Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoi chaibidil being debated
" Ach ní cúrsaí spóirt a bhí faoi chaibidil sa bhliain 2001 ach cúrsaí polaitíochta agus iad casta go maith freisin.
ag caibidil discussing
" Is iomaí sin oíche phléisiúrtha a chaith mise agus an rang fealsúnachta ag caibidil Kirkegard truacánta agus Kant leadránach.
caibidil chapter
" Tharla sé seo agus VOTF - grúpa de Chaitlicigh chráifeacha atá ag brústocaireacht ar son leasuithe atá, dar le go leor, measartha - ar tí cúpla caibidil nua a oscailt i mBrooklyn agus Queens.
faoi chaibidil discussed
" Cúrsaí iomána a bheas faoi chaibidil san alt seo.
atá faoi chaibidil anseo which are being discussed here
" Téann 4% de na easpórtálacha éisc as Éirinn chuig na tíortha atá faoi chaibidil anseo, beagnach 100% chuig an Éigipt, agus b'fhiú €18m é seo in 2001.
caibidil debating
" Nuair a bhíomar traochta den gcaibidil ar fad faoin nGaeilge, do thóg Barra bosca ceoil mór groí amach agus thug sé cúpla port dúinn ar a shuaimhneas … Ard-oíche cuideachtan agus níorbh í a haon í i dtigh seo na nDonnabhánach, ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach ná tigh muintire, mar go mbíodh an oiread sin daoine ag tarraingt ar an dtigh.
faoi chaibidil acu being discussed by them
" Is saineolaithe muid ar fad sna cúrsaí seo agus is breá linn ár dtuairim féin a nochtadh (baineann Des Cahill an-mhíleáiste as seo ar "Sportscall"!) "Fadhbanna" Manchester United ======= Ar an taobh eile den scéal, cuireann sé ionadh orm féin uaireanta cé chomh corraithe is a bhíonn daoine uaireanta agus ábhair spóirt faoi chaibidil acu.
faoi chaibidil being discussed
" Níos mó ná giniúint aibhléise a bhí faoi chaibidil ag na húdarais, áfach.
caibidil discussion, debate
" Bhí mé ag éisteacht lá le caibidil raidió fá na himeachtaí tubaisteacha taobh amuigh de chlub oíche Anabel i mBaile Átha Cliath tamall gairid de bhlianta ó shin, nuair a maraíodh fear óg le linn scliúchais i ndeireadh na hoíche.
faoi chaibidil under discussion
" Má cheapann tú gur ábhair thura theibí, nach mbaineann leis an ngnáthdhuine, a bhíonn faoi chaibidil acu, tá dul amú ort.
faoi chaibidil being debated
" Tá mo sháith ráite agam! Dála an scéil, ar thug aon duine agaibh faoi deara an mheancóg ar *Foinse* na seachtaine seo caite - go raibh leathanach ann nach raibh ach trí alt le Sorcha Ní Gheilleagar air? Ó, dála an scéil eile, comhghairdeachas le *Foinse* agus leis an trí scór go leith scríbhneoir a bhíonn ag obair ar *Ar Son na Drúise*!" Níl mórán dá mbíonn faoi chaibidil ar nuacht RTÉ nach dtuigeann Balor an Scolardach Scolártha.
chaibidil chapter
" Ansin scríobh mé caibidil, nó b'fhéidir dhá chaibidil, agus thosaigh mé ag iarraidh oibriú amach cad a tharlódh i ngach caibidil eile.
faoi chaibidil under discussion
" Conas breith ar bhall sinsearach den IRA a bhí ag smugláil arbhair an cheist a bhí faoi chaibidil acu.
chaibidil chapter
" Tá an teideal "August Belmont and His Subway", fiú, tugtha ag Cudahy ar chéad chaibidil a leabhair.
faoi chaibidil being discussed
" Rud eile, má bhíonn ábhar suimiúil nó úsáideach faoi chaibidil, bíonn sé níos fusa an teanga a fhoghlaim.
faoi chaibidil being debated
" Chuir sé olc ar dhaoine áirithe nuair a bhí coinníollacha teanga sa chóras pleanála faoi chaibidil i mBaile an Fheirtéaraigh.
