Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar chuile chúinne dorcha on every dark corner
" Tá sé thar am an rúndacht seo a scuabadh chun siúil, agus solas a chaitheamh ar chuile chúinne dorcha atá fanta i dtithe an stáit.
chúinní ceilte na cathrach the hidden corners of the city
" Toisc na cairde atá agam, tá eolas curtha agam ar chuid de chúinní ceilte na cathrach agus na tíre nach bhfeicfeadh an gnáthchuairteoir.
timpeall an chúinne around the corner
" “Fostaíodh mé mar fhreastalaí in Renards, teach tábhairne agus club oíche ar Shráid Freidric Theas, timpeall an chúinne ón Language Centre, agus chuaigh agam aon oíche amháin a thabhairt ag obair mar fhreastalaí! Bhí mé tubaisteach.
mar chúinne beag iargúlta den Ríocht Aontaithe as a remote little corner of the United Kingdom
" Is léir mar sin nach dtig caitheamh le hAlbain a thuilleadh mar chúinne beag iargúlta den Ríocht Aontaithe a shamhlaítear le Braveheart, barraí seacláide domhainfhriochta agus Rab C Nesbitt! Is le héad a amharcann náisiúnaithe na hAlban trasna Shruth na Maoile ar rath an Tíogair Cheiltigh.
an cúinne dalba the bold corner
" Ach cén mhaith é guth a thabhairt dúinn mura nglacfar le toradh an ghutha sin? **Conradh Nice**Nuair a dhiúltaigh Éire do Chonradh Nice sa bhliain 2001, eagraíodh reifreann eile go luath ina dhiaidh sin lena chinntiú go bhfaighfí an toradh ceart! Bheadh sé doiligh go leor don AE a leithéid a dhéanamh arís an iarraidh seo, go háirithe ó tharla nár cuireadh toghlach na Fraince agus na hÍsiltíre go dtí an cúinne dalba nuair a dhiúltaigh siadsan don Bhunreacht.
cúinne folamh empty corner
" Ag siúl timpeall na dtithe beaga, thugainn faoi deara go raibh úsáid bainte as gach uile spás, ach amháin cúinne folamh sa seomra tosaigh.
barraí gan bhaint a fhágáil i gcúinne amháin de pháirceanna to leave uncut crops in one corner of fields
" Nós ársa in Éirinn ab ea é, aimsir an fhómhair, barraí gan bhaint a fhágáil i gcúinne amháin de pháirceanna ionas go mbeadh áit éigin ag an ngiorra le héalú chuici.
cúinne na háirse corner of the arch
" Tá beirt ghardaí óga ina seasamh ag cúinne na háirse agus iad ag caint go gasta, níl spéis dá laghad acu in aon rud thart timpeall orthu.
i dtreo na gcúinní towards the corners
" Measaim féin go gcaithfidh foireann iarracht a dhéanamh an cluiche a imirt ar bhealach nach bhfeilfidh sé do Chill Chainnigh - an sliotar a choinneáil ag gluaiseacht go híseal agus go tapa ó thaobh go taobh agus i dtreo na gcúinní agus síos fan na gcliathán, nó, mar a rinneadh ó am go ham cheana, imreoir a thógáil as na tosaithe agus a chur ag imirt taobh thiar dá leathchúlaí láir mar a rinne Áth Cliath i gcoinne Chill Chainnigh le déanaí.
chúinne corner
" Bhí Union Jack sa lár, ach sna ceithre chúinne bhí brat ó Shasana, Alban, An Bhreatain Bheag agus trídhathach na hÉireann agus an mana *'Europe in one city*' air!!! Seo i gcathair atá lán de na fir bhuí, dream a iompraíonn brat dílseachta Uladh ar a gcuid paráidí go rialta.
chúinne nook, corner
" Ní raibh mé cinnte faoina fhiúntas sa chúinne seo den tír.
chúinne corner
" Níl an Sunset cóngarach do lár na cathrach, atá ar chúinne thoir-thuaidh na leithinse, ach tá ceannstáisiún líne tram ann, Zú San Francisco, agus, ar ndóigh, Lárionad Cultúrtha na hÉireann, ina raibh mé ag teagasc Gaeilge don Deireadh Seachtaine.
gcúinne corner
" Mar sin, tháinig an t-uachtarán Obama amach as an gcúinne ag tarraingt faoi smigeanna ar gach taobh.
chúinne an tí corners of the house
" In Éirinn, mharaítí muc nó coileach ar an lá sin agus spréití cuid den fhuil i gceithre chúinne an tí chun an teach agus an teaghlach a chosaint ar olc.
siopa cúinne corner shop
" Bhíodh daoine ag ceannach sna siopaí áitiúla roimhe seo, ag an mbúistéir, an báicéir, ag an siopa cúinne agus mar sin de.
