Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
céimeanna steps
" (Is iomaí uair a d'éalaigh mé síos na céimeanna sin agus a chaith mé lá iomlán ar an trá nuair a bhí súil liom áit éigin eile - sa phortach, mar shampla.
céim mháistreachta MA
" Tá tuairim is ar 300 ag déanamh staidéir ar an ábhar sa chéad bhliain, 60 sa dara bliain agus 50 sa tríú bliain, chomh maith le cúig dhuine is fiche atá ag plé le céim mháistreachta nó le dioplóma iarchéime.
céim chun tosaigh one step ahead
" Bíonn a fhios ag lucht gnó go dtarlóidh an patrún seo; an cleas ná do straitéis a athrú sula n-athraíonn na hiomaitheoirí í, agus a bheith céim chun tosaigh i gcónaí.
céimeanna cloiche stone steps
" Bhí mé ar mo bhealach chuig oifig an phoist le cúig stampa a fháil agus bhí sí ag teacht anuas na céimeanna cloiche ag an nóiméad céanna.
bhronnadh na gcéimeanna graduation
" Ní raibh sé i láthair do bhronnadh na gcéimeanna i bhfómhar na bliana sin mar go raibh sé ag tosú poist nua le Conradh na Gaeilge an lá sin.
céime máistreachta master's degree
" Dá bhféadfainn déileáil leis sin, bheinn sona sásta mar dhuine, ach nílim!" Chuaigh sé ar ais chun na hollscoile i 1991 agus thosaigh sé ag déanamh staidéir ar an mhuireolaíocht i gcomhar céime máistreachta.
céim degree
" " Ceann de na cúiseanna, dar léi, a raibh atmaisféar chomh maith i gCorcaigh ná go rabhthas tar éis tús a chur leis an saoroideachas an bhliain roimhe sin, rud a thug deis do dhaoine nach bhfuair a muintir riamh oideachas tríú leibhéal céim a bhaint amach.
chéim step
" Ní scrúdú ródhian a bhí ann ach féachadh air mar chéim thábhachtach i saol an dalta - chuir sé in iúl go raibh deireadh ag teacht le ré amháin agus go raibh tús á chur le ceann eile.
chéim step
" Tógtar na grúpaí sin ón gcéad chéim nuair a chuireann siad glaoch ar an oifig go dtí go mbaineann siad aitheantas sealadach amach ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
céim degree
céim síos a lower status
" An bhfuilimid chun neamhaird a thabhairt ar dhaoine nach de shliocht Éireannach iad? Agus cad faoi naimhde na Gaeilge atá de shíor ag iarraidh céim síos a thabhairt don teanga sa chóras oideachais? An gceapann éinne nach dtapóidh siad an deis amach anseo chun ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge ar an mbonn nár chóir dúinn a bheith á brú ar dhaoine nach mbaineann sí leo? Tá sé in am ag na heagraíochtaí Gaeilge dúiseacht agus aghaidh a thabhairt ar cheist an ilchultúrachais sula mbeidh sé ródhéanach.
ardú céime promotion
" Thug cuid de na múinteoirí i Sasana faoi deara an treo a raibh an ghaoth ag séideadh blianta ó shin agus léim siad ar an *bandwagon* chun ardú céime agus tuilleadh airgid agus cumhachta a fháil dóibh féin.
chéim mhuiníneach confident step
" Tá go leor eile den bharúil, áfach, gur léiriú é an leacht ar chéim mhuiníneach chun tosaigh ó thaobh cúrsaí ailtireachta de, agus nach bhfuil eagla orainn a bheith difriúil.
céim chun tosaigh ar a step ahead of
" Beidh orthu a bheith céim chun tosaigh ar *wits* Bhaile Átha Cliath atá ar a ndícheall cheana féin ag cumadh leasainmneacha don Spíce, leithéidí "The Stiletto in the Ghetto" agus "The Needle at the Cathedral"! *Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
céimeanna steps
" Nuair a tháinig mé anuas céimeanna an eitleáin ag aerphort Bhaile Átha Cliath den chéad uair i 1980 ní ábhar iontais a bhí ann dom a bheith ansin.
