Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
do chóras imdhíonach your immune system
" Ach má bhíonn fadhb agat le do chóras imdhíonach, bíonn an galrú níos contúirtí.
córais systems
"córais WAP feiliúnach chuige seo agus cuireann sé ar chumas na bhfostaithe a bheith táirgiúil agus gan iad san oifig.
córas analóige analogue system
" Tá úsáid fhorleathan á baint as an chóras digiteach san Eoraip agus sa tSeapáin ach is é an córas analóige atá leitheadach sna Stáit Aontaithe.
chóras deachúlach decimal system
" Ba í an dealbhóir Gabrielle Hayes a rinne na boinn nua a dhearadh nuair a cuireadh tús leis an chóras deachúlach i 1971.
córas system
" Anuas air sin, tá go leor daoine den tuairim go bhfuil córas ar a dtugtar "Echelon" curtha i bhfeidhm ag Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ag an mBreatain chun eolas atá á scaipeadh go leictreonach san Eoraip a léamh.
córas meithle working party system
" Bhí an córas meithle forleathan go maith go fóill ina cheantar dúchais agus chuir sé seo ina luí air gurbh fhearr i bhfad do dhaoine a bheith "ag comhoibriú agus ag obair as lámh a chéile, ag maireachtaint ar scáth a chéile.
chóras na bpáirtithe the party system
" Tugann toghlaigh na n-ollscoileanna deis do sheisear ó lasmuigh de chóras na bpáirtithe guth a bheith acu san Oireachtas (Parlaimint na hÉireann).
córas mídhaonlathach undemocratic system
" Má tá aon mhórathrú le déanamh ar an mBunreacht, caithfear deireadh a chur le córas mídhaonlathach an tSeanaid.
córas eacnamaíochta economic system
" Deir sé gur "thit an córas eacnamaíochta as an chéile de bharr a míthuisceana siúd ar an tír".
córas miondiosca minidisc system
" Smaoinigh ar na táirgí nua a tháinig ar an margadh le 10 - 20 bliain anuas - cén chatagóir ina bhfuil muid ar fad maidir le dlúthdhioscaí, oighinn mhicreathonnacha, teileafóin shoghluaiste, an córas miondiosca don cheol, nó úsáid an idirlín? An botún a dhein lucht déantúsaíochta na bhfón póca ná go rabhadar ródhóchasach faoi líon na ndaoine a cheannódh fón soghluaiste, nó a chaithfeadh amach fón breá le ceann níos fearr a fháil.
gcóras satailíte satellite system
" Dúirt Lillis Ó Laoire, duine de na hamhránaithe sean-nóis is cáiliúla sa tír, liom go bhfuil sé féin ag súil go mór le bheith ag éisteacht le Corn Uí Riada ar an gcóras satailíte agus é i Nua-Eabhrac! Tá rudaí eile ann ar ndóigh seachas na comórtaisí - seoltaí leabhar agus dhlúthdhioscaí, mar shampla, agus ansin Scléip na hÓige, féile taobh istigh d'fhéile, d'fhéadfá a rá.
gcórais shéarachais sewerage systems
" D'éirigh leis, de réir na teachtaireachta, na mílte crogall lánoilte ocrach a scaoileadh isteach i gcórais shéarachais na Stát Aontaithe.
an chórais pholaitiúil the political system
" Agus ní hé an straitéis is fearr do leas fadtéarmach an chórais pholaitiúil.
gcóras slándála security system
" Neartaigh go mór ar an gcóras slándála i rith an ama sin.
chórais oibriúcháin operating systems
" Cheap cuid mhaith daoine nach raibh gá le leagan nua de Windows, tharla go raibh leaganacha nua á bhfoilsiú go minic, agus tharla go raibh clú níos mó ar chórais oibriúcháin eile ar nós Linux.
