Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúlráideach backward
" Cuirtear ina leith go minic sna meáin go bhfuil siad cúlráideach agus paróisteach ach má théann tú isteach i gclubtheach de chuid an CLG aon oíche den tseachtain tá seans go mbeidh cluiche ón *Premiership* ar siúl ar scáileán mór sa tsólann.
sna limistéir chúlráideacha in the isolated areas
" Ach muna bhfuil aird á tabhairt ar an bpríomhbhealach siar go Gaillimh, cén seans atá ann go n-éistfear leis na hargóintí fiúntacha atá ag lucht West on Track? Mar a dúirt Romano Prodi, gan an t-airgead a chaitheamh ar an infrastruchtúr ní fheicfear forás eacnamúil sna limistéir chúlráideacha atá scartha amach ón lár.
cúlráideacha remote
" Tá cuid de na carrchlóis sin in áiteanna ciúine cúlráideacha, mar sin baintear úsáid astu mar ionaid choinne.
cheantair chúlráideacha remote areas
" Má dhéantar Bus Éireann a phríobháidiú, an leanfar ar aghaidh ag soláthar seirbhísí bus do cheantair chúlráideacha nuair nach bhfuil aon bhrabús le déanamh astu? Ceisteanna dlisteanacha iad sin ar fad, ach ní heol dúinn cén seasamh a ghlacann rialtas na hÉireann orthu ag cruinnithe rúnda Choiste Alt 133.
ceantair chúlráideacha eile other remote areas
" Ach níl stádas ag an Tionscnamh Iompair Tuaithe go náisiúnta ach mar "scéim phíolótach", agus níl aon chinnteacht ann go leanfar leis nó go gcuirfear an maoiniú ar fáil chun an tionscnamh a leathnú go ceantair chúlráideacha eile ina mbíonn daoine scoite amach ón saol.
cúlráideach out of the way
" SMM: An fearr leat Sráid Ghrafton nó siopa cúlráideach áit éigin le héadaí a cheannach? CNC: Is maith liom a bheith ag caitheamh airgid.
cúlráideach out of the way
" Sheas an traein ar feadh i bhfad ar bhruach na Polainne i stáisiún cúlráideach nár aithnigh mé féin.
go cúlráideach quietly
" Mheasfá go gcaithfeadh duine amháin acu ar a laghad a bheith ar tuarastal go cúlráideach ag lucht faisnéise i dtíortha eile le huascáin na tíre seo a choinneáil dall agus chomh bómánta leis féin.