Ag cur mhórchúrsaí an tsaoil faoi chaibidil discussing the big events of the world
" Ag cur mhórchúrsaí an tsaoil faoi chaibidil atá siad: cothromaíocht na cumhachta ar domhan, na huimhreacha Lotto, Meánscoil Feirste.
caibidle chapter
" Sna seachtainí atá romhainn, beidh Martin Cullen, an tAire Iompair, ag foilsiú phlean infheistíochta iompair deich mbliana an Rialtais, agus beidh go leor daoine agus grúpaí ag scrúdú na caibidle dar teideal “Iarnróid” go géar.
faoi chaibidil being discussed
" Peil a bhí faoi chaibidil i dtosach toisc gur thosaigh na comórtais pheile níos túisce.
faoi chaibidil under discussion
" Cén cíos a bheas le n-íoc ar Pháirc an Chrócaigh agus céard a dhéanfaidh CLG leis an airgead? Ceisteanna den saghas sin agus tuilleadh a bheas faoi chaibidil go luath.
faoi chaibidil being discussed
" D’oscail an léirmheas sin fuinneog eile ar eolas dom agus cé nach í an litríocht atá faoi chaibidil sa leabhar ag Debray níl a chuid smaointeoireachta gan baint a bheith aici le héirim a bhfuil le rá ag Miller.
faoi chaibidil being discussed
" D’oscail an léirmheas sin fuinneog eile ar eolas dom agus cé nach í an litríocht atá faoi chaibidil sa leabhar ag Debray níl a chuid smaointeoireachta gan baint a bheith aici le héirim a bhfuil le rá ag Miller.
atá á thuairisciú agus faoi chaibidil which is being reported and debated
" Agus tú ag léamh na nuachtán agus ag éisteacht leis an raidió i láthair na huaire is mó scéal conspóideach, achrannach ná dea-scéal atá á thuairisciú agus faoi chaibidil i réimse an spóirt.
faoi chaibidil under discussion
" Ceist amháin atá faoi chaibidil againn ná cad é an tslí is oiriúnaí chun muid féin a eagrú as seo amach.
faoi chaibidil being debated
" Nuair a bhíonn na seanlaethanta sin ag deireadh na seascaidí faoi chaibidil ar an teilifís, is minic a fheictear aghaidheanna daoine atá gníomhach go fóill i saol na Gaeilge, leithéidí Pheadair Mhic an Iomaire, Joe Steve Uí Neachtain, Sheosaimh Uí Chuaig agus daoine eile nach iad.
go mór faoi chaibidil being discussed a lot
" Níor dhírigh éinne acu ar na fadhbanna a bhainfeadh le dílárú, fadhbanna atá go mór faoi chaibidil faoi láthair.
faoi chaibidil discussed
" Tá an téama tábhachtach agus suimiúil seo faoi chaibidil ag Thomas L.
gach caibidil each chapter
" Pléann gach caibidil sa leabhar le gach lá a chaith sé ar an *camino*, cuireann sé síos ar na daoine a casadh air, ar na radhairc a chonaic sé agus ar a chuid mothúchán féin.
Caibidil eile another chapter
" Caibidil eile i stair na hÉireann atá againn sa scannán *Saoirse?* ina bpléitear leis an tréimhse 1919-1922.
faoi chaibidil being discussed
" Tá sé olc go leor gur sagart atá faoi chaibidil ach is measa fós ár gcás gur sagart nár bhain clú ná cáil amach dó féin mar scoláire nó mar scríbhneoir atá i gceist.
an chéad chaibidil the first chapter
"an chéad chaibidil scríofa cheana féin ag Daniel Cassidy.
atá faoi chaibidil. that is being discussed.
" Is mó de thábhacht atá le dinimic shóisialta an bhlaig ná leis an ábhar atá faoi chaibidil.
faoi chaibidil being discussed
" Siocair gurb iondúil go mbíonn páirt dhíreach acu sa scéal atá faoi chaibidil agus go mbíonn teacht acu ar fhoinsí eolais nach mbeadh ag an iriseoir.
i gcéad chaibidil an leabhair in the first chapter of the book
" Tá cur síos i gcéad chaibidil an leabhair ar na blianta 1959 – 1990, tréimhse a chaith Mac Grianna in ospidéal meabhairghalair Naomh Conall i Leitir Ceanainn.
Sa chéad chaibidil in the first chapter
" Spailpíní Chúige ChonnachtSa chéad chaibidil deir sé go raibh a lán Éireannach i Learpholl roimh an Ghorta.
a bhí faoi chaibidil againn we were discussing
" Thuas-seal-thíos-seal an tsaoil a bhí faoi chaibidil againn agus muid sa Barge, an teach tábhairne ar Shráid Charlemont.
ach amháin gur mná atá faoi chaibidil. only that it is women who are being discussed
" Tá leabhar ansin, déarfainn, Dawkins dúchasach, *by dad*! Is é an rud is pléisiúrtha faoin leabhar seo ná nach bhfuil aon téama ann ach amháin gur mná atá faoi chaibidil.
faoi chaibidil under discussion
" Bhí scéal Uí Shearcaigh faoi chaibidil go minic ar “Liveline” i rith na míosa seo caite ach, den chuid ba mhó, ba dhaoine nach bhfaca an scannán, fiú, a bhí á phlé.
