Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúlra background
" Bródúil as a cúlra ======= Agus í ina seasamh os comhair lucht éisteachta in Éirinn nó i gcéin, ní smaoiníonn Mairéad uirthi féin mar ambasadóir don Ghaeilge.
cúlra background
" A cúlra i gCiarraí Thiar le brath go láidir sna pictiúir áille den cheantar sin ar na fallaí buí; ceol bog clasaiceach sa chúlra agus boladh breá caife ag cur leis an atmaisféar síochánta, suaimhneach.
chúlra background
réimse leathan cúlraí a wide range of backgrounds
" Bhí sé seo amhlaidh de bharr gur tháinig siad ó réimse leathan cúlraí agus nach raibh siad páirteach san "arty-farty scene" i nGaillimh.
chúlraí éagsúla sóisialta various social backgrounds
" Tugann na mic léinn ó chúlraí éagsúla sóisialta réimse leathan dearcadh leo freisin.
cúlra ciníoch racial background
" Beidh an tOllamh Alan Smithers ag amharc ar aois, inscne agus cúlra ciníoch na múinteoirí a fhágfaidh an tslí bheatha i mbliana.
cúlra background
" Tá aistriúchán déanta aici ar na hamhráin atá sa bhailiúchán, tá nótaí ann mar gheall ar na foinsí ónar tháinig na focail (agus an ceol, murab ionann an dá fhoinse), cúlra an cheoil agus comhthéacs an amhráin sa cheantar, agus gach uile thagairt don amhrán sin i bhfoilseacháin eile.
cúlra background
" Ar an gcaoi sin feiceann chuile pháiste atá ar a bhealach isteach sa gcathair ó Chois Fharraige an 'M' mór dearg leis an gcúlra buí.
cúlra ceoil difriúil different musical background
" Ach tá cúlra ceoil difriúil ag gach duine againn - beirt de na cailíní, tá siad an-tógtha leis an *jazz*, agus cailín eile tá sí an-tógtha le stuif ó na daichidí - mar sin thosaíomar ag baint triail as rudaí eile.
chúlra background
" Labhair sé le h**Éamonn Ó Dónaill** faoina chúlra agus faoi na dúshláin atá i ndán dó féin agus don chomhlacht sa todhchaí.
cúlra clainne family background
" Ach bhí mise bródúil as an áit a dtáinig mé as agus an cúlra clainne a bhí agam agus ní raibh aon fhadhb agam riamh ag rá, 'Okay, siúd é mise, glacadh sibh liom nó ná glacadh sibh liom.
cúlra cuntasaóireachta accountancy background
" " Ba bhuntáiste mór é go raibh cúlra cuntasaóireachta chomh maith le cúlra dlí aige agus roimh i bhfad thosaigh na príomhbhancanna, leithéidí Anglo-Irish Bank agus AIB, ag tabhairt neart oibre dó.
chúlra background
" Ach is cinnte go mbeadh eagla ar dhaoine eile as an chúlra céanna dul ann.
chúlra ceoil musical background
" Antaine Ó Faracháin: A Dheirdre, inis dom rud beag fút féin agus faoi do chúlra ceoil.
cúlra uas-mheánaicmeach nó ardaicmeach upper-middle-class or upper-class backgrounds
" Is éard atá sna pobail do lucht scoir i Meiriceá ná "sráidbhailte" do dhaoine atá dulta anonn in aois, daoine as cúlra uas-mheánaicmeach nó ardaicmeach, de ghnáth.
chúlra background
" Daoine léannta ======= Rinne daoine léannta a mbealach chuig Inis Mór síos trí na blianta agus bhain cuid acu úsáid as mar chúlra dá gcuid scríbhneoireachta.
do chúlra your background
" Antaine Ó Faracháin: Inis dúinn rud beag fút féin agus faoi do chúlra.
sa chúlra in the background
" Baineadh siar asam nuair a shiúil mé isteach i dteach an phobail ansin mar cé a bhí os mo chomhair amach ach Naomh Pádraig féin, é cósúil go maith leis an Naomh Pádraig a chífeá in Éirinn, ach a chraiceann daite ag an ghrian agus cúpla crann pailme sa chúlra.
