Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúraimí clainne family duties
" De réir dealraimh, bhí na cúraimí clainne a bhí uirthi ag cur isteach, dar léi féin, ar an chaidreamh a bhí aige le fear ag an am.
gCúram Páistí childcare
" Tá sí ag iarraidh cúrsa a dhéanamh i gCúram Páistí agus Pleanáil Chlainne.
Ní mhaím a chúram air I don't envy him his task
cúram responsibility
" Is éard atá i gceist leis an Acadamh ná foras léinn arb é taighde ar oidhreachtaí agus thraidisiúin chultúrtha na hÉireann is cúram dó.
cúram care
" I 1988, le suim an-bheag airgid síl ón rialtas i DC, chruthaigh Gomez an rud a bhí ag teastáil go géar ón chathair agus a cuid áitritheoirí is nua: clinic réamhbheireatais do mhná Laidineacha a mbeadh siad in acmhainn íoc as, le soláthraithe a mbeadh Spáinnis acu agus a chuirfeadh cúram a bheadh tuisceanach go cúltúrtha ar fáil.
chúram iomlánaíoch holistic care
" " Cuireann Gomez béim láidir ar chúram iomlánaíoch go háirithe, agus ar an ról atá ag an oideachas agus ag forbairt shóisialta sa phróiseas athmhuintearais.
cúram sláinte health care
" " Tá cúram sláinte, nó an easpa cúraim, ina cheist thábhachtach sa cheantar chomh maith.
soláthraí cúraim sláinte health care provider
" Tar éis tarchur a fháil óna soláthraí cúraim sláinte, thóg oibrithe deonacha an ASP rampa adhmaid 79 órlach timpeall a tí chun cur lena hinghluaiseacht.
cúram leighis medical treatment
" Thig leat d'fhaoistin a dhéanamh i nGaeilge anseo go fóill ach ní hamhlaidh atá maidir le cúram leighis ná na seirbhísí riachtanacha eile.
chúraimí an tsaoil cares of the world
" Beidh sos beag againn an mhí seo ó chúraimí an tsaoil.
chúram responsibility
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost? Is é an ról atá agam sa BBC ná Eagarthóir Foghlama agus tá teangacha faoi mo chúram leis sin fosta, an Ghaeilge agus Ultais.
gcúram sláinte health care
" Rinne an comhrialtas airgead a infheistiú san infrastruchtúr, i gcúram sláinte agus san oideachas tar éis blianta fada de chiorruithe buiséid na ndaonlathaithe Críostaí agus, den chéad uair le cúig bliana is fiche, tá comhardú na n-íocaíochtaí cothrom.
cúraimí responsibilities
" B'fhéidir gurb é tábhacht na Féile seo ná go bhfuil muintir an domhain, nó cuid mhór díobh ar aon nós, dírithe ar rud éigin nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint leis ar bhealach amháin ach a tharraingíonn daoine le chéile agus a thugann deis dóibh a gcuid fadhbanna agus cúraimí a chur i leataobh ar feadh scaithimh.
chúram sciliúil skillful care
" Nuair a scaip an drochscéala bhí an-bhrón, ar ndóigh, ar a chuid cairde ceoil, ach de réir a chéile, faoi chúram sciliúil na ndochtúirí agus na n-altraí in Ospidéal Naomh Lúcás i mBaile Átha Cliath, tháinig Séan tríd.
faoina gcúram in their care
" Creid é nó ná creid, níor deineadh seiceáil riamh ar chúlra fhormhór na ndaoine a fhágann muid ár bpáistí faoina gcúram sa stát seo.
chúraimí an ghnáthshaoil the cares of everyday life
" Níl siad ag iarraidh ach sos deas réchúiseach a fháil ó chúraimí an ghnáthshaoil.
faoina chúram under his care/responsibility
" Chuaigh sé ansin i 1968 agus níorbh fhada ann dó nuair a bhí foireann na scoile faoina chúram agus cleachtadh agus traenáil ar siúl acu gach maidin agus tráthnóna.
cúraimí a pharóiste his parish duties
" "Le tacaíocht an ardeaspaig, d'éirigh sé as cúraimí a pharóiste chun go dtiocfadh leis obair ar bith a dhéanamh a shílfeadh sé a bheith tábhachtach.