Ach tharla go raibh an Ghaeilge faoi chaibidil agam but it happened that I was discussing Irish
" Ach tharla go raibh an Ghaeilge faoi chaibidil agam le cairde éagsúla de mo chuid ceithre nó cúig huaire ar leith le seachtainí beaga anuas.
ina chaibidil in his chapter
" **Éacht**Tá éacht bainte amach chomh maith ag Ruairí Ó hUiginn ina chaibidil siúd, “The Irish Language”, ina bhfuil cur síos ar fhréamhacha na teanga.
na hamhráin mar chaibidlí. the songs like chapters
" “Bhí cur chuige iontach ag Frank; chonaic sé albam mar *entity* iomlán, cosúil le leabhar agus na hamhráin mar chaibidlí.
faoi chaibidil being discussed
" Spórt na bhfear atá faoi chaibidil agam anseo, ach gach seans gurb amhlaidh atá cúrsaí ó thaobh spórt na mban de, cé go mb’fhéidir nach bhfuil feidhmeanna na mball leagtha amach chomh soiléir céanna i gcás na mban.
chaibidil chapter
" Sa chéad chaibidil, cuireann sé síos ar a mhuintir – “an dream ar daofa mé” – agus tuigeann sé na gaolta casta agus an stair ar fad a bhaineann leo.
faoi chaibidil under discussion
" Is iomaí tír a bhfuil an scéal seo faoi chaibidil inti.
faoi chaibidil being discussed
" 09), ba é scéal Guillaume a bhí faoi chaibidil.
cur síos sa chaibidil a description in the chapter
" Le tosach a bhaint de na hionsaithe ón dream ciontach, tugann sé cur síos sa chaibidil, “An Frith-Sheimiteachas Nua,” ar an imeaglú a dhéanann grúpaí ar nós an Anti-Defamation League (ADL) ar dhaoine, idir Ghiúdach agus Ghintlí, a thagann salach ar na Síónaigh.
chaibidil chapter
" Agus an deireadh tagtha nach mór leis an chaibidil seo de mo shaol, thig liom a dhearbhú gurbh é an bhliain thar lear seo an t-am is mó a mhúnlaigh mé agus an tréimhse is fearr dá raibh agam go dtí seo.
chaibidil chapter
" " Aontaíonn an chaibidil a scríobh Karen Corrigan le Frank Neal, mar shampla nuair a deir sí: "*Indeed, there are numerous recorded cases of migrants who were Irish-speaking monoglots*.
faoi chaibidil under discussion
" Ar dtús, síleadh nach raibh sna hagóidí ach correachtra anseo is ansiúd, ach diaidh ar ndiaidh, ba léir go raibh a leithéid ar siúl fud fad na tíre, agus nach raibh ach ceist amháin ar bheolaibh an lucht agóide - an bille sláinte a bhí faoi chaibidil ag an gComhdháil i Washington.
caibidil chapter
" I stair ghlórmhar an Chumainn Lúthchleas Gael beidh caibidil ar leith á scríobh fúthu, an fhoireann iomána ab fhearr riamh dar le go leor, cé go mb’fhéidir go bhfuil seanbháireoirí i gCorcaigh nó i dTiobraid Árann a rachadh ag sárú faoin moladh áirithe sin.
faoi chaibidil being discussed
" Níor mhiste a rá gur plean é seo atá mantach go leor i gcomórtas lena bhfuil faoi chaibidil in Éirinn.
caibidil chapter
" Níl sa leanbh ach síneadh leis an scéal sin, caibidil eile i mbeathaisnéis an tuismitheora féin.
faoi chaibidil discussed
" Is iad na hathruithe a bhaineann le riaradh agus le leagan amach na gcraobhchomórtas sinsear peile agus iomána is mó a bhíonn faoi chaibidil agus ní bréag a rá nach bhfuil gach duine sásta lena bhfuil ag tarlú.
faoi chaibidil up for discussion
" Seasamh láidir ab ea é sin ar ábhar a bhféadfadh a bheith faoi chaibidil ag an dá pháirtí san am atá le teacht.
faoi chaibidil discussed
" I measc na rudaí a bheas faoi chaibidil ag na cinn stáit i bPáirc an Fhionnuisce, beidh ceist na ríchathaoireach agus an áit a gcuirfear í.
