Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag impí air cabhrú leo éalú begging him to help them escape
" Chuir siadsan litir chuig O'Reilly ("glór ón tuama" mar a thug siad air) ag impí air cabhrú leo éalú.
Bhí fonn air cabhrú linn he felt like helping us
" Bhí fonn air cabhrú linn dá mbeadh am agus spás ann.
is gá cabhrú leo bealach a fháil they need to be helped to find a way
" Daoine fásta nár imir spórt le fada ach a bhfuil fonn orthu tabhairt faoi chineál éigin rannpháirtíochta i spórt arís, is gá cabhrú leo bealach a fháil chun é a dhéanamh.
cabhrú helping
" Is cuimhin liom clár raidió a craoladh anseo cúpla bliain ó shin, clár inar cuireadh agallamh ar dhaoine a bhí ag obair ar na mótarbhealaí sa Fhrainc - sna stáisiúin seirbhíse mar shampla, nó ag cabhrú le tiománaithe ar chlis a gcuid feithicilí orthu agus ar uile.
cabhrú le to assit with
" * €100m chun cabhrú le cruthú fostaíochta.
cabhrú le help(ing)
" Coisceann an dlí L622-1, dlí atá i bhfeidhm ó 1945, ar gach saoránach agus ar dhaoine atá ag cur fúthu go dleathach sa Fhrainc cabhrú le duine ó thír iasachta nach bhfuil i dteideal cearta inimirce ‘teacht isteach, saorthaisteal thart nó tréimhse a chaitheamh’ sa tír.
cabhrú leo to help them
" (- Le briseadh croí a deirim go gcaithfear géilleadh) A luaithe a bhí an Fhrainc faoi chois, chuir an Wehrmacht tús le feachtas bolscaireachta inar iarradh ar phobal na Fraince glacadh le forlámhas fórsaí na Gearmáine agus cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar an sean-namhaid, An Ríocht Aontaithe.
cabhrú help
" “Ta áthas orm ar go leor cúiseanna go raibh mo Roinn in ann cabhrú leis an tionsnamh fiúntach seo”, a dúirt sé ag an oscailt, ag rá gur thuig sé go soiléir gur chun leas na Gaeilge sa chathair a bhí an tionsnamh.
cabhrú help
" Chuir sé airgead abhaile le cabhrú le hoideachas a thabhairt do na páistí a bhí níos óige ná é.
ag cabhrú helping
" Bhíodh Assange ag súil sna laethanta luatha go mbainfí úsáid as WikiLeaks mar a bhaintear úsáid as Wikipedia – is é sin a rá go mbeadh sluaite móra ar an suíomh ag cabhrú leis an obair.
cabhrú help
" Shahid Alam, Ollamh le hEacnamaíocht ag Ollscoil Northeastern i mBoston sa réamhrá dá leabhar nua, *Israeli Exceptionalism: The Destabilizing Logic of Zionism*, “Cén fáth go bhfuil eacnamaí ag scríobh leabhair faoi gheopholaitíocht an tSíónachais?” Is é an freagra a thugann sé ná nárbh fhéidir le leabhar faoi gheilleagar cabhrú leis “an loighic fhuar agus an paisean domhain” a spreag an Síónachas a thuiscint.
cabhrú help
" An bhféadfadh an eolaíocht cabhrú le teagasc na hiomána, le hiománaithe níos fearr a chruthú, le hiománaithe i gcontaetha laga a fheabhsú? Tá súil agam go rachaidh an CLG i dteagmháil le hAlexander go luath.
cabhrú to help
" Roghnaíonn Fionn Déaglán agus Ciara chun cabhrú leis.
chun cabhrú leis to help with
" Tá cúpla uirlis iontach ar fáil chun cabhrú leis an ealaíontóir físe agus seo thíos roinnt díobh.
ag cabhrú helping
" Ach sa chás seo, níorbh éigean don uachtarán comhairle na mbancéirí a iarraidh; tá an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta “ag cabhrú” leis an dtír seo cheana féin.
le cabhrú leis to help
" Maidir leis an iomáint, tá súil agam nach smaoineofar ar an leasú céanna a dhéanamh, cé nár mhiste bealach nó bealaí a aimsiú le cabhrú leis na maoir an riail mar atá sí a chur i bhfeidhm go cóir agus go cothrom.
ag fanacht chun cabhrú leis staying on to help him
" Ní hamháin sin, ach is amhlaidh go mbeidh a chomhghleacaithe traenála agus oiliúna (an gá oiliúint a chur ar iománaithe Chill Chainnigh fós?), Martin Ó Fógartaigh agus Mícheál Ó Díomsaigh, ag fanacht chun cabhrú leis.
cabhrú leis to help with
" Leag an Stát dualgas reachtúil ar Údarás RTÉ sa reachtaíocht bunaithe (1960) a bhí sách éiginnte sa mhéad is nach raibh le déanamh ag RTÉ ach an aidhm náisiúnta maidir leis an nGaeilge a choiméad ‘i gcuimhne i gcónaí’ agus an dícheall a dhéanamh cabhrú leis an aidhm sin ‘a chur i gcrích’.
iarradh orm cabhrú leis I was asked to help him
" Bhí sé de phribhléid agam aithne bheag a chur ar Bhernard Dunne, iarchuradh gairmiúil dornálaíochta an domhain sa Coileachmheáchan Trom, ag tús 2011 nuair a iarradh orm cabhrú leis a chuid Gaeilge a chleachtadh.
ag iarraidh cabhrú leo trying to help them
" **CMs Cén chaoi ar tharla ‘An Bród Club’?** BD Thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge dom féin ar dtús agus ansin ar son mo chuid gasúr; bhí mé ag smaoineamh ar iad a chur go dtí Gaelscoil Naomh Pádraig i Leamhcán; bhí mé ag iarraidh cabhrú leo ó thaobh an obair bhaile agus a bheith ag caint leo i nGaeilge.
ag cabhrú le hÉireannaigh na linne seo helping the Irish people of our own day
" Ní dhéanfadh Tinder mórán maitheasa do Ghráinne, dá mbeadh an áis sin aici agus í ar an saol, ach tá sé ag cabhrú le hÉireannaigh na linne seo beocht a instealladh sa saol rómánsúil acu féin.
ag cabhrú lenár n-inchinn helping our brain
" Ar ndóigh beidh na ríomhairí seo ag cabhrú lenár n-inchinn freisin agus is i réimse na liogeolaíochta a bheidh na ceisteanna is mó.
ag cabhrú le helping
" In áit ghnáthphictiúirí na coileáin óga i mbun oibre ag cabhrú le daoine faoi mhíchumas, bhí fógra duairc ann.
cabhrú le gasúir de chuid a mball to help their members’ children
" I dteannta an GUI, ghlac cuid mhaith cumann gailf an cúram orthu féin cabhrú le gasúir de chuid a mball agus le daoine óga eile scileanna an ghailf a fhoghlaim trí oiliúint a chur orthu, comórtais a eagrú dóibh agus am ar an ngalfchúrsa a chur ar fáil dóibh chun a gcuid scileanna a chleachtadh.
seachas cabhrú leo instead of helping them
" Tiocfaidh dlí nua i bhfeidhm sa Ghearmáin ag tús na bliana seo chugainn a chuirfidh go mór le cruatan na ndaoine dífhostaithe, dar le Christoph Wendler, seachas cabhrú leo.