Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an céatadán percentage
" Mar sin, d'ísligh an céatadán a théann ar phá agus ar thuarastal.
céatadán eisceachtúil exceptional percentage
" Dúshlán ======= Is cinnte go dtugann sé dúshlán don chóras oideachais seirbhís a chur ar fáil do dhream atá ag taisteal agus i Ráth Caola tá céatadán eisceachtúil Taistealaithe sa phobal.
céatadán percentage
" Ní hamháin nach raibh mórán taithí ag pobal na tíre seo i dtús na nóchaidí ar an teilithéacs, i mBéarla ná i nGaeilge, ach bhí an fhadhb ann go raibh céatadán ard seanghléasanna teilifíse ag teaghlaigh nach raibh an bogearra a bhí riachtanach iontu chun an téacs a chraoladh.
céatadán percentage
" Tá sé riachtanach go mbeadh céatadán chomh hard páistí de shliocht Afracach, Rómánach, etc.
céatadán percentage
" Beidh an céatadán vótóirí a chaithfeas vóta níos ísle ná mar a bhí in aon toghchán ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann.
céatadán percentage
" Ní dóigh liom go bhfuil an céatadán baileach chomh hard céanna in Éirinn (go háirithe ó seo go Nollaig nuair a bheas ollmhargú na mbréagan ar siúl), ach is cinnte go gcuireann siad go mór leis an mbrú.
céatadáin percentages
" Labhraím Gaeilge agus Béarla ag an obair; más céatadáin atá uait déarfainn go gcaithim leath mo shaoil laethúil i nGaeilge agus an leath eile i mBéarla.
céatadán percentage
" Deir céatadán suntasach de na daoine sin go mbíonn srian curtha ar úsáid an idirlín fhad is atá siad ag obair - nó go mbíonn an fostóir ag coimeád súil orthu i slí éigin le linn dóibh a bheith ar líne.
céatadán d'ár gcostaisí a íoc to pay a percentage of our costs
" Ar éirigh libh maoiniú a fháil ón stát? Má d'éirigh, an leor é mar dheontas? Ar deireadh d'aontaigh Údarás na Gaeltachta céatadán d'ár gcostaisí a íoc, ach caithfidh an t-airgead seo a bheith caite againne ar dtús.
céatadán áirithe a certain percentage
" Níor cheart an locht a chur ar na foilseacháin féin - ní léann ach céatadán áirithe de phobal ar bith nuachtáin, bíodh an pobal sin beag nó mór.
céatadán ard a high percentage
" Cé go maíonn céatadán ard de bhunadh na tíre go bhfuil Gaeilge acu, is annamh a labhraíonn an chuid is mó acu í.
céatadán percentage
" Beidh i gcónaí céatadán den phobal ann nach mbeidh ar a gcumas coimeád suas le méadú den tsaghas seo ina gcostas maireachtála.
chéatadán an-ard a high percentage
" Beidh an líon daoine san Aontas a bheas ag labhairt teangacha eile seachas na príomhtheangacha ina chéatadán an-ard den iomlán agus, dá n-éireodh leis an Ghaeilge stádas oifigiúil a bhaint amach, bheadh lucht na teanga ábalta maoiniú ceart agus tacaíocht láidir a fháil laistigh de chórais na hEorpa méadaithe.
céatadán percentage
" Chuir an rialtas plean caomhnaithe os comhair na parlaiminte a mhéadódh an céatadán den Mhórsceir Bhacainneach a mbeadh cosc iomlán ar iascaireacht ann ó 4.
céatadán percentage
" Bhí níos mó ná 8,500 iarracht ar fhéinmharú ann anuraidh agus ba mhná óga céatadán mór acu sin, cé go n-éiríonn le níos mó fear an gníomh a chur i gcrích.
céatadán áirithe a certain percentage
" Creid é nó ná creid, tá airgead le déanamh as an turscar - tá céatadán áirithe daoine ann a fhreagraíonn na fógraí sin.
