Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
istigh agus amuigh le cúig bliana the better part of five years
" Cé go raibh seanaithne acu ar a chéile ó bhí siad beirt ar an ollscoil i nGaillimh, bhí sé istigh agus amuigh le cúig bliana ó chonaic siad a chéile anois.
ceangal na gcúig gcaol air bound hand and foot
" Príosúnach bocht ceangailte de stáca, ceangal na gcúig gcaol air.
chúig scillinge five shillings
" Sa bhliain 1736 cheannaigh beirt deartháireacha, Seán agus Pádraig Mac Grianna as na Stacarnaigh in aice Mhín an Lábáin, an baile ar £5 agus cíos de chúig scillinge sa bhliain.
cúig mhórarm impiriúil five large imperial armies
" "Ó aimsir na Rómhánach anall cailleadh cúig mhórarm impiriúil sa bhfásach sin," a déarfas duine amháin acu, agus beidh an ceart aige.
ní phléascann cúig faoin chéad acu 5% of them don't explode
" Ar an mheán, ní phléascann cúig faoin chéad acu agus bíonn siad ina luí ansin ar an talamh.
cúig cheadúnas shealadacha five temporary licences
" Ar deireadh d'ordaigh an tAire Mara Frank Fahey go ndéanfaí an bád a chlárú mar *"merchant vessel"* agus bhronn cúig cheadúnas shealadacha air, cinneadh a sháraigh rialacha an Choimisúin.
cúig uaire níos minice ná an meán five times more often that the average
" Dar le Google, cliceálann daoine ar a fhógraí cúig uaire níos minice ná an meán d'fhógraíocht ar líne.
cúig chúnant idirnáisiúnta five international covenants
" De réir na heagraíochta Simon, tá ceart chun dídine leagtha síos in ar a laghad cúig chúnant idirnáisiúnta atá sínithe ag an stát seo agus, mar sin, ba chóir a leithéid de cheart a scríobh isteach sa Bhunreacht.
cúig oiread ama five times as long
" "Ní chuirfeadh muid suas go deo le córas faoina gcaithfeadh mná fanacht cúig oiread ama chun tástáil a fháil déanta ar a gcuid fola, fiú dá mbeadh cuid fola na bhfear agus na mban á tástáil ar chúiseanna difriúla," a dúirt Banzhaf.
cúig troithe sé horlaí five feet six inches
" "Píosa mór cúig troithe sé horlaí atá ann, cruth mná déanta go tríthoiseach, go hiomlán as corc.
cúig dhúnmharú a scrúdú to study five murders
" Mar chuid den phróiseas síochána, ag na cainteanna i bPáirc Weston i 2001 d'fhógair an dá rialtas go raibh siad chun iarraidh ar an mBreitheamh Peter Cory ó Cheanada cúig dhúnmharú a scrúdú le feiceáil an raibh fianaise ann go raibh claonpháirteachais ar siúl ag na fórsaí slándála.
faoi cheann cúig bliana within five years
" faoi cheann cúig bliana aimsíodh ceimicí a bhain an aidhm chéanna amach agus ní raibh suim ag na feilméaraí sa mbuaf níos mó.
cúig éileamh five demands
" Mar bharr ar an donas, tugtar le fios go raibh ar a laghad beirt sásta bás a fháil in onóir iad siúd a bhásaigh rompu, cé go raibh a fhios go maith acu nach raibh seans faoin spéir go mbainfidís na cúig éileamh a bhí á lorg acu amach.
cúig úraitheoir aeir bhándearga, phlaisteacha five pink plastic air fresheners
" jpg) Díreach in aice leis an seastán seo, tá leithreas, agus tá cúig úraitheoir aeir bhándearga, phlaisteacha ina suí ar a bharr.
chúig chuimhneachán five memorials
" Thugamar cuairt ar dhá reilig agus ar chúig chuimhneachán i rith an lae, Geata Menin san áireamh, áit a ndéantar an “Last Post” gach uile lá, ar a bhfuil 54,000 ainm scríofa d’fhir atá caillte, gan tásc ná tuairisc, áit éigin i bhFlanders, na céadta Éireannach ina measc.
cúig óráid five speeches
" Agus mar sin, ó Shamhain 2005 amach, thug an tUachtarán Bush cúig óráid don náisiún, faoi shlándáil, shaoirse, agus an Iaráic den chuid is mó.
cúig bhailiúchán five collections
"cúig bhailiúchán ann agus an ceann is tábhachtaí díobh ag díriú ar shaothar ón 15ú haois go dtí an 19ú haois.
cúig spóca five spokes
" Thart timpeall ar an ríl, tá cúig spóca le feiceáil agus seasann gach ceann acu d’earnálacha éagsúla an Acadaimh: na haisteoirí, na scríbhneoirí, na stiúrthóirí, na léiritheoirí agus na teicneoirí.
faoi ionsaí ag cúig ainmhí being attacked by five animals
" Tá íomhá ar cheann acu d’fhear faoi ionsaí ag cúig ainmhí – is dócha gur scéal Dhainéil agus na leon atá i gceist.