sa cúlra in the background
" "Gránna," a dúirt sé faoin radharc - Príosún Walton, an seaniarnród, na dugaí sa cúlra.
cúlra láidir strong background
" Is beag taisteal idirnáisiúnta a bhí déanta agam roimhe sin agus thóg sé tamall orm a aithint go raibh cúlra láidir agamsa chomh maith.
faoina chúlra féin about his own background
" Agus muid ag siúl thart ar an ionad, thug sé roinnt eolais dom faoina chúlra féin, chomh maith le cúlra na háite.
cúlra background
" Níl dlúthdhiosca ar bith agam den snagcheol nó de na gormachaí! AÓF: Cén obair eile a bhíonn ar siúl agat nuair nach mbíonn tú ag plé leis an gceol? SR: Tá cúlra agam in obair ríomhaireachta ach tá mé ag iarraidh athrú go rud eile faoi láthair, go cúrsaí airgeadais agus cuntasóireachta.
sa chúlra in the background
" (Pósadh muid i nDún na nGall agus bhí Earagail le feiceáil sa chúlra i gcuid mhaith de na grianghrafanna a tógadh an lá sin.
faoina cúlra about her background
" Chuir mé ceist ar Dorothee faoina cúlra.
gan chúlra without background
" "Shíl siad gur dhuine gan chúlra é, go dtiocfadh leo '*fitting u*p' a dhéanamh air mar dhúnmharfóir.
a gcúlra reiligiúin agus eitneach their religious and ethnic background
" Cén dóigh a bhfuil leabhar Maier difriúil? I *The Kennedys, America's Emerald Kings*, cuireann Maier an tuairim chun cinn go raibh tionchar an-láidir ag a gcúlra reiligiúin agus eitneach ar an teaghlach ón am a shroich Patrick Bostún, ó Chontae Loch Garman, sa bhliain 1848.
cúlra difriúil different background
" Tá ceathrar ag freastal ar an gciorcal seo agus cúlra difriúil ag gach duine againn.
a chúlra neamhchoitianta, coimhthíoch his unusual, foreign background
" Cuid de sin ná a chúlra neamhchoitianta, coimhthíoch - mac le bean as ceann de chuid Oileáin Fhidsí agus fear as Contae Fhear Manach; a tógadh le Gaeilge agus le Fidsis; ard, dathúil, dorcha agus iontach sciliúil; cróga agus tapa i mbun báire.
cúlra background
" Sa phictiúr tá cailín óg le feiceáil, í lasta go drámatúil agus an cúlra dorcha, rud a chuireann loinnir ar a craiceann.
cúlra background
" Tá scata breá daoine sa chumann - tá cuid mhaith acu scortha agus cineálacha éagsúla cúlra acu, ó iarfhear an phoist go hiarollamh ríomhaireachta.
cúlra background
" Bíonn siad cumasach sna tuisil - tá seacht gcinn acu féin, mar aon le hainmfhocail neodracha, beomhara agus neamhbheomhara, agus na mílte féidearthacht! Agus céard a spreag iad chun an Ghaeilge a dhéanamh, agus cén cúlra a bhíonn acu? Bhuel, bíonn cuid acu ag déanamh staidéir ar an sean-Bhéarla, cuid eile ag díriú ar an nGaeilge ar bhonn teangeolaíoch chomparáideach, cuid eile ag lorg ábhar neamhghnách spéisiúil, agus cuid eile ar thóir na craice amháin.
cineálacha éagsúla cúlra different backgrounds
" Deis iontach a bhí ann fáil amach cad é atá ar siúl sa chathair, agus bualadh le daoine as cineálacha éagsúla cúlra - daoine ón dá thaobh den teach, mar a déarfá, agus daoine i réimse leathan postanna, ó stiúrthóirí bainistíochta go hoibrithe monarchan.
cúlra background
" Chomh maith leis sin, tá cúrsa ar litríocht na Gaeilge agam, ina ndéanaim iarracht an cúlra staire a thabhairt agus cur le cumas aistrithe na mac léinn.
sa chúlra in the background
" Cheapamar nárbh fhiú *façade *Gaeilge a bheith ann ach gur ghá seirbhís iomlán a chur ar fáil trí Ghaeilge agus na nithe sa chúlra chomh maith, an pacáiste iomlán, a bheith trí Ghaeilge.