chéatadán percentage
" Conas, mar sin, ar féidir comparáid a dhéanamh idir an tír seo agus aon tír eile san Eoraip? Cen mhaith a bheith ag caint faoin ollchaiteachas sa chóras sláinte nuair is soiléir go gcaithfear daonra na tíre a chur san áireamh agus an caiteachas sin á mheas? Go hidirnáisiúnta, nuair a bhíonn na heacnamaithe ag plé cúrsaí caiteachais, déanann siad tagairt don chaiteachas mar chéatadán den Olltáirgeacht Intíre (OTI).
céatadán percentage
" Mhol sé, mar shampla, gur cheart go rachadh céatadán áirithe den airgead a gheobhfaí as díol thithe saoire Eanach Mheáin siar go dtí Ceantar na n-Oileán, rud nár tharla.
céatadán ard a high percentage
" Is de shliocht mhuintir na tuaithe, is é sin muintir na hÉireann uile, céatadán ard, b'fhéidir chomh hard le 80% in áiteanna, de bhaill CLG san ardchathair.
céatadán percentage
" Ní chuirfear an cóimheá idir cainteoirí Gaeilge agus Béarla i gceantair Ghaeltachta as a riocht mar go mbeidh an céatadán de thithe a chuirfear ar leataobh do Ghaeilgeoirí bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh i leith líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar.
céatadán percentage
" Fimíneacht ======= Léiríonn rúin a cuireadh chun tosaigh agus ar glacadh leo ag Ard-Fheiseanna Fhianna Fáil idir 1968 agus 1970 go raibh céatadán mór den pháirtí a chreid gur fimínteacht a bhí ann a bheith ag comóradh laochra na Cásca agus ag an am céanna gan teacht i gcabhair ar a mbráithre i nDoire, an Dún, Ard Mhacha, Fear Manach, Aontroim agus Tír Eoghain agus iad faoi ionsaí.
céatadán fíorbheag den bhuiséad airgid an extremely small percentage of the financial budget
" Ní bheidh ann ag deireadh an lae ach céatadán fíorbheag den bhuiséad airgid a bhíonn ar fáil dóibh chun a gcuid cúrsaí a riaradh de ghnáth.
céatadán percentage
" Tá a fhios ag pobal na Gaeilge go bhfuilimid ann ach níl a fhios ach ag céatadán áirithe den phobal i gcoitinne fúinn.
céatadán percentage
" Dá mbeadh a fhios acu an méid ceana atá agam orthu …” Tá sé íorónta, mar sin, go gcaitheann oiread daoine fásta a bhfuil post lánaimseartha acu céatadán chomh hard sin dá saol ní leis na daoine is mó a bhfuil dáimh acu leo ach leo siúd a bhíonn ag bun an liosta de ghnáth: a gcomhghleacaithe.
céatadán percentage
" Tá a fhios ag pobal na Gaeilge go bhfuilimid ann ach níl a fhios ach ag céatadán áirithe den phobal i gcoitinne fúinn.
céatadán percentage
" Tá an céatadán seo i bhfad níos airde ná an ráta boilscithe de 3%.
céatadán percentage
" Bhí sé le tabhairt faoi deara go raibh an céatadán de na cléirigh a bhí homaighnéasach ag fás sa tréimhse sin.
céatadán percentage
" Ní haon ionadh é nach bhfuil ach céatadán beag cat ann a bhfuil bua na péintéireachta acu agus más rud é nach bhfuil bua na scuaibe ag do mhogaí féin, ná bíodh aon lagmhisneach ort.
leis an chéatadán riachtanach a bhaint amach to achieve the necessary percentage
" Bheadh seacht mbliana eile ag na ceantair a bhfuil idir 40-50% de chainteoirí laethúla Gaeilge iontu, leis an chéatadán riachtanach a bhaint amach.
céatadán áirithe a certain percentage
" Bhí sé fíor i gcónaí go raibh céatadán áirithe de ghasúir nach raibh cumas spóirt iontu, rud a luíonn le réasún, ach measaim go bhfuil níos mó daltaí anois ag teacht isteach atá go hiomlán mí-aclaí.
céatadáin shuntasacha significant percentages
" Tháinig céatadáin shuntasacha amach i dtoghcháin uachtaránachta 2000 agus 2004.