córas scaipthe ceoil music distribution system
" Anuas air sin, bhí go leor eachtraí a bhain leis an saol ríomhaireachta sna cúirteanna - agus ar ndóigh, cuireadh deireadh le córas scaipthe ceoil Napster.
chóras comhartaíochta ar na hiarnróid rail signalling system
" Bhí polaiteoirí sinsearacha na tíre os comhair binse fiosraithe maidir leis an gconradh don chóras comhartaíochta ar na hiarnróid.
córas leasa shóisialaigh welfare system
" "Tá muid ag éileamh córas sláinte agus córas leasa shóisialaigh a thugann cothrom na Féinne do gach duine," a deir Gomez, atá ina Stiúrthóir Feidhmeannach ar Mary's Center ón chéad lá.
córas daonlathais system of democracy
" Seo an córas daonlathais ag oibriú in Éirinn ach is léir go bhfuil níos mó fadhbanna á gcruthú ná a réiteach!
córas cuimsitheach a comprehensive system
" Ansin is dócha go mbunófar córas cuimsitheach agus níos mó stáisiún ann.
ár gcóras our system
" D'fhéadfadh na húsáideoirí atá ar ár gcóras leas níos mó a bhaint astu sin ar fad.
córas toghchánaíochta electoral system
" Agus córas toghchánaíochta ann a thugann dhá vóta do dhaoine áirithe agus nach dtugann vóta ar bith do dhaoine eile, an aon ionadh é gur beag spéis a chuireann formhór de mhuintir na hÉireann sa Seanad? Níos luaithe i mbliana d'fhoilsigh Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais tuarascáil oifigiúil a mhol athruithe maidir leis an Seanad.
chóras na haoireachta the whip system
" Ach is é an fhírinne, de bharr móramh a bheith i gcónaí ag an Rialtas sa Seanad agus de bharr chóras na haoireachta, tá tionchar an tSeanaid ar reachtaíocht ag dul i laghad seachas i méid.
chóras ceapacháin appointment system
" Ní dóigh leis, áfach, go nglacfar leis na moltaí a déanadh maidir leis an chóras ceapacháin a athrú.
córas roinnte cumhachta a power-sharing system
" Mhol siad bunreacht scríofa do Thuaiscert Éireann, córas roinnte cumhachta idir na páirtithe polaitíochta a bhfuil macallaí de i gComhaontú Aoine an Chéasta.
córais pholaitiúla political systems
" " Cé go bhfuil na seoltaí ríomhphoist solúbtha na laethanta seo tá an chuma ar an scéal nach bhfuil na córais pholaitiúla chomh solúbtha céanna.
córas dian cinsireachta a strict system of censorship
" Ach bhí córas dian cinsireachta i bhfeidhm, a chuir cosc ar dhaoine na réaltachtaí míthaitneamhacha i saol na hIaráine a nochtadh.
córas ceart a proper system
" Más sórt cosaint éicint é sin don Ghaeilge, ní cosaint ar bith é don cheantar - sin muna gcuirtear córas ceart bóithre ar fáil i gConamara.
córas system
" Linking libel reform to regulation is a narrow approach to both issues," a dúirt sé le *Beo!* Ba mhaith le Dooley córas a bheith ann faoina ndéanfadh na hiriseoirí monatóireacht orthu fein, é maoinithe ag úinéirí na meán ach gan smacht acu air.
croílár an chórais daonlathais the very heart of the democratic system
" Is í Dáil Éireann croílár an chórais daonlathais in Éirinn.
córas iompair mode of transport
" Deirtear gurb é ceann an Dúna Mhóir an píosa talún is sia siar in Éirinn agus is minic a tugar "an paróiste is giorra do Mheiriceá" ar Dhún Chaoin, cé go bhfuil pobail eile ar chósta thiar na hÉireann a mbeadh an port céanna acu! Is é An Daingean an baile mór is giorra do Dhún Chaoin - isteach is amach le sé chiliméadar déag soir ó Dhún Chaoin ach, tá an fad cruinn ag brath ar cén treo a gheibheann tú nó cén córas iompair atá faoi do thóin.
