Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúthail shy
" De réir na dtuairisicí ar fad atá cloiste nó léite agam faoi Willie Clancy ba dhuine cúthail, séimh, umhal é.
cúthail shy
" Fear cúthail agus modhúil é Gearóid, a tógadh i gclann a cheol sular labhair siad.
cúthaile shy
" Thug mé faoi deara go raibh na mic léinn cúthaile ag caint níos minice nuair a bhí an cluiche seo ar siúl.
Glas-stócach cúthail a shy, callow youth
" Glas-stócach cúthail in aois a sé déag a bhí ann agus bhíodh sé an-uaigneach ar dtús.
cúthail shy
" Bíonn an chuid is mó de na mic léinn cúthail, bíonn leisc orthu labhairt, bíonn eagla orthu go ndéanfaidh siad botúin.
ró-chúthail too modest
" Fuair 61 acu bás sa Bhriogáid Idirnáisiúnta agus gortaíodh Ó Ríordáin féin le linn Chath Ebro, cé go raibh sé ró-chúthail leis an eachtra seo a lua ina leabhar.
níor chailín cúthail í. she wasn't a shy girl.
" Cailín ciúin a bhí ann, dar léi féin,ach níor chailín cúthail í.
cúthail faoi mo thallann féin shy about my own talent
" Bhí mé cúthail faoi mo thallann féin agus scríbhneoirí mar Patricia Grace, Keri Hulme (a bhuaigh Duais Booker) agus Apirana Taylor ag saothrú leo.
cúthail go leor quite shy
" Murab ionann agus na hÉireannaigh, bíonn muintir na tíre seo cúthail go leor nuair a bhíonn amhráin le rá.
ní raibh mé riamh cúthail. I was never shy.
" “Bhí mé an-neamhspleách riamh; chuaigh mé sna gasóga nuair a bhí naoi nó deich mbliana agam agus níl samhradh tugtha agam i dteannta mo thuismitheoirí ó shin! Bhí mé an-ghníomhach agus an-chróga nuair a bhí mé óg, ní raibh mé riamh cúthail.
cúthail shy
" Is cinnte go bhfuil tallann shuntasach ag baint leis an fhear ciúin cúthail seo Shaun Greenhalgh, agus b'fhéidir i ndeireadh na dála nár cuireadh tús leis an tionscal ar mhaithe leis an airgead.
cúthail shy
" Ní fear cúthail é an tOllamh John Belchem, ar Leas-Seansailéir é in Ollscoil Learphoill.
cúthail, modhúil shy and decent
" Bhí sí ag tarraingt scairf bhán siar agus aniar thar a héadan le taispeáint don chomhluadar gur chailín cúthail, modhúil a bhí inti.