Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lucht leanúna caide Chiarraí Kerry football supporters
" Bhain sé úsáid as an Laidin agus an Ghaeilge chun comhthéacs cultúrtha agus teanga a chruthú do ráiteas conspóideach Pháidí Uí Shé gur ainmhithe iad lucht leanúna caide Chiarraí.
fiáin chun caide mad about football
" Bhí breis oibre orm nuair a bhíos ag déanamh na diagachta agus an staidéar eile san am céanna, agus bhíos fiáin chun caide an uair sin.
flúirse caide a bhronnadh to deliver a lot of ball to
" Ní bheidh sé de chumas aige flúirse caide a bhronnadh ar a fhoireann tosaithe.
caide football
" Chuaigh mo spéis ann i dtreis nuair a tháinig an tuiscint chugam ar ball nárbh é amháin go raibh an-suim aige sa pheil Ghaelach, ach go raibh aithne phearsanta aige ar chuid d’fhoireann caide Chiarraí, Mícheál Ó Conaill ina measc.
caide of football
" Na Modhanna caide Is í an pheil Astrálach an t-aon spórt dúchasach i measc na gcluichí caide thuasluaite agus tá teoiricí éagsúla ar bhunús an chluiche, mar a mhínigh Dáithí Ó Colchúin san iris seo (Eagrán 20, Nollaig 2002).
caide football
" Cáil na hidirimeartha sciliúla, glice a bhí ar fhir Átha Cliath san am, agus chleacht foireann Chiarraí luachanna na peile traidisiúnta a raibh béim ar cheapadh na liathróide nó na ‘caide’ fada ard san aer agus í a sheoladh ar aghaidh le cic breá, ard síos an pháirc.
Cúrsaí caide faoi deara é seo football matters caused this
" Cúrsaí caide faoi deara é seo, óir ba é an chéad uair ag cumann na peile Gaelaí abhus, Os Fillos de Breogán, comórtas de chuid Chraobh na hIbéire a reáchtáil.
comórtas seo na caide this football competition
" Cur isteach ar lá iomlán ceiliúrtha ab ea comórtas seo na caide, ach níor chuir sé sin as dá ndíograis ar pháirc an chatha i ndeireadh na dála! Laghdú Foirne ===== Toisc gurbh é an babhta deiridh de chraobh na bliana seo níor éirigh leis an uile fhoireann an turas a dhéanamh go dtí an Cruinne.
pé ar bith faoi chathanna caide whatever about football battles
" Fillfidh na míoltóga ar an gcathair seo, ar ndóigh, agus caithfear dul i gcomhrac go glic leo an athuair; ach fillfidh lucht na peile, leis, agus pé ar bith faoi chathanna caide a fhearadh orthu siúd amach anseo, cuirfear fáilte mhór rompu chomh maith leis!
chun na caide into playing football
" Spéis i gcúrsaí spóirt a mheall na Gailísigh is na Briotánaigh seo chun na caide.
caide mar a thig leo teacht i dtír ar an rachmas sin how can they benefit from that wealth
" An leo an éadáil ar fad atá i seomraí stórais agus in iarsmalanna na Vatacáine, a Phápa? Agus más leo, caide mar a thig leo teacht i dtír ar an rachmas sin?** Benedictus: Do chum glóire Dé agus onóra na hEaglaise an mhaoin shaolta sin, mar a dúirt Éireannach iomráiteach fadó, a Bhaloir.
Bhreá leat an sásamh a bhain le lascáil na caide i gcoinne na binne you loved the satisfaction of lashing the ball of the gable end
" Bhreá leat an sásamh a bhain le lascáil na caide i gcoinne na binne aige baile cúpla míle babhta.
bhuamair a lán cluichí caide ann we won a lot of games there
" Cúrsaí Oideachais ====== **CB: An mbainis sásamh as do laethanta ar scoil?** DÓC: Bhaineas ana-shásamh as mo laethanta sa bhunscoil i Scoil Naomh Eirc agus bhuamair a lán cluichí caide ann! Ní fhéadainn a rá gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom ach is blianta deacra iad na déaga.
ag imirt peile nó caide playing football
" D’fhás na buachaillí suas gan mórán de mhaoin an tsaoil acu agus maidir le cúrsaí spóirt ní léir go raibh deiseanna sa cheantar ina raibh cónaí orthu de thoradh na hiargúltachta a bheith ag imirt peile nó caide faoi mar a bhíodh fir óga eile timpeall chontae Chiarraí.
ainm draoi seo na caide the name of this maestro of football
" *’ Conas nach bhfuil ainm draoi seo na caide in airde sa leathsféar thuaidh, arsa mise liom féin? Conas nár chaith sé sealanna fada ina dhia beag ag Rossoneri an San Siro, ag Madridistas an Bernabéu – nó ag Culés an Camp Nou fiú? Gan trácht ar lucht fulaingthe (déanaí) Old Trafford - an dea-mhéin idir Manchester United agus pobal na Seapáine curtha san áireamh? Bearna le Líonadh ======= I gcead di, tá Parramatta fós sna garbhchríocha sacair.
caide football
" Chuir Colm Mac Séalaigh aithne bheag ina óige ar Mhícheál Ó Duibhir, an t-imreoir caide agus an bainisteoir foirne do Chiarraí sna blianta siar.
caide of football
" Bhuail Alan Desmond le Miss Cork 2009, an mainicín Étaoin Ní Ailpín, bean óg den mhuintir chéanna a bhfuil a n-ainm in airde ar dhá thaobh na cruinne cheana féin ó thaobh cúrsaí caide de gach cineál agus ó thaobh na hiomána de.
caide of football
" Chaith Bearnaí Ó Doibhlin súil ar mhodhanna éagsúla caide an Astrálaigh.
ag breathnú siar ar ardfhear caide looking back at the excellent footballer
" Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú siar ar ardfhear caide Ard an Bhóthair, Páidí Ó Sé, agus an tslí ar bhris sé croí an fhreasúra ar pháirc na peile blianta i ndiaidh a chéile.