céime radaicí radical step
" Níl sé léirithe ag an dream atá ag moladh na céime radaicí seo conas a bheadh a leithéid de chur chuige ina réiteach ar fhadhbanna na Gaeilge go fadtéarmach.
chéimeanna Neimhe the steps of Heaven
" Seasann sé ag doras an charráiste - ar chéimeanna Neimhe nó ag geataí Ifrinn, ba dhóigh leat.
céim degree
" Thug sé aghaidh ar an Choláiste Ollscoile Gaillimh i 1993 agus bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla san institiúid sin i 1996.
Céim degree
" Céim Ghaeilge agus Fhraincise atá á déanamh agam sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, mar sin d'oir sé go mór dom dul chuig coláiste ina bhféadfainn feabhas a chur ar mo chuid Fraincise gan ligean do mo chuid Gaeilge dul i ndearmad.
céim degree
" Ag siúl suas na 91 céim a thóg sé chun na stiúideonna ealaíne ar Shráid na Banríona i mBéal Feirste a bhaint amach bhí sé furasta stair an tseanfhoirgnimh sin a mhothú.
a gheobhadh ardú céime who would be promoted
" Ní raibh sé i measc na ndaoine a gheobhadh ardú céime agus dá bhrí sin ní shamhlaíonn siad boic mhóra ag dul as a mbealach len é a chosaint dá mba rud é gur cheap siad go raibh sé ciontach.
chuile chéim every step
" Spuaiceanna ag éirí níos mó le chuile chéim, ach iad ar gach aon taobh de mo chos.
ardú céime promotion
" Thug sé le fios i ndiúscairt a cuireadh faoi bhráid an phobail an mhí seo caite go raibh a fhios aige go raibh gearáin déanta faoin sagart mícháiliúil sin, an tAthair Paul Shanley, ach gur thug sé ardú céime dó mar sin féin.
céim step
" Cuid mhór acu ní aithneoidís barra ceoil thar bharra sópa, nó céim damhsa thar chéim sa Ghaeilge Ársa.
céimeanna steps
" Tá an-chreidiúint ag dul don Aire as na céimeanna atá glactha aige go dtí seo.
céim degree
" Bhain Ó Céidigh céim amach sa Tráchtáil sa Choláiste Ollscoile i nGaillimh, le cois Ardteastas san Oideachas, agus chaith roinnt blianta ag obair mar chuntasóir leis an chomhlacht KPMG.
céim dlí law degree
" Fuair sé post ag teagasc Matamaitice ina sheanscoil, Coláiste Iognáid, agus thosaigh sé ag déanamh céim dlí san oíche ag an am céanna.
céimeanna bréige false degrees
" Dar le tuairiscí sna meáin idirnáisiúnta, is scéim atá sna hollscoileanna as an ngnách seo chun céimeanna bréige a dhíol le daoine.
chéim step
" Céard is féidir linne a dhéanamh faoi? An chéad chéim ná a thuiscint gur féidir rud éigin a dhéanamh faoi, nach gá dúinn an biachlár BigMac seo a shlogadh go deo.
céimeanna fórsúla forceful steps
" Faoi mar atá cúrsaí sna farraigí ní mór céimeanna fórsúla a ghlacadh láithreach.
ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois but we've taken a step forward now
" Tá staid na tíre ag cur ráiteas ciniciúil i gcuimhne dom: "Bhíomar ar bhruach aille inné, ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois.
an chéad chéim eile the next step
" Is faoin gcoiste seo a bheidh sé a bheartú cad í an chéad chéim eile ba chóir a ghlacadh.