Cúinne na Cainte Speakers Corner
" Roimhe sin, bhunaigh mé Cúinne na Cainte i mBÁC, ar nós Speakers Corner i Londain.
a chúinne a throid fight his corner
" Chreid mé ag an am nach bhféadfaí duine ní b’fhearr a fháil leis an nGaeltachta a tharrtháil: polaiteoir a thuig cás na Gaeltachta, a chreid in úsáid na Gaeilge ina shaol pearsanta agus ina shaol poiblí agus duine cumasach a fáisceadh as saol na Gaeilge, a bheadh in ann a chúinne a throid ag bord an Rialtais.
cúinní na cathrach corners of the city
" Agus ar ndóigh, tarraingíonn na comhdhálacha seo daoine as cúinní na cathrach nach bhfacthas timpeall cheana.
gcúinne amháin one corner
" Búrcaigh agus Uí Néill i gCroílár na Brataí ================= Lena ndílseacht a dhéanamh níos soiléire, bhí bratacha ag an *Aviva* a raibh meirge Uladh agus Bratach an Aontais i gcúinne amháin air, ar eagla go mbeadh dul amú ort.
chúinne seo this corner
" Ba iontach an lá peile é, agus is mór an chreidiúint atá ag dul do lucht eagair an chomórtais, chomh maith leis na foirne a thug orthu féin an t-aistear fada chun an chúinne seo den tír a dhéanamh.
gcúinne thoir ó dheas south east corner
" Níl aon sliabh ar Í agus tá roinnt cnocán ann atá cúpla céad troighe ar airde ar a mhéad: Dùn Ì agus Cnoc nam Bradhan sa gcuid thuaidh den oileán, Carn Cùl ri Èirinn sa gcúinne thoir ó dheas agus Sithean Mor i lár an oileáin.
timpeall an chúinne round the corner
" D’fhéadfaí í a leanacht timpeall an chúinne, i ngan fhios di b’fhéidir, sa chaoi go dtiocfaí aníos léi agus dúshlán cainte a thabhairt di, in áit a bheith ag tathaint uirthi, rud ar bith le teacht thart uirthi.
in aon chúinne in any part
" (Is miorúilt bheag gur bhain muid an dá ghlúin deiridh aisti mar theanga in aon chúinne den tír, agus táimid faoi chomaoin ag an dá ghlúin sin a thug a fhad linn í.
i gcúinní dorcha, deannachúla in the dark dusty corners
" Tá na nuachtáin sin uilig imithe ar shlí na fírinne agus níl teacht ar an chuid is mó dá raibh iontu ach ar mhicrifís i gcúinní dorcha, deannachúla na Leabharlainne Náisiúnta.
ina cholúnaí i gcúinne na healaíne as a columnist in the arts section
" Foilsíodh na haltanna don chéad uair ar an iris idirlín Beo! mar ar chaith an t-údar cúig bliana ina cholúnaí i gcúinne na healaíne.
cibé ar bith atá timpeall an chúinne whatever is around the corner
" Is cuma cén saghas gnó atá i gceist mar cá bhfios dúinn céard é an chéad réabhlóid teicneolaíochta eile? Muna bhfuil tuairim agat faoin réabhlóid seo beidh tú go hiomlán sa dara áit le ‘augmented reality’ nó ‘convergence’ nó cibé ar bith atá timpeall an chúinne.
cúinní sráide street corners
" Bhí na tionóntáin ag cur thar maoil le daoine agus ba ghnách leis na fir óga, dífhostaithe teacht le chéile ag cúinní sráide.
tabhairt faoi chúinne dorcha dúr get into a dark and gloomy nook
" Chuige sin, níl an dara rogha ag lucht na teanga (lasmuigh den Ghaeltacht) ach dreamanna comhrá eagraithe a chur ar bun agus tabhairt faoi chúinne dorcha dúr chun dul i mbun cainte.
téann muid timpeall cúinne amháin we round one corner
" Aithním Faiche Stiabhna, ach ar éigean, ó téann muid timpeall cúinne amháin agus ar aghaidh trí Shráid Chill Dara go Sráid Nassau.
i gcúinne éigin in some corner
" Ar tugadh bata agus bóthar don gcailín bocht aimsire úd a luaitear? ’Bhfuil a cnámha siúd caite i gcúinne éigin den chill chéanna? Gach seans go bhfuil.
Gar don mbratach chúinne a bhíos close to the flag in the corner where I was
" Gar don mbratach chúinne a bhíos, im’ shuí i measc mo mhuintire.
cúinne corner
" Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil an saol ag athrú agus tá polaitíocht an stáit tar éis athrú sa dóigh nach saor, glan beann, aon stát feasta, SAM san áireamh, ar an suaitheadh ilnáisiúnta a bhain siar as gach cúinne den domhan le bliain anuas.
uachtar cúinne a mbrataí the upper corner of their flag
" Ní beag an líon Astrálach atá míshásta le Jeaic an Aonaigh in uachtar cúinne a mbrataí.