Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chabhlach navy
" Chuir sé in aghaidh rialacha dochta a athar, aimiréal de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe.
cabhlach roofless walls, ruins
"cabhlach de sheanséipéal an oileáin, Cill Chiaráin, fós le feiscint.
cabhlach navy
" Níl arm láidir go leor againn le muid féin a chosaint ar ionsaí ó naimhde ar bith; is beag éifeacht a bheadh ag ár gcabhlach ná ag ár n-aerfhórsa ach oiread dá mba rud é gur ionsaíodh muid.
cabhlach navy
" Fiche éigin bliain níos déanaí thuig na ginearáil i Washington cad a bhí i gceist ag Billy nuair a tháinig na Seapánaigh aniar aduaidh ar an gcabhlach ag Pearl Harbour.
an cabhlach the navy
" Ceaptar nach mó ná sásta atá an cabhlach go bhfuil siad fostaithe ag díbirt bád beag as uiscí thuaisceart na tíre.
Cabhlach navy
" Ba é Cabhlach na hAstráile a thug an scéal seo don rialtas, agus chuir John Howard agus a Airí in iúl nach raibh cúis amhrais acu maidir le firínne an scéil.
Cabhlach navy
" Bhí sé tráth le Cabhlach na Stát Aontaithe agus ba Gharda Onórach é san Emerald Society Pipe and Drum Band, chomh maith le bheith ina bhall gníomhach den Emerald Society.
cabhlach navy
" B'ait an rud é dá mbeadh fear na Gearmáine ag taispeáint do bhean na hÉireann conas portach a shioscadh! B'ait freisin breathnú thar an bhfál i lár an phortaigh ar na haeróga arda a leanann lorg chuile U-Boot ag cabhlach na Gearmáine - an rabhadar ag coinneáil súil freisin ar bháid mhóra agus ar ghleoiteoga Chonamara? Sa Moormusuem chonaic muid go raibh muintir na bportach sin lán chomh bocht le muintir na bportach in Éirinn tráth.
cabhlach iascaireachta fishing fleet
" Chomh maith leis sin, is orainn féin amháin atá an locht muna bhfuil cabhlach iascaireachta na hÉireann inchurtha le cabhlach na Spáinne faoin am seo.
chabhlach navy
" D'fhág long de chabhlach na hAstráile Sydney an tseachtain seo caite ar a bealach go dtí Murascaill na Peirse.
chabhlach iascaireachta fishing fleet
" Fiú go dtí an lá atá inniu ann, báid faoi bhun 15 méadar 80% de chabhlach iascaireachta an stáit seo.
cabhlach navy
" Thóg cabhlach na hAstráile an bád, an Minasa Bone, amach in uiscí idirnáisiúnta in ainneoin na drochbhaile a bhí uirthi, agus cuireadh i dtír ar cheann d'oileáin na hIndinéise í.
le cuidiú an chabhlaigh with the help of the navy
" In 2001, roimh an toghchán náisiúnta is deireanaí, dúirt an rialtas, le cuidiú an chabhlaigh, go raibh daoine a bhí ag lorg dídine ar bhád ar chósta thiar na hAstráile ag caitheamh a gcuid páistí i bhfarraige.
d'iarshaighdiúir cabhlaigh former marine
" Agus é ag fás aníos in Greenpoint, Brooklyn mar mhac d'iarshaighdiúir cabhlaigh a bhí ag obair mar phóilín raoin i Nua-Eabhrac, chuir George Marlin suim sa pholaitíocht agus é an-óg.
cabhlach coimhthíoch foreign navy
" Ba é an cúram a bhí ar fhoirne na dtúr ná scéala a chur chuig na húdaráis áitiúla dá bhfeicfí cabhlach coimhthíoch ag teacht.
sa Chabhlach Ríoga in the Royal Navy
" Bhí saighdiúir amháin, Paddy O’Mara, páirteach i gCeannairc Inbhear Gordon sa Chabhlach Ríoga i 1931.
calafoirt chabhlaigh navy ports
" Bhí an fear céanna ina shaighdiúir óg singil sa gharda onóra ar Inis Píc nuair a ghlac Dev seilbh ar na calafoirt chabhlaigh i 1938.
athshealbhú na gcalafort cabhlaigh the repossession of the navy ports
" Bhí borradh nua san aer, agus cad a rinne m’athair Pat, an fear sa gharda onóra le Dev in athshealbhú na gcalafort cabhlaigh ar Inis Pic i 1938, ach a chéad ghluaisteán – carr athláimhe, Ford Prefect, uimhir DPI 206 – a cheannach.
cabhlach navy
" Bhí sé ina ábhar fonóide ar feadh na mblianta go mbíodh níos mó fomhuireán ag páirc siamsaíochta The West Edmonton Mall ná mar a bhí ag cabhlach Cheanada.
