Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an chaidrimh relations
" In ainneoin na n-athruithe ar fad atá tar éis tarlú sa tsochaí ó thaobh an chaidrimh idir ciníocha de, an bhfuil rudaí athraithe an oiread sin i ndáiríre? Ba cheart go spreagfadh roinnt eachtraí a tharla le tamall anuas muid le ceist a chur cad é go díreach atá athraithe, cad iad na hathruithe atá i gceist, cad iad na rudaí nár athraigh fós agus cén fáth nár athraigh siad.
an caidreamh the association
" Nuair a chuireann na meáin cúrsaí na sé chontae agus cúrsaí na sé chontae fichead inár láthair mar aonaid ar leith, an aon ionadh é gur mar sin a thosaíonn muid ag smaoineamh? B'fhéidir nach bhfuil an fhadhb chomh holc céanna in áit ar nós Thír Chonaill mar go bhfeiceann an pobal ansin an caidreamh atá eatarthu féin agus an pobal ar an taobh eile den teorainn, caidreamh nár cuireadh stop riamh leis.
chaidreamh relations
" Samhlaigh an dochar a dhéanfadh a leithéidí seo don chaidreamh idir dhá phobal ar bith.
chaidreamh relationship
" De réir dealraimh, bhí na cúraimí clainne a bhí uirthi ag cur isteach, dar léi féin, ar an chaidreamh a bhí aige le fear ag an am.
caidrimh interaction
" Tá an dá dhream ina gcónaí sa tír chéanna ach gan mórán caidrimh eatarthu, seachas sa láthair oibre nó i saol an ghnó.
caidreamh daonna human relationships
" Is saothar é a thagann ó bhailiúcháin na dánlainne féin den chuid is mó agus is é an aidhm a bhí acu ná léargas a thabhairt ar na tuairimí atá ag roinnt ealaíontóirí sa tír seo maidir le cúrsaí éagsúla, ina measc an bheatha, an pholaitíocht, caidreamh daonna, stair, cultúr, reiligiún, inscne agus gnéas.
chaidreamh relationship
" Déanann Billy Quinn agus Abigail O'Brien cur síos ar an bheatha a bhfuil tréine ag baint leis ó thaobh mothúchán de, Quinn ag díriú ar an athrú róil a thagann ar an chaidreamh idir páistí agus a dtuismitheoirí ina shaothar "Billy's Da" agus O'Brien ag féachaint ar an bhás ina saothar "The Opelia Room", áit a scrúdaíonn sí deasghnátha an bháis.
Chaidreamh Tionsclaíoch Industrial Relations
" Chinn sí ar chúrsa iarchéime sa mhargaíocht a dhéanamh sa Choláiste Náisiúnta um Chaidreamh Tionsclaíoch i Ranalach ach fiú leis an cháilíocht sin bhí deacrachtaí aici fostaíocht a fháil.
chaidreamh trasphobail cross-community relations
" Bhí seisean ag tagairt do chaidreamh trasphobail, ach in áit bheag mar na Sé Chontae faoi Fhorghabháil, comhairle mhaith atá ann maidir le suíomh ar bith ina bhfuil tú.
chaidreamh poiblí public relations
" Chaith muid lá ansin agus caithfidh mé a rá go ndearna siad jab maith leis an chaidreamh poiblí an lá sin.
Go maire an caidreamh may the association last
" Go maire an caidreamh idir ailtireacht agus teanga sa Tuaisceart agus go n-éirí le Mackel agus Doherty idir ailtireacht mhaith nua-aimseartha agus an Ghaeilge a chur chun cinn i mBéal Feirste.
caidreamh relationships
" Measann sé, áfach, go bhfuil dearcadh níos sláintiúla aige i leith caidreamh na laethanta seo ná mar a bhí roimhe seo.
