Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
córa just
" Nuair a chonaic mé post an eagarthóra fógartha in The Sunday Times agus in The Washington Post, chinn mé ar chairdeas a chothú leis na daoine a mbeadh tionchar acu ar cé a gheobhadh an post, bail ó Dhia orthu mar dhaoine maithe córa.
córa maithe just and good
" Tógáil croí don tír uile ab ea féile agus flaithiúlacht daoine córa maithe ó cheann ceann na tíre.
altóir fhiosca na córa the altar of fiscal rectitude
" Chomh maith le héilitheoirí leasa shóisialigh, is iad státseirbhisigh na huain íobartha ar altóir fhiosca na córa, (on the altar of fiscal rectitude) daoine a bhfuil postanna sócúla saoil agus pinsin thar an choitiantacht acu, dár lena lán, ach deir an tUasal Campfield go bhfaigheann státsheirbhisigh ar an mheán, pinsin idir £5000 agus £6000 sa bhliain.
ar son na córa for justice
" “Ba é an tIRA an fhadhb, an t-aon mhíniú amháin a bhí ag daoine, ach ag an am céanna, bhí arm na Breataine ar na sráideanna, ag briseadh gach dlí dá raibh ann; bhí cinsireacht sna meáin; bhí Ceathrar Guildford agus Seisear Bhirmingham fós ar an leaba chláir ach bhí ruathair a ndéanamh ag an Chraobh Speisialta ar dhaoine a bhí ghníomhach ar son na córa in áiteanna ar nós Baile Bhútair féin!” arsa Ruane.
na córa of justice
" Agus Osama Bin Ó Loideáin anois ar shlua na marbh, tá fórsaí na maitheasa agus na córa ag méadú ar an ionsaí atá á dhéanamh acu ar chairde Gaddafi.
ag cur córa orthu siúd ar thóir aíochta taking care of those who arrive on visits
" I mbun a dhualgas arís atá sé, ag cur córa orthu siúd ar thóir aíochta, ar mhaithe leis an tír.
spreagtha chun gnímh ar son na córa inspired to action for justice
" Ní hionann cuimhne a bheith agat agus tú a bheith spreagtha chun gnímh ar son na córa ach is mithid dúinn fá dheireadh thiar dul i ngleic leis na tromluithe atá ag crá daoine agus muid ag sleamhnú go malltriallach amach as dorchadas an chéid seo caite.
ag tréigean íomhá na maitheasa agus na córa shedding the image of right and justice
" Bhí AFRICOM ag téamh ina chur i láthair i rith na bliana seo chuaigh thart, ag tréigean íomhá na maitheasa agus na córa.
gur córa go mbeadh it’d be more proper that
" Measann daoine atá in eadan an vóta gur cuntas seiceach cloigeann a bheas ann, ach sin mar a bunaíodh an Stát sa chéad dul síos! Bhí ciall sa rud a dúirt an feisire sóisialach, Joe Higgins, sa Dáil an tseachtain seo nuair a dúirt sé gur córa go mbeadh an aicme oibre Chaitliceach agus an aicme oibre Phrotastúnach ag caitheamh dua le theacht le chéile leis na fadhbanna a chránn iad araon a réiteach in áit a bheith gafa ag ceisteanna ceannasachta.
nósanna imeachta córa equitable procedures
" Dar leis an gComhairle um Inimircigh na hÉireann gurb é sásra den chineál seo an tslí is fearr chun trédhearcacht, nósanna imeachta córa agus leigheasanna feidhmiúla a chinntiú d’inimircigh in Éirinn.
is eisceacht iad lucht na córa the just are few and far between on the ground
" Is léir gur mór aici iad agus gur dream fiúntach iad a rachadh as a mbealach féin leis an chóir a imirt, ach faraor, is eisceacht iad lucht na córa.
An Mheitheal in Aghaidh na Córa the working group for injustice
" An Mheitheal in Aghaidh na Córa ============== Cuireadh go mór leis an amhras faoin bhfíorasc nuair a cruthaíodh le linn coimisiún ríoga ar na póilíní in NSW go raibh cuid de na bleachtairí a bhí i gceannas ar an bhfiosrúchán in éadan Seisear na Cróite lárnach san ‘éilliú sistéamach’ san fhórsa.
as saobhadh cúrsaí na córa of perverting the course of justice
" Bhí fianaise bhréagach, nó ‘fitting up’ mar a thugtar uirthi i mbéarlagair lucht na coiriúlachta, i measc na líomhaintí a cuireadh ina leith, agus ciontaíodh cuid acu as mionnú éithigh agus as saobhadh cúrsaí na córa ní ba dhéanaí.
domhan níos córa a more just world
" Tá sé intuigthe ón gcoincheap seo go bhfuil a leithéid de rud is freagrachtaí domhanda ann agus is é domhan níos córa atá mar cheann de na cuspóirí ag daoine a chuireann coincheap na himirce is na forbartha ar aghaidh.
a dhaoine córa decent folk
" Go raibh maith agaibh, a dhaoine córa! Tá an t-ardú mheanman sin tábhachtach dúinn freisin, ó táimid ag rith trí fhobhailte anois nach n-aithním in aon chor.
Cuma na Córa the appearance of justice
" Cuma na Córa ===== Cé go raibh Hardiman sásta go raibh airgead faighte ag scoileanna neamh-Chaitliceacha freisin ó 1921, rud a bhéimníonn an éagóir a rinneadh ar ghealltanas ginearálta Airteagal 44, thuig sé gur cruthaíodh “a largely State funded but entirely clerically administered system of education” mar thoradh.