Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúinsí circumstances
" Ach nach fearr cabhrú leo foghlaim conas dul ag iascaireacht agus conas muinín a bheith acu iontu féin leis an scil a fhorbairt, agus tuiscint conas athrú nuair a thagann athrú ar na cúinsí.
faoi chúinsí áirithe thar na bearta in certain extreme circumstances
" Tá sé deacair acu glacadh leis go bhféadfadh duine ar bith againn, faoi chúinsí áirithe thar na bearta, an rogha mhícheart a dhéanamh.
cúinsí eacnamaíochta economic circumstances
" Ar ndóigh, caithfear a chur san áireamh nach bhfuil na teaghlaigh leath chomh mór anois, ar an meán, is a bhídís scaitheamh den tsaol, agus fágann sin go bhfuil lagan ar an líon daoine óga, gan cúinsí eacnamaíochta a chur san áireamh, beag nó mór.
cúinsí stairiúla historic circumstances
" Leis an ghás a dhíol bheadh orthu é chur i bpíopaí chun an chósta sa tSile nó i bPeiriú, rud nár thaitin leis an daonra ar chor ar bith de thairbhe cúinsí stairiúla.
cúinsí stairiúla historic circumstances
" asp) Cuid 1 den alt anseo Is dócha go bhféadfaí an cheist a chur, cén fáth a bhfuil suim chomh mór sin ag na daoine anseo sa Ghaeilge, agus sna Ceiltigh go háirithe? Bhuel, de réir mar a thuigimse, tagann cúinsí stairiúla agus polaitiúla isteach sa scéal.
cúinsí circumstances
" Cumhacht na gaoithe ======= Is beag is féidir le Rialtas na hÉireann, ná go deimhin leis an gCoimisiún Eorpach, a dhéanamh faoi na cúinsí sin ar fad.
cúinsí athraitheacha changing circumstances
" ) Bhí Murphy chun a rá gur "fréamhacha" a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta agus go gcaithfeadh na hinstitiúidí fás agus forbairt de réir cúinsí athraitheacha.
chúinsí circumstances
" Dá gcuirfí ceist ortsa cén dúshlán is mó atá ag Éirinn sa bhliain atá amach romhainn, cén freagra a thabharfá ar an cheist sin? Laghdú a dhéanamh ar an slad ar na bóithre? An rialtas a athrú? Leapacha a fháil sna hospidéil dóibh siúd atá tinn agus sean? Praghsanna earraí agus seirbhísí a laghdú? Scoileanna nua a thógáil agus bail a chur orthu sin atá i ndroch-chaoi? Tuilleadh gardaí bheith ag siúl na sráide? Iarracht a dhéanamh ar fhadhb an ólacháin a réiteach? Tá a thosaíocht féin ag gach duine, ag brath ar chúinsí a shaoil agus ar a riachtanais phearsanta.
a aimsíonn an scór faoi na cúinsí sin who scores under those circumstances
" Is túisce a bhronnfainn an cúilín breise ar an imreoir a aimsíonn an scór faoi na cúinsí sin ná i gcás poc saor ón talamh.
ag brath ar chúinsí geilleagracha depending on economic circumstances
" Ach, cé go ndúirt an Taoiseach sa Dáil go bhfuil “airgead sa bhuiséad do Chonair Iarnróid an Iarthair” dúirt sé freisin - agus go cúramach - nach dtabharfar faoin tionscadal iomlán ar dtús, ach go ndéanfar an fhorbairt céim ar chéim, ag brath ar chúinsí geilleagracha.
cúinsí polaitiúla political circumstances
" ” Chaill Gael Linn an deontas a bhí á fháil acu le haghaidh scannánaíochta de bharr “cúinsí polaitiúla” sna seachtóidí, ach lean Marcus ar aghaidh lena chuid scannánaíochta féin.
i gcúinsí pearsanta duine in a person's personal circumstances
" Thig le hathruithe i gcúinsí pearsanta duine a chuid caiteachais a chur bun os cionn agus tá sé rífhurasta airgead a fháil ar cairde, bíodh sé ó na hinstitiúidí airgeadais nó ó iasachtóirí neamhscrupallacha na cúlsráide.
na cúinsí céanna teanga the same language conditions
" Ar cheart go gcuirfí na cúinsí céanna teanga san áireamh le srian a chur ar thógáil i mBaile Chláir is a chuirtear san áireamh ar an Cheathrú Rua, mar shampla? Bhí an neamhréir seo rí-shoiléir i dtoghchán an Údaráis anuraidh fiú, tráth ar toghadh ionadaithe ar bheagán Gaeilge ó bhruachbhailte na Gaillimhe fad is a fágadh áiteanna eile i gcroílár na Gaeltachta gan ionadaíocht.