ár gcaidreamh éagórach agus impiriúil our unjust and imperial relationship
" Agus más fíor go dtuigeann níos mó daoine ná riamh san Eoraip go bhfuil praghas le n-íoc as ár gcuid caiteachais agus as ár gcuid forbartha neamhshrianta, agus as ár gcaidreamh éagórach agus impiriúil leis na tíortha bochta, is léir chomh maith nár bhog Stáit Aontaithe Mheiriceá oiread is órlach ón ráiteas cáiliúil a thug George Bush ag Rio sa mbliain 1992.
a gcaidreamh their relationship
" Bhain na rialacha is tréine le hiompar na mban agus a gcaidreamh le fir.
chaidreamh casta complicated relationship
" Tugann a shaothar léargas ar an chaidreamh casta atá ann idir áiteanna agus eachtraí, agus an dóigh ar léirítear iad agus a ndéantar cur síos orthu ó thaobh cuimhne de.
caidreamh relationship
" Agus an tAontas Eorpach faoi láthair ag iarraidh caidreamh níos fearr a chothú le tíortha thuaisceart na hAfraice le Próiseas Barcelona, bhí an stát seo i suíomh an-mhaith le buntáiste a bhaint amach.
mar mheán caidrimh as a medium of communication
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh é chun tacaíocht a thabhairt don nGaeilge mar ábhar léinn, mar mheán caidrimh, mar mheán teagaisc agus mar mheán taighde ar champas Ollscoil Luimnigh.
caidreamh relations
" Mar sin, bhí Aznar ar son ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic, ach fós mhaígh sé nach raibh aon athrú feiceálach ar pholasaí Eorpach na Spáinne, nó ar an gcaidreamh le tíortha Mheiriceá Theas, le Meicsiceo, nó leis na tíortha Arabacha.
briseadh caidrimh the end of a relationship
" Is minic leis gur géarchéim phearsanta i saol duine, ar nós briseadh caidrimh, bás, nó foréigean gnéasach nó fisiciúil sa bhaile, a bhrúnn duine amach ar na sráideanna.
scéal a gcaidrimh the story of their relationship
" Labhraíonn sa deireadh agus insíonn scéal a gcaidrimh di.
caidreamh relationship
" Éiríonn an caidreamh idir an cailín aimsire agus an máistir níos tréine.
diúltú do chaidreamh fisiciúil to refuse a physical relationship
" Is éard atá i gceist le híonacht ghnéasach, a deir an clár le daoine óga, ná "diúltú do chaidreamh fisiciúil a spreagann tú go gnéasach"; is gá dóibh, mar sin, staonadh ó chaidreamh collaí agus gnéas béil, agus níl cead acu lámh a leagan ar bhaill ghnéis a chéile, go dtí go bpósann siad.
chaidreamh collaí sexual intercourse
" Is éard atá i gceist le híonacht ghnéasach, a deir an clár le daoine óga, ná "diúltú do chaidreamh fisiciúil a spreagann tú go gnéasach"; is gá dóibh, mar sin, staonadh ó chaidreamh collaí agus gnéas béil, agus níl cead acu lámh a leagan ar bhaill ghnéis a chéile, go dtí go bpósann siad.
caidreamh collaí sexual intercourse
" " Tá dul amú orthu siúd fosta a chreideann má fhaigheann daoine óga oideachas gnéasachta gur cuireadh oscailte é, mar a deirtear, chun caidreamh collaí a bheith acu.
caidreamh relationship
" Bhí caidreamh fada agus dian acu, agus d'fhan siad ina gcomhluadar féin amháin beagnach i gcónaí.
an ghné is conspóidí den chaidreamh the most controversial aspect of the relationship
" Bheadh sé deacair teacht ar dhá ábhar cainte is mó a bhíonn i mbéal an phobail seachas oideachas agus sláinte! Bhí moltaí eile ann maidir leis an trádáil i seirbhísí leis na tíortha neamhfhorbartha - an ghné is conspóidí den chaidreamh a bhíonn ag na tíortha forbartha leis na tíortha bochta.
chaidreamh relationship
" " In agallamh a foilsíodh sa nuachtán laethúil Rómhánach *La Repubblica*, thug an tArdeaspag Giovanni Lajolo "eachtra thragóideach sa chaidreamh leis an Ioslamachas" ar an drochíde san Iaráic.
i gcaidreamh le chéile in a relationship together
" Táimid i gcaidreamh le chéile le sé bliana anois.
