Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chíoradh to discuss in detail
" D'eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge seimineár i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí na Bealtaine chun na ceisteanna seo a chíoradh ach níor bhac cuid de na príomheagraíochtaí Gaeilge le freastal air.
a chíoradh discuss
" Chinn an Bord Pleanála ar éisteacht phoiblí a ghairm ar an gClochán Liath ag deireadh mhí na Samhna seo caite chun an cheist a chíoradh.
ag cíoradh discussing
" Caitheadh oícheanta fada ag plé agus ag cíoradh, ag moladh agus ag snaidhmiú eolas leathan le chéile, a bhí cuimsitheach agus cruinn, faoi cheol dúchasach na tíre seo agus a bhaineann leis.
ina gcíor thuathail upside down
" D'éirigh idir Flatley agus léiritheoirí an tseó, áfach, agus bhailigh sé leis go tobann, rud a d'fhág cúrsaí ina gcíor thuathail.
chíor thuathail pholaitiúil political unrest
" As Cali, Columbia ó dhúchas, tháinig Gomez ar imirce go DC nuair a bhí sí dhá bhliain déag chun éalú ón chíor thuathail pholaitiúil ina tír féin.
a chíoradh to discuss, examine
" Creidim féin go láidir gur gá d'Fhoras na Gaeilge agus Comhluadar teacht le chéile chun an cheist seo a chíoradh i gceart.
cogaint na círe the chewing of the cud
" Agus muid ag caint ar phriompallánacht, tá an Bertie Bath seo i mBaile Átha Cliath ag teacht idir Balor bocht agus codladh na hoíche, idir é agus cogaint na círe agus scríobadh thochas na tóna.
ina cíor thuathail in confusion
" Tá an pholaitíocht aontachtach ina cíor thuathail faoi láthair, gan fhios acu cé hiad a gcairde, nó cén dóigh is féidir an *infidel*, dar leo, a chur ó dhoras.
cíoradh discussion
" Níl aon dochar i gcáineadh nó i gcíoradh dá leithéid ach anois is fiú díriú ar an todhchaí go réadúil agus straitéisí dearfacha cruthaitheacha a mholadh.
gheobhaidh sí siúd a cíoradh she'll get her dressing down
" Ach fan, gheobhaidh sí siúd a cíoradh, fan go bhfeicfidh tú.
á gcíoradh being examined
" *An Chicago Tribune *a d'fhiafraigh ar dtús cá raibh an t-anlaith milis, mealltach, fáinne-chluaiseach, bairéadach sin Peatsaí Dan Mac Ruairí? *Pravda *na Rúise a thóg an cheist cá háit a raibh an boc eile milis, mealltach, col ceathrach, círéibeach sin ar bhreá leis a bheith ina fhorlámhaí ar an Chreag i Lár na Farraige móire suaite, Pól Mac Ruairí? *L'Osservatore Romano *a bhí ag iarraidh a fháil amach cá raibh an Pabhsae Gléigeal sin atá ina príomh-*idiot *preabach, praiticiúil, pragmatach ar Phobalscoil Thoraí, an tSiúr Máire Clár na Cáiréise? Fiafraíonn an nuachtán naofa an raibh sise ar scoil an lá sin nó, mura raibh, cá háit go díreach a raibh sí agus cad é a bhí ar siúl aici ann? Ceisteanna iad sin atá á gcíoradh anois ag tuairisceoirí na cruinne, ceisteanna a bhfuil a bhfreagraí tuillte ag lucht léite nuachtáin an domhain.
cíoradh examining
" Is iad na sleachta is láidre sa leabhar, áfach, ná na cinn a dhéanann cíoradh ar an ghaol polaitiúil a bhí ag Joe Kennedy le hoifigigh de chuid na heaglaise i Nua-Eabhrac, i mBostún agus sa Róimh.
ag cíoradh na fealsúnachta examining the philosophy
" Saineolaí ======= Is léir go bhfuil Con faoi dhraíocht ag gach saghas spóirt agus is minic é ag cíoradh na fealsúnachta taobh thiar de, a stair agus a fhorbairt i gcomhthéacs cluichí éagsúla.
an cheist seo a chíoradh to discuss this matter
" Is mór an trua, áfach, gur beag duine i measc na bhfeisirí eile a bheadh in ann an cheist seo a chíoradh i nGàidhlig.