ag freastal ar a gcúraimí laethúla going about their normal routine
" Is mian leo go leanfadh bunadh na cathrach orthu ag freastal ar a gcúraimí laethúla, agus teastaíonn uathu go leanfadh turasóirí orthu ag teacht chun na cathrach.
faoi chúram na seirbhísí síciatracha in the care of the psychiatric services
" Tá John faoi chúram na seirbhísí síciatracha ó a bhí na seascaidí ann agus is taobh amuigh den ghnáthshaol atá a thaithí phearsanta.
cúraimí an tsaoil the cares of the world
" Ón bhomaite a thagann tú i dtír mothaíonn tú go bhfuil tú i ndiaidh cúraimí an tsaoil a fhágáil i do dhiaidh.
cúraim responsibility
" Go teoiriciúil bímse ag plé leis an táirgeacht den chuid is mó agus bíonn Caoilfhionn ag plé leis an eagarthóireacht, ach bíonn orainn freastal ar gach saghas cúraim de réir mar is gá.
tá sé faoinár gcúram it's under our care
" "Achan ní atá ag baint leis an teanga, bhuel, tá sé faoinár gcúram a bheag nó a mhór.
cúraimí responsibilities
" Tá an obair seo ar siúl agam mar chuid de mo chuid cúraimí mar Thimire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge.
cúraimí tánaisteacha secondary tasks
" An deacracht is mó atá agamsa leis an bplean, áfach, ná go bhfuil an baol ann go bhfágfar *élite *i mBaile Átha Cliath, go mór mór sa dá roinn rialtais is cumhachtaí, an fhad is atá cúraimí tánaisteacha á ndéanamh thíos fán tír.
chúram síciatrach psychiatric treatment
" Caitear 7% de bhuiséad na Roinne Sláinte agus Leanaí ar chúram síciatrach agus an fuílleach (93%) ar na tinnis a bhaineann leis an chuid eile den chorp.
fear cúraim caretaker
"fear cúraim an-deas ansin fosta, agus an-scéalta aige faoi na luibheanna.
cúraimí responsibilities
" " In ainneoin a ghnóthaí is a bhí sé ina shlí bheatha, deir Whitaker nach raibh sé chomh deacair sin cothromaíocht a fháil idir saol an teaghlaigh agus cúraimí stáit.
cúram sláinte health care
" Níl sé beartaithe ach an séú cuid a chur ar fáil den airgead atá ag teastáil chun an Ryan White CARE Act a mhaoiniú, acht a bhfuil sé mar aidhm aige cuidiú a chur ar fáil d'othair HIV a bhfuil ioncam íseal acu chun cur ar a gcumas cúram sláinte a fháil agus drugaí a chuirfidh fad lena saol.
cúraimí responsibilities
" Ó hUiginn agus a bhí chomh héifeachtach sin, agus scaipeadh na cúraimí ar thrí roinn eile.
ar a cúram to care for
" " Tá féith an cheoil ó dhúchas san fhear seo mar gur seinnteoir cumasach a mháthair ar an bpianó agus ar an orgán, cé nár mhinic a chasadh sí sa mbaile mar go mbíodh a dóthain le déanamh aici agus seachtar clainne ar a cúram! "Nuair a bhí mé an-bheag bhíodh aintíní agus cuairteoirí eile ag tabhairt airgid dom nuair a chanainn.
chúraimí responsibilities
" Tá Nia tar éis filleadh ó thuras sé seachtainí i Stáit Aontaithe Mheiriceá lena tuismitheoirí agus Altan, agus tá Proinsias i mbarr a shláinte arís agus réidh le tabhairt faoina chúraimí mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge 2004.
cúraimí duties
" Bhí líon mór cúraimí ar Jane - socruithe taistil a dhéanamh do a lán daoine, mar shampla.
gan mórán cúraim without much care
" In áit canbháis agus péint caite air gan mórán cúraim, bheadh línte díreacha, greillí agus athrá le feiceáil ina saothar.
nach bhfuil cúram clainne orthu who have no children
" Ach is daoine óga go leor acu nach bhfuil cúram clainne orthu, atá in ann a rá, 'Bhuel, is cuma má bhím as baile ar feadh seachtaine nó ar feadh míosa.
