a thitfeas amach what shall happen
" Ag an am sin, ní raibh aithne agam ach ar bheirt nó triúir eile a raibh seoladh r-phoist mar shampla! Is mór an trua nach mbeidh Banks linn don chéad fiche bliain eile go bhfeicfimid go léir in éineacht céard a thitfeas amach.
Céard a tharlófas what'll happen
" Céard a tharlófas anois meas tú? I bhfianaise an easaontais agus an smachtú a tharla i bhFine Gael, an mbeidh an bhris le tabhairt isteach ag páirtithe an rialtais amach anseo?** RM: Creidim go mbeidh an rialtas thiar leis ach ní fios go fóilleach céard go díreach a thiocfas as seo.
céard a thiocfas as an reachtaíocht seo what'll come from this legislation
" An chéad cheist a chuireann buaireamh orm, ná céard a thiocfas as an reachtaíocht seo? Tá sé deacair a thomhas cén dochar atá déanta.
céard ba r-phost ann what an email was
" Bhí ort cead a fháil chun seoladh r-phost a aimsiú agus is cuimhin liom míniú don léachtóir Gaeilge s’agam céard ba r-phost ann agus cén fáth go raibh sé uaim.
céard tá romhainn what lies ahead
" Do bharúil, cén chuma atá ar chóras oideachais na tíre agus céard tá romhainn?** ÍNíCh: Ceist an-leathan.
céard ba chóir dó déanamh what he ought to do
" San am seo bhí an t-eolas céanna ag Ceann Foirne Arm na Rúise, an Ginearál Mikhail Kolesnikov, agus chuir sé scairt láithreach ar Yeltsin ag fiosrú céard ba chóir dó déanamh.
céard atá i ndán don imeacht what shall become of the event
" Níl a fhios go baileach ag Mulligan céard atá i ndán don imeacht amach anseo, ach go bhfuil sé i gceist aige an Ghaeilge agus cultúr an Ghaelachais a mhúnlú ar bhealach aerach agus éagsúil.
Céard is dóigh libh what do you reckon
" Céard is dóigh libh, más saineolaithe sibh? Ar cloch oghaim atá inti? Ní fheicim féin a leithéid luaite ar aon léarscáil.
céard déarfá le what does one say to (in light of how tiny it is)
" Nach maith an ceart dom an t-eolas seo a thabhairt sa teanga seo?” Anois ‘céard déarfá le Patterdale is gan ann ach baile beag’! Bhí seoladh sa bhaile mór áitiúil Keswick ag ‘Amadorn’ agus tar éis dom an Ghaeilge thuas a léamh, bhí orm scairt a chur air chun a fháil amach cén fáth an raibh “an teanga seo” i dtreoirleabhar i Sasana.
ag inseacht dó céard atá uathu telling him what they want
" com/tracks/123495801&amp;color=007c21&amp;auto_play=false&amp;show_artwork=false"></iframe> Tá an t-am sin den bhliain druidte linn arís nuair a scriobhfaidh na gasúir litir chuig Santy ag inseacht dó céard atá uathu i gcomhair na Nollag.
céard tá uainn what we need
" Seo buntéama an leabhair “*Age of Context*” le Robert Scoble agus Shel Israel (á bhí ar mo liosta Nollag!) agus brúnn siad céim níos faide é ag rá go mbeidh a fhios ag ár n-uirlisí céard tá uainn bunaithe ar chomhthéacs.
céard atá i ndán di what’s in store for it
" Má thosaigh an Afraic Theas go maith, cén dóigh a bhfuil sí inniu agus céard atá i ndán di? Tá fadhbanna móra fós le réiteach ag an tír.
Céard a déarfadh an fear aniar what would an ordinary guy say
" (Céard a déarfadh an fear aniar ach 'diabhal ar mhiste liom'.
céard é haischlib what a hash tag is
" Bhí físeán greannmhar go maith ag gabháil timpeall an ghréasáin Deireadh Fómhair seo chaite inar mhínigh *The Doctor* céard é haischlib: <http://youtu.
céard tá uainn what we want
" Ní bheadh maith ag bith a bheith ag léiriú míshástachta leis an rialtas agus leis an státchóras mura mbeadh sé ráite céard tá uainn.
Céard tá i ndán don what’s in store from
" Freagracht ar gach Éinne Againn ================= **CMacS: Céard tá i ndán don Ghaeilge amach anseo dar leat mar theanga phobail?** AÓC: Feictear dom go bhfuil pobal Gaeilge ann i gcónaí ach go bhfuil na líonraí ag crapadh is ag cúngú agus is í an Ghaeltacht féin an cás is measa.
nó tuar céard a tharlóidh nor foretell what can happen
" Is é sin go dtarlóidh an líon sin forbairtí teicneolaíochta, idir ríomhaireachta agus bithleighis, nach féidir tuiscint nó tuar céard a tharlóidh don chine daonna ina dhiaidh.
céard a d'éirigh den bhád what happened to the boat
" Agus sin í ansin a thug scéal abhaile, céard a d'éirigh den bhád ó thús deireadh agus tosaí.
Céard a dhéanfadh mac an chait it’s in the nature of the beast
" Céard a dhéanfadh mac an chait…”

 Ní hiontas mar sin é go ndearna Muireann staidéar ar an teanga ar an ollscoil Bhain sí céim sa Léann Ceilteach amach in OÉ Gaillimh áit ar thaithnigh an éagsúlacht mhór léi, an Ghaeilge, idir Shean-, Mheán- agus Nua-Ghaeilge, stair, seandálaíocht, teangacha Ceilteacha, Béarla na hÉireann agus bhí sí an-pháirteach sna cumainn Ghaelacha fosta, agus sheas an caidreamh agus cairdeas a bhain leo sin léi i gcónaí.
céard faoin mbanc what about the bank
" Ach céard faoin mbanc, a dhiabhail? Faoin mbliain 2010 nó mar sin b'éigean don AIB scaoileadh leis an ngreim a bhí acu ar WBK.
céard a spreag thusa what incited you
" **SMM: Dhá cheist in aon cheist amháin: cá bhfaca tú an damhsa ar an sean-nós an chéad lá ariamh agus céard a spreag thusa tú féin i mbun an damhsa ar dtús?** Edwina Nig Eochaidhean: Is dóigh nár thuig mé céard a bhí ann féin an chéad iarraidh.
céard a bhí ann féin an chéad iarraidh what it was at first
" **SMM: Dhá cheist in aon cheist amháin: cá bhfaca tú an damhsa ar an sean-nós an chéad lá ariamh agus céard a spreag thusa tú féin i mbun an damhsa ar dtús?** Edwina Nig Eochaidhean: Is dóigh nár thuig mé céard a bhí ann féin an chéad iarraidh.
céard a bheas ag titim amach what will be happening
" San alt seo, míníonn Brian Ó Broin céard a bheas ag titim amach agus na hiarrthóirí oifigiúla á roghnú ag na páirtithe sna stáit uilig.
Céard ba thús leis an iarracht ar fad what started the whole effort
" Céard ba thús leis an iarracht ar fad?