cíortha glanta well-groomed
" Mar a dúirt colúnaí de chuid *New York Newsday*, Ellis Henican: "Cén fáth ar cheart do na fir a bheith as póca díreach mar gheall ar go bhfuil mná áirithe ann a fheiceann na leithris phoiblí mar chlubthithe príobháideacha inar féidir leo: déanamh cinnte go bhfuil siad cíortha glanta, comhairle a chur ar a chéile, an nasc lena gcairde a láidriú, a bheith ag gearán de shíor faoi na fir ina saol.
tá cúrsaí ina gcíor thuathail things are in a confused state
" Dá bharr sin uilig tá cúrsaí ina gcíor thuathail i MUPLC toisc gur infheisteoirí móra iad na fir ghnó sa chlub sin agus d'fhéadfadh siad an club a cheannach agus an bainisteoir a chaitheamh amach ar fhleasc a dhroma dá mba mhian leo.
ina chíor thuathail in turmoil
" "Agus é ag obair mar thuairisceoir, thug sé cuairt ar go leor íospartach a ndearna sagairt ainteagmháil ghnéasach leo agus chonaic sé daoine a raibh a saol ina chíor thuathail.
ina chíor thuathail in chaos
" Agus an córas ina chíor thuathail sula ndéantar vóta ar bith a chomhaireamh, tá sé ag éirí níos soiléire gur miotas eile de chuid na luath-óige an smaoineamh gur daonlathas den scoth é Meiriceá.
cíortha discussed
" Ach an bhfuil muid ag éileamh barraíocht ón Taoiseach agus ón Rialtas go ndéanfaidís cinneadh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, seachas bheith á chur ar an mhéar fhada? Tá na roghanna éagsúla cíortha arís is arís eile ag fo-choistí comhaireachta agus ag tuarascálacha neamhspleácha agus tá sé in am anois cuid dá moltaí a chur i bhfeidhm.
an chíor thuathail seo a thuigbheáil to understand this confusion
" “Ní mé,” arsa seisean, “ach ghlacfadh sé Íosa Mac Dé féin chun an chíor thuathail seo a thuigbheáil, gan trácht ar é a mhíniú!” As go brách leis an tseirbhís dúrúnda arís gur tháinig siad ’fhad le scaifte millteanach mór a bhí bailithe thart ar Leamh Ó Cuinneagáin.
le cíoradh to be discussed
" Go hEilean na Comhairle a théadh an Tiarna, in éineacht lena chuid consailéirí, an uair a bhíodh scéal mór le cíoradh acu.
á cíoradh agus á hiniúchadh being examined minutely and scrutinized
" Chuile lá bhí gné eile den scéal á cíoradh agus á hiniúchadh agus anailís á déanamh ar na bealaí éagsúla ina ndeachaigh Brian Kerr ar strae agus ag míniú dúinn cén fáth nárbh é an duine ceart don phost.
chíor thuathail faoi smacht controlled chaos
" Bhí tús á chur agam le lá eile de chíor thuathail faoi smacht.
a chíoradh to examine minutely
" Cé gur dúradh sa tuarascáil sin gur cosúil nach raibh a fhios ag AWB go raibh breabanna á n-íoc acu, bunaíodh binse fiosraithe anseo, agus an t-iarbhreitheamh Terence Cole ina chathaoirleach air, leis an scéal a chíoradh.
cíortha go slachtmhar neatly combed
" Bhí am ar dóigh againn agus d’fhoghlaim muid an dóigh lenár gcuid gruaige a choinneáil néata agus cíortha go slachtmhar.
ag cíoradh examining
" Is mithid do Choiste Airgeadais an Oireachtais, atá ag cíoradh na ceiste seo faoi láthair, iarracht a dhéanamh stop a chur leis an mhaolú seo.
cíor thuathail confusion
" Má bhí fuacht san aer ar feadh tamaillín eatarthu, ní raibh ann ach réamhaisnéis ar an gcíor thuathail a bhí le teacht.