cúraimí troma heavy duties
" "Sa bhaile sna hOileáin Fhilipíneacha breathnaítear ar bhanaltraí mar oibrithe uaisle, mar gheall ar na cúraimí troma a bhíonn orainn agus an aire a thugann muid do na hothair.
cúraimí responsibilities
" Chuirfeadh an oiread sin cúraimí isteach ar an ngnáthdhuine.
cúraimí an Phríomhfheidhmeannaigh the responsibilities of the Chief Executive
" Is léir go bhfuil meas ag an mbainistíocht ar Ray chomh maith toisc gur iarr an bord bainistíochta air glacadh le cúraimí an Phríomhfheidhmeannaigh (le cois na gcúraimí mar Stiúrthóir Ealaíon a bhí air cheana féin) mí Iúil seo caite.
cúram responsibility
" Tháinig an smúid seo orm agus mé ag éisteacht le Barry Gardiner go háirithe, aire in Oifig Thuaisceart Éireann a bhfuil cúram an oideachais air.
trí phríomh-chúram three main responsibilities
" "Tá trí phríomh-chúram ar an eagras," a deir Goggin.
chúram care
" Is faoi chúram an Stáit atá an chuid is mó dá shaothar poiblí, rud a chinntíonn saol fada agus ardán poiblí dó ach, ar an drochuair, ní féidir bheith chomh cinnte céanna cad é atá i ndán do na colúin mhaorga ar Shráid Grafton.
réimse leathan cúraimí a wide range of responsibilities
" " Ní hamháin go mbaineann éagsúlacht ó thaobh tenagacha lena post, áfach, ach tá réimse leathan cúraimí i gceist fosta.
faoina gcúram under their care
" Bhí sé le feiceáil go soiléir go raibh mí-iompar ar siúl agus go raibh fostaithe de chuid an ionaid ag caitheamh go gránna le cuid de na seandaoine a bhí faoina gcúram.
cúram care
" Seachas faillí a dhéanamh sa duine atá breoite, tá sé de dhualgas ar an Stát a chinntiú go gcuirtear an cúram is fearr ar fáil dó.
Dhá chúram two responsibilities
" Dhá chúram a bhí ar an ollscoil, “an fhírinne” a fhionnachtain agus saoránaigh a oiliúint.
cúram pearsanta personal attention
" Ní thógtar ach cúig dhuine dhéag ar an gcúrsa le bheith in ann cúram pearsanta a dhéanamh de gach mac léinn.
ceann de na cúraimí is troime one of the heaviest responsibilities
" ” Cuma réchúiseach ======= Ní cheapfá le breathnú air gur ar Sheán Ó Cuirreáin atá ceann de na cúraimí is troime i saol na Gaeilge.
Dhá chúram two responsibilities
" Dhá chúram a bhí ar an ollscoil, “an fhírinne” a fhionnachtain agus saoránaigh a oiliúint.
cúram leighis treatment
" Bíodh sé fíor nó bréagach, ach tá an tuairim ann go bhfuil sé níos sábhailte anois a bheith tinn sa bhaile ná cúram leighis a fháil in otharlann.
cúram pearsanta personal attention
" Ní thógtar ach cúig dhuine dhéag ar an gcúrsa le bheith in ann cúram pearsanta a dhéanamh de gach mac léinn.
cúram responsibilities
" Bhí na hiareaspaig Herlihy agus Comiskey go hiomlán neamartach ina gcúram.
cúram leanaí childcare
" In áit díriú ar “an taobh eile”, molann an NICVA gur cheart béim a dhíriú ar straitéisí frithbhochtaineachta an rialtais, ar an dífhostaíocht, sochair níos airde, pá íosta náisiúnta, cúram leanaí níos fearr, dul i ngleic leis an éagothroime sa chóras sláinte, agus áiseanna cuí, le muinín an phobail a chothú.
faoina gcúram under their care
" Tarlaíonn sé seo nuair nach bhfuil ag éirí go maith leis an bhfoireann atá faoina gcúram.
cúraimí responsibilities
" Ar an drochuair, tá cúraimí eile ar dhaoine agus tuigeann muid sin.