cúlra meánaicmeach middle-class background
" B'as cúlra meánaicmeach é; bhí siopa earraí tirime ag a athair, áit ar oibrigh Hopper nuair a bhí sé óg.
chúlra meánaicmeach middle-class background
" Teachta Dála agus iar-aire é Eoin Ryan, fear ó chúlra meánaicmeach i ndeisceart na cathrach a raibh a athair agus a sheanathair roimhe beirt lárnach i bhFianna Fáil.
cúlra na dtaifeadtaí the background to the recordings
" Sa leabhar freisin tugann Nioclás cúlra na dtaifeadtaí, conas a tharla sé go raibh Gael Linn ann ar an gcéad dul síos, conas a tharla sé gur chuir siad spéis i gcúrsaí ceoil agus míníonn sé gurb é Gael Linn an chéad chomhlacht ceirníní in Éirinn a chuaigh le taifeadtaí a eisiúint den cheol traidisiúnta.
sa chúlra in the background
" Chuir mé ar thrá gheal iad, agus tá Sceilg Mhichíl le feiceáil sa chúlra.
cúlra background
" Ní hé amháin nach raibh an scéal sin fíor, Helen Darville an t-ainm a bhí ar an údar agus ní raibh an cúlra Úcránach aici a tugadh sa leabhar.
cúlra Úcránach Ukrainian background
" Ní hé amháin nach raibh an scéal sin fíor, Helen Darville an t-ainm a bhí ar an údar agus ní raibh an cúlra Úcránach aici a tugadh sa leabhar.
chúlra na n-inimirceach the background of the immigrants
" Ag an am chéanna, tá go leor cloiste aige go dtí seo faoi roinnt fadhbanna bunúsacha, mar shampla an eagla atá ar go leor Éireannach go gcaillfidh siad a gceadúnas tiomána mar thoradh ar an dianscrúdú atá á dhéanamh faoi láthair ar chúlra na n-inimirceach.
chúlra background
" Rinneadh bratach nua a dhearadh lena neamhspleáchas a chur in iúl - Cros an Deiscirt ar chúlra gorm gan aon rian de bhratach na Breataine.
ó chúlra sóisialach from a socialist background
" Bhog daoine cumasacha ó chúlra sóisialach ón pholaitíocht isteach sna ceardchumainn agus grúpaí pobail, agus d'fhág an pholaitíocht leamh a chleachtítear sna Sé Chontae ag na polaiteoirí.
an-chúlra a great background
" "Bhí an-chúlra ag Pól le The Star agus The Evening Herald agus The Irish Independent.
cúlra casta complicated backdrop
" Cé go dtosaíonn scéal chóras faoi thalamh Nua-Eabhrac go hoifigiúil i 1904, cuireann Cudahy cúlra casta an tionscadail faoinár mbráid trí dhíriú ar scéal fir amháin: August Belmont.
chúlra cultúrtha cultural background
" Grúpa deas bríomhar atá ann, gan leisce dá laghad orthu labhairt amach am ar bith! Is ar chothú scileanna cumarsáide agus ar chúlra cultúrtha na Gaeilge a chuirim an bhéim.
sa chúlra in the background
" Tá guthanna áthasacha páistí le cloisteáil sa chúlra agus iad ag canadh amhrán na Nollag.
cúlra background
" Is cinnte go bhfuil sé suimiúil agus tábhachtach cúlra an amhráin bheith ag amhránaí - tugann sé tuiscint níos fearr duit.
ó chúlraí éagsúla from different backgrounds
" Tá daoine ó chúlraí éagsúla ag freastal ar an ollscoil anois, agus b'fhéidir nach bhfuil nós na hollscoile sna cúlraí sin.
sa chúlra in the background
" Tarlaíonn a lán rudaí sa chúlra ar ríomhaire chun gur féidir an t-eolas digiteach atá i gcomhad ceoil MP3, mar shampla, a athrú ar ais go dtí rud éigin a bhfuil fuaim mhaith aige i gcluasáin.
cúlra background
" Cé go bhfuil an ceantar buailte go dona ag an dífhostaíocht agus an bochtanas le blianta anuas, tá spiorad ann go fóill agus tá muintir na háite bróduil fós as a gcúlra Éireannach.
