Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúnga narrow
" D'amharc siad isteach ar na fuinneoga agus nuair a chonaic siad Cora, chuir siad a méara in aice lena súile agus rinne siad súile cúnga astu.
cheantair chúnga congested districts
" Mar chuid de scéim a thionscain an coiste seo faoi stiúir Mháirtín Uí Chadhain agus Choimisiún na Talún, d'aistrigh 40 teaghlach idir 1935 agus 1937 ó "cheantair chúnga" ainmnithe i gConamara go dtí na bailte fearainn seo: Ráth Cairn, Laimbé, Driseog, Tulach na nÓg, Baile Mhistéala agus Doire Longain.
an-chúng ar fad very narrow indeed
" Mheas mé féin go raibh an pheirspicíocht seo an-chúng ar fad.
cúnga narrow
" Is baile é a d'fhás go horgánach, é scaipthe amach thar bhóithre beaga cúnga, iad ar fad beagnach ag teacht chun críche ar chladaigh an Aigéin Atlantaigh.
cúng narrow
" Bhí an bóthar cúng agus thagadh seanghluaisteán ag glagaireacht leis in amanna.
teorainneacha cúnga narrow limits
" Glacaim leis sin agus tuigim go gcaithfimid a bheith cúramach faoi úsáid an fhocail "Gaeltacht", ach ag an am céanna níor chóir dúinn teorainneacha cúnga a chur ar na féidearthachtaí atá ann.
réimsí an-chúnga very narrow areas
" " An gcuireann sé díomá air go bhfuil lucht léinn na Gaeilge, den chuid is mó, gafa le réimsí an-chúnga agus nach spéis leo saothar mar seo a chur i gcló? "Sílim an rud atá ann ná go bhfuil cineálacha áirithe léinn faoi mheas agus go bhfuil cineálacha eile léinn ansin nach bhfuil meas orthu.
cúng narrow
" Agus déarfá leat féin, 'Cad chuige a bhfuil oiread de dhrochmheas ar na ceoltóirí sin agus go bhfuil níos mó airde ar na ceoltóirí eile? Cad chuige a bhfuiltear ag díriú i gcónaí isteach ar an rud beag cúng amháin seo? Cad chuige nach dtig linn achan rud a cheiliúradh ar chomhbhonn urraime?'" Tá Lillis bainteach leis an Léann Éireannach in Ollscoil Loyola Marymount, áit a bhfuil sé ag múineadh Gaeilge do ghlantosaitheoirí den chuid is mó.
ag greamú a fhoirne don talamh chúng tying his team to the narrow ground
" Agus laetha saoire na Nollag ag tarraingt orainn go gasta, beidh seans ag na páirtithe a gcuid straitéisí a oibriú amach, ach le hancaire Ian Paisley ag greamú a fhoirne don talamh chúng, is doiligh a fheiceáil cad é mar is féidir dul chun cinn a dhéanamh.
náisiúnachas cúng narrow nationalism
" "Cuidíonn sé le poblachtánaigh ar dhóigh daoine a ghríosadh i dtreo an náisiúnachais ach náisiúnachas cúng atá ann.
cúng agus casta narrow and winding
" Tá na sráideanna cúng agus casta, agus is féidir dul ar strae go han-éasca.
cúng narrow
" Mheas mé go raibh atmaisféar saghas cúng ag baint leis.
dearcadh an-chúng very narrow outlook
" "Titeann sé amach go minic, go háirithe i gcás céime mar chéim innealtóireachta, go mbíonn dearcadh an-chúng ag duine.
cúng narrow
" Tá sé iontach cúng agus tá seanfhoirgnimh arda ar an dá thaobh.
ba chúinge narrower
" B'éigean dúinn dul suas an abhainn go dtí áit ina raibh sé ní ba chúinge.
ar na bóithre cúnga casta on the narrow twisty roads
" Ciallaíonn sé sin “mall”, agus bíonn sé scríofa go minic ar na bóithre cúnga casta.