ár gcóras polaitíochta our political system
" An é go bhfuil ár gcóras polaitíochta imithe ar strae, nach ndéanann muid an rogha cheart agus muid ag toghadh ár gcuid polaiteoirí? An é nach gcaitheann na daoine a mbíonn orthu fanacht i scuainí ospidéil a vóta nó an é nach dtugtar rogha cheart dóibh ar aon chuma? Tá litreacha á bhfoilsiú go laethúil ar leathanach an eagarthóra san *Irish Times* ag moladh leasainmneacha do shnáthaid shnasta seo Shráid Uí Chonaill.
córas lochtach faulty system
" córas lochtach ======= Ag croí na faidhbe tá an córas lochtach faoina shocraítear na cuotaí éisc san Aontas Eorpach.
tá ag clis ar an gcóras sláinte the health system is failing
" Tá níos mó ná 4 mhilliún duine dífhostaithe, tá ag clis ar an gcóras sláinte agus tá na pinsin i mbaol chomh maith.
córas cártaí aitheantais identity card system
" Cuirtear an dara moladh as an áireamh, is é sin dlí mhíleata a chur i bhfeidhm, le cuirfiú agus córas cártaí aitheantais, ar an mbonn go bhféadfadh sé a bheith ina bhua gearrthéarmach.
córas riaracháin administrative system
" Níl an gaol idir an t-ionad agus na ranna, idir an t-ionad agus an córas riaracháin oibrithe amach ar fad, cé go bhfuil feabhas dochreidte le dhá bhliain ná mar sin.
gcóras riaracháin system of administration
" Má tharlaíonn sé sna tíortha Lochlannacha, cén fáth nach féidir leis tarlú abhus? Seanmheon na rúndachta ======= Nuair a baineadh neamhspleáchas teoranta amach don Saorstát i 1922, glacadh scun scan leis an gcóras riaracháin stáit a bhí ann.
gcóras iompair transport system
" Fadhbanna eile ======= Ar ndóigh tá fadhbanna eile le sárú freisin - caithfear a chinntiú go bhfuil margadh ann do na hearraí atá á soláthar agus gur féidir leis na hearraí sin na tomhaltóirí a shroicheadh tríd an gcóras iompair.
córais cinedheighilte apartheid system
" "Tá Iosrael i mbun córais cinedheighilte an-bhrúidiúil," arsa Caoimhe.
córas an chúldorais the backdoor system
" Is fearr i bhfad an socrú atá anois ann agus, dar ndóigh; déanann córas an chúldorais an séasúr iomána agus peile i bhfad níos spéisiúla toisc go mbíonn go leor contaetha fós san áireamh suas go dtí mí Iúil.
córas polaitiúil political system
" Ní féidir an córas polaitiúil agus na luachanna atá againn san iarthar a bhrú ar dhaoine sa Mheánoirthear a bhfuil cultúr agus meon eile acu.
chóras gréasáin teicneolaíochta eolais IT network system
" Deir suíomh Raytheon go mbeidh sé ag obair ar chóras gréasáin teicneolaíochta eolais "le héilimh chomhlachtaí Raytheon ar fud an domhain a shásamh".
córas stiúrtha aerthráchta air traffic control systems
" Dúirt sé nach raibh ach rud amháin idir lámha ag an ionad i nDoire: táirgeadh córas stiúrtha aerthráchta.
gcóras loingseoireachta satailíte satellite navigation system
" Bhain na fóin satailíte a bhí cuid mhaith de na hiriseoirí ag úsáid leis an tsatailít Thuraya, agus bhí gléas speisialta iontu a cheangal iad leis an gcóras loingseoireachta satailíte GPS nó Global Positioning System.