cúinsí circumstances
" Ach thuig an bheirt acu, ina gcroí istigh, nár leor, sna cúinsí inar leandáil Denis Donaldson, nár leor an méid sin mar chosaint aige ná mar bharántas dó.
cúinsí circumstances
" Is ag déanamh éagóra atá staraithe ar nós English agus tráchtairí ar nós Lloyd mura dtugann siad aghaidh ar na cúinsí a bhí taobh thiar de Chogadh na Saoirse agus an t-aisfhreagra ar na cúiseanna sin.
cúinsí eisceachtúla exceptional circumstances
" 2 billiún a bhí caite ag an rialtas ar dheontais d’fheilméaraí le cúig bliana roimhe sin (“cúinsí eisceachtúla” mar a tugtar air).
cúinsí circumstances, conditions
" Chonaic sé cosúlachtaí ón tús idir cúinsí in Alasca agus in Éirinn.
luann sé cúinse eile atá riachtanach he mentions another necessary condition
" Go ginearálta, áfach, deir Krauss gur féidir a bheith dóchasach faoi theangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt agus luann sé cúinse eile atá riachtanach má tá teanga le maireachtáil: tacaíocht láidir stáit.
faoi aon chúinsí. under any circumstances.
" Ní chreideann sé sa mhairtíreacht faoi aon chúinsí.
bunaithe ar thaighde ar chúinsí based on research on factors
" Tá na moltaí seo bunaithe ar thaighde ar chúinsí mar an costas maireachtála, costas tithíochta, boilsciú, etc.
faoi chúinsí eitice about ethical circumstances
" In aois seo na bhfón póca agus suíomhanna físe idirlín is beag is fiú a bheith ag díospóireacht faoi chúinsí eitice agus pé acu ar cheart nó nár cheart na pictiúir a thaispeáint.
i gcúinsí in circumstances
" D’fhág sé an *Times* anuraidh – i gcúinsí nach bhféadfaí cur síos orthu mar scaradh na gcarad – agus tá sé anois ag scríobh don *Irish Independent*.
Measaim go mbíonn sé de cheart ag an stát úsáid a bhaint as foréigean i gcúinsí áirithe I think that the state have a right to use violence under certain circumstances
" Measaim go mbíonn sé de cheart ag an stát úsáid a bhaint as foréigean i gcúinsí áirithe – má tá rud éigin ina bhagairt do shíocháin dhomhanda, cuir i gcás.
r chúinsí eacnamúla on economic grounds
" Tá píosa beag den fhírinne ag baint leis an tuairim sin sa chás seo mar i ndeireadh ama is dócha gur ar chúinsí eacnamúla a dhéanfar an cinneadh i leith scriosadh na Ríochta.
i gcúinsí amhrasacha in suspicous circumstances
" Fuair an príomh-aire, Zurab Zhvania, bás i gcúinsí amhrasacha i mí Feabhra na bliana 2005.
cúinsí is ainnise most desperate conditions
" Tá daoine ag fáil bháis san idirlinn agus iad beo sna cúinsí is ainnise.
in ainneoin na gcúinsí neamhghnácha despite the unusual circumstances
" Rinne Elizabeth gach iarracht só agus cúram a thabhairt do na páistí in ainneoin na gcúinsí neamhghnácha a raibh siad.
As na cúinsí sin uilig from all of these conditions
" As na cúinsí sin uilig a tháinig bronntanas an chúig fán gcéad breise sin.
cúinsí conditions
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
gcúinsí circumstances
" ---------- Léirmheas na Míosa ‘*The Lovely Bones*’ le Peter Jackson In ainneoin sárthaispeántas Saoirse Ronan, i bpáirt Susie Salmon, agus carachtracht láidir, scanrúil inchreidte Stanley Tucci, an péidearastach comharsan a dhúnmharaigh í, agus tá an bheirt acu sainiúil sa dá pháirt sin, in ainneoin chomh maith crógacht an ábhair – an slad doleigheasta a imrítear ar shaol chuile dhuine i dteaghlach óna sciobtar páiste i gcúinsí mar iad, fiú ag cur san áireamh leis grásta agus soineantacht chumasach an bhanaisteora óg is foirfe ina raon aoise dá bhfaca mé le tamall, is teip chruthaitheach san iomlán é ‘*The Lovely Bones*’.