cúram leanaí childcare
" Bíonn rogha le déanamh ag lanúin nuair a bheirtear a gcéad leanbh cé acu an bhfuil siad sásta €800 sa mhí a dhíol le haghaidh cúram leanaí nó an mbeidh siad ábalta maireachtáil ar an teacht isteach ó ioncam amháin.
cúraimí cinnireachta leadership responsibilities
" Cé nach bhfuil siad in oifig, titeann cúraimí cinnireachta ar an fhreasúra chomh maith céanna leis an rialtas agus bíonn an toghlach ag brath orthu le stiúir éigin a thabhairt dóibh.
faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta under the care of the National Trust
" Cóngarach go leor don chósta, tá Oileáin Farne, grúpa oileán lom íseal atá faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta.
chúram responsibility
" Muna gcuireann siad siúd gliondar ort, cad faoin ailtireacht shuntasach, álainn (tá 7,000 foirgneamh faoi chúram an stáit) ar sampla maith iad den saibhreas agus den éagsúlacht atá ar fáil sa chathair bhríomhar seo.
faoina cúram under its responsibility
" Ní shin mar a fheidhmíonn an státchóras! Ina áit sin, is amhlaidh a dhéanfadh an tAire Airgeadais laghdú ar bhuiséad Roinn na Gaeltachta ó tharla stráice i bhfad níos lú a bheith faoina cúram.
faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta under the care of the National Trust
" Cóngarach go leor don chósta, tá Oileáin Farne, grúpa oileán lom íseal atá faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta.
cúraimí faoi leith special responsibilities
" Ina measc, bhí Roinn an Taoisigh agus an Roinn Airgeadais, a bhfuil cúraimí faoi leith uirthi maidir le cur i bhfeidhm rialacha na státseirbhíse.
cúraimí cares
" Le tamall anuas, is geall le fear cráite é Gretzky a bhfuil cúraimí an domhain mhóir uilig ar a ghuailní aige.
cúraimí laethúla na foirne the staff's daily responsibilities
" Cén obair a dhéantar i RnaL ó lá go lá?***Tá éagsúlacht mhór ag baint cúraimí laethúla na foirne.
faoi chúram na dtiarnaí talún under the responsibility of the landlords
" Ón bhliain 1690 bhí an séipéal faoi chúram na dtiarnaí talún, agus i lár an 18ú haois tógadh seomra speisialta, an Laird’s Loft, inar shuigh an tiarna talún agus a theaghlach le linn na seirbhísí, a mhair uaireanta lá iomlán.
gus an cúram a leagan ar mhórphearsa teilifíse and giving the responsibility to a big television personality
" Níl aon samhlaíocht léirithe aige le dul i ngleic leis an slad atá á dhéanamh ar bhóithre na tíre, seachas pointí úra pionóis a thabhairt isteach agus an cúram a leagan ar mhórphearsa teilifíse.
an cúram is práinní agus is marfaí the most urgent and deadly task
" Ach cibé rud faoin atógáil nó faoi smacht a chur ar fhás phoipíní an chodlaidín féin, is léir do chách gurb é an feachtas míleata in éadan na dTalabanach - na Talabanaigh sin a bhí ar an dé deiridh ceithre bliana ó shin, a maíodh san am – an cúram is práinní agus is marfaí atá ag arm Cheanada ann.
cúraimí beaga eile spioradálta small other small spiritual responsibilities
" Anois, ní cuimhin liomsa go raibh sé ró-liobrálach! I ndáiríre, macasamhail Choláiste Iarfhlatha a bhí ann ach go raibh éadach dubh ann agus is dóigh go raibh cúraimí beaga eile spioradálta ort.
éagsúlacht cúraimí a variety of responsibilities
" Mar sin, bhí éagsúlacht cúraimí orm san áit.
cúnamh baile, béilí ar rothaí agus seirbhísí cúraim lae home help, meals on wheels and day-care services.