céatadán percentage
" (Tá sé mar chuspóir ag an Aontas an céatadán a ardú go 12% faoin bhliain 2010.
céatadán percentage
" Laghdaíodh an céatadán seo i 1990 go dtí 6% agus go 3% i gcásanna áirithe.
céatadán na nEaspáinneach the percentage of Hispanics
" Sna stáit teorann mar California, Arizona, New Mexico agus Texas, tá céatadán na nEaspáinneach os cionn 25% cheana féin.
céatadán percentage
" Is chuige sin atá an choinníoll teanga de dhíth mar go mbeidh an céatadán de thithe a chuirfear ar leataobh do Ghaeilgeoirí bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh i leith líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar.
céatadán suntasach de thuismitheoirí a remarkable percentage of parents
" Is léir fosta, ó na forbairtí atá ar siúl, go bhfuil cinneadh déanta ag céatadán suntasach de thuismitheoirí na tíre oideachas trí mheán na Gaeilge a thabhairt dá bpáistí.
céatadán ard go leor a high enough percentage
" Cuireann go leor de na tithe altranais seirbhís phroifisiúnta den chéad scoth ar fáil ach tá céatadán ard go leor nach ndéanann amhlaidh.
céatadán suntasach a significant percentage
"céatadán suntasach de thuismitheoirí na tíre tar éis cinneadh a dhéanamh a gcuid páistí a chur chuig gaelscoil.
an céatadán céanna the same percentage
" Seo suas le 10% de dhaltaí na tíre agus an céatadán céanna de na múinteoirí.
céatadán percentage
" 5 milliún Gormach sa tír – thit céatadán na sclábhaithe i gcomparáid le líon na n-inimirceach a bhí ag teacht isteach ón Eoraip.
bunaithe ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge based on the percentage of Irish speakers
" Bhí an líon seo bunaithe ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge sa Spidéal de réir dhaonáireamh na bliana 2002.
faoin chéatadán tithe about the percentage of houses
" Dúirt an Cigire Sinsearach Pleanála Kevin Moore go bhfuil fasaigh shoiléire leagtha síos ag an Bhord i gcásanna faoin chéatadán tithe a chaithfear a fhágáil ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
céatadán fíorbheag a very small percentage
" Tá an cluiche seo an-oiriúnach don léitheoir fásta a bhfuil ardléann agus bua na dteangacha aige ach ní fhéadfadh ach céatadán fíorbheag de dhaoine óga - iad siúd ar a bhfuil an leabhar seo dírithe - an t-imeartas focal a thuiscint ina iomláine.
céatadán percentage
" Tá dhá oiread daoine ag roghnú gnó & dlí, mar shampla, ná an innealltóireacht agus tá an céatadán a roghnaíonn an ríomhaireacht ag leibhéal an-íseal ar fad, in ainneoin go ndeirtear go bhfuil neart postanna in earnáil na ríomhaireachta.
chéatadán na bhfear the percentage of men
" Ar ndóigh ní inniu ná inné atá an meath leanúnach atá tagtha ar chéatadán na bhfear atá ag múineadh i mbunscoileanna na tíre ina chnámh spairne polaitiúil.
céatadán percentage
" Toisc nach raibh na mic léinn in ann freastal ar ranganna i rith an ama sin, ná an obair leanúnach a mbíonn céatadán den mharc iomlán ag dul di a chur ar fáil, tá amhras ann faoin stádas a bheas ag na scrúduithe deireadh bliana sna hollscoileanna seo.
céatadán percentage
" Is é Páirtí an Lucht Oibre an páirtí is fearr ó thaobh na gníomhaíochta dearfaí de, agus tá céatadán na mban atá ina n-ionadaithe poiblí de chuid an Pháirtí níos airde ná i bpáirtithe eile, ach níl an céatadán sin sásúil go fóill.
céatadáin éagsúla various percentages
" Faigheann na daoine gur leo na capaill a thagann sna céad trí háit céatadáin éagsúla den mhéid airgid a bailíodh sa chrannchur agus sa cheant thuas – agus ní bhfaighidh úinéirí na gcapall eile faic! Is féidir geall a chur ar an rás le geallghlacadóirí, má tá cuntas agat leo, ag na ráschruinnithe, ar an idirlíon, nó ag siopa de chuid an Totalisator Agency Board (TAB).