ceanncheathrú an chórais the headquarters of the system
" Cé gur cosúil go mbeadh sé deacair suíomh na bhfón a aimsiú le gléasra ar an talamh, tá an chuma ar an scéal nach raibh muinín ag na Meiriceánaigh as an tslándáil ag ceanncheathrú an chórais, atá lonnaithe in Abu Dhabi.
córais a chraolann comharthaí speisialta systems which broadcast special signals
" Is féidir é sin a fheabhsú go dtí 3 mhéadar, ag baint úsáide as córais a chraolann comharthaí speisialta ón talamh a cheartaíonn an t-asléamh.
chóras ríomhaireachta computer system
" ) Go bunúsach, deir an CPSU nach bhfuil an chigireacht chuí ar siúl ar bheithígh sna contaetha sin faoi láthair, mar gheall nach bhfuil na tréidlianna in ann teacht ar an eolas faoi chártaí agus uimhreacha aitheantais na mbeithíoch atá coinnithe ar chóras ríomhaireachta na Roinne.
córas nua iompair new transport system
" Is beag lá nach mbíonn tagairt éigin le feiceáil sna nuachtáin do Luas, an córas nua iompair atá á thógáil i mBaile Átha Cliath, agus gearáin a bhíonn i gceist go minic.
córas system
" Ach tá córas agus loighic ag baint leis an gcansairtín cosúil le gach uile uirlis eile agus nuair a thuigeann tú an córas sin tá sé chomh héasca nó chomh deacair le ceann ar bith eile.
córas síntiúis subscription system
" Murab ionann agus Microsoft atá ag iarraidh córas síntiúis a chur i bhfeidhm áit a n-íocann tú bille gach mí chun éisteacht leis an gceol atá ar do ríomhaire, tá córas Apple níos solúbtha.
córas daonlathach democratic system
" Tá an-chumhacht ag arm na hIndinéise, cé go bhfuil córas daonlathach in ainm is a bheith ann anois.
chóras néarógach nervous system
" Tá do chóras néarógach corraithe de dheasca an iomarca ólacháin agus oícheanta malla.
chóras inmheánach internal system
" D'iarr siad orm iarracht a dhéanamh idir an dá linn réiteach a fháil tríd an chóras inmheánach sa choláiste.
chóras sóisialta social system
" "Sa chuid seo den tír, is drochrud a bheith polaitiúil agus tá daoine neirbhíseach faoin pholaitíocht sa teanga nó san fhilíocht, ach bhí filíocht na Gaeilge i gcónaí polaitiúil - i gcónaí ag plé leis an pholaitíocht, leis an chóras sóisialta, agus bhí ról lárnach ag na seanfhilí i saol an phobail agus iad ag plé le ceisteanna a linne.
gcóras ríomhphoist email system
" F *níos traidisiúnta ná *Blaster* toisc go scaipeann sé tríd an gcóras ríomhphoist mar cheangaltán.
córas na n-ollbhrathadóirí the supergrass system
" Ach, de réir an Ollaimh Ní Aoláin, ba é cinneadh bhreithiúna Thuaisceart Éireann, más ar deireadh thiar féin é, gan géilleadh do bhrú polaitiúil ba chúis leis an RUC éirí as córas na n-ollbhrathadóirí.
córas system
" Dar leis go bhfuil an córas ina gcoinne agus caithfidh an CLG gníomhú chun an staid mhíchothrom ina bhfuil contaetha Uladh ag feidhmiú a athrú.