" Meastar go gcuirfear €100 milliún ar fáil chun go mbeidh teacht ag seandaoine ar sheirbhísí altranais agus teiripeacha, cúnamh baile, béilí ar rothaí agus seirbhísí cúraim lae.
ar chúram i dtithe altranais príobháideacha, on care in private nursing homes,
" In ainneoin go n-íocann teaghlaigh suas le €800 ar an mheán sa tseachtain ar chúram i dtithe altranais príobháideacha, is minic a bhíonn an cúram sin ar chaighdeán an-mhíshásúil.
cúram na Gaeilge responsibility for the Irish language
" Tá ráite ag Michael McGimpsey, fear a raibh cúram na Gaeilge air agus é ina aire i Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta an Tuaiscirt, nach bhfuil i gcur in éadan na Gaeilge sa DUP ach geamaireacht.
óna chuid cúraimí from his responsibilities
" Tá seacht mbliana rite ó bhí sos gairme aige óna chuid cúraimí in Ollscoil Auckland, áit a bhfuil cúrsaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus litríocht na Nua-Shéalainne agus an Aigéin Chiúin á mbainistiú aige.
cúram iomlán na bpáistí the total care of the children
" Thóg Maria cúram iomlán na bpáistí uirthi féin.
faoi chúram Choimisiún na Foraiseachta under the care of the Forestry Commission
" Is faoi chúram Choimisiún na Foraiseachta atá Rosal anois, agus tá sé leagtha amach ar mhaithe le cuairteoirí agus comharthaí in airde a mhíníonn an saol laethúil a bhíodh ann.
an cúram the responsibility
" Obair na paróiste an cúram a bhí air agus, diaidh ar ndiaidh, chaill sé teagmháil leis an teanga bheo agus rinneadh Gaeilgeoir ócáideach de, duine de na daoine sin a raibh cáilíocht ollscoile teanga acu ach nár bhain úsáid as an teanga ar bhealach ar bith rialta.
faoi chúram under the care of
" Tá an teach inar rugadh é faoi chúram Iontaobhas Náisiúnta na hAlban anois agus is féidir cuairt a thabhairt air.
cúraimí sóisialta social responsibilities
" “Is é an rud ba mhaith liom a chur in iúl ná go bhfuil cúraimí sóisialta orainn anois in Éirinn i ré an Tíogair Cheiltigh.
faoina chúram. his responsibility
" Bhí a fhios ag Mick - a bhí ainmnithe mar lántaca ag na roghnóirí roimh an gcluiche - go mbeadh marcáil Eoin “Bomber” Liston, laoch agus gaiscíoch Chiarraí, faoina chúram.
tháinig cúrsaí oideachais faoi chúram Kieran chomh maith, education became part of Kieran's remit as well
" Ní ba mhoille agus é ina bhainisteoir, tháinig cúrsaí oideachais faoi chúram Kieran chomh maith, agus le linn dó a bheith tinn, bhí sé i gceannas ar an Rannóg Idirghníomhaíochta agus Foghlama, áit a raibh sé freagrach as na meáin úra, as cúrsaí oideachais agus as cúrsaí Gaeilge agus Albainis Uladh.
cúram páistí, childcare,
" Níl morgáiste le híoc acu, nó cúram páistí, nó iasacht cairr.
atá freagrach as cúraimí an imscrúdaithe a chur i gcrích. who are responsible for executing the duties of the investigation
" Is freagracht náisiúnta é imscrúdú aerthionóiscí, agus tá eagraíocht speisialta ag gach tír, ar ball EESI í, atá freagrach as cúraimí an imscrúdaithe a chur i gcrích.
a chur de chúram air giving him responsibility for
" An é sin an Frank Murray céanna a bhfuil an tAire Hanafin tar éis a chur de chúram air dul i mbun suirbhéireachta sa Daingean le cuidiú fadhb theanga teagaisc na Pobalscoile a fhuascailt?Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4/RTÉ é Breandán Delap.
faoi chúram na n-institiúidí altramais, under the care of the foster institutions
" Fágadh formhór na bpáistí faoi chúram na n-institiúidí altramais, a bhí á reáchtáil ag rialtais na stát agus ag na heaglaisí éagsúla.
faoi chúram áisíneachta neamhspleáiche éigin as the responsibility of some independent agency
" Seans, áfach, gur cheart feidhmiú an choinníll a chur faoi chúram áisíneachta neamhspleáiche éigin – Údarás na Gaeltachta nó An Bord Pleanála, cuir i gcás – seachas a bheith ag brath ar na Comhairlí Contae nach raibh i bhfách leis an chéad lá riamh.
agus cúraimí náisiúnta agus áitiúla a chomhlíonadh and to fullfil both national and local remits
" Is cinnte go mbíonn sé deacair an dá thrá a fhreastal agus cúraimí náisiúnta agus áitiúla a chomhlíonadh ag an am céanna.
faoina chúram! under his guidance!