oifigeach caidrimh phoiblí public relations officers
" I measc 67 oifigeach caidrimh phoiblí a bhí ag obair acu san Iaráic cúpla mí ó shin, ní raibh ach triúr a raibh Araibis acu.
caidreamh relationship
" Is cuimhin liom go raibh na cearthaí orm sa chéad cheacht in ardrang na scoile samhraidh nuair a iarradh orm mo shonraí pearsanta a mhíniú, ach ba ghrúpa an-bháúil é agus, sul i bhfad, bhíos ag baint an-taitnimh as an gcaidreamh.
chaidreamh relationship
" Thuig Coimisinéir an RUC John Hermon an dochar a dhéanfadh a leithéid de líomhain don chaidreamh idir an dá fhórsa agus, dá réir, shéan sé go láidir go raibh aon bhunús leis an ráfla seo.
bainistiú caidrimh chustaiméara the management of customer relations
" Ní hamháin go mbreathnaíonn daoine ar an idirlíon mar inneall cuardaigh nó mar uirlis taighde sa lá atá inniu ann, ach úsáidtear é chun réimse leathan gníomhachtaí a chur i gcrích: bainistiú caidrimh chustaiméara, seachadadh, déanamh orduithe, agus ag tabhairt tacaíochta do chianúsáideoirí an chomhlachta.
caidreamh fada agus casta a long complicated relationship
" Bhí mé míshásta le mo phost, bhí mé i mo chónaí i bhfad ó sheanchairde agus ó mo theaghlach, agus bhí mé croíbhriste tar éis do dheireadh brónach teacht le caidreamh fada agus casta.
caidreamh nua a new relationship
" Chuir mé tús maith le caidreamh nua freisin agus, tar éis bliana de shuirí, lán de thurais eitleáin agus glaonna teileafóin go mall san oíche, d'fhág mé mo shaol míshásúil i Meiriceá agus bhog mé go Sasana chun mo chomh-Ghaeilgeoir dílis a phósadh.
caidreamh relations
"caidreamh maith aige leis an fheidhmeannas ach próifíl íseal aige sna meáin chumarsáide.
caidreamh relations
" Marc: C Dún na nGall ======= *Dáithí Alcorn (FF)* Polaiteoir cliste a bhfuil caidreamh maith aige le feidhmeanaigh an Údaráis, leis an Aire Stáit Pat the Cope Ó Gallchóir agus leis an Aire Mary Coughlan.
caidrimh ghnó nua new business relationships
" Pé áit ina mbíonn sé, caitear dhá lá ansin ag iarraidh caidrimh ghnó nua a chruthú, faoi bhrú an chloig.
caidreamh contact
" Mar sin má labhraíonn tú le daoine d’aois áirithe in Ard Mhacha faoin tseanchuimhne atá acu, déarfadh siad go bhfuil caidreamh acu le daoine ó achan traidisiún.
caidreamh relationship
" In ainneoin an ghrá a bhí aige di, ba mhinic a bhí caidreamh aige le mná eile, go háirithe na mná a bhí mar mhainiciní aige.
ó thaobh caidrimh phoiblí de as regards public relations
" Tá níos mó damáiste ó thaobh caidrimh phoiblí de déanta ag dúnmharú McCartney ná mar a rinne bolscaireacht na Sasanach agus na n-aontachtaithe le tríocha bliain anuas.
caidreamh comhdhála agus cúrsaí pearsanra congressional relations and personnel
" Ina dhiaidh sin, cheap Kennedy O’Brien mar chúntóir an Uachtaráin in dhá réimse: caidreamh comhdhála agus cúrsaí pearsanra.
caidreamh difriúil a different relationship
" Cosúil le daoine, tá caidreamh difriúil agam le gach amhrán.
i gcaidreamh fadtéarmach in a long-term relationship
" ” Trí mheán an idirlín, bhí Darling ábalta eolas a thabhairt faoi na riachtanais a bhí aici; chuir sí in iúl, mar shampla, go raibh suim aici i gcaidreamh fadtéarmach, agus gur mhaith léi páistí a bheith aici san am atá romhainn – is cinnte nach seo an cineál eolais a roinnfeá le duine a raibh tú díreach tar éis bualadh leis i mbeár.
caidreamh aon-oíche one-night stand
" Mar gheall ar an suirbhé cuimsitheach atá acu agus an bhéim ar chaidrimh fhadtéarmacha, cuireann eHarmony daoine atá ag lorg caidreamh aon-oíche ó dhoras.