an chíor thuathail seo uilig: all this confusion:
" *(Come on Oireland!) *Ach tá buntáistí ag baint leis an chíor thuathail seo uilig: thig le Bertie a mhaíomh gur tionchar Pháirc Bhóthar Lansdún is ciontaí lena chuid Bertiisms i dtaca le méid na hÉireann, achar na hÉireann, tír na hÉireann agus teorainneacha na hÉireann, leithéidí ‘Tá daonra na hÉireann anois os cionn ceithre mhilliún den chéad uair ó aimsir an Ghorta’ agus ‘Easpórtáiltear go leor dár gcuid earraí anois go háiteanna ar nós Bhéal Feirste.
ina gcíor thuathail in a mess
" Sea, tá cúrsaí infrastruchtúir agus tráchta ina gcíor thuathail i Nua-Eabhrac, agus ní léir go bhfuil an fuinneamh polaitiúil ann chun dul i ngleic leis na fadhbanna.
ag cíoradh gearán investigating complaints
" Tá Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána anois i mbun oibre agus tá córas cigireachta curtha ar bun a bheas ag cíoradh gearán in éadan na ngardaí agus ag fiosrú acmhainní agus modh oibre an fhórsa faoi seach.
na téamaí a chíor Mac Grianna the themes Mac Grianna examined
" Feicimid sa sliocht beag féin na téamaí a chíor Mac Grianna ina chuid gearrscéalta agus ina chuid úrscéalta.
ina chíor thuathail in a state of confusion
" Ach ní raibh ádh ar bith air sin ach an oiread, agus an boggart fós ann, agus bhí an halla ina chíor thuathail nuair a díoladh é le Bardas Learphoill i 1900.
a chíoradh to examine
" Mhíníos dó go rabhas chun mo leabhar nótaí agus mo chaiséid a chíoradh le teacht ar chorrlíne nó ar chorrnóta nó ar fhoinn a bhí breactha síos agam le blianta beaga anuas.
bhí cúrsaí ina gcíor thuathail things were in confusion
" Faoi dheireadh na seascaidí bhí cúrsaí ina gcíor thuathail ar fud na tíre.
chíor mé I teased out
" " Ní féidir leis an beirt ollamh a bheith ceart faoi seo, agus chíor mé an scéal le Frank Neal.
ina gcíor thuathail all mixed up
" Níl sa cháinaisnéis go dtí seo ach dréachtcháipéis, ach cheana féin tá na polaiteoirí ina gcíor thuathail faoi.
gcíor thuathail upside down
" Ina leabhar Suite Française, tugann Irène Némirovsky cur síos ar an gcíor thuathail inar fágadh na daoine i rith na tréimhse sin.
chíoradh discussion
" Ná hiarr orm aon dualgas eile a thógáil orm féin an lá sin, mar beidh mé gafa le figiúirí a mheas, a scagadh is a chíoradh.
Cheist a Chíoradh discussing the matter
" ” (The Irish Times 13 Meitheamh) An Cheist a Chíoradh Is é mo bharúil gur tuairimí macánta iad seo a bhfuil leas an phobail agus na tíre á spreagadh.
chíoradh discussion
" ” (The Irish Times 13 Meitheamh) An Cheist a chíoradh Is é mo bharúil gur tuairimí macánta iad seo a bhfuil leas an phobail agus na tíre á spreagadh.
ina chíor thuathail upside down
" An bheirt mhac cliamhain sa bhaile imithe as smacht, an teach féin ina chíor thuathail.
chíoradh discussed
" Is minic á chíoradh, cén chaoi ar éirigh le CLG teacht chun cinn chomh tapa agus chomh láidir ó bhliain a bhunaithe i 1984 in Óstán Hayes i nDúrlas Éile.
Cíoradh was discussed
" com/watch?v=iIlsRsMMJUc) Cíoradh staid na peile ar cheann de nuachtáin an Domhnaigh, an ‘Sunday Tribune’, ar an gceathrú lá de mhí na Samhna seo caite.
chíoradh discussion
" Bhí an folús cló le feiceáil fosta sa chíoradh a bhain leis an idirbheartaíocht maidir leis an Straitéis Fiche Bliain i leith na Gaeilge agus plean tárrthála na Gaeltachta.
cíoradh discuss
" Tá an Straitéis seo le cíoradh os comhair an Chomhchoiste Oireachtais a bhíonn ag plé le Spórt, Turasóireacht, Ealaíon, chomh maith le Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus deirtear go mbeidh an deis ag an gComhchoiste leasaithe a mholadh ar an Stráitéis 20 Bliain.
ina chíor thuathail topsy turvy
" Beidh sé ina chíor thuathail i Washington anois go oíche Nollag (tá an t-alt seo ag dul chun preasa ar an 21ú Nollag).