cúinsí conditions
" Cén idirghabháil atá inghlactha sna cúinsí sin, dar leat? LH: Bhuel, creidim go gcaithfimid deiseanna a chur ar fáil.
cúinsí conditions
" Cad atá bainte amach agat faoin mhana sin? Uachtarán na hÉireann: Bhí cúinsí ar leith i mo chúlra féin agus i gcúlra Mháirtín a chuidigh go mór leis an bheirt againn teagmháil fhónta a dhéanamh le daoine ó dhá thaobh an phobail i dTuaisceart Éireann.
cúinsí gheilleagair economic conditions
" Ní thig a shéanadh gur sprioc fiúntach é seo agus an bhróg ag teannadh ar chuile ghné eile den státchóras de bharr cúinsí gheilleagair na tíre is na cruinne.
cúinsí conditions
" I gcás chuile Dháilcheantar, chomh maith le pobalbhreith an Irish Times, thógas san áireamh cúinsí áitiúla, chomh fada agus ab eol dom iad.
cúinsí conditions
" Nó d’fhéadfaí leas a bhaint as meascán de na cúinsí seo, faoi mar a dhéantar i go leor tíortha eile.
cúinsí conditions
" Bhí na cúinsí i gceart mar sin le haghaidh cluiche maith agus is cluiche maith a cuireadh i láthair an tslua bhreá a bhailigh isteach faoin ardán ar an taobh thiar den pháirc.
cúinsí ar an talamh conditions on the ground
" Luaigh Gillard ceist an bheartais scoir ina ráiteas sa pharlaimint, ach dhiúltaigh sí scun scan aon dáta a chur in iúl don scor mar gur mhaígh sí go mbeadh an cinneadh seo ag brath ar “na cúinsí ar an talamh”.
cúinsí conditions
" Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, mar a deir an seanrá, ach céard a dhéanann ár gcairde i ríocht na n-ainmhithe is na n-éan sa drochshíon? Tá ceithre rogha acu: - A) Caithfidh siad dul i dtaithí ar na cúinsí agus iad féin a ‘oiriúnú chun maireachtála; nó - B) Rachaidh siad ar imirce; nó - C) Titfidh codladh an gheimhridh orthu, faoi thalamh go hiondúil, go dtí go mbogfaidh an aimsir ar ball; nó - D) Siocadh síos faoi uisce sa phuiteach nó ina leithéid.
cúinsí conditions
" Ach níl orainn dul chuig an Afraic Thuaidh chun sampla de chumhacht an idirlín a fheiceáil – tá a leithéid ar ghort an bhaile againn, agus toisc go bhfuil deis ann go mbeadh na cúinsí céanna i bhfeidhm sa tír seo sar i bhfad, ba cheart dúinn ceann a thógáil de.
chúinsí eile other reasons
" Tugadh an tír faoi réir tuataí agus d’imigh an chumhacht a bhíodh ag an eaglais roimhe sin ar chúinsí eile sa tréimhse chéanna.
gcúinsí conditions
" Bhí na mianadóirí i ndiaidh siúl ó dheisceart na Breataine Bige go Londain le hagóid a dhéanamh in éadan na gcúinsí ina raibh siad beo.
de réir chúinsí na foirmle in keeping with the formula conditions
" Más ar éigean féin a dhéantar tagairt dóibh, is de réir chúinsí na foirmle i gcónaí é, an t-eolas réamhluaite nó ‘inherited knowledge’ nó ‘epistemes’ mar a thugann criticeoirí ar nós Foucault orthu.
cúinsí conditions
" Chruthaigh sí na cúinsí - thug a beart cead dúinn, más mian leat, an lámh fháilteach a shíneadh chuici.
chúinsí geilleagair economic reasons
" Tá mé den tuairim gur díbríodh an oiread céanna daoine amach as an tír seo de bharr easpa saoirse ina saol pearsanta is a ndeachaigh ar imirce ar chúinsí geilleagair is ar easpa fostaíochta.