ón chóras oifigiúil oideachais from the official education system
" Ina dhiaidh sin, caithfimid tús a chur leis na príomhimeachtaí oideachasúla don aos óg: campa samhraidh do na páistí bunscoile agus scoil samhraidh do na daltaí meánscoile (le haitheantas ón chóras oifigiúil oideachais).
chórais séarachais sewerage system
" Tugtar briseadh síos ar na figiúirí sin chomh maith: mar shampla, i gcás tithe faoin tuath, deirtear go rachaidh €1,500 den táille ar chórais séarachais; €1,500 ar chúrsaí uisce; €1,000 ar áiseanna áineasa agus €300 ar bhóithre.
córas system
" Is prótacal é FireWire atá i bhfad níos tapúla ná an córas USB, córas atá cosúil leis agus atá in úsáid cheana féin ar an-chuid ríomhairí chun gléasanna ar nós eochracha cuimhne a chur "ag caint" le ríomhairí.
riachtanais chórais system requirements
" Ní gá ach féachaint ar na riachtanais chórais a mholtar do PC a ritheann clár ar nós Adobe Premiere chun an fhianaise de seo a fheiceáil.
córas system
" "Ní chuirfeadh muid suas go deo le córas faoina gcaithfeadh mná fanacht cúig oiread ama chun tástáil a fháil déanta ar a gcuid fola, fiú dá mbeadh cuid fola na bhfear agus na mban á tástáil ar chúiseanna difriúla," a dúirt Banzhaf.
córas na hionadaíochta cionmhaire the proportional representation system
" Déantar na vótaí ar fad a chomhaireamh níos déanaí agus córas na hionadaíochta cionmhaire a bhíonn i gceist.
drochstaid an chórais sláinte the bad state of the health system
" Ar an taobh eile, is é an laige is mó atá ag Mícheál Ó Máirtín ná gurb é an tAire Sláinte faoi láthair agus is beag rud atá ag dó na geirbe níos mó ag pobal na hÉireann ná drochstaid an chórais sláinte.
córas aeraithe ventilation system
chóras sóisialta social system
" Ach bhí daoine eile ann a chonaic na buntáistí a bhain le bheith ceangailte leis an Danmhairg: an t-airgead, an gradam a bhain le bheith nasctha le tír chumhachtach Eorpach, agus an cead a bhí acu teacht i dtír ar chóras sóisialta na Danmhairge.
chóras náisiúnta national system
" Cóilíneachtaí neamhspleácha a bhí sa tír nuair a tosaíodh ar na bóithre iarainn agus deis iompair réigiúnach a bhí iontu ar feadh i bhfad seachas cuid de chóras náisiúnta.
córas seasmhach daonlathach a stable democratic system
" Os a choinne sin, is fada linn nár shrois muid ceann scríbe go fóill, is é sin córas seasmhach daonlathach a mbeadh toil phobal an Tuaiscirt go hiomlán leis.
le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann to take advantage of the support systems which exist
" Tá eagla an domhain ar an dá rialtas go meallfar na sluaite ó thíortha bochta an oirthir go hÉirinn agus go dtí an Bhreatain, go dtiocfaidh siad go hiarthar na hEorpa le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann don lucht dífhostaíochta agus do dhaoine gan dídean.
chóras iompair transport system
" Chomh maith leis sin, tá bóthar iarainn ar fáil a dúnadh i 1963 agus b'fhearr i bhfad é sin a úsáid mar chóras iompair seachas na carranna sin ar fad a mhealladh isteach go Baile Átha Cliath.
córas an chúldorais the backdoor system
" Mar shampla, tá na cluichí cáilithe, nó córas an chúldorais mar a thugtar air, i ndiaidh líon mór daoine a mhealladh, ní hamháin go Páirc an Chrócaigh, ach thart ar an teilifís i dtithe agus i dtábhairní ó cheann ceann na tíre.
gcóras daonlathach democratic system
" Gnás é seo a úsáidtear go minic sna tíortha neamhfhorbartha agus in áiteanna eile ina mbíonn amhras ar dhaoine faoin gcóras daonlathach ann.
as an chóras comharthaí sin from that system of signs
" Rinne Breandán Ó Doibhlin deighilt tráth idir "léamh" agus "léitheoireacht", idir "scil a chuireann ar ár gcumas ciall a bhaint as an chóras comharthaí sin ar a dtugaimid scríbhinn" agus scil a chuireann ar ár gcumas córas comharthaí de chineál eile a léamh.