gcéatadán percentage
" Tar éis an chéad ghéarchéim ola ag tús na seachtóidí, tháinig méadú ar an gcéatadán aibhléise sa Fhrainc a gineadh i stáisiúin eithneacha, bliain i ndiaidh bliana.
céatadáin percentages
" Eagraíodh an suirbhé ar bhonn déimeagrafach, is é sin go raibh sé bunaithe ar na céatadáin Phrotastúnach/Chaitliceach, fear/bean, aontachtach/náisiúnach atá i réim i dTuaisceart Éireann.
céatadán percentage
" Tá córas slán íocaíochta ar fáil agus gearrann *Eventbrite* céatadán beag ar gach ticéad a dhíoltar.
céatadán percentage
" Gan amhras ar bith, tá feabhas mór ar sheirbhísí áirithe: Tá céatadán níos airde d’aos óg na tíre ag freastal ar an ollscoil; tá liostaí feithimh na n-otharlann i bhfad níos fearr (18 seachtain in áit 18 mí); bunaíodh aonaid “*Sure Start*” ar fud na tíre a thugann cúnamh do thuismitheoirí a bhfuil páistí óga acu.
céatadán percentage
" Tá duais luachmhar ann don té a d’éireodh leis fiú céatadán beag d'fhuinneamh na dtonnta a bhaint astu.
céatadán percentage
" Ach tá caintéoirí dúchasacha Béarla ina mionlach ar domhan (7%), agus is céatadán iad atá ag éirí níos lú de réir a chéile; ní cainteoirí dúchais Béarla formhór an lucht gnó idirnáisiúnta, agus tá tábhacht leis seo: níl cainteoirí dúchais go maith i mbun a chinntiú go dtuigtear iad.
chéatadán percentage
" Ciallaíonn sé seo go bhfuil an t-uafás ainmneacha ar pháistí an lae inniu agus de bharr sin, níl an t-ainm is coitianta (Jack nó Olivia) ach ar chéatadán an-bheag de pháistí (thart ar 4%.
gcéatadán percentage(s)
" Dá roinnfí na suíocháin sa Dáil do réir na gcéatadán sin, bheadh 54 shuíochán ag an Lucht Oibre, 41 ag Fianna Fáil, ag tógaint suíochán an Cheann Comhairimh san áireamh, 40 ag Fine Gael araon, 13 ag Sinn Féin agus 15 ag Neamhspleáigh nó páirtithe eile.
céatadán percentage
" Tá cuid nach beag den talmhaíocht san abhantrach ag brath ar uisciú ó na haibhneacha, ach ní raibh ach céatadán an-bheag den uisce ar fáil don lucht talmhaíochta i rith an triomaigh.
céatadán as cuimse a massive percentage
" Áitíonn siad nach n-aithníonn an bille nua go dtagann céatadán as cuimse d'astuithe carbóin na tíre seo ó earnáil na feirmeoireachta, agus toisc go dtagann 95% de na hastuithe sin ó ghnáthobair na feirme (de réir staidrimh ón ICMSA), bheadh sé fíordheacair iad a laghdú.
céatadán percentage
" Bua nach beag do na feachtasóirí, ach conas ar éirigh leo nuair a theip ar na céadta feachtais roimhe? An Scéal ina Loscadh Sléibhe ================ Bhí buntáistí áirithe ag an bhfeachtas ón tús – bhí céatadán ollmhór den phobal i gcoinne bheartas an rialtais (84% de réir pobalbhreith amháin), agus fuair siad tacaíocht ó dhaoine mór le rá, cosúil le hArd-Easpag Canterbury Rowan Williams, agus David Bellamy, an craoltóir agus an t-údar aitheanta.
céatadán ard a high percentage
" ‘An baile inar féidir le duine éirí tanaí’, an mana atá ag Brides-les-Bains agus is fíor go bhfeictear go fóill céatadán ard daoine atá tar éis titim chun feola timpeall an bhaile agus é mar sprioc acu cuid den mheáchan sin a chailliúint.