Cíorann deals with
" Cíorann Sam Taylor Wood déagacht corraitheach John Lennon i ‘*Nowhere Boy*’, scéal an triantáin ilchasta ghrá idir an reibiliúnaí óg ceoltóra, a Mham is a Aintín - triúr, is baolach, a raibh an brachán doirte eatarthu.
cíoradh tease out
"cíoradh le déanamh agam ar na caiséadai lán ceoil atá bailithe agam le bliain anuas - iad lán le ghiotaí ceoil ceaptha ós na hamanntaí a d'airíos an draíocht ag bogadh timpeall orm.
cíoradh na ceiste discussing the matter
" Agus bhíomar ag cíoradh na ceiste seo: conas is féidir é sin a dhéanamh nuair nach bhfuil fágtha agat ach dornán beag cainteoirí, nuair nach bhfuil ar do chumas cúrsaí ollscoile a chur ar bun a thabharfadh líofacht do dhaoine sa teanga ná faic mar sin, nuair nach bhfuil aon chóras scríbhneoireachta nó múinteoirí proifisiúnta ná ábhar teagaisc ag go leor de na teangacha seo? Agus sular tionóladh an chomhdháil sin, fiú, tháinig duine amháin, Karuk eile, ar an smaoineamh gur chóir Clár na Máistrí agus na bPrintíseach a bhunú.
gcíorfar is discussed
" Is inleithscéal, is mithid agus is riachtanach go gcíorfar gach gné de fhadhb seo ár muintire go heolaíoch, fuarchúiseach anois díreach, tharla go bhfuil againn bealaí raidió agus teilifíse, suíomhanna idirlín, nuachtáin, Achtanna agus Coimisinéir Teanga, stádas Eorpach, ach féach gur fearr le líon rómhór d’aos óg na Gaeltachta agus de lucht Gaeilgeoirí na Galltachta an Béarla a bheith ina chéad teanga acu agus ár dteanga féin ina ‘teanga liom-leat’ acu ag an am céanna.
cíoradh discussing
" D'aontaigh muid léi, agus is dócha go ndeachaigh sí i bhfeidhm orainn mar shocraigh muid go mbeadh an MILG i gceannas rudaí an chéad bhliain! Le Julianne ina Cathaoirleach nuathofa Gaeilge na Breataine, lean muid ar aghaidh ag cíoradh rudaí.
cíorann sé he discusses
" Sa leabhar ‘*Outliers*’ le Malcolm Gladwell, cíorann sé an nós go caithfear 10,000 uair a chur isteach in aon cheird chun teacht ar an saineolas, bíodh sé sin ar an ngiotar, an piano nó i sampla amháin atá aige, ag clárú ríomhaire.
ina chíor thuathail topsy-turvy
" Níor thuig sé an rachlas ar fad a bhain le hathrú go cathair eile, boscaí pacála i ngach uile áit agus an teach ina chíor thuathail.
cíoradh discussing
" Ba mhinic a chloisinn é ag cíoradh cúrsaí camána lena chairde.
ina chíor thuathail befuddled
" Bhí an freasúra ina chíor thuathail ag an am agus measadh go forleathan go mbeadh bua ollmhór ag Rudd sa chéad olltoghchán eile.
chíoradh to tease out
" An focal sin ‘traidisiún’ a luaitear go mion agus go minic i dtaobh na gcluichí Gaelacha agus ba mhaith liom a thábhacht a chíoradh san alt seo.
chíoradh discuss
" Ní raibh i gceist ag an Aire, Éamonn Ó Cuív, go mbeadh aon deis ag pobal na Gaeilge ná ag pobal na Gaeltachta an Dréacht Straitéis a chíoradh.
ag cíoradh discussing
" *“An unspoilt paradise”* a thug Shaun Rodgers ó *Real Ireland Tours* ar Dhún na nGall agus é ag cíoradh cúrsaí turasóireachta le John Murray ar RTÉ Raidió 1 *(Morning Ireland 5/8/10)*.