céime degree
" AÓF: An bhfuil aon uirlis eile gur mhaith leat a bheith in ann a sheinm? OMD: Tá mé breá sásta a bheith ag déanamh mo dhíchill an fhidil a fhoghlaim i gceart! Gan dabht tá uirlisí iontacha eile ann, ach is fearr liom a bheith i mo shuí ar mo shuaimhneas ag éisteacht le ceoltóirí eile á seinnt! AÓF: An seinneann tú nó an gcanann tú in aon stíl cheoil eile seachas ceol traidisiúnta na hÉireann? Céard iad na saghsanna ceoil agus amhránaíochta a thaitníonn leat? OMD: I láthair na huaire ní sheinnim ach ceol traidisiúnta na hÉireann amháin, ach nuair a bhí mé ag déanamh céime sa cheol i gColáiste na Tríonóide cúpla bliain ó shin bhí mé ag seinnt ceol clasaiceach ar an bpianó.
céim níos faide a step further
" Ach i Sasana tá an saghas seo cluiche tógtha céim níos faide ag an stáisiún teilifíse Avago.
céim degree
" Roimhe sin, bhí mé ag cuartú múinteora sa Róimh a mhúinfeadh Gaeilge dom; tar éis cúpla bliain fuair mé cailín as Contae an Chláir, Sharon d'Arcy, a raibh céim aici sa Ghaeilge ón Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.
céimeanna oinigh honorary degrees
" Nuair a cuireadh ceist air ag an gCoimisiún faoi chuid de na maoinis seo agus na céimeanna oinigh a bronnadh air dá mbarr, ba léir gur beag tuiscint a bhí aige ar eitic.
ardú céime promotion
" Go bunúsach, séard atá uathu ná struchtúr éigin a thabharfas deis níos fearr dóibh ardú céime a bhaint amach.
céimeanna gnó business degrees
" Lár na n-ochtóidí a bhí ann agus is beag deis a bhí ar fáil in Éirinn, fiú do dhaoine a raibh céimeanna gnó acu.
athoscailt céim ar chéim phased re-opening
" " Deir Carey, má théann gach rud de réir an phlean atá leagtha síos, go bhféadfadh údaráis Battery Park City "athoscailt céim ar chéim" a bheith acu go luath, b'fhéidir ó 19 Meitheamh ar aghaidh.
céim amháin chun tosaigh one step ahead
" Ní raibh mise ach céim amháin chun tosaigh ar na daltaí eile.
chéim dhochtúireachta doctorate
" Ag ceann de na deirí seachtaine, bhuail mé le scoláire as Éirinn, Cormac Mac Fhionnlaoich, a bhí ag obair ar chéim dhochtúireachta in ollscoil Maryland.
Bronnadh an chéim air he was awarded the degree
" Bronnadh an chéim air agus d'fhill sé ar Éirinn, ach táimid i dteagmháil le chéile fós.
leis an chéad chéim a ghlacadh to take the first step
" Más duine mar sin tú féin nó má tá smaoineamh agat a shíleann tú féidearthachtaí a bheith ag baint leis ó thaobh gnó de, téigh i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta leis an chéad chéim a ghlacadh i saol nua! Tuilleadh eolais: (www.
céimeanna steps
" Rith sé síos na céimeanna agus dheifrigh sé chuig an lána lámh leis an teach ina raibh an carr fágtha aige.
chéim degree
" Thaitin an coláiste léi, ach faoin am a bhí an chéim bainte amach aici, bhí sí réidh le rudaí nua a thriail.
chéim radacach radical step
" Tá lucht an tionscail fháilteachais ag rá go gcaillfear vótaí agus postanna má ghlactar an chéim radacach seo ach, iontas na n-iontas, tá na polaiteoirí ag seasamh le chéile chun sláinte thromlach an phobail a chosaint.
