Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag impí air cabhrú leo éalú begging him to help them escape
" Chuir siadsan litir chuig O'Reilly ("glór ón tuama" mar a thug siad air) ag impí air cabhrú leo éalú.
go gcabhródh sí liom that it would help me
" Mar atá an scéal, tá mé ag fhoghlaim Ghaeilge na hÉireann faoi láthair de bhrí go sílim go gcabhródh sí liom focail nua a chruthú dúinne - b'fhéidir go mbeinn in ann téarmaíocht ón Oireachtas a athchóiriú? Dála an scéil, caithfidh mé a rá go bhfuil an Ghaeilge cuid mhaith níos deacra ná an Ghàidhlig.
Bhí fonn air cabhrú linn he felt like helping us
" Bhí fonn air cabhrú linn dá mbeadh am agus spás ann.
is gá cabhrú leo bealach a fháil they need to be helped to find a way
" Daoine fásta nár imir spórt le fada ach a bhfuil fonn orthu tabhairt faoi chineál éigin rannpháirtíochta i spórt arís, is gá cabhrú leo bealach a fháil chun é a dhéanamh.
go gcabhródh sé that it would help
" Ba mhaith liom a cheapadh go gcabhródh sé leo codladh na hoíche a fháil seachas a bheith ag dúiseacht i lár na hoíche ag iarraidh a dhéanamh amach cén bealach a sheinn sé a leithéid seo nó a leithéid siúd.
a chabhródh léi who would help her
" An raibh sé deacair di agus gan Polannaigh a chabhródh léi a bheith anseo roimpi? “Chuaigh mé abhaile i gcomhair na Nollag 2001 agus laistigh de sheachtain bhí a fhios agam gur theastaigh uaim a bheith ar ais i mBaile Átha Cliath.
go gcabhróidh an t-eolas seo ar fad leo that all this information
" Deir Google go gcabhróidh an t-eolas seo ar fad leo seirbhís níos fearr a sholáthar duit, agus dar le taighde ón bhFionlainn a foilsíodh le déanaí (“Web on the move: Landscapes of Mobile Social Media” le Santtu Toivonen) b’fhéidir go bhfuil an ceart acu.
a chabhródh le leithéidí Google which will help the likes of Google
" Faoi mar a luadh ag comhdháil de chuid Fondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ) a bhí ar siúl le déanaí, is cuid den speictream é seo a chabhródh le leithéidí Google comhlachtaí fóin a sheachaint go hiomlán agus iad ag dul sa tóir ar an margadh soghluaiste, agus tá comhlachtaí Meiriceánacha ag teacht anseo chun an teicneolaíocht nua a thriail.
a chabhróidh will help
" Tá os cionn 44,000 focal Gaeilge i bhfoclóir inmheánach an fhóin, rud a chabhróidh go mór le daoine teachtaireachtaí Gaeilge a scríobh.
cabhrú helping
" Is cuimhin liom clár raidió a craoladh anseo cúpla bliain ó shin, clár inar cuireadh agallamh ar dhaoine a bhí ag obair ar na mótarbhealaí sa Fhrainc - sna stáisiúin seirbhíse mar shampla, nó ag cabhrú le tiománaithe ar chlis a gcuid feithicilí orthu agus ar uile.
Cabhraíonn sé it helps
" Cabhraíonn sé go mór liom i mo chuid oibre.
chabhraigh helped
" B’fhéidir nach n-athródh cealú an dá chúil sin toradh an chluiche, ach is cinnte gur chabhraigh siad le bua na gCorcaíoch.
cabhrú le to assit with
" * €100m chun cabhrú le cruthú fostaíochta.
cabhrú le help(ing)
" Coisceann an dlí L622-1, dlí atá i bhfeidhm ó 1945, ar gach saoránach agus ar dhaoine atá ag cur fúthu go dleathach sa Fhrainc cabhrú le duine ó thír iasachta nach bhfuil i dteideal cearta inimirce ‘teacht isteach, saorthaisteal thart nó tréimhse a chaitheamh’ sa tír.
cabhrú leo to help them
" (- Le briseadh croí a deirim go gcaithfear géilleadh) A luaithe a bhí an Fhrainc faoi chois, chuir an Wehrmacht tús le feachtas bolscaireachta inar iarradh ar phobal na Fraince glacadh le forlámhas fórsaí na Gearmáine agus cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar an sean-namhaid, An Ríocht Aontaithe.
chabhraigh helped
" Roimh bhunú Gael-Taca, chabhraigh sé Gaelscoileanna a chur ar bun timpeall na Mumhan.