óstán cúig réalta a five-star hotel
" óstán cúig réalta Chuamar amach ar bhád iascaireachta go hOileán Benguerra agus chaitheamar oíche ansin.
faoi cheann cúig bliana in five years' time
" Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag CnG faoi cheann cúig bliana*.
cúig bhairille pórtair five barrels of porter
" Bhrúigh Balor an Biatach Blonagach a bhealach fríd na sluaite, bhailigh sé cúig bhairille pórtair leis ón bheár, agus ar aghaidh leis amach go dtí forhalla an óstáin, áit a raibh rudaí ní ba shéimhe, ní ba chiúine, ní ba chosúla leis an seanam, agus áit a raibh cuid mhór de sheanchairde Bhaloir cruinnithe le bheith ag ól agus ag ceol go maidin.
cúig choláiste oiliúna five training colleges
"cúig choláiste oiliúna do mhúinteoirí bunscoile sa Phoblacht: Coláiste Phádraig, Droim Conrach; Coláiste Mhuire, Marino; Coláiste Frobel, an Charraig Dhubh; Coláiste Eaglais na hÉireann, Ráth Maoinis agus Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.
bheadh cúig cinn as chéile gnóthaithe. five in a row would have been earned.
" Bhuadar an chraobh ceithre huaire (78 – 81) agus trí huaire (84-86) as a chéile agus murach cúl Shéamuis Uí Dhairbe d’Uíbh Fhailí i 1982 bheadh cúig cinn as chéile gnóthaithe.
Reáchtálfar na cúrsaí cúig lá the five-day courses will be run
" Reáchtálfar na cúrsaí cúig lá i Sabhal Mòr Ostaig (www.
Cúig imleabhar five volumes
" Cúig imleabhar atá i gceist, a fhoilseoidh Oxford University Press, agus tá an chéad cheann foilsithe cheana, Imleabhar III, a phléann an leabhar i mBéarla ó 1550 – 1800, é curtha in eagar ag Andrew Hadfield agus Raymond Gillespie.
cúig scannán déag faisnéise fifteen documentaries
"cúig scannán déag faisnéise déanta aige agus is é “Teenage Kicks”, faoin bhanna ceoil The Undertones, an ceann is clúití acu.
tuairim is ar chúig bliana around five years
" ” Thóg sé tuairim is ar chúig bliana ar Liam beathaisnéis Uí Eithir a chur de.
ceithre nó cúig huaire ar leith le seachtainí beaga anuas. on four or five separate occassions
" Ach tharla go raibh an Ghaeilge faoi chaibidil agam le cairde éagsúla de mo chuid ceithre nó cúig huaire ar leith le seachtainí beaga anuas.
a bhuaigh cúig shuíochán Tionóil which won five Assembly seats
" Níl sé féaráilte an locht a chur ar pholaiteoir amháin – agus admhaíonn Squinter nach bhfuil aon duine gan locht – ach seo páirtí a bhuaigh cúig shuíochán Tionóil as sé cinn in Iarthar Bhéal Feirste; tá siad gach áit, i ngach grúpa, i ngach eagraíocht eacnamaíoch, cultúrtha, forbartha, cibé.
le linn na cúig bliana forghabhála during the five years of occupation
" Sna cúigí ciúineAisteach le rá níor cailleadh fiú duine amháin de na saighdiúirí Astrálacha i gcoimhlint armtha le linn na cúig bliana forghabhála – cailleadh saighdiúir amháin nuair a scaoileadh é de thaisme ina seomra leapa lena phiostal féin.
