Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cíoradh discussing
" Caitheadh oícheanta fada ag plé agus ag cíoradh, ag moladh agus ag snaidhmiú eolas leathan le chéile, a bhí cuimsitheach agus cruinn, faoi cheol dúchasach na tíre seo agus a bhaineann leis.
cíoradh discussion
" Níl aon dochar i gcáineadh nó i gcíoradh dá leithéid ach anois is fiú díriú ar an todhchaí go réadúil agus straitéisí dearfacha cruthaitheacha a mholadh.
gheobhaidh sí siúd a cíoradh she'll get her dressing down
" Ach fan, gheobhaidh sí siúd a cíoradh, fan go bhfeicfidh tú.
cíoradh examining
" Is iad na sleachta is láidre sa leabhar, áfach, ná na cinn a dhéanann cíoradh ar an ghaol polaitiúil a bhí ag Joe Kennedy le hoifigigh de chuid na heaglaise i Nua-Eabhrac, i mBostún agus sa Róimh.
ag cíoradh na fealsúnachta examining the philosophy
" Saineolaí ======= Is léir go bhfuil Con faoi dhraíocht ag gach saghas spóirt agus is minic é ag cíoradh na fealsúnachta taobh thiar de, a stair agus a fhorbairt i gcomhthéacs cluichí éagsúla.
le cíoradh to be discussed
" Go hEilean na Comhairle a théadh an Tiarna, in éineacht lena chuid consailéirí, an uair a bhíodh scéal mór le cíoradh acu.
á cíoradh agus á hiniúchadh being examined minutely and scrutinized
" Chuile lá bhí gné eile den scéal á cíoradh agus á hiniúchadh agus anailís á déanamh ar na bealaí éagsúla ina ndeachaigh Brian Kerr ar strae agus ag míniú dúinn cén fáth nárbh é an duine ceart don phost.
ag cíoradh examining
" Is mithid do Choiste Airgeadais an Oireachtais, atá ag cíoradh na ceiste seo faoi láthair, iarracht a dhéanamh stop a chur leis an mhaolú seo.
ag cíoradh gearán investigating complaints
" Tá Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána anois i mbun oibre agus tá córas cigireachta curtha ar bun a bheas ag cíoradh gearán in éadan na ngardaí agus ag fiosrú acmhainní agus modh oibre an fhórsa faoi seach.
Cíoradh was discussed
" com/watch?v=iIlsRsMMJUc) Cíoradh staid na peile ar cheann de nuachtáin an Domhnaigh, an ‘Sunday Tribune’, ar an gceathrú lá de mhí na Samhna seo caite.
cíoradh discuss
" Tá an Straitéis seo le cíoradh os comhair an Chomhchoiste Oireachtais a bhíonn ag plé le Spórt, Turasóireacht, Ealaíon, chomh maith le Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus deirtear go mbeidh an deis ag an gComhchoiste leasaithe a mholadh ar an Stráitéis 20 Bliain.
cíoradh tease out
"cíoradh le déanamh agam ar na caiséadai lán ceoil atá bailithe agam le bliain anuas - iad lán le ghiotaí ceoil ceaptha ós na hamanntaí a d'airíos an draíocht ag bogadh timpeall orm.
cíoradh na ceiste discussing the matter
" Agus bhíomar ag cíoradh na ceiste seo: conas is féidir é sin a dhéanamh nuair nach bhfuil fágtha agat ach dornán beag cainteoirí, nuair nach bhfuil ar do chumas cúrsaí ollscoile a chur ar bun a thabharfadh líofacht do dhaoine sa teanga ná faic mar sin, nuair nach bhfuil aon chóras scríbhneoireachta nó múinteoirí proifisiúnta ná ábhar teagaisc ag go leor de na teangacha seo? Agus sular tionóladh an chomhdháil sin, fiú, tháinig duine amháin, Karuk eile, ar an smaoineamh gur chóir Clár na Máistrí agus na bPrintíseach a bhunú.