Céim sa Cheol-Oideachas a degree in Music Education
" HL: Céim sa Cheol-Oideachas a bhí ann, in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide.
chéim degree
" Rinne mé staidéar ar an Bhreatnais - ní ar an Ghaeilge - ach ba é an stair an mórábhar a rinne mé don chéim," arsa Aled.
gur diúltaíodh riamh post/ardú céime duit that you were ever refused a job/promotion
" "Léiríonn sé go *gcreideann* daoine go bhfuil an seicteachas le fáil go forleathan anseo - freagra dearfach a thug 53% de fhreagróirí Caitliceacha ar an cheist, "An dtarlaíonn idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta go han-mhinic/go minic i gcás na gCaitliceach?" Ach i dtaca le ceist eile, "An gcreideann tú féin gur diúltaíodh riamh post/ardú céime duit mar gheall ar do chreideamh?" ní dúirt ach 18% de na freagróirí Caitliceacha gur diúltaíodh.
céim degree
" céim ======= Thug Lillis aghaidh ar an ollscoil i nGaillimh i ndiaidh na hArdteiste, áit ar bhain sé céim amach sa Laidin agus sa Ghaeilge.
chéim degree
" " "Agus mo chéim bainte amach agam, d'aithin mé go raibh orm Gàidhlig a fhoghlaim i gceart - mar sin, chun bóthair liom chuig Coláiste Sabhal Mòr Ostaig san Oileán Sgitheanach ar dhianchúrsa lánaimseartha bliana.
ag céim an choiste at committee stage
" Tá mé ag tnúth go mór leis na díospóireachtaí, go háirithe nuair a bheas an bille ag céim an choiste.
céimeanna steps
" Tá nós ag daoine scaití a bheith ag rá go bhfuil na damhsóirí anois ag tabhairt neamhairde ar an traidisiún agus ar stíleanna agus céimeanna na ndamhsóirí a bhí mar fhoinse.
céim dhearfach chun tosaigh a positive step forward
" Is céim dhearfach chun tosaigh don Ghaeilge é go bhfuil ionadaithe tagtha le chéile ó réimse leathan eagraíochtaí agus go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil don fheachtas chomh maith ag go leor daoine aonair.
chéimeanna steps
" Nuair a bhí sé thart labhair cuid acu leis na meáin ar chéimeanna theach na cúirte.
céim degree
" Níorbh fhada gur deineadh bainisteoir léiriúcháin di agus, tamall ina dhiaidh sin, fuair sí ardú céime agus chuaigh sí i mbun stiúrthóireachta.
chéim mháistreachta masters degree
" " Dhírigh an Seoigheach ar chéim mháistreachta ansin agus thosaigh ar thráchtas a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Bhreandáin Uí Eithir.
ardú céime promotion
" Níorbh fhada gur deineadh bainisteoir léiriúcháin di agus, tamall ina dhiaidh sin, fuair sí ardú céime agus chuaigh sí i mbun stiúrthóireachta.
céim mhór chun cinn a big step forward
" Ach glactar leis i gcoitinne gur céim mhór chun cinn atá sa bplean seo, fiú dá bhféadfaí feabhas a chur air.
céim siar a step backwards
" D'fhógair an rialtas le déanaí go ndéanfar an vótáil ar fad sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha an samhradh seo chugainn go leictreonach - ach ceapann go leor daoine eile gur céim siar don daonlathas é seo.
céim chróga brave step
"céim chróga glactha ag an Uachtarán úr, Carlos Mesa, a bhí ina Leas-Uachtarán roimhe seo: tá rialtas sealadach curtha le chéile aige gan rannpháirtíocht ó na páirtithe móra, agus tá beirt dúchasach i measc na n-airí atá ceaptha aige.
na céimeanna cearta the correct steps
" Nach raibh fear an stáitse ansin, áfach, chun muid ar fad a threorú agus a chur ar an eolas mar gheall ar na céimeanna cearta.
cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí to remember the steps in a simple process
" D'fhéadfadh an teicneolaíocht chéanna seo cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil fadhbanna sláinte acu cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí agus iad a stopadh de bheith ag meascadh piollairí míchearta lena chéile freisin.
céim step
" Tá buaireamh ar chuid mhór ball de Chumann Lúthchleas Gael (CLG) nach mbeidh de thoradh ar an iarracht is déanaí Páirc an Chrócaigh a chur ar fáil do chluichí idirnáisiúnta neamhdhúchasacha, ach céim eile i dtreo dhíghaelú an chumainn, a chuid acmhainní agus a chuid imeachtaí éagsúla.
an chéad chéim loighciúil eile the next logical step
" "Braithimid gurb é seo an chéad chéim loighciúil eile.
chéim step
" Níor thuig gluaiseacht na poblachta sin go dtí na 1980í, nuair a tháinig McGuinness agus Adams i réim, agus aithníonn siad le hachan chéim siar ón fhoréigean a thugann siad, is amhlaidh is mó vótaí a fhaigheann siad.
céim degree
" D'fhreastail Buckley ar Providence College i Rhode Island, áit ar imir sé sacar chomh maith, agus bhain sé céim amach i gcúrsaí gnó i 1986.