De bharr cúinsí geilleagair an ama due to economic circumstances of the time
" De bharr cúinsí geilleagair an ama, theip ar go leor de chliantchomlachtaí an Údaráis a gcuid spriocanna a bhaint amach.
cúinsí aicme reasons of class
" Níl Winslet, máthair an chiontóra, sásta leithscéal glan a ghabháil thar cheann a mic (cúinsí aicme/sóisialta/polaitíochta faoi ndear seo, is léir).
cúinsí míchuí ar an talamh improper conditions in place
" Nuair a bhreathnaím ar bhunchuspóirí an mhisin agus ar na cúinsí míchuí ar an talamh in Uruzgan, is léir go bhfuil an phraiseach ar fud na mias ann.
cúinsí lín inscne conditions of gender representation
" Cuirfear cúinsí lín inscne i bhfeidhm fosta.
chúinsí staire a spreag historic reasons were behind
" Maíodh gur chúinsí staire a spreag an taobhachtáil sin.
bhain cúinsí ar leith leis special conditions pertained to
" Ach bhain cúinsí ar leith leis an stoirm seo.
idir chúinsí sainiúla thinneas between the distinct conditions of (Mrs. F’s) illness
" Ach ní léir in aon chor féiliúnacht an reductio sin mar níor scríobh na breithimh i ndáiríre mar gheall ar an nasc idir chúinsí sainiúla thinneas Mrs Fleming agus na torthaí diúltacha san Ísiltír dár béimníodh.
cúinsí na múinteoirí sa tír teachers conditions in the country
" Tá mé díreach ag iarraidh do bharúil a fháil faoin staid ina bhfuil cúrsaí i dtaca le pá agus cúinsí na múinteoirí sa tír.
cúinsí nó an comhthéacs conditions or context
" " Fréamacha i bhFad Siar ========= Le linn dó seo uilig a bheith ag dul ar aghaidh, bhí cúinsí nó an comhthéacs ag athrú i bpobail ar fud an tuaiscirt.
ar mhaithe le cúinsí Naitsíocha for Nazi motives
" Na ceisteanna a chíortar sa leabhar seo, tá siad thar a bheith tráthúil nuair a mheabhraítear na heachtraí lámhaigh millteanacha a tharlaíonn beagnach gach cúpla mí sna Stáit Aontaithe, ach san Eoraip freisin – an t-ár uafásach a rinneadh ar mhaithe le cúinsí Naitsíocha agus frith-imircigh san Iorua in 2011 agus lámhach na nGiúdach i Marseilles scaitheamh ó shin, agus níl iontu sin ach dhá shampla.
Is i gcúinsí mar seo it's in such circumstances
" Is i gcúinsí mar seo a tharla ceann de na heachtraí tubaisteacha, nuair a mharaigh an forairdeallaí armtha George Zimmerman déagóir darb ainm Trayvon Martin in eachtra in Sanford, Florida i bhFeabhra 2012.
Cúinsí staire historical reasons
" Dar fia, is ait an dream sinn, gan aon agó! Cúinsí staire ba mháthair don neamairt seo ar feadh i bhfad is dócha.
ar chúinsí geilleagair for economic reasons
" An gciallaíonn sé seo nach dtiocfaidh Éireannaigh chun na tíre níos mó? “Bhuel, stad an sruth deireanach inimirce sna 1870í mar gheall ar chúinsí geilleagair,” arsa Guillermo a bhfuil léargas fadtéarmach an staraí aige.
a sháraíonn cúinsí ama which surmount matters of time
" Bíonn fírinne sna seanfhocail, fírinne a sháraíonn cúinsí ama agus na nglúnta a chuaigh romhainn.
cúinsí pearsanta personal reasons
" ”Agus i gcónaí gcónaí, bíonn cúinsí pearsanta ag baint le sealbhú teanga mar is eol do Mhuireann ach go háirithe.
nó cúinsí saoil thar a bheith crua atá acu for they’ve a very difficult life there
" Níl aibhléis ná uisce reatha sa mhainistir nó cúinsí saoil thar a bheith crua atá acu.
chúinsí seachtracha external circumstances
" Ní féidir an locht go léir a chur ar an drochaimsir agus ar chúinsí seachtracha, áfach.
cúinsí an tsaoil circumstances of life
" Scaipeann cúinsí an tsaoil sinn i mbealaí éagsúla.
cúinsí an taoibh sin domhain ag imirt tionchair ar matters in that part of the world influencing
" Tá Mícheál Ó hAodha den bharúil go bhfuil lagar ar réimeas al-Assad na Siria, ach go bhfuil cúinsí an taoibh sin domhain ag imirt tionchair ar an scéal i rith an ama.
d’athraigh na cúinsí oibre dá réir work conditions have changed accordingly
" Tháinig athrú as éadan ar an saol le tamall gairid de bhlianta, saol na teicneolaíochta go háirithe, agus d’athraigh na cúinsí oibre dá réir, mar is eol do Chiarán Mac Aonghusa.