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Cén ról atá agat féin sa Chomhdháil Cheilteach (An CC) agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise an tOifigeach Caidrimh Phoiblí agus tá mé sa phost timpeall seacht nó ocht de bhlianta.
ó thaobh caidrimh phoiblí de as regards public relations
" De réir mar atá an feachtas ag leathnú, tá sé tuigthe ag McDonald’s, Coles agus Woolworth’s go bhféadfadh tubaiste a bheith ar a lámha acu ó thaobh caidrimh phoiblí de agus tá fógraí acu sna páipéir ag cur in iúl an taobh eile den scéal.
conradh flaithiúil caidrimh phoiblí a generous public relations contract
" Bhí neart ceisteanna le freagairt ag an Aire Iompair, Martin Cullen, faoin dóigh ar bronnadh conradh flaithiúil caidrimh phoiblí ar chomrádaí polaitiúil dá chuid, ach ní raibh aon cheo le freagairt aige faoi chaidreamh collaí a bheith aige le Monica Leech, mar a thug cúpla nuachtán le fios go cliathánach.
chaidreamh collaí sexual relationship
" Bhí neart ceisteanna le freagairt ag an Aire Iompair, Martin Cullen, faoin dóigh ar bronnadh conradh flaithiúil caidrimh phoiblí ar chomrádaí polaitiúil dá chuid, ach ní raibh aon cheo le freagairt aige faoi chaidreamh collaí a bheith aige le Monica Leech, mar a thug cúpla nuachtán le fios go cliathánach.
caidrimh relationships
" Bhí neart ceisteanna le freagairt ag an Aire Iompair, Martin Cullen, faoin dóigh ar bronnadh conradh flaithiúil caidrimh phoiblí ar chomrádaí polaitiúil dá chuid, ach ní raibh aon cheo le freagairt aige faoi chaidreamh collaí a bheith aige le Monica Leech, mar a thug cúpla nuachtán le fios go cliathánach.
chaidreamh relationship
" Bhí neart ceisteanna le freagairt ag an Aire Iompair, Martin Cullen, faoin dóigh ar bronnadh conradh flaithiúil caidrimh phoiblí ar chomrádaí polaitiúil dá chuid, ach ní raibh aon cheo le freagairt aige faoi chaidreamh collaí a bheith aige le Monica Leech, mar a thug cúpla nuachtán le fios go cliathánach.
obair chaidrimh phoiblí public relations work
" Rinne mé céim i nGaillimh agus ansin chaith mé trí bliana ag déanamh obair chaidrimh phoiblí le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus ag obair go páirtaimseartha le RTÉ.
caidreamh relationship
" “I ndáiríre, leis an gcaidreamh atá againn leis na heagraíochtaí Stáit, ní shílim gur ábhar an-mhór ar an gclár oibre acu é seo.
ár gcaidreamh gnó our business relationship
" Ach tá sé léirithe ag tíortha eile san Aontas Eorpach nach gá go mbeadh ár gcaidreamh gnó le SAM i mbaol má ghlactar seasamh láidir ar an cheist seo.
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Fríd am, casadh na baill eile den eagraíocht orm, mar atá Pádraig Ó Cuinneagáin (Rúnaí), Fionbarra Ó Baoill (Leas-chathaoirleach), Máire Nic Suibhne (Oifigeach Caidrimh Phoiblí), Iognáid Ó Muircheartaigh (Cisteoir) agus Brid Ní Dhóláin (Oifigeach Forbartha).