caibidil a chapter
" Scríobh sé caibidil don leabhar *‘The Impact of the 1916 Rising’* (in eagar ag Anthony Coughlin) agus scríobhadh sé corralt don *Irish Democrat*, nuachtán an Connnolly Association.
faoi chaibidil being discussed
" Inis Oírr Fadradharcach ============== Léiríonn taifid eile ó Roinn an Taoisigh go raibh deacrachtaí in Oileáin Árainn go mór faoi chaibidil ag an am.
caibidil chapter
" Foilsíodh i mí na Nollag caibidil 19 de Thuarascáil an Bhreithimh Ní Mhurchú ar Mhí-úsáid Páistí in Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath.
ábhar atá faoi chaibidil matter being pursued /discussed
" - Daoine seachas ábhar; ábhar seachas daoine: Is minic a leantar daoine ar *Twitter* agus leathanaigh ar *Facebook* mar tá spéis agat san ábhar atá faoi chaibidil ag an duine nó ag an leathanach sin.
caibidil a chapter
" Saothar de chuid David Jacques atá ann agus bhain sé an t-ainm agus an t-inspreagadh as caibidil san úrscéal The Ragged Trousered Philanthropists le Robert Noonan.
atá faoi chaibidil being discussed
" Má roghnófar é, deir sé go pléifidh sé le cuid de na hábhair atá faoi chaibidil san agallamh seo ach cad é na tosaíochtaí a bheadh aige? “B'fhéidir an tsaoránacht a dheimhniú, is é sin an bhéim a leagan ar an tsaorántacht.
faoi chaibidil being discussed
" Tá ceist na pokies agus na gcearrbhach anó go mór i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar thuarascáil de chuid an Productivity Commission ar Chearrbhachas, agus ar iarracht chonspóideach atá faoi chaibidil ag an rialtas cónaidhme córas nua náisiúnta a chur i bhfeidhm le gealltóireacht ar na meaisíní a riaradh.
faoi chaibidil being discussed
" Bhíodh raon fairsing ábhair faoi chaibidil iontu agus tuairimí á nochtadh faoi achan rud faoin spéir.
atá faoi chaibidil being discussed
" B’fhéidir go bhféadfadh an léiriú deis a thabhairt don lucht féachana na focail agus na hargóintí atá faoi chaibidil a bhlaiseadh i gceart.
faoi chaibidil discuss(ed)
" Máirtín === **CF: Tá an méid sin déanta agat! Sular tháinig an leabhar amach in éineacht le dlúthdhiosca mar gheall ar Shorcha Ní Ghuairim, chuir tú na hamhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain faoi chaibidil agus tá leabhar ann faoi.
chaibidil chapter
" Leis an chéad chaibidil léite agam, thug mé aghaidh ar an drochthaithí a fuair mé i mBaile Chloichrigh.
atá faoi chaibidil being discussed
" Tá bunphrionsabal na rialach atá faoi chaibidil anseo mar atá sí gan mórán lochtanna agus níl ag teastáil ach athrú beag.
faoi caibidil being discussed
" Sin an t-ábhar a bhí faoi caibidil ag cruinniú poiblí i Roinn Léinn na hÉireann, Ollscoil Learphoill, i Mí Bealtaine.
caibidil eile another chapter
" Nuair a léim sé amach as firmimintí an aeir, chuir Felix Baumgartner caibidil eile leis an scéal sin.
faoi chaibidil at issue
" Níl ach 81 suíochán faoi chaibidil sa toghchán seo (toghtar trian de na suíocháin gach dhá bhliain), agus níl cuma na maitheasa ar Dhaonlathaigh ach i 26 cinn de na rásaí.
raibh rún faoi chaibidil there was a motion being discussed
" Tá sé íorónta, mar sin, go raibh rún faoi chaibidil sa Pharlaimint náisiúnta ag gabháil leithscéal iarbháis le duine de na reathaithe Astrálacha ba rathúla riamh sna Cluichí Oilimpeacha an mhí chéanna, mí Lúnasa, inar reáchtáladh na mórshiúlta i mbliana le fáilte abhaile a fhearadh roimh na lúthchleasaithe ag filleadh ó na cluichí i Londain.
a bhí faoi chaibidil which was being discussed
" 6) Luibh an Leighis? ===== Luas tiontaithe teanga a bhí faoi chaibidil in alt Mhéabh Ní Thuathaláin, Gaelscéal 13 Feabhra.
an saghas foréigin ar theastaigh uaidh cur faoi chaibidil the type of violence he wished to describe
" B’shin an saghas foréigin ar theastaigh uaidh cur faoi chaibidil le Krishnan.
