Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go raibh draein calctha ag oibreacha cóireála uisce that a drain had been blocked by water treatment works
" Fuarthas amach go raibh draein calctha ag oibreacha cóireála uisce agus seans go raibh fearadh ainmhithe ag dul isteach san uisce dá bharr sin.
cóireáil treatment
" De bharr na gcúinsí seo - easpa cúraim mar aon le hiargúltacht agus drochnósanna maireachtála - is minic a mbíonn drochthorthaí i gceist i gcás tinneas a bhféadfaí cosc a chur orthu nó cóireáil a chur ar fáil dóibh.
Ionad Cóireála do Lucht Mí?Úsáide Drugaí Drug Treatment Centre
" Cé gur tháinig titim, de réir mar a chuaigh na hochtóidí ar aghaidh, i líon na ndaoine a cúisíodh, tháinig méadú sa líon andúileach cócaoin a bhí ag freastal ar an Ionad Cóireála do Lucht Mí?Úsáide Drugaí.
cóireáil treatment
" Ach má tá dúlagar nó imní ort, d’fhéadfá fanacht roinnt míonna le coinne a fháil le síciatraí, agus roinnt míonna eile le cóireáil a fháil.
le cóireáil a chur ar dhaoine to treat people
" Tá sé á úsáid mar leigheas le fada sa tSín agus anois úsáidtear é go forleathan le cóireáil a chur ar dhaoine a bhfuil réimse leathan easláintí orthu.
cóireáil dhaonnachtúil humane treatment
" Ní nach ionadh, b’fhéidir, más eagal do chosmhuintir an domhain nach bhfaighidh siad lá sa chúirt ná cóireáil dhaonnachtúil i bpríosún ón tír atá in ainm is a bheith ag bronnadh saoirse orthu.
Mar gheall ar an gcóireáil díth chéadfach as a result of the sensory deprivation treatment
" Mar gheall ar an gcóireáil díth chéadfach a cuireadh air agus é i bpríosún, is cosúil go bhfuil sé imithe glan as a mheabhair anois, agus nach mbeifear in ann leanacht ar aghaidh lena thriail.
ag fáil cóireála leighis getting medical treatment
" Tá na mílte páiste i ndiaidh seal a chaitheamh in Éirinn – iad ag glacadh sosa ón anró atá i gceist ina gceantair féin, nó ag fáil cóireála leighis sa tír seo – agus úsáidtear sciar ollmhór den airgead le cúnamh agus cóireáil leighis a chur ar fáil do na daoine sna réigiúin atá thíos leis an tubaiste chomh maith.
chóireáil leighis medical treatment
" Tógadh an lucht inste scéil go dtí an ilchríoch agus tá a bhformhór faoi chóireáil leighis in ospidéil éagsúla ar fud na tíre faoi láthair.
cóireáil uilíoch complete care
" Ar ndóigh, ní thuigfidh Eorpaigh go rómhaith cén fáth go bhfuil an bille seo chomh conspóideach, mar tá cóireáil uilíoch sách fairsing in Iarthar na hEorpa, ach is rud nua do Mheiriceánaigh é, agus tá faitíos orthu roimhe.
cóireáil care
" Duine de chosmhuintir na tíre í, jaibín beag aici mar státsheirbhíseach, tigín beag aici cúpla míle ón leabharlann, fear céile a bhfuil fadhbanna croí aige, ach atá ag fáil cóireáil faoi Medicare, an córas sláinte d’aosaigh.
cóireáil preparing
" An rud a chuirfidh cuid againn ag scairteadh gáire is geall le cóireáil cuas fréimhe ag an duine eile é.
cóireáil leighis medical treatment
" De réir an Chonartha, cuirim i gcás, chaithfí cóireáil leighis éigeandála a chur ar fáil d’imircigh bonn ar aon le saoránaigh agus bheadh ceart chun oideachais ag leanaí na n-oibrithe Imirce gan aird ar stádas dlíthiúil.
chóireáil is fearr the best care, treatment
" Cheapfaí mar sin go mbeadh na seirbhísí is an chóireáil is fearr againne ar domhan, ach níl.