Tá cúig bliana imithe tharainn five years have gone past
" Tá cúig bliana imithe tharainn ó bhí Kíla ar camchuairt sna Stát Aontaithe.
laghdú cúig déag faoin gcéad 15 per cent reduction
" Buaileann Rónán isteach agus labhraíonn an triúr againn faoi chúrsaí ceoil i gcoitinne – faoin gcéad singil a cheannaíomar, “Mull of Kintyre”, a bhí mar bhronntanas do mo sheanmháthair; faoin gcéad cheolchoirm ar fhreastalaíomar uirthi, Lark in the Park le U2 i 1978; faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain (le sé mhí anuas, cuir i gcás, tá laghdú cúig déag faoin gcéad i ndiaidh theacht ar mhargadh na gceirníní sna Stáit Aontaithe).
comóradh cúig bliana déag 15th anniversary
" " Agus anois, agus comóradh cúig bliana déag na seirbhíse á cheiliúradh, céard iad na príomhrudaí atá bainte amach ó bunaíodh an stáisiún? “Ghlac Raidió na Life céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh i mbliana nuair a chuir muid go suntasach lenár n-uaireanta craolta – ó cúig huaire déag in aghaidh an lae go fiche uair in aghaidh an lae, agus ceithre huaire is fiche in aghaidh an lae ag an deireadh seachtaine.
Cúig Mholadh five proposals
" Cúig Mholadh * Tosóidh mé le costas na státseirbhíseach atá fostaithe in oifigí dáilcheantair agus príobháideacha ár n-Airí Rialtas le hobair dáilcheantair a dhéanamh dóibh.
chúig fán gcéad breise extra 5%
" As na cúinsí sin uilig a tháinig bronntanas an chúig fán gcéad breise sin.
chúigiú is cúig fhichead 125th.
" Cé go bhfuil contaetha ar nós na Gaillimhe, an Chláir agus Uíbh Fhaillí tagtha chun cinn san iomáint ó shin i leith, agus gur éirigh le hArd Mhacha agus Tír Eoghain sa pheil, is díol spéise gurb iad na contaetha a bhí láidir go seasta san am, Ciarraí, Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann, atá chun tosaigh in athuair sa chúigiú is cúig fhichead bliain ó bunaíodh an cumann.
cúig ghlúin 5 generations
" Is é seo an cineál eolais atá de dhíth má táimid lenár scéal a mheas, beartú i gceart dá réir agus a theacht ar an mbuille ceart righin tomhasta le sinn a thabhairt as an ghá a bhfuilimid ann le cúig ghlúin anuas go dtínár linn féin.
cúig faoin chéad 5%
" Ní thugann ach cúig faoin chéad de chuairteoirí eachtracha cuairt ar Dhún na nGall mar go mbraitear gur áit scoite í, de réir Murray.
faoi cheann cúig bliana in five years time
" Cén tír eile a déarfadh go raibh oideachas curtha ar dhaoine agus gan na teangacha oifigiúla a bheith múinte do scoláirí na tíre sin! Agus deireadh ag teacht le tréimhse an rialtais seo, tá súil agam, pé ar bith rialtas a thiocfaidh i gcumhacht ina ndiaidh, go mbeidh sé le rá acu siúd faoi cheann cúig bliana, go bhfuil an oiread déanta acu siúd don Ghaeilge agus atá déanta ag na rialtais a bhí ann ó 1997 i leith.
fiche is a cúig faoin gcéad 25%
" Tá sé i gceist agam na tuarastail a ghearradh síos go dtí fiche is a cúig faoin gcéad dá bhfuil ar fáil acu faoi láthair.
cúig cinn acu five of them
" Rinne mé réiteoireacht ar bhreis is 5,000 cluiche measaim– ní dóigh liom go raibh oiread is cúig cinn acu sin nár bhain mé taitneamh astu.
cúig abairt five sentences
" Luaigh an Taoiseach an lá céanna sin thuasluaite, 16 Feabhra 2011, nach raibh daltaí meán scoile in ann “cúig abairt Gaeilge a chur i ndiaidh a chéile” tar éis 13 bliain staidéir ar an Ghaeilg amhail is gur chruthú an méid sin nach raibh rath ar an gcóras.
cúig dhuine dhéag 15 people
" au/exhibitions/irish_in_australia/personal_stories/) Roghnaíodh cúig dhuine dhéag, meascán idir Éireannaigh a tháinig chun na hAstráile ar inimirce agus dhaoine de shliocht Éireannach, agus iarradh orthu a mbaint reatha le hÉirinn a insint.
cúig shuíochán five seats
" Go dtí an mhí seo caite, ba mhionpháirtí polaitiúil náisiúnach iad nach raibh ach cúig shuíochán san Eduskunta (Dáil na Fionlainne) acu.
cúig faoin chéad 5%
" Rugadh níos lú ná cúig faoin chéad acu siúd thar lear.
fiche cúig 25
" **LNC: Conas agus cathain ar tosnaíodh an ISS agus an féidir leat an obair á dhéantar anseo a mhíniú dúinn?** S: Bhí bunaitheoir an ISS, Brendan Price, ag obair mar mhaor ag gairdín na n-ainmhithe fiche cúig bliain ó shin.