radharc cúng narrow view
" Dé ghnáth, ní thugann Google ach radharc cúng ar an idirlíon dúinn – radharc atá teoranta go dtí an rud atá á lorg againn.
radharc cúng narrow view
" Dé ghnáth, ní thugann Google ach radharc cúng ar an idirlíon dúinn – radharc atá teoranta go dtí an rud atá á lorg againn.
cúnga narrow
" Is aoibhinn liom bheith ag spaisteoireacht timpeall na cathrach, ag stopadh i gcorrchaife, agus ag dul ar strae sna sráideanna beaga cúnga – is cuma cén treo a théann tú, tiocfaidh tú ar La Rambla gan teip i gcónaí ag an deireadh! Is cultúr ann féin é an caife i mBarcelona; caitheann daoine an-chuid ama ina suí ag ól caife agus ag comhrá.
cúnga narrow
" Is aoibhinn liom bheith ag spaisteoireacht timpeall na cathrach, ag stopadh i gcorrchaife, agus ag dul ar strae sna sráideanna beaga cúnga – is cuma cén treo a théann tú, tiocfaidh tú ar La Rambla gan teip i gcónaí ag an deireadh! Is cultúr ann féin é an caife i mBarcelona; caitheann daoine an-chuid ama ina suí ag ól caife agus ag comhrá.
ag greadadh leo síos na sráideanna cúnga tearing away down the narrow streets
" Shílfeá gur beag athrú atá tagtha ar an áit ó aimsir na Medici, príomhphátrúin na cathrach ón 14ú haois, go dtí go sciobann bíp! bíp! na *motorini *a bhíonn ag greadadh leo síos na sráideanna cúnga ar ais go dtí an fíorshaol tú agus tuigeann tú go bhfuil an chathair, a thóg na Rómhánaigh mar ionad trádála sa bhliain 59 R.
lánaí cúnga na míchothroime the narrow lanes of inequality
" Freagra ab ea an seáp earcaíochta sin chun teacht i dtír ar fhearg na cosmhuintire Caitlicí a mhair go dearóil ar shráideanna searbha agus lánaí cúnga na míchothroime.
sráideanna cúnga lúbacha narrow winding streets
" An Barri Gotic Is ar an taobh thoir de Las Ramblas atá sráideanna cúnga lúbacha an Barri Gotic agus iad lán de shamplaí taibhseacha den ailtireacht mheánaoiseach, go háirithe ón 14ú agus 15ú céad.
cúng narrow
" Tá go leor cúiseanna go bhfuil an fhadhb chomh holc sin in Éirinn, iad seo ina measc: Tá go leor de na bóithre faoin tuath cúng agus tá droch-chaoi orthu.
bóithríní cúnga dearga narrow red roads
" Thaistil mé suas ar eitleán beag an chomhlachta – an-ghalánta i gcomparáid le bheith suite ar chúl sean-*pickup* éigin! Bhí an turas go hálainn; bhí Loch na Maláive le feiceáil thíos fúinn, bailte beaga scaipthe i ngach áit, agus bóithríní cúnga dearga ag casadh trí na sléibhte glasa.
tuigbheáil measartha cúng quite a narrow understanding
" Leoga, measann sé go bhfuil tuigbheáil measartha cúng ag daoine ar cad is cultúr Meiriceánach ann.
dearcadh cúng narrow outlook
" Deirim gur masla don Phrotastúnachas atá sa dearcadh cúng seo.
cúng. narrow.
" Dórtúr atá i gceist acu, agus is dócha go mbeidh sé níos compordaí ná 10 nó 20 uair an chloig a chaitheamh i suíochán cúng.
níos cúinge. more narrow.