Cúlra background
"Cúlra Fhianna Fáil a bhí sa gclann againne, agus bhíodh mé féin, agus mé ag éirí aníos, ag obair d'Fhianna Fáil sna toghcháin thíos sa mbaile i dTiobraid Árann.
chúlra background
" In agallamh a bhí mar chuid de thionscadal staire béil mar gheall ar Lyndon Johnson, bhí an méid seo le rá ag O’Brien faoin theaghlach agus a chúlra Éireannach: “Is dóigh liom gur gnáthdhuine mé a bhfuil an ghnáthshuim aige sa teaghlach agus ina thír agus sna rudaí a dúradh gur cheart duit creidiúint iontu.
cúlra background
" Ba é Lemass an ceannaire deireanach de chuid Fhianna Fáil a raibh cúlra aige san IRA.
cúlra background
" “Is é an fear ceart é agus tá an cúlra aige a chuireann ar a chumas déileáil le géarchéimeanna,” a dúirt an Bráthair Gerald Molyneaux, atá os cionn na Roinne Cumarsáide in Ollscoil LaSalle i Philadelphia.
cúlra background
" Tá cineálacha éagsúla cúlra acu ar fad; tá roinnt acu gan tuismitheoirí, roinnt acu a bhfuil tuismitheoir amháin acu, roinnt a bhfuil teaghlach iomlán acu nach bhfuil in ann iad a chothú, agus roinnt a bhí tar éis seal a chaitheamh ag maireachtáil ar na sráideanna.
cúlra background
" Tá cineálacha éagsúla cúlra acu ar fad; tá roinnt acu gan tuismitheoirí, roinnt acu a bhfuil tuismitheoir amháin acu, roinnt a bhfuil teaghlach iomlán acu nach bhfuil in ann iad a chothú, agus roinnt a bhí tar éis seal a chaitheamh ag maireachtáil ar na sráideanna.
chúlra background
" Labhair sé le **Robert McMillen** le gairid faoina chúlra agus faoina dhearcadh ar choimhlintí an lae inniu sa Mheánoirthear.
beag beann ar a gcúlra agus iad i dtír regardless of their backgrounds when they were ashore
" Bhí snaidhm ann a chothaigh an fharraige agus, déarfainn, an t-anró, beag beann ar a gcúlra agus iad i dtír.
cineálacha éagsúla cúlra different types of backgrounds
" “Bíonn cineálacha éagsúla cúlra ag na daoine ar an bhád.
chúlra stairiúil Ollanach Dutch historical background
" In 1804, cuireadh tús le Cumann Staire Nua-Eabhrac agus b’fhéidir mar gheall ar an chúlra stairiúil Ollanach a bhí ag Nua-Eabhrac, ghlac an cumann le Naomh Nioclás mar phatrún.
chúlra acadúil academic background
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Is ó chúlra acadúil mé féin, agus tchím ó thosaigh mé ag obair go lánaimseartha in earnáil na Gaeilge nach bhfuil aon chúis imní againn mar Ghaeilgeoirí.
a lán eolais cúlra a lot of background knowledge
" Ach bhí an chuairt a thug mé ar Ronnie McCartney fíorluachmhar domsa mar fuair mé a lán eolais cúlra agus bhí mé níb eolaí ar chúrsaí agus mé ag scríobh altanna ina dhiaidh sin.
cúlra na mac léinn the background of the students
" Bíonn tionchar mór ag cúlra na mac léinn ar gach rang.
sa chúlra in the background
" Oibríonn an teicneolaíocht seo sa chúlra i mbrabhsálaithe idirlín chun na físeáin ó shuíomh gréasáin a thaispeáint ar an scáileán.
i gcúlra an cheoil in the background of the music
" Ba mhic léinn tríú leibhéal roinnt mhaith acu ach bhí go leor de mhuintir na háite ann freisin a raibh suim speisialta acu i gcúlra an cheoil.
cuid den chúlra part of the background
" Anocht, áfach, níl inti ach cuid den pháipéar falla, cuid den atmaisféar, cuid d’íomhá an tábhairne, cuid den chúlra.
cúlra na gcainteanna the background to the talks
" Seo cúlra na gcainteanna a bheas ar siúl i Londan.
sa chúlra. in the background.