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Cén ról atá agat féin sna Gaeil Óga agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú mar Oifigeach Caidrimh Phoiblí do Na Gaeil Óga, mar sin bím ag iarraidh ainm na heagraíochta a chur chun cinn sna meáin chumarsáide.
caidreamh relations
"caidreamh láidir againn le hÓgras agus leis na hóg-eagraíochtaí eile anois, rud a bhíonn le feiceáil ag Scléip na hÓige le linn Oireachtas na Samhna agus ag na himeachtaí a ritear le maoiniú ón Chiste Comhthraenála.
an-chaidreamh a great relationship
"an-chaidreamh ag an bhfoireann leis na craoltóirí deonacha.
caidreamh relationship
" Maíonn a páirtí féin go bhfuil an caidreamh idir í féin agus a comhghleacaí Michael McDowell “dysfunctional”.
raibh fíor-dhroch-chaidreamh a really bad relationship
" Mar a bheifeá ag súil, bhí drogall ar an Aire Stáit tabhairt faoi na hiascairí sruthlínte bradáin agus tuairiscítear go raibh fíor-dhroch-chaidreamh idir an bheirt fhear.
sa ghníomhaireacht ba mhó caidrimh phoiblí in the biggest public relations agency
" ” Ní raibh easpa misnigh ar bith ar Natasha, áfach, agus smaoinigh sí ar dhóigh le taithí luachmhar oibre a fháil a chuideodh léi post a fháil: oibriú saor in aisce sa ghníomhaireacht ba mhó caidrimh phoiblí sa tír, Carr Communications.
aon chaidreamh cairdiúil any friendly relationship
" “Ní raibh aon chaidreamh cairdiúil idir na fórsaí slándála anseo agus gnáthphobal Chathair Dhoire.
ar an chaidreamh idir daoine. and on the relationship between people.
" ” Deir Krauss go gcabhraíonn teangacha linn tuiscint a fháil, ní hamháin ar ár dtimpeallacht áitiúil féin, ach ar cheisteanna uilíocha agus fadhbanna a bhaineann leis an chine daonna i gcoitinne, de bhrí go bhfuil slite difriúla ag a gcainteoirí le féachaint ar spás, ar am agus ar an chaidreamh idir daoine.
an caidreamh the relationship
"an caidreamh idir an múinteoir agus an t-amhránaí traidisiúnta thar a bheith fiúntach agus thar a bheith tábhachtach.
caidreamh, relations,
" Tagann spórt chun tábhachta freisin i gcás shláinte an phobail, an taithí scoile, obair dheonach agus “caipiteal” sóisialta (rannpháirtíocht, caidreamh, comhar na gcomharsan, etc.
neartaítear an caidreamh the relations are stengthened
" Tá cúrsaí ar ardchaighdeán á soláthar ag Sabhal Mòr Ostaig agus ag Ionad Chaluim Chille; bíonn idir léann, spórt agus spraoi i gceist, agus neartaítear an caidreamh lenár gcomharsa Ghaelach ar bhealach fíornádúrtha ar an gcaoi sin.
go mbainfidís triail as an chaidreamh arís. that they'd have a go at the relationship again.
" Scar mo thuismitheoirí óna chéile sular rugadh muid agus ansin shocraigh siad go mbainfidís triail as an chaidreamh arís.
an caidreamh a chothaigh sé the relationship he fostered
" ” Le linn do Peter bheith ar an gCoimisiún, ba é an caidreamh a chothaigh sé le daoine ó aicmí agus ó chúlraí éagsúla – daoine nach gcasfaí air de ghnáth – an rud ba mhó a bhain sé amach, dar leis.
caidreamh luachmhar valuable relationship
" Ón am sin ar aghaidh, bhí caidreamh luachmhar idir an bheirt acu.
ar an tslí chun caidreamh a chothú about the way to maintain a relationship
" Tá taithí ag Bob Corcoran nach bhfuil ag mórán daoine, agus tuiscint faoi leith aige ar an tslí chun caidreamh a chothú le deontóir nó le daonchara.