cíoradh discussing
" D'aontaigh muid léi, agus is dócha go ndeachaigh sí i bhfeidhm orainn mar shocraigh muid go mbeadh an MILG i gceannas rudaí an chéad bhliain! Le Julianne ina Cathaoirleach nuathofa Gaeilge na Breataine, lean muid ar aghaidh ag cíoradh rudaí.
cíoradh discussing
" Ba mhinic a chloisinn é ag cíoradh cúrsaí camána lena chairde.
ag cíoradh discussing
" *“An unspoilt paradise”* a thug Shaun Rodgers ó *Real Ireland Tours* ar Dhún na nGall agus é ag cíoradh cúrsaí turasóireachta le John Murray ar RTÉ Raidió 1 *(Morning Ireland 5/8/10)*.
cíoradh investigation
" Cuid acu ag rá go gcaithfear tuilleadh cíoradh a dhéanamh ar na leasuithe atá beartaithe agus teacht ar chomhréiteach; cuid eile, go háirithe iad siúd atá ar eite chlé an pháirtí, ag éileamh gur cheart moltaí an rialtais a chur ar ceal láithreach agus an próiseas idirbheartaíochta a thosú arís as an nua.
ag cíoradh discussing
" Ach bí cinnte go bhfuil leathuair an chloig ar a laghad caite agam, tosaithe ar Twitter is ar Facebook, ní hamháin ag léamh ach ag cíoradh scéalta móra an lae.
ag cíoradh examining
" An oíche úd, cuireadh an marú ar fionraí ceithre uair an chloig, fad is a bhí coistí áirithe ag cíoradh an cháis.
Cíoradh was teased out
" Nárbh ait an bhliain í 2011? Cíoradh brí na beatha in dhá scannán eisceachtúla le beirt auteur, duine amháin, Malick, gafa lena fhoinse - Von Trier, tógtha lena scrios.
cíoradh discussed
" Mar chuid speisialta den chomhdháil, d'eagraigh Club Leabhar Nua-Eabhrac seisiún speisialta inár cíoradh an leabhar Bás in Éirinn (cnuasach gearrscéalta curtha in eagar ag an scríbhneoir Feirsteach Glenn Paterson) go dátheangach, le dream Gaeilge ag plé bunleagan na ngearrscéalta as Gaeilge agus le dream eile, atá ar beagán Gaeilge go fóill, ag cíoradh aistriúchán na ngearrscéalta céanna as Béarla.
cíoradh tríothu to go through them
" Carn saibhir de chuimhneacháin idir ghrianghraif, litreacha agus shleamhnáin nach raibh am agam cíoradh tríothu i gceart go dtí seo.
cíoradh air sa díospóireacht chéanna it be discussed in debate
" Ba mhaith an mhaise dúinne freisin go ndéanfaí cíoradh air sa díospóireacht chéanna in Éirinn amach anseo.
cíoradh air inquires into
" Sa tréimhse sin a ndéanann an leabhar seo cíoradh air, ba pháistí iad beagáinín ós cionn 10 faoin gcéad de na daoine a fuair bás sa teach sin.
gan mórán cíoradh without much discussion
" Má táimid ag cur dlí tíre i bhfeidhm, tá sé tábhachtach nach ritear, a gcaithfear thríd an Dáil, an-sciobtha agus gan mórán cíoradh a dhéanamh faoi, rud atá ag tarlú i láthair na huaire de bharr go bhfuil an móramh chomh mór ag an rialtas.
ag cíoradh cúrsaí geilleagair discussing financial matters
" “Nach í sin an iriseoireacht i ndáiríre? D'fheadfadh muid a bheith ag cíoradh cúrsaí geilleagair ach i ndáiríre píre, ciallaíonn an iriseoireacht is fearr ná an iriseoireacht a insíonn scéal an duine.
is cíoradh do lá eile é sin that’s another days discussion
" D’fhéadfaimís ar ndóigh, réim chéille an bhriathair “tuill” a chíoradh i dtaca le Marcas, ach is cíoradh do lá eile é sin.
a cíoradh in alt le which was teased out in an article by
" Ní fheadar an bhfuil a fhios ag an Bhanríon Eilís go bhfuil feachtas ar bun i dTeach na dTiarnaí, eagraithe ag an Tiarna David Alton agus Barún Avebury, chun pardún a fháil do Mhaolra Seoighe an fear a crochadh go héagórach i 1883, agus a cíoradh in alt le Breandán Delap mí na Nollag 2012 (Beo eagrán 140).
