Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ruball a chóta the tail of his coat
" Bhíodh réimse uirlisí á chasadh aige agus nuair a bhíodh air athrú ó cheann go ceann, ba mhinic a thógadh sé ruball a chóta agus go ndéanadh sé damhsa beag i lár an stáitse.
curtha ó chóta defrocked
" "Bhí sé deacair féachaint ar nuachtán agus léamh faoi sheisear sagart a bheith curtha ó chóta.
cótaí eireaballacha foirmeálta the formal tailed coats
" Fir óga ab ea móramh an Rialtais sin, formhór acu a bhí fós míchompordach sna bónaí crua sciathánacha, gan trácht ar na cótaí eireaballacha foirmeálta a thóg áit anois na seantuiní uaine a chaitheadar le mórtas – éide Óglaigh na hÉireann, éide gharchogaithe na saoirse, éide Arm na Poblachta.
spreachallaíodh a inchinn ar chóta Phadaí his brain was spattered on Padaí's coat
" Bhí Padaí in aice leis nuair a mharaigh snípéir é le piléar trína chloigeann ag Cath Jarama i mí Feabhra 1937 agus spreachallaíodh a inchinn ar chóta Phadaí.
cóta barrchaite, a threadbare coat,
" Tá a chuid gruaige in aimhréidh agus gan air ach cóta barrchaite, clóca ar a bharr agus é ceangailte le fáiscín déanta de shliogán muirín.
rug greim ar bhinn mo chóta. he grabbed the hem of my coat.
" Agus é gléasta in éadach an ama, tháinig sé aníos chugam agus rug greim ar bhinn mo chóta.
an cóta plaisteach the plastic coat
" Tá sé agam le dhá bhliain anuas ach tá an cóta plaisteach fós air.
An Crochadán Cóta The Coat Hanger
" Fearacht mhuintir Bhaile Átha Cliath, is breá leis na hAstrálaigh leasainmneacha a thabhairt ar ghnéithe poiblí, agus tugtar ‘An Crochadán Cóta’ go forleathan ar an ndroichead.
chóta a chrochadh air hang a coat on
" ‘Nach bhfuil leathuair agam!’ An fear ba ghaire dom féin, bhí airde mhór ann, hata stetson ar a cheann, agus croiméal a bhféadfadh duine a chóta a chrochadh air.
Más Gar do Dhuine a Chóta if one's coat is close to
más deas do dhuine a chóta if one’s coat is close to one
" De réir an tseanfhocail, más deas do dhuine a chóta is deise dó a léine, ach níorbh amhlaidh a bhí cúrsaí an iarraidh seo.
cuardaíodh cochall a cóta the hood of her coat was searched
" Ach nuair a cuardaíodh cochall a cóta thángthas ar bhuidéal *Pantene Smooth and Sleek Shampoo with Anti-Ageing Serum*! Samhlaigh sin i gcochall do chóta trí thimpiste, mar dhea!’ An tUasal Ó Srutháin ========== Tá Garth Brooks le teacht go Páirc an Chrócaigh.
Cinéal Bodach an Chóta Lachtna a type of successful if awkward person
" Cinéal Bodach an Chóta Lachtna atá sa bhfear céanna, é meáite ar na ceantair is iargúlta a thaobhú más féidir.
Más gar do dhuine dearadh a chóta if one values the design of one’s coat
" Más gar do dhuine dearadh a chóta is gaire dó ealaín a léine.