Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cíortha glanta well-groomed
" Mar a dúirt colúnaí de chuid *New York Newsday*, Ellis Henican: "Cén fáth ar cheart do na fir a bheith as póca díreach mar gheall ar go bhfuil mná áirithe ann a fheiceann na leithris phoiblí mar chlubthithe príobháideacha inar féidir leo: déanamh cinnte go bhfuil siad cíortha glanta, comhairle a chur ar a chéile, an nasc lena gcairde a láidriú, a bheith ag gearán de shíor faoi na fir ina saol.
cíortha discussed
" Ach an bhfuil muid ag éileamh barraíocht ón Taoiseach agus ón Rialtas go ndéanfaidís cinneadh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, seachas bheith á chur ar an mhéar fhada? Tá na roghanna éagsúla cíortha arís is arís eile ag fo-choistí comhaireachta agus ag tuarascálacha neamhspleácha agus tá sé in am anois cuid dá moltaí a chur i bhfeidhm.
cíortha go slachtmhar neatly combed
" Bhí am ar dóigh againn agus d’fhoghlaim muid an dóigh lenár gcuid gruaige a choinneáil néata agus cíortha go slachtmhar.
cíortha combed
" Bhí gúnaí déanta as níolón cíortha crochta ar thairní ar na ballaí mar a bheadh pictiúir ag taispeántas ealaíne.
atá cíortha agam which I’ve teased out
" Mar a tharlaíonn ní fíorscéal a bhí ann ón Daily Mail ar chor ar bith, ach mhúscail sé ceist spéisiúil atá cíortha agam i gcás na líonraí sóisialta i gcoitinne anseo cheana: cé leis d’ábhar digiteach i ndiaidh do bháis? Sea, ábhar iontach do mhí Eanáir! De réir scéal an Daily Mail bhí Willis ag tabhairt dúshláin Apple faoin gclásal ina dtéarmaí is coinníollacha a léiríonn go n-éagann úinéireacht do chuid ábhair leo.
ceist atá cíortha go mion a matter minutely examined
" Ceist faoi Shlí na Fírinne ========== Is beag teorainn atá le teicneolaíocht sa Chultúr, ceist atá cíortha go mion in Excession a foilsíodh i 1996.
atá cíortha go mion agus go cuimsitheach which are teased out minutely and comphrensively
" B’iad údaráis na Breataine agus an tIRA an dá chéile chomhraic sa chogadh nua seo agus bheadh impleachtaí fadtéarmacha ag baint leis sin, impleachtaí atá cíortha go mion agus go cuimsitheach ag údar an leabhair seo – Ruan O Donnell.
cíortha discussed
" Tá na téamaí thuasluaite cíortha aige i scannáin ar nós Benny’s Video agus Das Weisse Band (An Ribín Bán) agus Caché (I bhFolach), scannáin inar thug sé dúshlán an dearcaidh iar-nua-aoisigh liobrálaigh sin, an meon coibhneasta atá le sonrú inniu ar fud na sochaí agus ar gach gné den saol comhaimseartha.
Fear cíortha na fulaingthe móire the man who teases out the tales of immense suffering
" Fear cíortha na fulaingthe móire.
is ábhar cíortha do is the target for
" Stocaireacht PNAC agus FPI is ábhar cíortha do Mhaidhc Ó Cathail ina alt an iarraidh seo.