Déantar cíoradh ar réimse leathan ábhair a broad matter of material is dealt with
" Déantar cíoradh ar réimse leathan ábhair ann: na tréithe atá riachtanach, an tablóideachas, claonta polaitiúla, tuairiscí ó láithreacha cogaíochta, féidearthachtaí gnó na hiriseoireachta, cén chaoi le ceisteanna a chur agus le freagraí a sheachaint.
Cíoradh an cás the case was teased out
" Cíoradh an cás in irisí na mban agus sna liarlóga ach go háirithe.
le cíoradh géarchúiseach a sharp concentration (on)
" Ciallaíonn sé sin go mbeifear ag súil le cíoradh géarchúiseach (seachas geisfhocal na bpreasráiteas) ar imeachtaí a bhaineann go sonrach leis an Ghaeilge nó leis an Ghaeltacht.
tosnaíonn an cíoradh the search starts
" Osclaítear an brabhsálaí agus tosnaíonn an cíoradh agus sula i bhfad tá do chroí istigh sa chuardach, curtha faoi gheasa ag súile nó ag an meangadh beag atá ag an ngaidhrín gleoite sin.
a bhíos ag cíoradh ceist choimhthíos an duine who studies human alienation
" Arbh fhíor a rá go ginearálta gur scríbhneoir scéinséiriúil thú a bhíos ag cíoradh ceist choimhthíos an duine?** Séamas Mac Annaidh: Duine ón taobh amuigh, beagáinín aisteach, nach réitíonn leis na daoine eile atá thart air, tá imir de sin ann ceart go leor, ach leis an dá úrscéal sin, is dóigh go raibh mé ag iarraidh léiriú gur féidir leis an Ghaeilg cur síos ar aon tír, ar aon phobal, ar aon saghas duine.
ag cíoradh teasing through
" (Chomh fada le mo chuimhne, bhí creidiúint ag dul do bheirt Sheanadóirí eile as an méid oibre a rinne siad ag cíoradh an Bhille chéanna: Joe O Toole agus Brendan Ryan, beirt a raibh neart Gaeilge acu.
cíoradh examination
" Sa chaibidil seo ón leabhar déantar cíoradh ar na meáin úra agus na dúshláin a gcaithfidh na meáin Ghaeilge aghaidh a thabhairt orthu.
déantar cíoradh ar na meáin úra the new media are examined
" Sa chaibidil seo ón leabhar déantar cíoradh ar na meáin úra agus na dúshláin a gcaithfidh na meáin Ghaeilge aghaidh a thabhairt orthu.
Cíoradh combing
" Cíoradh níos mó ná an ghruag an lá sin.
cíoradh na ceiste teasing out the question
" Cad é tá ag titim amach i ndáiríre in áiteanna mar sin? An bhfuil bá na cosmhuintire ag trá i gceantair ó thuaidh? Bhí Robert ag cíoradh na ceiste.
Cíoradh was discussed
" Cíoradh tionscal físe na Gaeilge mar atá agus mar a bheas.
ag cíoradh ceist luach na saíochta considering the matter of cultural worth
" Bhí Seosamh Ó Riain ag cíoradh ceist luach na saíochta agus dearcadh an Éireannaigh ar ghnéithe den tsaíocht chéanna, mura bhfuil ann ach diddly aye dye.
seal ag cíoradh leabhair ar a while checking a book about
" Chaith John-Paul Mc Carthy seal ag cíoradh leabhair ar pholaiteoir Briotanach a bhfuil cuimhní go leor faoi in Éirinn, an t-iar-Stát-Rúnaí Gnóthaí Baile, Roy Jenkins.