chóras traidisiúnta na hainmníochta the traditional system of naming
" Níl a fhios againn go fóill cé hé an gníomhaí ach ós é "Bullaí Mhártain" teideal an scéil, agus ó tá eolas againn ar chóras traidisiúnta na hainmníochta sa tsochaí Ghaelach, glacaimid leis - agus an ceart againn - gurb é Bullaí an gníomhaí agus gurb é Mártan an t-athair.
córas system
" Ar ríomhairí Linux, is féidir an córas Spam Assassin a úsáid agus tá scagairí bunaithe ar an gcóras sin ar fáil do Windows freisin.
córas ceart éifeachtach a proper and effective system
" Tá obair mhór ar siúl ag bainistíocht Átha Cliath faoi láthair chun struchtúr agus córas ceart éifeachtach a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go mbeidh foireann na hardchathrach in ann dul in iomaíocht leis na contaetha is láidre san am atá le teacht.
córas system
" Ní raibh córas ar bith ag na póilíní ná ag na maoir.
gcóras oibriúcháin operating system
" com/macosx/) agus tá dul chun cinn mór déanta ar an gcóras oibriúcháin Linux a aistriú freisin (http://borel.
chóras éigeandála emergency system
" "Ní raibh ach beirt nó triúr ar dualgas ag an stáisiún agus ní raibh aon chóras éigeandála acu.
gcóras daonlathach democratic system
" ca) ag moladh dá lucht leanúna baghcat a dhéanamh ar earraí atá déanta sna Stáit Aontaithe mar agóid in aghaidh an smachta atá ag na hollchorparáidí ar an gcóras daonlathach thall.
chóras éifeachtach effective system
" Tá na heagraíochtaí stáit ag rá go bhfuil méadú tagtha i mbliana ar líon na dturasóirí, ach is dócha nach gcreideann éinne sin agus, i ndáiríre, níl aon chóras éifeachtach acu le fás a thomhas ná le figúirí cearta a chur ar fáil.
córas system
bunaithe ar an gcóras oideachais based on the education system
" I bhfocail eile, tá gá le córas bunaithe ar an gcóras oideachais, is é sin áiseanna a bheith i ngach scoil sa tír agus oiliúnóirí/múinteoirí speisialta chun na gasúir a oiliúint i gceart.
leasú ar chóras na gceadúnas repeal of the licence system
" Baineadh amach cuid de na haidhmeanna a bhí ag na mianadóirí go gairid ina dhiaidh sin, ina measc leasú ar chóras na gceadúnas agus ionadaíocht parlaiminte.
chóras vótála leictreonraí electronic voting system
" Is léir nach bhfuil aon athruithe móra i ndán don dóigh a reáchtáiltear gnóthaí an Stáit ach amháin go bhfuil seans ann go ndéanfar an obair sin ar dhóigh níos éifeachtaí as seo amach (cé nach féidir a bheith ag súil go dtarlóidh sé sin i gcúrsaí iompair, b'fhéidir, de bhrí gurb é Martin Cullen atá sa chathaoir sin - eisean an té a chuir breis is €40 milliún d'airgead na gcáiníocóirí amú ar chóras vótála leictreonraí nach bhféadfaí a úsáid).
an córas daonlathach the democratic system
" Amannta is míbhuntáiste é an córas daonlathach seo toisc go mbíonn athruithe tábhachtacha mall ag teacht i bhfeidhm, ach is gné thábhachtach é freisin den CLG toisc go dtugann sé úinéireacht an chumainn do na gnáthbhaill, agus ar an gcaoi sin Cumann Lúthchleas Gael a choinneáil láidir sa phobal.
córas an chúldorais the backdoor system
" córas an chúldorais ======= Sa CLG, tá córais éagsúla eile i bhfeidhm atá an-mhíshásúil.