céatadán níos mó a greater percentage
" ”* D’ainneoin seo go léir, líonfaidh céatadán níos mó cainteoirí laethúla Gaeilge an fhoirim an iarraidh seo ná a líon na daonáirimh roimhe.
céatadán percentage
" Is i Liatroim is airde atá céatadán na scáileastát, rud a léiríonn a dheacra is a bheidh sé ag muintir na contae sin teacht aniar ón spealadh geilleagrach.
céatadáin percentage
" Bhí na céatadáin seo tite go 18 faoin gcéad de na fir agus 15 faoin gcéad de na mná faoin mbliain 2007, an bhliain deiridh a bhí staidreamh oifigiúil ar fáil.
céatadán percentage
" Chuige sin, chaithfidh céatadán sách líonmhar den ghlúin atá thuas dúiseacht, foghlaim agus cur chuige i gceart.
céatadán sách ard a fairly high percentage
" An méid Preispitéireach nár theith go Ceanada nuair a thiontaigh córas an stáit abhus glan ina n-éadan i ndiaidh 1798 agus 1803, bhí orthu umhlú agus is féidir céatadán sách ard díobh a shonrú i bPáirtí na Comhghuaillíochta inniu.
céatadán mór large percentage
" Féiniúlacht Éireannach ó Thuaidh ========== Ceann de na nithe ba mhó spéise domsa, sna torthaí ón Daonáireamh a tógadh i 2011, ná an céatadán mór daoine a bhí sásta a rá go mba *‘Northern Irish only’* an fhéiniúlacht a bhí acu.
an gcéatadán seo this percentage
" Ní féidir leis an gcéatadán seo a bheith cruinn, mura raibh na daoránaigh ar na fir ba thorthúla riamh.
an céatadán is lú le céad bliain anuas the smallest percentage for a hundred years
" 8 faoin gcéad den vóta náisiúnta, an céatadán is lú le céad bliain anuas, agus tá sé in ísle brí faoi láthair, gan aon agó.
an céatadán is ísle the lowest percentage
" Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach seisear ban i measc na 43 duine san aireacht, an céatadán is ísle in aon aireacht abhus leis na cianta cairbreacha.
an céatadán the percentage
"an céatadán de dhaoine óga a chríochnaíonn oideachas bunscoile ag dul in airde, cé go bhfuil a dhá n-oiread níos airde i measc an chine ghil is atá sé i measc an chine ghoirm.
ag fáil céatadáin obtaining a percentage
" Ach is í an cheist mhór ná an bhfuil an tUasal Panti Bliss ag fáil céatadáin den airgead a thugann RTÉ amach do dhaoine a mhothaíonn go bhfuil Miss Panti i ndiaidh iad a mhaslú? Ní gá don Uasal Bliss ach dul ar chlár teilifíse ar feadh cúpla bomaite agus a rá go bhfuil a leithéid seo nó a leithéid siúd hómafóbach, agus bíonn RTÉ sásta airgead mór a íoc lena leithéid seo nó a leithéid siúd chun nach gcuirfí an dlí orthu.
céatadán níos airde a higher percentage
" Tuairiscíodh le déanaí go bhfuil céatadán níos airde d’imreoirí óga ag éirí as na cluichí Gaelacha ná mar atá i gcás spórt eile in Éirinn.
céatadán níos airde a higher percentage
" ” Bhí capaill thart ar Guillermo riamh anall agus imríonn a beirt mhac an póló ar bhonn gairmiúil agus inniu tá céatadán níos airde Gael-Airgintíneach ag imirt an chluiche ná mar atá cine ar bith eile.
céatadán percentage
" Deir céatadán ard de dhaonra Ghalicia go bhfuil siad in ann an teanga dhúchasach, Galego, a scríobh, ach tá drogall ar an dream óg í a labhairt, mar a mhíníonn Carmen Rodríguez.
céatadán neamhchiontach a percentage of innocent people
" Maraítear céatadán neamhchiontach chomh maith leis an dream ciontach i rith an ama.