" Ansin chuaigh mé síos go dtí páirc álainn darb ainm “The Meadows” – spás mór féarach atá ann ina bhfuil aibhinní crann agus an cnoc a dtugtar Suíochán Artúir air le feiceáil sa chúlra.
sa chúlra, in the background,
" Sórt *theme park* a bhí ann ina raibh cluiche corr ar siúl sa chúlra, agus tá súil agam nach mbeidh an staid nua atá Gillett agus Hicks ag brath a thógáil anseo mar a gcéanna.
a gcúlra their background
" Nuair a chuirim ceist air mar gheall ar na nithe a spreag é féin agus Seán chun a bheith chomh hardaidhmeannach sin, deir sé gurbh é a gcúlra ba chúis leis.
cúlra background
" Ó thaobh na staire de, tá cúlra casta go leor ag an dearadh atá in úsáid ag na *Kiwis* faoi láthair.
na cnoic sa chúlra. the hills in the background.
" Bhí sé an-chorraitheach iad a fheiceáil i mbun ceoil amuigh faoin spéir agus na cnoic sa chúlra.
ó dhuine den chúlra sin, from a person of that background.
" Gael-Mheiriceánach é Bob Corcoran agus, mar a bheifeá ag dréim leis ó dhuine den chúlra sin, tá suim aige sa ghaeloideachas.
an cúlra the background
" ) “Is é ábhar na n-imleabhar uilig ná: stair na foilsitheoireachta agus an cúlra atá leis an fhoilsiú sin; conas mar a chuaigh na leabhair i bhfeidhm ar dhaoine, ar a smaointe agus ar a saol inmheánach; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an margadh; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an staid pholaitíochta; conas mar a léigh daoine na leabhair.
de chúlra lucht oibre of a working class background
" Ba é an chéad rud a thug mé faoi deara sa scoil nua ná gur dhream galánta meánaicmeach iad na daltaí, in áit gasúr de chúlra lucht oibre mar a bhí sa scoil náisiúnta den chuid is mó.
cúlra CLG GAA background
" An rud nár thuigeas ná gurbh as áit éigin i lár na tíre don bhráthair céanna agus gurbh as cúlra CLG dó féin.
sa chúlra. in the background
" Tá amhrán de chuid Led Zeppelin, amhrán nach cuimhin liom a theideal anois, ar siúl sa chúlra.
cúlra céanna same background
" Tá an cúlra céanna acu, an glór céanna acu, na hóráidí céanna acu, na spéaclaí céanna acu, na hargóintí dobhránta dallintinneacha céanna acu – é féin atá ann, tá mé cinnte! An bhfaca aon duine riamh an bheirt acu in aon seomra amháin??? Bliain an *BIFFO* a bhí ann fosta gan dabht.
leideanna faoi chúlra na n-inimirceach clues about the background of the immigrants
" Ach faigheann muid leideanna faoi chúlra na n-inimirceach sa chuid eile den leabhar, mar shampla, scéal ón *Liverpool Catholic Herald* (20 Feabhra 1909) faoi cheiliúradh caoga bliain pósta a bhí ag “Mr and Mrs Maxwell from Co.
cúlra na heagraíochta the background of the organisation
" Go deimhin, ní mhíníonn sé cúlra na heagraíochta i Learpholl (*Beo!*, eagrán 15, Iúil 2002).
nuair a smaoinigh mé ar an gcúlra ceoil when I thought about the musical background
" Maidir leis an teideal Gaeilge, nuair a smaoinigh mé ar an gcúlra ceoil a bhí i mo theaghlach agus an dóigh ar bhain sé le mo cheantar dúchais féin, níorbh fhada gur roghnaigh mé an logainm áitiúil Cloch Fhuaráin, ar baile fearainn in aice le mo bhaile féin i gContae Ard Mhacha é, mar theideal Gaeilge ar an albam.
cúlra na n-amhrán a inseacht to tell the background to the songs
" Agus ní hamháin go bhfuil sé in ann é a chasadh ach tá sé in ann na hamhráin a aistriú go Béarla nó scéal na n-amhrán a aistriú go Béarla agus cúlra na n-amhrán a inseacht agus é in ann cúpla míle duine', mar a rinne sé go minic, 'a choinneáil ní hamháin ciúin ach faoi dhraíocht ar feadh dhá uair an chloig', rud a rinne sé arís agus arís eile i Meiriceá i gcaitheamh a shaoil.