chóras toghchánach electoral system
" Rinneadh treisiú ar ár gcreideamh sa chóras toghchánach ar scoil; cé nach mbeadh cead againn a bheith páirteach sa chóras sin go mbeadh muid ocht mbliana déag, thosaigh muid ag dul i dtaithí air trí bheith rannpháirteach i "dtoghcháin" scoile gach ceithre bliana.
córas fotheidealaithe subtitling system
" Tá an córas fotheidealaithe is fearr ar domhan á úsáid againn sa chomhlacht.
chóras satailíte satellite system
" Dá bharr seo, tá daoine áirithe in Árainn agus Conamara ag smaoineamh ar chóras satailíte a chur isteach iad féin, córas a chosnódh €4,000 ag an tús agus trealamh curtha san áireamh.
chóras system
" Ach cén seans a bheadh ag iarrthóirí sóisialacha sa chóras faoi láthair? Beag an seans, ar ndóigh, go háirithe nuair is gá a rá sa Tionól - má bhíonn a leithéid arís ann - gur páirtí náisiúnach nó aontachtach thú.
córas system
" córas iontach soiléir atá ann, ina bhfuil chuile rud scríofa agus comharthaí i ngach áit.
córais oll-iompair uirbeacha urban mass transit systems
" Thar na blianta, tá sé tar éis cuid de na leabhair is tábhachtaí dá bhfuil ann a scríobh faoi na córais oll-iompair uirbeacha, ina measc *Under the Sidewalks of New York*, an staidéar deifnídeach, b'fhéidir, ar stair chóras Nua-Eabhrac.
chóras lochtach faulty system
" Ach ní léir go bhfuil aon leasuithe i ndán don chóras lochtach a chothaigh an fhadhb seo sa chéad dul síos.
chóras airgeadais financial system
" * Is furasta éirí searbh fán domhan seo a bhfuil muid beo ann, ach diaidh ar ndiaidh tá mé níos cinnte de go bhfuil gach uile aonarán, gach pearsa, faoi ionsaí ag an chóras airgeadais agus polaitíochta ó thuaidh, cé nach rud é seo a bhaineann leis an tuaisceart amháin, ar ndóigh.
sa chóras ballóide faoi rún in the secret ballot system
" Fágadh ar lár é i l994 de bharr locht sa chóras ballóide faoi rún, ach an bhliain chéanna sin, roghnaigh na himreoirí é mar "Imreoir na Bliana" agus ba é an rogha leis do dhuais Texaco, "Iománaí na Bliana"! Gné eile de scéim na Réaltaí a thug uchtach agus spreagadh d'imreoirí ná turas na Réaltaí.
de bharr chóras an "chúldorais" because of the 'backdoor' system
" Is cinnte go dtugann imreoirí taispeántais iontacha ar fud na tíre i rith na bliana, go háirithe le cúpla bliain anuas agus an méid sin cluichí breise ann de bharr chóras an "chúldorais".
córas nua tástála agus teastaithe a new system of testing and certification
" Córas Tástála Gaeilge ======= Faoi láthair, is é ceann de na tionscadail atá á fhorbairt faoi chúram Anna ná córas nua tástála agus teastaithe d'fhoglaimeoirí fásta Gaeilge.
córas na módúl the modular system
" Maidir leis na hathruithe eile atá molta do na hollscoileanna, d'éirigh linn tús a chur le córas na módúl gan stró i mbliana.
chóras cumhachtach na scoileanna paróiste the mighty parochial school system
" "Tá meath mór ag teacht ar chóras cumhachtach na scoileanna paróiste a d'fhás céad go leith bliain ó shin ó gheoiteonna na n-inimirceach, ar dhoras isteach sa tsochaí Meiriceánach é do na milliúin agus ar fhoinse cumhachta gan teorainn, beagnach, é d'institiúid na Eaglaise Chaitlicí," a scríobh Jim Dwyer le gairid sa New York Times.