caibidil agus díospóireacht níos fearr a dhéanamh to talk and discuss better
" Bíonn deis a’t idirbheartaíocht a dhéanamh, caibidil agus díospóireacht níos fearr a dhéanamh ar na hachtannaí a thaganns tríd.
faoi chaibidil being dealt with
" Seandálaíocht na hÉireann a bhí faoi chaibidil ar an gcúrsa.
ceisteanna freagrachta atá faoi chaibidil matters of responsibility are being discussed
" Sa tsochaí chomhaimseartha, go háirithe i réimse na haigneolaíochta, tá claonadh ann na ceisteanna a bhaineann leis na coincheapa a dtugtar an mhaith agus an t-olc orthu a sheachaint, go háirithe más ceisteanna freagrachta atá faoi chaibidil.
dhéanann cuntas ar an aonú caibidil déag gives an account of the eleventh chapter
" Dúirt an Cairdinéal Ravasi, stiúrthóir saothar Biennale na Vatacáine, gur deis a bhí ann an caidreamh idir an ealaín agus an creideamh a ‘atógáil’ agus é ag caint faoin taispeántas a dhéanann cuntas ar an aonú caibidil déag de Leabhar Gheineasas.
faoi chaibidil being discussed
" Turasanna ceoil, U2, Steve Jobs, polcaí simplí bunscoile, comórtais Fheis Átha Cliath, agus raidhse ábhar eile atá faoi chaibidil.
a chuireann scéal na nGiúdach fé chaibidil dúinn which bring to light for us the story of Jews
" Cé gur bhain rún an Fhrancaigh le ré ársa, is féidir linn na tréithe chéanna a aithint i saothar an stairí Bhriotanaigh Simon Schama, ach go háirithe ina chláracha teilifíse nua a chuireann scéal na nGiúdach fé chaibidil dúinn ar an mBBC, *The Story of the Jews*.
bhíonn faoi chaibidil up for discussion
" Is iad ceolta traidisiúnta an domhain a bhíonn faoi chaibidil i bhféile Womex, agus dá réir sin bhí léargas le fáil i rith na hócáide, an 13ú aonach ceoil Womex, ar iliomad cultúr ó cheithre chearda an domhain.
atá faoi chaibidil agam who I’m discussing
" com/tracks/138021624&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Más ar Lloyd George a bhí aird an mhí seo caite, is é William Gladstone atá faoi chaibidil agam inniu.
D’fhoilsítí caibidil den teideal a chapter entitled .... was usually published
" 3% Air ================ D’fhoilsítí caibidil den teideal ‘*Detailed Family Outcomes*’ mar chuid de cháipéisí na cáinaisnéise le blianta fada anuas.
caibidil nua a new chapter
" Ach le borradh teicneolaíochta tá sraithe eile ann: conas gur féidir linn a bheith muiníneach faoi na mílte duine atá inár gciorcal soisialta anois? Conas is féidir linn muinín a bheith againn sna céadta seirbhísí idirlín a bhfuil sonraí pearsanta acu fúinn? Conas is féidir linn ár ngá don teicneolaíocht a chomhardú le príobháideachas agus le sábháltacht eolais? Tá caibidil nua, gan chaint ar leabhar nua, á dhreachtú (is athhdreachtú) faoi mhothú ionannas an duine, cúrsaí muiníne agus teorainn phearsanta.
faoi chaibidil being discussed
" Ba léargas ar chomhthéacs stairiúil na n-ealaíontóirí sin a bhí sa taispeántas ach anuas air sin, bhí an tionchar a d’imir a gcuid oidí orthu faoi chaibidil chomh maith, oidí a rinne iniúchadh ar na chéad samplaí den ghluaiseacht sin ar tugadh an Ciúbachas uirthi.
faoi chaibidil under discussion
" A bhuíochas ar an teicneolaíocht atá anois ar fáil, is féidir le físiriseoirí léargas i bhfad níos doimhne a fháil ar a mbíonn faoi chaibidil acu ina gcuid cláracha faisnéise, dar le Alex Hijmans
faoi chaibidil under discussion
" Taispeántas ar Michelanglo atá faoi chaibidil ag Ciara Nic Gabhann.
chaibidil chapter
" Tá sí tosaithe cheana féin, leis, ar theanga eile a fhoghlaim anois mar go mbeidh sí ag caitheamh an chéad chaibidil eile dá saol le Fraincis i Quebec.
faoi chaibidil discussed
" Gné chumhaíúil an bháis atá faoi chaibidil ag Roseanne Smith san alt seo.