Liostáil sé sa Chabhlach Ríoga he enlisted in the Royal Navy
" Liostáil sé sa Chabhlach Ríoga le troid in aghaidh na bhfaisisteach arís agus cuireadh ar ais go dtí an Ibéir é, áit a raibh sé ar dualgas i gCaolas Ghiobráltair.
ba bhunáit thábhachtach cabhlaigh é. it was an important naval base.
" Ach is cuan mór nádúrtha den scoth é Caolas Chrombaidh, agus i rith na gcogaí domhanda, ba bhunáit thábhachtach cabhlaigh é.
soláthar long cabhlaigh, supplying navy ships,
" Rinne na ceannaithe brabús maith as seo agus as soláthar long cabhlaigh, agus nuair a tháinig William III go dtí an port sa bhliain 1689 b’éigean dó praghas ard a íoc chun a arm a iompar go hÉirinn.
cabhlach séasca long a fleet of sixty ships
" Scríobhadh gur tháinig mac rí Shasana, is é sin John, mac Henry II, go hÉirinn le cabhlach séasca long chun smacht a fháil ar an tír.
an t-oifigeach cabhlaigh the navy officer
" Nuair a thosaigh an t-oifigeach cabhlaigh Christopher Brownfield a sheal dualgais i mBagdad, ba bheag duine a shamhlaigh sé go mbeadh sé ag sárú an dlí go luath ina dhiaidh sin agus saothair ealaíne ón Iaráic á smuigleáil go dtí na Stáit Aontaithe aige.
báid agus mairnéalaigh de chuid an chabhlaigh Astrálaigh boats and sailors of the Australian navy
" Anuas air sin, tá báid agus mairnéalaigh de chuid an chabhlaigh Astrálaigh páirteach sa phatróil idirnáisiúnta ar chósta na hIaráice.
chéad chabhlach first navy
" Roghnaíodh an dáta seo mar an lá náisiúnta de bharr gur cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach san Astráil ar 26 Eanáir, 1788, nuair a tháinig an chéad chabhlach i dtír i gCuan Sydney.
Chabhlach Ríoga Royal Navy
" Ghabh long de chuid Chabhlach Ríoga na hAstráile an bád ar 15 Aibreán, chomh luath is a tháinig sé taobh istigh dár gcuid uisce teorann.
chabhlaigh naval
" Cuireadh géibheann saoil ar an nGiúdach Meiriceánach seo i 1986 mar gheall ar na mílte leathanach de dhoiciméid a ghoid sé ina phost mar anailísí do fhaisnéis chabhlaigh SAM.
cabhlach navy
" Thóg an cabhlach na teifigh a gabhadh ar na báid thuas chuig ionad coinneála ar Oileán Nollag, críoch de chuid na hAstráile san Aigéan Indiach, fad is a rinneadh meas ar a n-iarratais tearmainn.
Chabhlach navy
" Tógadh go dtí long de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe Mheiriceá (SAM) é lena cheastóireacht i dtús báire sular carcraíodh é ag Guantanamo.
thaithí shaighdiúir cabhlaigh a marine soldier's experience
" Feictear seo i saothar an tSeirbigh Braco Dimitrijevic, a dhéanann obair a spreagann muid chun scrúdú a dhéanamh ar imeachtaí stairiúla agus sa tsraith ghrianghrafadóireachta a chruthaigh Nina Berman, dar teideal Bainis Mhuirí, a thugann léargas truacánta ar thaithí shaighdiúir cabhlaigh a gortaíodh ag buama san Iaráic.
athachtú ar theacht an Chéad Chabhlach a re-enactment of the coming of the first fleet
" Reáchtáladh athachtú ar theacht an Chéad Chabhlach i gCuan Sydney mar mhír lárnach an cheiliúrtha.
cabhlach navy
" Ba é Guillermo Brown a bhunaigh cabhlach na hAirgintíne agus nach iontas é gur bhunaigh ceathrar Éireannach cabhlaigh ar Mhór-Roinn Mheiriceá - Brown san Airgintín, Thomsa Charles James Wright san Eacuadór, Admiral John Barry a bhunaigh cabhlach Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Pedro Campbell - Uragua.