Caitear an dúrud airgid ar chaidreamh pobail, a lot of money is spent on community relations,
" Caitear an dúrud airgid ar chaidreamh pobail, rud nach mbeadh (agus nach mbeidh?) de dhíth dá mbeadh an dá phobal sásta comhoibriú lena chéile.
caidreamh poiblí public relations
" D’éirigh mé as i ndiaidh na chéad oíche agus thug mé mo CV do Robbie Fox, úinéir an chlub, agus dúirt mé leis gurbh fhéidir liom rud éigin bainteach le cúrsaí margaíochta agus caidreamh poiblí a dhéanamh.
go mbíonn an caidreamh níos réchúisí; that the relationship is more laid-back;
" Nó sin a chloisim ó chairde mar gur mó an taithí atá agam ar Éireannaigh um an dtaca seo agus tuigim sa chás sin go mbíonn an caidreamh níos réchúisí; bíonn am ag an mbuachaill dá chairde agus déanann an cailín roinnt aimsire a mheilt i dteannta a cairde chomh maith.
caidreamh collaí sexual relationship
" Tar éis do Matt Drudge an scéal a scaoileadh ar an idirlíon go raibh caidreamh collaí ag Uachtarán SAM, Bill Clinton, le hintéirneach sa Teach Bán, Monica Lewinsky, dúirt sé go raibh tréimhse úr i ndán do na meáin ina mbeadh macalla na milliún glórtha beaga le cluinstin go hard.
caidrimh phearsanta personal relationships
" Ní haon ionadh ach an oiread go bhfuil a shaothar breac le fadhbanna grá, teip an ghrá, agus, níos uaigní fós, cé acu an bhfuil caidrimh phearsanta neamhfhéideartha sa tírdhreach sceirdiúil spioradálta sin agus cé acu an maireann saoi an cheamara ansin.
caidrimh relationships
" Ní haon ionadh ach an oiread go bhfuil a shaothar breac le fadhbanna grá, teip an ghrá, agus, níos uaigní fós, cé acu an bhfuil caidrimh phearsanta neamhfhéideartha sa tírdhreach sceirdiúil spioradálta sin agus cé acu an maireann saoi an cheamara ansin.
caidreamh idirghníomhach interactive relationship
" Níor mhór do na meáin Ghaeilge a bheith ceannródaíoch maidir le modhanna seachadta clár agus an deis a thapú teacht ar lucht éisteachta/féachana úr agus caidreamh idirghníomhach a bheith acu leo.
caidreamh tionsclaíoch. industrial relations.
" Caidreamh tionsclaíochÓ thaobh na bpolasaithe de, níl ach mórábhar amháin a bhfuil na vótálaithe ag cuimhneamh go háirithe air, de réir na bpolalbhreitheanna: an caidreamh tionsclaíoch.
cúrsaí caidrimh idirnáisiúnta, international relations
" Beidh a lán athruithe ag teacht chun cinn maidir le cúrsaí caidrimh idirnáisiúnta, áfach.
caidrimh láidre ghnó. strong business relationships
" Grinneas - roghnaigh siad na ceoltóirí a rinne siad a thaifeadadh go cúramach; Dáileachán - bhí bealaí dáilte acu a bhí iontaofa agus triailte, agus caidrimh láidre ghnó.
maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch pertaining to industrial relations
" Mar chomhtharlú, bhí polasaithe maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch ag croílár an fheachtais toghchánaíochta sa bhliain 1929, mar a bhí siad an iarraidh seo.
an caidreamh the relationship
" ” Dúirt Billy McDowell, a gortaíodh go dona ag La Mon agus ar gortaíodh a bhean go holc fosta, gur chuir an caidreamh idir Ian Paisley agus Martin McGuinness samhnas air.
i gcaidreamh in a relationship
" Cén chaoi a dtéann a leithéid de sceideal i bhfeidhm ar dhuine? Agus an mbíonn impleachtaí i gceist ó thaobh an tsaoil phearsanta de?“Tá mé i gcaidreamh agus bíonn sé deacair a bheith as baile an t-am ar fad.
caidrimh homaighnéasacha homosexual relationships
" Dúirt Ian Óg go raibh caidrimh homaighnéasacha “mí-mhorálta, ionsaitheach agus déistineach”.
caidreamh ródhlúth too close a relationship
" Ach mheas an pobal mór go raibh caidreamh ródhlúth idir Paisley Jnr agus an forbróir Seymour Sweeney, agus bhí sé greannmhar a bheith ag fanacht ar an chéad nasc eile a cheanglódh MLA Thuaisceart Aontroma le ball saibhir an DUP.