ina chíor thuathail upside down
" Bhí an Ailgéir ina chíor thuathail an tráth sin agus thuig na manaigh go raibh a mbeatha i mbaol.
chíorann studies
" Chun Caingne ======= Is mar sin atá Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe faoi láthair, an chúirt a chíorann mórcheisteanna na tíre, go háirithe mar a bhaineann siad le bunreacht Mheiriceá.
cíoradh investigation
" Cuid acu ag rá go gcaithfear tuilleadh cíoradh a dhéanamh ar na leasuithe atá beartaithe agus teacht ar chomhréiteach; cuid eile, go háirithe iad siúd atá ar eite chlé an pháirtí, ag éileamh gur cheart moltaí an rialtais a chur ar ceal láithreach agus an próiseas idirbheartaíochta a thosú arís as an nua.
chíoradh discussion
" Nuair a phléitear cúrsaí sacair na hÉireann agus imreoirí a rugadh in Éirinn, déantar tagairt do dhornán imreoirí go mion agus go minic agus is iad na hainmneacha céanna a thagann chun cinn sa chíoradh nuair a chuirtear an cheist “cérbh é an t-imreoir sacair ab fhearr a tháinig amach as an tír seo?” Bíonn ainm amháin ar bharr gach goib ag ceann an chomhairimh agus is é sin George Best, imreoir a áirítear i measc an bheagáin sin a bhfuil fíorstádas i measc imreoirí sacair an domhain acu.
chíortar is discussed
" Ceist eile a chíortar go minic sa chuid seo den domhan dar ndóigh ná cérbh é an t-imreoir ab fhearr a d’imir le Poblacht na hÉireann sa sacar.
á chíoradh discussing
" Fear amháin acu, tá an geilleagar á chíoradh aige, ach tá an Ghaeilge i lár a léargais.
á gcíoradh being discussed
" Ach má thug, ba léir go raibh fadhbanna farantóireachta agus lastais go hÁrainn á gcíoradh ag bord an Rialtais.
chíoradh to discuss
" Ní raibh an rún thuas ag déanamh iarrachta an dlí a athrú, de réir dealraimh, ach chuir sé brú ar na páirtithe móra an cheist a chíoradh go hoscailte, ábhar ab fhearr go mór leo a fhágáil ar an méar fhada.
chíoradh to discuss
" (Sa chás seo, bheadh vóta saor ag gach teachta nuair a bhí an socrú leis an CAI a chíoradh sa Dáil) Is annamh a fhaighimid deis cruth úrnua a chur ar ghléas riartha an stáit, ach seo anois sinn in am na cinniúna.
ina chíor thuathail in a mess
" Mura mbíodh cúrsaí polaitíochta ina chíor thuathail faoi láthair, is deacair a thomhas cé chomh mór is a bheadh tionchar na n-eagraíochtaí feirmeoireachta ar chinneadh an rialtais.
chíoradh discuss
" Tá coiste faoi leith sa Dáil a bhfuil sé mar dhualgas air ceisteanna faoin athrú aeráide a chíoradh, agus d'fhoilsigh an coiste a bhille féin i mí Dheireadh Fómhair anuraidh maidir le hathrú aeráide agus slándáil fuinnimh.
ag cíoradh discussing
" Ach bí cinnte go bhfuil leathuair an chloig ar a laghad caite agam, tosaithe ar Twitter is ar Facebook, ní hamháin ag léamh ach ag cíoradh scéalta móra an lae.
an chíor thuathail confusion
" Ar chúiseanna éagsúla, a dúradh linn: an chíor thuathail pholaitíochta sna tíortha Arabacha, an Éigipt agus an Túinéis go háirithe, agus an ghéarchéim i ngeilleagar na hEorpa na fáthanna ar shocraigh daoine an tsaoire a chaitheamh sa bhaile.