Céim mhór chun tosaigh a big step forward
" Céim mhór chun tosaigh a bhí sa cháin 15 cent ar mhálaí plaisteacha, mar shampla.
céim ar chéim step by step
" Caithfimid a bheith oscailte do gach iarracht a dhéantar chun í a labhairt agus caithfimid gach cabhair agus spreagadh a thabhairt do dhaoine úsáid laethúil a bhaint as an mbeagán atá acu; sa tslí sin fásfaidh sí céim ar chéim.
an chéim thábhachtach slándála sin that important security step
" Ach tá a fhios againn go léir nach dtarlaíonn an chéim thábhachtach slándála sin i gcónaí.
Céim mhór a big step
" Céim mhór a bhí ann don fhear óg as Cé na Coille Móire, baile beag iascaireachta i Loch Garman.
chéim stages
" Is mór an dul chun cinn é an méid sin ón ngéarchéim a bhí ann tamall beag de bhlianta ó shin, nuair a bhí daoine á ligint chun siúil ó Telegael mar gheall ar an tionchar a d'imir deacrachtaí airgid TG4 ar an gcomhlacht.
céim degree
" Fuair José post mar chláraitheoir ríomhaireachta láithreach agus rinne mé féin céim sa Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.
chéim step
" Nuair a craoladh ansin ar an raidió iad, an chéad chéim eile ná féachaint arbh fhéidir iad seo a chur ar fáil i leagan níos buaine agus iad a scaipeadh ar an mórphobal.
céimeanna géara leathana steep wide steps
" Ansin dhreap mé céimeanna géara leathana i dtreo an chaisleáin.
a bheith céim ar chéim leis na díospóireachtaí to keep up with the debates
" Ba é mo mhian riamh a bheith céim ar chéim leis na díospóireachtaí agus leis na forbairtí sin uilig nó, cé gur mheas mé gurbh amaideach an mhaise ag acadúlaithe agus ag criticeoirí na nua-litríochta Gaeilge dul i ndeabhaidh i sciorta ar bith den díospóireacht nuair nár ghá ná nár thairbhe dóibh é, ba é gort sin na critice an gort a bhínnse ag iarraidh a shaothrú.
céim degree
" " Thug sí aghaidh ar an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i ndiaidh na hArdteiste, áit ar bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa stair.
céimeanna éasca easy steps
" Ach d'fhéadfaí céimeanna éasca a thógáil chun iomaíocht nua a chur chun cinn sa soláthar leictreachais.
céim degree
" "Mar chuid den chéim - Staidear Gnó le Gearmáinis - chaith me bliain sa Ghearmáin ar scéim Erasmus.
chéim ollscoile university degree
" Ach nuair a thosaíomar ag labhairt lena chéile, shílfeá nach raibh ann ach an tseachtain seo caite go rabhamar inár ndlúthchairde!" Is léir go ndeachaigh Gaillimh i bhfeidhm ar Mhairéad le linn a hóige mar chinn sí ar chéim ollscoile (sa Ghaeilge agus san fhealsúnacht) a dhéanamh ansin agus chuir sí fúithi sa chontae tar éis di a céim a bhaint amach sna seachtóidí.
chéimeanna éagsúla different steps
" I mo thuairimse, caithfear féachaint ar chéimeanna éagsúla a chuirfidh leas an imreora chun cinn.