Thugas cúig bliana I spent five years
" Cén fhaid a chaith tú leis an gcomplacht? Bhí tú i do stiúrthóir ar an gcomplacht - cé hiad na scríbhneoirí a bhí agat? **CNíA**: Thugas cúig bliana i mo stiúrthóir ar an gcomplacht.
cúig chloigeann déag fifteen
" Thart ar dhoisín nó cúig chloigeann déag ansin.
tuairim is cúig about five
" I mí na Bealtaine 1917 a rugadh Fuller i bhFíonach, baile fearainn atá tuairim is cúig mhíle ó bhaile Thrá Lí, i Contae Chiarraí.
buaite faoi chúig won five times
" Cách ar Tinneall ======= Rogha na coitiantachta a bhí inti le fada, ní nach ionadh agus Craobh na hEorpa buaite faoi chúig agus craobh an Domhain faoi cheathair.
tuairim is cúig bliana ar an meán around five years on average
" Meastar - agus níl ann ach garmheastachán - go gcaitheann teifigh san Áise tuairim is cúig bliana ar an meán ag feitheamh sula bhfaigheann siad cead dul chuig tír éigin ar imirce.
amuigh is istigh ar chúig bliana a chaitheamh sna hionaid to spend in or about five years in the centers
" Táthar ag súil go mbeidh ar na teifigh amuigh is istigh ar chúig bliana a chaitheamh sna hionaid ar na hoileáin bhochta iargúlta seo sula bhfaigheann siad meas ar a n-iarratas tearmainn, agus ní bheidh aon chinnteacht leo go bhfaighidh siad cead teacht chun na hAstráile.
daichead ’s a cúig forty five
"daichead ’s a cúig staisiún Garda druidte le mí anuas; tá siopaí ag drud ceann i ndiaidh an cheann eile agus tá foirne peile gan imreoirí agus iad ag impí ar na seanimreoirí toggáil amach arís.
bhfuil ceangal na gcúig gcaol orainn we’re completely restricted
" An é anois go bhfuil muintir na hÉireann ag an phointe go bhfuil ceangal na gcúig gcaol orainn agus nach féidir linn éalú uaidh cuma cad a tharlaíonn?
cúig éileamh five demands
"cúig éileamh acu, ina measc go múinfí na teangacha áitiúla Dúchasacha san ollscoil agus go gcuirfí níos mó scolaireachtaí ar fáil do mhic léinn Dúchasacha.
cláraigh leo in achar cúig bhomaite registered with them in the space of five minutes
" Nuair nach raibh an leabharlann áitiúil in ann cuidiú liom, thiomáin mé chuig an chontae is gaire dom, cláraigh leo in achar cúig bhomaite, agus fuair cúrsa maith móide roinnt leabhar ar iasacht.
gearradh cúig bliana déag géibhinn orthu they were sentenced to 15 yrs in jail
" Ciontaíodh an seisear as comhcheilg áiteanna éagsúla in Sydney, príomhchathair New South Wales (NSW), agus sa cheantar máguaird a bhuamáil agus gearradh cúig bliana déag géibhinn orthu.
cúig réalta five stars
" Ó thaobh chúrsaí sabháilteachta de, ghnóthaigh an T250 cúig réalta sa Euro Ncap – eagras atá i mbun scrúduithe sabháilteachta san Eoraip agus a chuireann in iúl don chustaiméir cé chomh slán agus atá na gluaisteáin ar fad atá ar fáil ar an Mór-Roinn.
cúig dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile five weekends on the trot
" Bíonn bearnaí rófhada idir cuid de na cluichí faoin gcóras atá ann agus deifir rómhór le cluichí a imirt i gcomhthéacsanna eile – cúig dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile, b’éigean d’iománaithe Átha Cliath dul chun páirce de thoradh dhá chluiche comhscóir, agus gan mí an Mheithimh a bheith thart ach ar éigin! Lá tar éis chluiche úd Luimnigh i gcoinne Thiobraid Árann, thug bainisteoir fhoireann Luimnigh, John Ó hAilín, le fios gur cheap sé sna laethanta roimh an gcluiche go mbuafadh Luimneach.
