Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
íomhánna céasta tormented images
" Léiríonn an saothar seo íomhánna céasta, iad casta agus ag lúbarnaíl.
céasta tormented
" Bhí Éire céasta ag an dífhostaíocht agus ní raibh i ndán do go leor den aos óg ach an bád bán go Sasana nó Meiriceá.
domhan céasta racánach tortured tumultous world
" Mar an gcéanna, d’úsáid Vincent Van Gogh agus Edvard Munch péint ar bhealach a scaoil amach mothúcháin a bhí chomh héagsúil le dathanna tuair cheatha agus a thug doras isteach dúinn sa domhan céasta racánach inar mhair siad.
gan dlíthe in aghaidh céasta without laws against torture
" Má ghabhtar thar lear iad, ní mór iad a choimeád thar lear, i dtíortha gan dlíthe in aghaidh céasta, más féidir, nó i bpríosúin ar thalamh neamhchinnte, mar Chuan Guantánamo i gCúba, mar shampla.
an saol céasta the miserable world
" Níl fhios ag duine ar bith go díreach cén fáth a ndearna an seanmháistir na portráidí lán de mhachnamh seo ach léiríonn siad an tuiscint thochtmhar a bhí ag Rembrandt ar an saol céasta a bhí thart timpeall air.
a bhí céasta ag pian who was cruxified with pain
" Bhí seanchoileach ar an fhara a bhí céasta ag pian Is ní dhearna sé a ghnoithe le breis agus bliain.
gléasanna céasta implements of torture
" Agus na gléasanna céasta seo á gcur ort den chéad uair, bíonn gach duine ag rá leat go mbeidh tú i bpian, ach ní bhíonn tú cinnte cad é chomh pianmhar agus ba cóir dó a bheith.
céasta tortured
" Agus na gléasanna céasta seo á gcur ort den chéad uair, bíonn gach duine ag rá leat go mbeidh tú i bpian, ach ní bhíonn tú cinnte cad é chomh pianmhar agus ba cóir dó a bheith.
céasta tourtored
" Bhí air bogadh ó Mhín na Leice, áfach, nuair a cailleadh a iníon, Eileen, go tragóideach i dtimpiste bhóthair i 1978 toisc go raibh sé céasta ag cuimhní san áit sin.
céasta cráite tortured tormented
" Bhí Brian bocht céasta cráite go leor cheana féin ag na francaigh, agus anois ag lucht na léine goirme chomh maith.
céasta tortured
" Nach deas a bheith ar ais san am agus san aimsir a fhóireann dúinn mar phobal céasta, donasach.
Ní Céasta go Pósta married life isn't easy
" Ní Céasta go Pósta Is beirt iad Woods agus Beckham a chuaigh ar strae maidir lena bpósadh agus a tharraing níos mó airde orthu féin dá bharr ná mar a tharraingíonn siad mar imreoirí spóirt.
Ní céasta go it's torture, desperate
corp céasta briste broken tortured body
" Chuir iarsmaí agus corp céasta caomhnaithe an naoimh dea-scéal na Críostaíochta go neamhbhalbh in iúl don phobal go raibh bua buan tarchéimnitheach le baint as bás mairtírigh ar son Chríost agus go mairfeadh an corp céasta briste faoi ghlóir i gcuideachta chorp aiséirithe Chríost.
i ndiaidh dó a bheith céasta bunoscionn after he was tortured upside down
" ar bharr seanreilig phágánach áit a gcreidtear gur cuireadh iarsmaí an Naoimh i ndiaidh dó a bheith céasta bunoscionn.
céasta ag tortured by
" Le blianta beaga anuas, tá cúrsaí imithe chun donais do theaghlaigh nach bhfuil ioncaim a ndóthain acu chun íoc as a bhfiacha pearsanta agus mar thoradh, tá 54% dá gcliaint céasta ag tearc-rochtain fuinnimh.
mná atá céasta ag an ngnéasachas of women persecuted by sexism
" Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an mblagadóir Laura Bates agus ag an tionscadal ar líne 'Everyday Sexism' (féach sna naisc ar dheis), tionscadal nua-aoiseach ina dtugtar aird ar scéalta mná atá céasta ag an ngnéasachas.
gléasanna céasta implements of torture
" Chuaigh Breandán de Gallaí chun na hOstaire le gairid le triail a bhaint as an sciáil agus as na traidisiúin uilig a bhaineann léi – an (i)après-ski(/i), na sabhnaí agus na buataisí sciála ar geall le gléasanna céasta iad!
céasta tortured
" Chuaigh Breandán de Gallaí chun na hOstaire le gairid le triail a bhaint as an sciáil agus as na traidisiúin uilig a bhaineann léi – an (i)après-ski(/i), na sabhnaí agus na buataisí sciála ar geall le gléasanna céasta iad!