" Ní hamháin sin, ach ní bhfuair sé deis tada as bealach a dhéanamh, fiú, mar gheall ar nach raibh oiread agus seisiún amháin traenála ná cluiche amháin i ndiaidh a bheith ar siúl faoina chúram! “Dícheapadh” é ar deireadh le héalú as an bpraiseach a bhí déanta ag Coiste an Chontae agus ag na himreoirí.
go leor den chúram a lot of the responsibility
" Ach tá go leor den chúram curtha anois ar dhuine (Brendan Drumm) nach bhfuil ar an pháirc ar chor ar bith.
cúraimí tábhachtacha important responsibilities
" Titfidh cúraimí tábhachtacha uirthi, ní hamháin mar thánaiste, ach san aireacht Fiontair, Trádála is Fostaíochta chomh maith mar gheall ar an Tíogar Ceilteach a bheith sna smeachanna deireanacha.
an chéad chúram tábhachtach the first important responsibility
" Reifreann na Leanaí is ea an chéad chúram tábhachtach a thitfidh air.
cúram responsibility
" Cé go bhfuil an cúrsa dírithe ar dhaoine a bhfuil cúram orthu maidir le cur i bhfeidhm an Achta Teanga, tá sé oiriúnach do dhuine ar bith ar spéis leis éagsúlacht teanga.
faoi chúram in the care of
" Éiríonn tú, tugann tú bricfeasta dóibh, fágann tú faoi chúram mhamó nó duine eile iad agus imíonn tú go tearmann na hoifige.
cúraimí nó na freagrachtaí duties or responsibilities
" Mar shampla, as siocair go mbíodh baill foirne as láthair de bharr tinnis go minic – agus de thairbhe go raibh go leor deacrachtaí ag an ghrúpa ó thaobh cainteoirí Ultaise a earcú – ní raibh a fhios ag aon duine cad iad na cúraimí nó na freagrachtaí a bhí orthu.
tá sé curtha de chúram ar an tSeirbhís the service are charged with the responsibility
" Tá SPNF ina cuid den Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus tá sé curtha de chúram ar an tSeirbhís raon gnáthóg agus speiceas in Éirinn a chaomhnú.
Seo mar a dhéanann tuismitheoirí cúram dá gcuid páistí this is how parents take care of their children
" Seo mar a dhéanann tuismitheoirí cúram dá gcuid páistí.
cúraimí póilíneachta agus cirt policing and justice responsibilities
" Ach tá sé ráite ag an Chéad Aire gur mhaith leis cúraimí póilíneachta agus cirt a bheith aistrithe go Stormont – leid bheag gur féidir dul chun cinn a dhéanamh.
cúram geiriatrach geriatric care
" Chuaigh muid go cruinniú ceann bliana Acadamh na Lianna áit a raibh, tráthúil go maith, cúram geiriatrach faoi chaibidil.
díriú ar a chúram minding his business
" Ach níorbh é an t-aon duine nach raibh ag díriú ar a chúram.
faoina chúram in his care
" Insíonn an scannán, atá bunaithe ar leabhar den teideal céanna ó pheann François Bégaudeau, scéal múinteora atá ag obair i meánscoil i gceantar ‘chaud’ agus an teagmháil atá aige leis na daoine óga atá faoina chúram.
cúraimí care/responsibilities
" Tá an Tionól, ar a laghad, ar ais i mbun oibre agus iad ag comhlíonadh cuid de na cúraimí atá orthu.
cúram reachtúil legislative care
" Anuas ar sin, cuirfear i bhfeidhm polasaí ar a dtugtar “no exit to homelessness” i dtaca le daoine a scaoilfear as cúram reachtúil agus as an bpríosún.