chabhraigh helped
" Bhí triúr ar an bpáirc an lá sin a ainmníodh ar Fhoireann Iomána na Mílaoise: Christy Ring (38), an tosaí cumasach as Chorcaigh, a bhí ag tíocht ag deireadh a ré; John Doyle (30), an fear láidir scafánta ó Thiobrad Árann a bhí i mbarr a mhaitheasa; Jimmy Doyle (20), an gréasaí ciotógach as Dúrlas Éile, a chabhraigh le Tiobraid Árann cluichí go leor a bhuachaint lena chruinneas chun scóranna a aimsiú.
cabhrú help
" “Ta áthas orm ar go leor cúiseanna go raibh mo Roinn in ann cabhrú leis an tionsnamh fiúntach seo”, a dúirt sé ag an oscailt, ag rá gur thuig sé go soiléir gur chun leas na Gaeilge sa chathair a bhí an tionsnamh.
cabhraíonn helps
" Bíonn siad á meascadh isteach agus cabhraíonn sé sin leat nathanna a cheapadh agus gach rud agus thug siad blas canúna dom tharla gur Laighneach mé, saghas uch, an drochchanúint atá agam! Tarraingím focla Thír Chonaill chugam féin nuair a bhím sa taobh sin.
cabhrú help
" Chuir sé airgead abhaile le cabhrú le hoideachas a thabhairt do na páistí a bhí níos óige ná é.
Chabhródh would help
" Chabhródh ceann díobh go mór le héinne a bhfuil gnó acu, Chabhródh ceann díobh go mór i saol pearsanta ban agus cabhródh an tríú ceann go mór le saol teaghlach áirithe.
gcabhródh siad they’d help
" An mhí seo caite roinn mé carn mhór suíomhanna leat agus mé ag súil go gcabhródh siad le do chuid siopadóireacht Nollag.
cabhraigh leo help them
" Glacaim leis nach bhfuil an córas leath chomh casta i do chomhlacht féin! - Faigh réidh leis na leithscéalta dóibh: Breathnaigh ar an liosta fáthanna: conas gur féidir leatsa cabhrú le do chustaiméirí na bacanna sin a shárú? - (a)“Níl an t-am ag daoine” - cabhraigh leo am a aimsiú: cuir oideas chucu nó sceideal béiltí don tseachtain nó roghnaigh culaith éadaí bunaithe ar eolas a bhailigh tú ón suirbhé.
chabhróidh leat shall help you
" Cuir ceist sa suirbhé a chabhróidh leat buíonta custaiméirí a chruthú.
ag cabhrú helping
" Bhíodh Assange ag súil sna laethanta luatha go mbainfí úsáid as WikiLeaks mar a bhaintear úsáid as Wikipedia – is é sin a rá go mbeadh sluaite móra ar an suíomh ag cabhrú leis an obair.
cabhrú help
" Shahid Alam, Ollamh le hEacnamaíocht ag Ollscoil Northeastern i mBoston sa réamhrá dá leabhar nua, *Israeli Exceptionalism: The Destabilizing Logic of Zionism*, “Cén fáth go bhfuil eacnamaí ag scríobh leabhair faoi gheopholaitíocht an tSíónachais?” Is é an freagra a thugann sé ná nárbh fhéidir le leabhar faoi gheilleagar cabhrú leis “an loighic fhuar agus an paisean domhain” a spreag an Síónachas a thuiscint.
cabhrú help
" An bhféadfadh an eolaíocht cabhrú le teagasc na hiomána, le hiománaithe níos fearr a chruthú, le hiománaithe i gcontaetha laga a fheabhsú? Tá súil agam go rachaidh an CLG i dteagmháil le hAlexander go luath.
chabhraíonn help
" com), *WikiHow* agus fiú *YouTube* agus *Wikipedia* ach tá cúpla rud ann a chabhraíonn le Quora: - Tá sé simplí agus soiléir: tá an t-inneall cuardaigh ag an mbarr ar fad.
cabhraíonn sé seo this helps
" Bíonn na cosa deiridh an-fhada ar an loscann agus cabhraíonn sé seo go mór leis nuair atá sé ag léimt.
chabhraigh helped
" Tugadh “príomhbheartaí reachtach de chuid stocairí Iosrael ar Chnoc an Chaipeatóil” (nó Cnoc Washington, más fearr leat) ar iarfheisire, Stephen Solarz, a chabhraigh le tús a chur leis an ngrúpa.
cabhrú to help
" Roghnaíonn Fionn Déaglán agus Ciara chun cabhrú leis.
An gcabhróidh na leasuithe dlí shall the law reforms help
" An gcabhróidh na leasuithe dlí atá á moladh sa Bhrasaíl agus san Ísiltír? Má léiríonn eachtraí Rio de Janeiro agus Alphen aan den Rijn rud amháin, is é seo é: tiocfaidh gealt ar ghunna nuair a theastaíonn uaidh – laistigh nó lasmuigh de chóras an dlí.