chéim degree
" Amharclann na Mainistreach ======= Bronnadh an chéim ar Ray i 1980 agus cúig bliana ina dhiaidh sin, nuair nach raibh sé ach cúig bliana is fiche d'aois, ceapadh é mar Leas-Stiúrthóir Ealaíon in Amharclann na Mainistreach.
céim degree
" ÉÓD: Tar éis duit céim a bhaint amach sa Léann Ceilteach i Harvard, thosaigh tú féin a mhúineadh na Gaeilge.
chéim step
" An chéad chéim b'fhéidir sula dtugann sé féin arís faoi cheannasaíocht Pháirtí an Lucht Oibre a bhaint amach.
chéim degree
" "Titeann sé amach go minic, go háirithe i gcás céime mar chéim innealtóireachta, go mbíonn dearcadh an-chúng ag duine.
chéim degree
" Ba é an chéad phost lánaimseartha a bhí agam tar éis dom mo chéim a bhaint amach san ollscoil ná ag obair le Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe i Washington, DC.
Céim thábhachtach stairiúil an important historic step
" Céim thábhachtach stairiúil do phobal na Gaeltachta atá san Ordú, dar liom, agus caithfidh mé a admháil go bhfuil mé iontach bródúil as an pháirt a bhí agam féin agus ag an Bhrainse ann.
chéimeanna na hardeaglaise the steps of the cathedral
" Ansin, lasadh tine mhór cnámh agus chruinnigh chuile dhuine ar chéimeanna na hardeaglaise chun éisteacht le forógra na poblachta arís.
chéim degree
" " Chaith sí sé bliana sa Fhrainc ar fad - in Bordeaux, Brest agus Rennes - mar mhac léinn iarchéime i dtús báire, agus mar léachtóir ina dhiaidh sin.
céim mhór mhisniúil one big courageous step
" Tá an t-ionad ar chúinne príomhshráide, é i lár an mhargaidh agus an Fhraincis ar fáil ann go flúirseach! D'fhéadfaí a leithéid d'ionad a chur ar bun i lár na cathrach don Ghaeilge ach céim mhór mhisniúil amháin a thógáil - cur ina luí ar Ghael Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael coiste idirbhainistíochta a bhunú.
céimeanna ollscoile university degrees
" Tá an-bhrú ar an ngrúpa seo, daoine fásta óga, in ainneoin go bhfuil oideachas maith orthu, céimeanna ollscoile agus dioplómaí ina bpócaí acu.
chéim san fhealsúnacht agus sa Ghaeilge a degree in philosophy and Irish
" ” Ollscoil na Ríona ======= Thug Ó Muirí faoi chéim san fhealsúnacht agus sa Ghaeilge in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste tar éis dó an scoil a fhágáil.
céim sa phleanáil degree in planning
"céim sa phleanáil agam.
i mbun céime sa Ghaeilge doing a degree in Irish
" “Thuig mé go dtiocfadh linn freastalaithe a fháil furasta go leor - tá neart mac léinn i mbun céime sa Ghaeilge.
céim degree
" Tá bunchéim aici san iriseoireacht agus bhain sí céim MSc amach i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana.
céim onóracha honours degree
" Rugadh Bowler i mBaile Átha Cliath i 1978, agus bhain sé amach céim onóracha BA le gairid sa Ghrianghrafadóireacht Fhaisnéise sa University of Wales College i Newport.
hardú céime promotion
" Bhain Gardaí lofa mí-úsáid as daoine leochaileacha (go minic ar bheagán oideachas) ar mhaithe le hardú céime a bhaint amach.
i mbun céime sa Ghaeilge doing a degree in Irish
" “Thuig mé go dtiocfadh linn freastalaithe a fháil furasta go leor - tá neart mac léinn i mbun céime sa Ghaeilge.
chéim innealtóireachta a degree in engineering
" ” Céim san innealtóireacht ======= I 1967, d'fhág Donncha Cluain Mealla agus Tiobraid Árann, agus thug aghaidh ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar thug sé faoi chéim innealtóireachta.
rinceoir céime agus seite step-dancer and set-dancer
" Is rinceoir céime agus seite í mo mháthair.