An Ceistiú Cúig Uair an Chloig the five hour questioning
" An Ceistiú Cúig Uair an Chloig ============= Ceistíodh Zimmerman ar feadh cúig uair an chloig an oíche sin, ach ligeadh saor gan chúiseamh é faoi dheireadh na hoíche.
cúig mhí dhéag caite fifteen months past
"cúig mhí dhéag caite ó fógraíodh go caithréimneach ‘go raibh cuireadh tugtha do 6 cheantar pleanála teanga tosnú láithreach’ leis an bpleanáil teanga.
le hais mar a bhí cúig bliana ó shin compared to five years ago
" Smaoinigh ar cé chomh uileláithreach is atá uirlisí soghluaiste agus na meáin sóisialta le hais mar a bhí cúig bliana ó shin.
cúig troithe agus seacht n-orlaí ar airde five foot seven inches tall
" I measc na gcnámh éagsúil, fuaireas iarsmaí d’fhear a bhí cúig troithe agus seacht n-orlaí ar airde, a bhí tógtha go maith agus a bhí idir seasca agus seachtó bliain d’aois nuair a fuair se bás, go díreach mar bhí Naomh Peadar é féin, de réir dealraimh.
ach cúig mhíle fanta only five miles left
" Níl ach cúig mhíle fanta, geábh a rithinn faoi dhó gach seachtain san am roimhe seo.
i gceann cúig bliana in five years time
" Tá cinneadh gan freasúra glactha ag Comhairle Chathair Dhoire ar na mallaibh, fágaim, le bheith san iomaíocht leis an ghradam Cathair Chultúir na hEireann a bhaint amach i gceann cúig bliana.
d’óstáin cúig réalta five star hotels
" Luaigh sé roinnt tithe tábhairne mar shamplaí d’áiteanna tábhachtacha stairiúla, agus trí cinn d’óstáin cúig réalta – péire acu in Santa Monica, California, agus an tríú ceann in Kuala Lumpur.
cúig bhomhaite is fiche 25 minutes
" Ina ainneoin sin ní dhearna sé aon stad – ná fuaradh ach oiread – ina chuid cainte gur chaith sé cúig bhomhaite is fiche ag caint faoi mhórán de na daoine a bhí cruinnithe os a chomhair sa halla, agus ag caint faoi féin agus faoina chuid gaiscí polaitiúla.
cúig ghearrdhráma five short plays
" Is éard atá in *Arrivals* ná cúig ghearrdhráma scríofa ag tuaisceartaigh nó ag daoine atá ina gcónaí anseo ag inse scéalta chuid de na hinimircigh atá ag cur fúthu ó thuaidh.
cúig faoin chéad five per cent
" Cuid de na daoine, tá siad cúig faoin chéad Éireannach, cuid eile, b'fhéidir, 25%.
cúig troighe dhéag fifteen foot
" Bhí roinnt mhaith de na craobhacha seo cúig troighe dhéag ar airde agus breis.
cúig naíonra five pre-school(s)
" Chomh maith leis an bhunscoil, tá cúig naíonra faoi stiúir Mooinjer Veggey (muintir bheag) ar fud an oileáin anois.
le cúig bliana anuas for the last five years
" Tuigeann i bhfad níos mó daoine pian an rothar ghoidte anois agus an scéim Rothar Chun Oibre linn le cúig bliana anuas.
cúig stad déag fifteen stations
" Déantar an turas seo de ghnáth ag meánoíche ar 9ú Meitheamh (Lá Fhéile Cholm Cille) nuair a shiúlann na hoilithrigh thart cúig stad déag atá scaipthe ar fud na Glinne.
thar thréimhse cúig bliana over the period of five years
" Gan obair, agus gan airgead, chuaigh go leor de na Sunnaígh (cuid mhaith acu iaroifigigh airm) isteach sna ceannaircigh, agus b’shin ba chúis leis an éirí amach a mharaigh na mílte saighdiúirí Meiriceánacha sa tír sin thar thréimhse cúig bliana nó mar sin.
comóradh cúig bliana déag 15th anniversary
" Agus comóradh cúig bliana déag Raidió na Life á cheiliúradh i mbliana, labhair Caoimhe Ní Laighin le bainisteoir an stáisiúin, Muiris Ó Fiannachta, faoin méid atá bainte amach ag an tseirbhís ó bunaíodh í agus faoin gcóisir “leictreach” a bhí ar siúl le gairid chun a breithlá a cheiliúradh!
chúig phointe five points
" Tá Balor ag dearcadh go nimhe neanta ar chúig phointe Fhine Gael, ar a ‘gcroí-ábhar’ agus ar an té a cheap croí-ábhar ar leith a dhíbirt as scoileanna na tíre, sea, Enda, an Taoiseach Taoscach.