Cabhraíonn assists
" Cabhraíonn sé seo go mór leis an rón, éisc a cheapadh nuair atá sé ag lorg bia faoin uisce.
chun cabhrú leis to help with
" Tá cúpla uirlis iontach ar fáil chun cabhrú leis an ealaíontóir físe agus seo thíos roinnt díobh.
ag cabhrú helping
" Ach sa chás seo, níorbh éigean don uachtarán comhairle na mbancéirí a iarraidh; tá an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta “ag cabhrú” leis an dtír seo cheana féin.
chabhróidh leat shall help you
" N’fheadar an é seo an t-am is fearr chun scríobh faoi theicneolaíocht a chabhróidh leat aire a thabhairt dod’ shláinte? Níl uaim ach tine mhór the theolaí, an dá shlipéar agus m’fhallaing sheomra.
chabhraigh go mór helped immensely
" Ar ndóigh bhí sé le cloisteáil go minic ar RnaG, rud a chabhraigh go mór leis sa nGaeltacht.
chabhraigh liom le léamh a dhéanamh ar helped me to understand
" Ach is rud é chabhraigh liom le léamh a dhéanamh ar thraidisiúin áit ar bith eile.
chabhraíonn helps
" Is uirlis idirghníomhaíoch í a chabhraíonn leatsa agus le do pháiste caidreamh a dhéanamh le Bábógbaby, an teidí a labhraíonn Gaeilge.
chabhródh le gaolta iad a haithint would assist relations to recognise them
" Cuireadh uimhir ar gach corp agus cláraíodh aon rud suntasach faoi na híobartaigh a chabhródh le gaolta iad a haithint, dá dtiocfaidís dá lorg níos déanaí.
le cabhrú leis to help
" Maidir leis an iomáint, tá súil agam nach smaoineofar ar an leasú céanna a dhéanamh, cé nár mhiste bealach nó bealaí a aimsiú le cabhrú leis na maoir an riail mar atá sí a chur i bhfeidhm go cóir agus go cothrom.
Cabhraíodh le was assisted
" Cabhraíodh le tionscadal podchraolta an raidió agus chlosleabhar a thaifeadadh anuraidh.
Cabhraíonn sé sin that helps
" Cabhraíonn sé sin chomh maith.
a chabhróidh le which shall help
" Tá neart acmhainní ar líne agus i bhfoirm feidhmchláir a chabhróidh le réaltóga de gach aois aithne níos fearr a chur ar an gcosmas.
ag fanacht chun cabhrú leis staying on to help him
" Ní hamháin sin, ach is amhlaidh go mbeidh a chomhghleacaithe traenála agus oiliúna (an gá oiliúint a chur ar iománaithe Chill Chainnigh fós?), Martin Ó Fógartaigh agus Mícheál Ó Díomsaigh, ag fanacht chun cabhrú leis.
Chabhródh sé go mór it’d be a great help
" Chabhródh sé go mór dá mbeifeá ag iarraidh múineadh do dhuine éigin eile conas guthán a úsáid: ní bheadh ar an mbeirt agaibh cromadh thar scáileáin beag bídeach.
cabhrú leis to help with
" Leag an Stát dualgas reachtúil ar Údarás RTÉ sa reachtaíocht bunaithe (1960) a bhí sách éiginnte sa mhéad is nach raibh le déanamh ag RTÉ ach an aidhm náisiúnta maidir leis an nGaeilge a choiméad ‘i gcuimhne i gcónaí’ agus an dícheall a dhéanamh cabhrú leis an aidhm sin ‘a chur i gcrích’.
chabhróidh go mór shall help a lot
" Ina leith sin, seo thíos roinnt staidreamh is nodanna a chabhróidh go mór.
iarradh orm cabhrú leis I was asked to help him
" Bhí sé de phribhléid agam aithne bheag a chur ar Bhernard Dunne, iarchuradh gairmiúil dornálaíochta an domhain sa Coileachmheáchan Trom, ag tús 2011 nuair a iarradh orm cabhrú leis a chuid Gaeilge a chleachtadh.
ag iarraidh cabhrú leo trying to help them
" **CMs Cén chaoi ar tharla ‘An Bród Club’?** BD Thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge dom féin ar dtús agus ansin ar son mo chuid gasúr; bhí mé ag smaoineamh ar iad a chur go dtí Gaelscoil Naomh Pádraig i Leamhcán; bhí mé ag iarraidh cabhrú leo ó thaobh an obair bhaile agus a bheith ag caint leo i nGaeilge.
nach gcabhródh an cur chuige docht seo this strict approach won’t help
" Ba léir don Rinneach áfach nach gcabhródh an cur chuige docht seo leis an teanga a chur ar a cosa i measc an phobail.
cabhróidh a thaithí foirne leis his team experience shall help him
" Níl amhras ar bith ann go mbeidh dúshláin go leor ann, ach cabhróidh a thaithí foirne leis agus é ag tabhairt aghaidh ar an aistear nua corraitheach seo.