" In ionad eitleán mór amháin a bheith ar fáil do gach duine, déanfaidh cuid de na paisinéirí an turas in eitleán compordach, lán le suíocháin ghrád gnó, agus an chuid eile acu in eitleán atá níos saoire agus i bhfad níos cúinge.
níos cúinge narrower
" Gan an cúnamh luachmhar sin, céard atá ceoltóirí agus bannaí óga a dhéanamh? B’fhéidir ag déanamh a gcuid ceoil agus a dtallann níos cúinge chun go mbeadh siad feiliúnach do *Pop Idol*, *X-Factor*, nó cláracha uafásacha, frithealaíne eile mar iad.
cúng narrow
" Bhí roinnt saineolaithe dlí i láthair ag an gcomhdháil i gCorcaigh a cháin an sainmhíniú cúng ar theaghlach.
an-chúng very narrow, limited
" Ar an drochuair, tá sé rí-shoiléir go bhfuair an chuid is mó de na hamhránaithe ar “The X-Factor” agus “You're a Star” i mbliana oideachas ceoil a bhí an-chúng ar fad.
cúinge aigne narrow-mindedness
" Is é an gléas airm atá aige ná leathfhírinne, aineolas, cúinge aigne, agus díograis.
ngort cúng narrow field
" Níl aon amhras ach go raibh marbhnaí tuillte acu beirt ach ó tharla gur i ngort cúng na Gaeilge a threabh siad a n-iomairí saothair, ní thiocfadh a bheith ag dréim go mbeadh a leithéid i gclo i nuachtáin náisiúnta an Bhéarla.
cúnga narrow
" Amharcann siad go hamhrasach ar charranna fánacha i sráideanna cúnga ciúine.
srian cúng short rein
" Tá Momoko Ando i bhfad ró-ealaíonta chun srian cúng dá leithéid a chur ar a samhlaíocht, ná ar a cuid oibre.
sa chiall is cúinge in the narrowest meaning
" Ní raibh de fhís ag an pháirtí ach forbairt - sa chiall is cúinge den fhocal.
dearcadh cúng áitiúil narrow local view
" Táimid dall ar fad ar an dochar a dhéanann an dearcadh cúng áitiúil do shaol polaitíochta na tíre.
an phointe is cúinge the narrowest point
" I ndiaidh 265 míle rothaíochta, d'fhág muid Sligeach, Maigh Eo agus Liatroim inár ndiaidh agus isteach linn i gContae Dhún na nGall ag an phointe is cúinge i bPoblacht na hÉireann.
chúng shuarach narrow, piteous
" I seomra beag cúil ar an dara hurlár de theach beag bídeach i gcúlshráid bheag chúng shuarach i dTuaisceart lár na Cathrach Cois Life, a tháinig Balor ar an Choimisinéir Fiacla.
cosán cúng a narrow path
" Lean mé cosán cúng isteach chuig feirm bheag.
tranglam bóithríní cúnga a maze of narrow roads
" Murach go raibh eolas na slí ag an tiománaí ní dóigh liom go dtiocfadh muid as go deo: tranglam bóithríní cúnga, agus seanchomharthaí bóthair ó na tríochaidí.
chosán cúng narrow path
" Tá sibhse in ainm muid a choinneáil ar an bhóthar díreach, ar bhóthar ár leasa, ar an chosán cúng, ach tá sibh ag súil go mbeidh gá againn leis an dara tarrtháil? **Troika:** Áááá, a Bhaloir! Ní hé sin a dúirt muid ar chor ar bith.
ngleann cúng iargúlta a narrow out of the way valley
" I ngleann cúng iargúlta faoi scáth na haille atá sé.
timpeallacht chúng an chogaidh the narrow constraints of war
" Grá mall agus bás borb; fuil an chatha agus fuil na broinne; timpeallacht chúng an chogaidh agus réimse fhairsing leathan na cuimhne daonna; castacht an ghrá agus diúide na himeagla os comhair na n-urchar.
droichead cúng thar sruthán a narrow bridge accross a stream
" Ní raibh cosán féin isteach san áit ar thug Jaques mé, ach staighre, agus droichead cúng thar sruthán.
de dhearcadh cúng Bhéarla na hÉireann of the narrow constraints of anglophile Ireland
" Bheadh eagla orm nach bhfuiltear ag leagan oiread béime is ba chóir ar ghnóthaí teanga, cailleadh teanga nó ar easpa teanga agus an cailleadh dúchais dá réir, i dtaighde sna réimsí seo, mar nach mbreathnóidh taighdeoirí in aon aird lasmuigh de dhearcadh cúng Bhéarla na hÉireann.