á gcíoradh being discussed
" Ní dóiche go mbeidh na Fíor-Fhionlannaigh i réim gan mhoill, ach is cinnte go gcuirfidh siad brú ar na páirtithe eile seasamh i gcoinne na bpacáistí móra cúnaimh atá á gcíoradh ag ceannairí na hEorpa.
a chíorann which discuss, deal with
" Go deimhin, is ábhar spéise an méid saothair chriticiúla a chíorann litríocht na hÉireann sa naoú haois déag agus san fhichiú haois agus nach dtagraíonn don Ghaeilge ar chor ar bith.
do chíoradh teased out
" Rinne airí agus póilíní Phárais iarracht an ghealtacht do chíoradh le coincheapanna a bhaineas leis an gcoiriúlacht agus le an slándáil náisiúnta.
Cíorfar gnóthaí polaitíochta political matters shall be discussed
" (Cíorfar gnóthaí polaitíochta, an NUJ agus Plean 20 Bliain Don Ghaeilge sa dara leath den Agallamh an mhí seo chugainn.
Cíorfar shall be checked
" Cíorfar an bailiúchán i dtús báire le tagairtí do na teangacha a aimsiú agus a aicmiú.
ag cíoradh examining
" An oíche úd, cuireadh an marú ar fionraí ceithre uair an chloig, fad is a bhí coistí áirithe ag cíoradh an cháis.
an t-ábhar a chíoradh discusses the material
" Mar aon leis na dioscaí, tá leabhar 40 leathanach le clúdach crua a dhéanann an t-ábhar a chíoradh: Faightear anseo an saothar is deise agus is cáiliúla dá chuid, idir cheol don cheolfhoireann agus do Cheoltóirí Chualann.
chíoradh teasing out
" Luaigh uan misniúil amháin, darb ainm An Dubhaltach, mar seo a leanas: - Is masla leisciúil an focal "sheeple" a úsáid gan ceist na hidé-eolaíochta ina mhairtear a chíoradh mar mhíniú ar an feiniméan fhéin.
bhíos á chíoradh ann being discussed there
" Bíonn chuile shórt duine, idir óg is aosta, isteach is amach ann agus is iomaí cineál ceoil a bhíos le cloisteáil agus scéil a bhíos á chíoradh ann ó mhaidin go hoíche.
a chíoradh go hoscailte to openly examine
" I ré nua na hoscailteachta seo bímidne, Gaeil, ag ligean orainn go minic go bhfuilimid sásta gach ábhar, is cuma cé chomh casta nó chomh dorcha agus atá sé, a chíoradh go hoscailte os comhair an tsaoil mhóir.
Cíoradh was teased out
" Nárbh ait an bhliain í 2011? Cíoradh brí na beatha in dhá scannán eisceachtúla le beirt auteur, duine amháin, Malick, gafa lena fhoinse - Von Trier, tógtha lena scrios.
chíoradh to discuss
" Chuige sin, beidh sraith cruinnithe á reáchtáil ar fud na tíre chun an t-ábhar a chíoradh.
na sonraí suaracha a chíoradh to pore over the dirty details
" Ní gá na sonraí suaracha a chíoradh arís ach chun an scéal a ghiortú, seo mar a tharla.
cíoradh discussed
" Mar chuid speisialta den chomhdháil, d'eagraigh Club Leabhar Nua-Eabhrac seisiún speisialta inár cíoradh an leabhar Bás in Éirinn (cnuasach gearrscéalta curtha in eagar ag an scríbhneoir Feirsteach Glenn Paterson) go dátheangach, le dream Gaeilge ag plé bunleagan na ngearrscéalta as Gaeilge agus le dream eile, atá ar beagán Gaeilge go fóill, ag cíoradh aistriúchán na ngearrscéalta céanna as Béarla.
cíoradh tríothu to go through them
" Carn saibhir de chuimhneacháin idir ghrianghraif, litreacha agus shleamhnáin nach raibh am agam cíoradh tríothu i gceart go dtí seo.
chíoradh to examine
" Cuireadh am ar leataobh ag an chruinniú dheireanach a bhí ag an bhord i mBéal Feirste len é seo a chíoradh agus de réir mar a thuigim, táthar fós á iniúchadh.
cíortha combed
" Bhí gúnaí déanta as níolón cíortha crochta ar thairní ar na ballaí mar a bheadh pictiúir ag taispeántas ealaíne.
an t-ábhar a chíoradh ar mhodh discuss the matter in a way
" "Le deireadh na trioblóidí sa Tuaisceart, is féidir linn an t-ábhar a chíoradh ar mhodh nach bhfuil chomh teasaí ná chomh contúirteach," a dúirt sí linn.