cúlra na coirme seo the background to this concert
" * I mbliana, beidh seó dar teideal Common Ground ag cur tús leis an fhéile, agus mhínigh Shaw cúlra na coirme seo dom.
cúlra suimiúil interesting background
"cúlra suimiúil ag Anna Heussaff.
an cúlra agus an taithí a spreag iad the background and experience which motivated them
" Beidh obair ag íospartaigh Phrotastúnacha (agus Caitlicigh) sin a thuigbheáil ach tá na pearsantachtaí a bhí gníomhach sa choimhlint le linn na dTrioblóidí agus an cúlra agus an taithí a spreag iad thar a bheith casta.
sa chúlra. in the background
" Mar amhránaí an amhráin, is cóir duit tú féin a chur sa chúlra.
cúlra stairiúil na meán Gaeilge historical background of the Irish language media
" Pléann sé cúlra stairiúil na meán Gaeilge agus déanann sé cur síos ar na feachtais éagsúla ar tugadh fúthu agus Raidió na Gaeltachta – agus ní ba dhéanaí, Teilifís na Gaeilge – á mbunú.
an cúlra eisceachtúil sóisialta the exceptional social circumstances
" Aithním an cúlra eisceachtúil sóisialta agus polaitiúil as ar eascair an nuachtán.
i gcúlra an scéil ìn the story background
" Tá údair Éireannacha an lae inniu le haithint i gcúlra an scéil.
faoina chúlra about his background
" Beidh sé ag labhairt faoina chúlra agus ag insint dúinn mar gheall ar a thógáil le linn an Chogaidh Chathartha.
Cúlra feirmeoireachta farming background
" ***Buntáistí:*** Cúlra feirmeoireachta aige agus é mar ionadaí tofa ar chontae mór déiríochta.
ó thaobh a gcúlra polaitiúil de as regards their political background
" Tá an-chuid cosúlachtaí idir é agus Gordon Brown ó thaobh a gcúlra polaitiúil de agus caithfidh sé a chinntiú nach dtitfidh an drochrath céanna air i ndiaidh a thréimhse cneastachta.
cúlra deas compordach nice comfortable background
" Tá mise ádhúil go leor; tá cúlra deas compordach agam.
cúlra an aighnis background of the tension
" Agus sin cúlra an aighnis in Stormont: tá Sinn Fein ag rá nach bhfuil an DUP sásta a bheith ag comhoibriú leo.
chúlraí éagsúla various backgrounds
" Chomh maith le sin, tugann an dara teanga súil eile don bpáiste - bíonn bá aige/aici le daoine ó chúlraí éagsúla agus é ag fás aníos” a dúirt John liom.
chúlra background
" Ach cad chuige a gcuireann ’ oiread sin daoine anseo suim sa chultúr ghaelach? Cad fúthu siúd nach bhfuil bunús ná oidhreacht Éireannach sa chúlra acu, ach a ghlacann páirt in imeachtaí gaelacha go rialta? An Polannach Mná Tá bean óg áirithe agam sa rang Ghaeilge nach bhfuil rian dá laghad den Éireannachas ina cnámha – is as an Pholainn a tháinig a muintir blianta ó shin, ach ní haon áibhéil a rá nach bhfaca mé a leithéid riamh roimhe.
cúlra background
" Agus is é seo an cúlra atá ag an scannán ‘Welcome’ de Philippe Lioret atá á thaispeáint i bpictiúrlanna na Fraince le sé seachtaine anuas.
cúlra eacnamaíochta background in economics
" Tá an cúlra eacnamaíochta agus airgeadais agam ach tá spéis níos mó agam san oideachas agus sa nuálaíocht, agus tá mé tar éis imeacht le sruth an oideachais níos mó le tamall anuas.
Cúlra background
" ” An Cúlra Bíodh is go bhfuil oideachas tríú leibhéal ag roinnt mainicíní, más fíor d’Étaoin, ní foláir nó gur beag buaiteoir comórtais áilleachta atá trítheangach, mar atá Iníon Uí Ailpín.