Tá léamh iontach cúng aige ar he has a very narrow meaning with
" ”* Tá léamh iontach cúng aige ar chainteoirí Gaeilge: *“Those who are engaged with Irish are either small groups of devotees or are public officials employed for the purpose of using the language, for example by translating official documents.
i gcathair ghríobháin de bhóithríní pollta agus cosáin chúnga in a maze of holed roads & narrow paths
" Tigíní beaga i mullach a chéile i gcathair ghríobháin de bhóithríní pollta agus cosáin chúnga – tá Sussuarana cosúil le gach bruachbhaile bocht eile in Salvador.
sráideanna cúnga narrow streets
" Bíonn na sluaite le feiceáil i rith an lae ag siúl suas síos sráideanna cúnga an Lido, cóin gelato ina nglaic acu, boladh uachtar gréine uathu agus iad ag triall ar an trá nó ar cheann den iliomad bialanna atá daite timpeall an oileáin.
maireachtáil ar an bheatha chúng to live life on the edge
" Níor thug an Pápa úr pinsean ar bith leis ón phost a bhí aige san Airgintín, agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé ábalta agus sásta maireachtáil ar an bheatha chúng, agus go n-íosfadh seisean burgar Tesco fiú, bíodh each ann nó ná bíodh.
Droim sléibhe ard, cúng a high narrow mountain ridge
" Droim sléibhe ard, cúng atá i Striding Edge, agus os rud é go dtéann na mílte de lucht siúl sléibhe an treo sin, bíonn timpistí air go rialta.
léamh an-chúng glactha ag (have) taken a very narrow reading
" Thuigfinn go maith cad tuige nach dtabharfaí meamraim a ullmhaíodh do chruinniú rialtais dom ach sílim go bhfuil léamh an-chúng glactha ag an dá Roinn sa chás seo.
ag glacadh léirmhíniú an-chúng ar an reachtaíocht taking a very narrow definition of the legislation
" A fhad is go bhfuil Oifig an Choimisinéara Faisnéise ag tarraingt na gcos i láimhseáil na n-achomharc, cén t-iontas má leanann comhlachtaí stáit ag glacadh léirmhíniú an-chúng ar an reachtaíocht.
cúnga narrow
" Ach ansin chuala Garth Brooks (nó Gearóid Ó Srutháin, mar a thugann sé air féin nuair a bhíonn sé in Éirinn) go raibh comharsana Chumann Lúthchleas Gael ag lorg tuilleadh stoirmeacha ceoil le go mbeadh na sráideanna beaga cúnga thart ar Pháirc an Chrócaigh plódaithe le meisceoirí agus múisceoirí as achan chontae in Éirinn, nach mbeadh aon bhealach isteach ná amach ag na cónaitheoirí agus go mbeidís mar a bheadh cimí ina gcuid tithe beaga féin.
mar rud beag cúng amháin as a small narrow matter
" (pléascadh gáire) Dúirt mé le Tric, “tá an fear sin ag smaoiteamh ar leabhar Gaeilge a scríobh!”, ach bhí seisean ag smaoiteamh ar an mhargaíocht domhanda, - a bhí ar fáil! Ní raibh seisean ag smaoiteamh ar an Ghaeilg, bhfuil a fhios agat, mar rud beag cúng amháin.
rannóg liteartha chúng sin this narrow literary sector
" Sa rannóg liteartha chúng sin, rannóg na mbotún, d’fhéadfaí Henry Adams a lua.
Dearcadh cúng craplaithe an AE the EU’s narrow wizened view
" Dearcadh cúng craplaithe an AE is údar báis (sa Mheánmhuir go minic) do dhaoine a shantaíonn tearmann san AE.