gcíorfar an cheist seo i gceart this matter shall be discussed properly
" Tá súil agam go gcíorfar an cheist seo i gceart nó d’fhéadfadh feidhm fhiúntach a bheith ag an tSeanad a chuirfeadh le daonlathas na tíre.
cíoradh air sa díospóireacht chéanna it be discussed in debate
" Ba mhaith an mhaise dúinne freisin go ndéanfaí cíoradh air sa díospóireacht chéanna in Éirinn amach anseo.
gcuirfeadh pictiúr de chíocha mná an domhan uilig ina chíor thuathail a pair of tits would turn the world on its head
" Nuair a cuireadh ceist air cad é a bhí ag dó na geirbe aige, dúirt sé nár shíl sé riamh go gcuirfeadh pictiúr de chíocha mná an domhan uilig ina chíor thuathail, agus tír iathghlas seo na naomh agus na n-ollamh chomh maith leis.
ina chíor thuathail in a mess
" Bhí cás an fhoireann ionchúisimh ina chíor thuathail tar éis a fhianaise agus chinn siad ar fheidhm a bhaint as an dialann a scríobh Stokes as Gaeilge sa tréimhse roimh an dúnmharú agus ina dhiaidh.
rinne an scéal a chíoradh go mion discussed the matter minutely
" I 1981 nó 1982, chláraigh sé le Sinn Féin agus mar dhuine a bhí thar a bheith feidhmiúil ag eagrú rudaí, ceapadh ina chathaoirleach ar an pháirtí i nDoire é i 1985, ina chathaoirleach ar Chomhairle na Sé Chontae i 1990 agus bhí sé ar an Ard-Chomhairle ar feadh 20 bliain ach i 1986, thosaigh Gerry Adams ag caint ar fheachtas síochána agus bhí Ó hEára mar bhall d'fhoghrúpa a rinne an scéal a chíoradh go mion - ainneoin go raibh sé amhrasach ann féin faoin treo ina raibh an páirtí ag dul.
téama an thírghrá á chíoradh teasing out the theme of patriotism
" Agus téama an thírghrá á chíoradh anseo, dearbhaíonn Ó Giolláin: “Ba sa státnáisiún a cruthaíodh an chéad nua-aoiseacht”, léargas a chuireann argóintí níos seanda scoláirí éagsúla eile i gcuimhne dúinn.
atá cíortha agam which I’ve teased out
" Mar a tharlaíonn ní fíorscéal a bhí ann ón Daily Mail ar chor ar bith, ach mhúscail sé ceist spéisiúil atá cíortha agam i gcás na líonraí sóisialta i gcoitinne anseo cheana: cé leis d’ábhar digiteach i ndiaidh do bháis? Sea, ábhar iontach do mhí Eanáir! De réir scéal an Daily Mail bhí Willis ag tabhairt dúshláin Apple faoin gclásal ina dtéarmaí is coinníollacha a léiríonn go n-éagann úinéireacht do chuid ábhair leo.
Sara chíoraim scannán faisnéise before I discuss the documentary
" - ‘Mea Maxima Culpa’ (Alex Gibney) - ‘Hors Satan’ (Bruno Dumont) - ‘Men at Lunch – Lón sa Spéir’ (Seán Ó Cualáin) Sara chíoraim scannán faisnéise Sheáin Uí Chualáin, samhlaígí ar dtús an Drochrud Do-shamhlaithe……… Is iomaí miotas uirbiach a rug greim ar shamhlaíocht phobal Chorcaí sna naoidéag seascaidí.
chíoradh to discuss
" Moltar sa tuarascáil fosta, gur chóir do na póilíní dul i gcomhairle leis an chomhphobal Éireannach chun na fadhbanna seo a chíoradh.
bhí an coincheap seo á chíoradh this concept was being discussed
" (Ar ndóigh bhí an coincheap seo á chíoradh le blianta fada roimhe sin i gcás na Gaeltachta agus na nGaelscoileanna.
cíoradh air inquires into
" Sa tréimhse sin a ndéanann an leabhar seo cíoradh air, ba pháistí iad beagáinín ós cionn 10 faoin gcéad de na daoine a fuair bás sa teach sin.