Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i dtús cadhnaíochta to the forefront
" San áit a mbíodh muid i dtús cadhnaíochta i gcúrsaí teileachumarsáide, tá Éire anois ag bun an dréimire maidir le seirbhísí leathanbhanda a chur ar fáil, go mór mór i gceantair tuaithe.
ar thús cadhnaíochta leading the pack
" An Éire ba mhaith leat a bheith ann do pháistí do gharpháistí? Éire dhátheangach agus Éire a bheadh ar thús cadhnaíochta san Eoraip.
ar thús cadhnaíochta showing the way
" Deirtear gurbh iadsan a bhí ar thús cadhnaíochta ag dreapadh ar an oighear i Rjukan.
ar thús cadhnaíochta in the vanguard/ leading the field
" Bunaithe ar sceimhlitheoireacht, tá Iosrael anois ar thús cadhnaíochta sa ‘chogadh domhanda in aghaidh na sceimhlitheoireachta.
ar thús cadhnaíochta leading the way
" Is é *'How deception and self-deceit took America to war'* fotheidil a leabhair nua, agus míníonn Gates sa chéad chaibidil an chaoi ar baineadh leas as teoiric an imeartais le Meiriceá a thabhairt chun cogaidh sa Mheánoirthear ar leas Iosrael, tír atá ar thús cadhnaíochta i bhforbairt an bhrainse sin den mhatamaitic.
ar thús cadhnaíochta in the lead
" Beag an baol! Eisean atá ar thús cadhnaíochta ag iarraidh cogadh a bheadh níos tubaistí fós a spreagadh in aghaidh na hIaráine.
i dtosach cadhnaíochta to the fore in
" Bhí an t-ádh ar Éireannaigh go raibh an duine ceart ar fáil don tionscnamh, mar a bhí scoláire sároilte Gearmánach, an Dr Wilhelm Dögen, a bhí i dtosach cadhnaíochta léann na foghraíochta sna blianta roimh an Dara Cogadh Domhanda.
ar thús cadhnaíochta leading the field
" De réir John Keating, stiúrthóir tráchtála ag *OceanEnergy*, tá deis ag Éirinn na mílte post a chruthú san earnáil, ach ós rud é go dtiocfaidh 71% de na poist sin ón réimse déantúsaíochta, tá sé tábhachtach go mbeidh Éire ar thús cadhnaíochta ó thaobh cúrsaí nuálaíochta de, in áit a bheith ag brath ar an teicneolaíochta sin mar úsáideoir.
ar thús cadhnaíochta to the forefront
" In áit an chamchleachtais seo a cháineadh agus tabhairt faoi mhí-ionracas aigneolaithe a chur teastais mhíchumais ar fáil do dhaltaí saibhre áirithe a bhí ag iarraidh éalú ón dualgas staidéar a déanamh ar an Ghaeilge, b'amhlaidh gur mhaígh Hayes gur léiriú eile a bhí ann nár cheart go mbeadh iachall ar dhaoine an teanga a staidéar don Ardteist! Díbirt Hayes ==== Bhí Hayes ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí an Teachta Kenny a dhíbirt as ceannaireacht an pháirtí agus chaill sé a phost san atheagar a tharla tar éis do fhear Mhaigh Eo na cosa a thabhairt leis.
ar thús cadhnaíochta in the forefront
" Ba iad a bhí ar thús cadhnaíochta sa réabhlóid.
ar thús cadhnaíochta san fheachtas sin leading that campaign
" 
Bhí polaiteoirí aontachtacha ar thús cadhnaíochta san fheachtas sin agus tá aontachtaithe an lae inniu ag cuimhneamh gur éirigh leis an lámh láidir - nó bagairt na láimhe láidre - bac a chur ar an Riail Dhúchais ag tús an chéid seo caite.
bean a bhí i dtús cadhnaíochta a woman who was to the fore
" Ba é ab aite faoi sin nár éirigh fiú duine amháin den ochtar airí mná san aireacht as a post le dlúthpháirtíocht a léiriú le céad príomh-aire mná na tíre, bean a bhí i dtús cadhnaíochta ar mhaithe le cur chun cinn cearta na mban.
ar thús cadhnaíochta leading the field
" Caithfear a rá, áfach, go ndearna an dá thír sin infheistíocht ollmhór i ngnóthaí oideachais, taighde, nuálaíochta agus i dteicneolaíocht in imeacht na mblianta agus go raibh siad ar thús cadhnaíochta i dtaca le forás na heolaíochta agus na teicneolaíochta dá bharr.
gur dream iad a bhíonn ar thús cadhnaíochta to be a group which is first in the field
" Níl sé amuigh ar pholaiteoirí na hAstráile gur dream iad a bhíonn ar thús cadhnaíochta i dtaca le beartas sóisialta.