ní cabhraíonn a leithéid de scéal stories like … don’t help
" STRÁINSÉIRÍ?? Coimthígh! ============ Bíonn tuismitheoirí buartha go minic faoi choimhthigh ar líne agus ar ndóigh ní cabhraíonn a leithéid de scéal is “*Man jailed for having sex with 13 year old*” <http://www.
a chabhródh le which would assist
" Ní dhearna siad aon nasc idir an eisceacht speisialta sin a chabhródh le Mrs Fleming amháin agus na deacrachtaí ginearálta sin san Ísiltír.
chabhraigh sé liom it helped me
" Ach thar aon cheo eile, chabhraigh sé liom fáil tríd an geimhreadh.
an rud a cabhraigh leis scaoileadh leis an ngalar the thing which helped him dump the disease
" Deir sé gurbh é an deis a fuair sé freastal ar an Ollscoil i gCambridge an rud a cabhraigh leis scaoileadh leis an ngalar go huile is go hiomlán.
Cabhróidh shall help
cabhróidh sé leis an duine pluaise ionainn ar fad it’ll help the caveman in all of us
" Más féidir an teicneolaíocht a úsáid gan stró, cabhróidh sé leis an duine pluaise ionainn ar fad ár ndúil a aimsiú.
chabhródh sin that would help
" Go minic leis na físeáin YouTube ina mínítear conas rud éigin a dhéanamh, bíonn siad gar dó, ach dá b’fhéadfaí ceist a chur láithreach leis na uibheacha do na meireangaí os do chomhair amach, chabhródh sin i bhfad níos mó arís.
ag cabhrú le hÉireannaigh na linne seo helping the Irish people of our own day
" Ní dhéanfadh Tinder mórán maitheasa do Ghráinne, dá mbeadh an áis sin aici agus í ar an saol, ach tá sé ag cabhrú le hÉireannaigh na linne seo beocht a instealladh sa saol rómánsúil acu féin.
chabhraigh sé le he helped
" Deirtear gur chabhraigh sé le fear gnó a bhí th'éis a chuid saibhris go léir a chailleadh.
chabhraigh an tslí mhaireachtála a bhí acu ina n-óige leo their way of life in their youth helped them
" Cé go raibh sé ina nginealach a bheith mór, láidir, crua, níl amhras faoi ach gur chabhraigh an tslí mhaireachtála a bhí acu ina n-óige leo a bheith níos láidre agus an-aclaí.
a chabhraíonn leis which helps
" ” Tabhair faoi deara an ceannlitriú a chabhraíonn leis an léitheoir.
a chabhródh liom which would help me
" An t-aon teicneolaíocht a chabhródh liom anseo ná teicneolaíocht an airgid.
ag cabhrú lenár n-inchinn helping our brain
" Ar ndóigh beidh na ríomhairí seo ag cabhrú lenár n-inchinn freisin agus is i réimse na liogeolaíochta a bheidh na ceisteanna is mó.
Dá réir cabhróidh accordingly shall help
" Dá réir cabhróidh Spritz le daoine léamh ag ráta de 600 focal sa nóiméad.
ag cabhrú le helping
" In áit ghnáthphictiúirí na coileáin óga i mbun oibre ag cabhrú le daoine faoi mhíchumas, bhí fógra duairc ann.
cabhróidh shall help
" Cinnte, cabhróidh an t-údarás nua seo le dlisteanacht na hearnála a chaomhnú ach meastar go leanfar leis an bplé maidir le tuarastail.
chabhraigh helped
" Sa bhliain 1918, chabhraigh Lhote chun an iris ealaíne ríthábhachtach, an *Nouvelle Revue Française*, a bhunú.
gcabhraíonn helps
" Tuigeann muid go gcabhraíonn Beo.
cabhrú le gasúir de chuid a mball to help their members’ children
" I dteannta an GUI, ghlac cuid mhaith cumann gailf an cúram orthu féin cabhrú le gasúir de chuid a mball agus le daoine óga eile scileanna an ghailf a fhoghlaim trí oiliúint a chur orthu, comórtais a eagrú dóibh agus am ar an ngalfchúrsa a chur ar fáil dóibh chun a gcuid scileanna a chleachtadh.
Chabhraigh helped
" Chabhraigh muintir na Gaeltachta le gach éinne freisin, ag roinnt an tsaibhris orainn agus ag tabhairt cúnaimh dúinn nuair a bhí deacracht againn le teilgean cainte nó le heaspa cruinnis.
seachas cabhrú leo instead of helping them
" Tiocfaidh dlí nua i bhfeidhm sa Ghearmáin ag tús na bliana seo chugainn a chuirfidh go mór le cruatan na ndaoine dífhostaithe, dar le Christoph Wendler, seachas cabhrú leo.