fadhbanna fisicúla, ólacháin nó caidrimh physical, drink or relationship problems
" Níor fhág The Dark a árasán in Divis Tower go minic ach dúirt sé go raibh na céadta cosúil leis, iarphríosúnaigh a raibh fadhbanna fisicúla, ólacháin nó caidrimh acu nó an galar dubhach orthu.
caidreamh collaí sex
" Admhaíonn Ó Searcaigh sa scannán go raibh caidreamh collaí i gceist idir é féin agus cuid de na daoine ar bhuail sé leo i Neipeal.
caidreamh sláintiúil proifisiúnta a healthy professional relationship
" Cibé rud a tharla le linn “Don’t feed the Gondolas”, is léir gur éirigh le Des agus le RTÉ an chloch a chaitheamh as an muinchille mar go bhfuil caidreamh sláintiúil proifisiúnta i gceist eatarthu ó shin i leith.
eascraíonn caidreamh thar a bheith speisialta as an gcairdeas. a very special relationship comes about from the friendship
" Cuireann an Seiceach gliondar ar chroí an cheoltóra sráide agus eascraíonn caidreamh thar a bheith speisialta as an gcairdeas.
caidreamh collaí sexual relations
" Mar shampla, bhí caidreamh collaí idir fir fós mídhleathach in NSW tríocha bliain ó shin.
faoi chaidreamh déchultúrtha about bicultural relations
" Is iomaí uair a thugtar cluas bhodhar do chaint dhomhain faoi chaidreamh déchultúrtha idir *Māori* agus *Pākehā*, ar mhaithe le ceol draíochta an bhéalghrá, ach is léir ó na himeachtaí seo go bhfuil go leor tochailte eile le déanamh sa tír.
caidreamh tráchtála agus trádála commercial and trade relationship
" An bhfuil sé cothrom go bhfuiltear ag iarraidh go bhfeidhmeoidh an lucht spóirt mar chaomhnóirí morálta na cruinne le linn do dhaoine eile a bheith ag déanamh gach iarrachta – ar chúla téarmaí – an caidreamh tráchtála agus trádála leis an tSín a threisiú? Is léir go bhfuil ceannairí an domhain ag iarraidh an craiceann is a luach a bheith acu – tá cáineadh géar i gceist óna dtaobhsan de, ach easpa gnímh chomh maith.
caidreamh maith good relationship
" Bhí caidreamh maith eadrainn; dhéanadh sé iarracht bulaíocht a dhéanamh orm ach ní ligfinn dó ag an am chéanna! Mar sin, bhí an caidreamh an-sláintiúil!”Ós rud é gur duine é Lunny a bhíonn i gcónaí ag iarraidh foirfeacht a bhaint amach, an raibh sé féin dian ar cheoltóirí eile thar na blianta? “Go deimhin, bhí.
a chaidreamh his relationship
" **Naitsithe**Bhí a chaidreamh leis an CIA tromchúiseach go leor, ach tá sé curtha i leith an Dalaí Láma go raibh caidreamh ní bá chonspóidí fós aige roimhe seo – le beirt Naitsithe.
caidreamh relationship
" Is díol spéise é, mar sin, go bhfuil fir ann, i ndáiríre, atá díreach cosúil le Lars – is é sin, tá siad níos mó ar a suaimhneas i gcaidreamh le “mná” ar nós Bianca, agus ní hé go mbaineann na caidrimh seo le gnéas amháin.
caidreamh maith good relationship
" D’fhéadfadh soláthar na peile a bheith gann de thairbhe nach bhfuil caidreamh maith aici leis an chaptaen úr.
caidreamh láidir strong relationship
" Dála an scéil, tugann sé maoiniú flaithiúil do na Daonlathaigh, agus tá caidreamh láidir aige le cuid acu.
an cineál caidrimh the kind of relationship
" Ach, mar a scríobh Dewar ina leabhar iontach dar teideal *Cloak of Green* (arb é a théama ná an cineál caidrimh atá i gceist idir grúpaí comhshaoil, rialtais agus corparáidí móra): “*David Rockefeller’s grandfather, John D.
caidreamh láidir strong relationship
" Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil caidreamh láidir idir Maurice Strong agus muintir Rockefeller ó shin i leith.
caidreamh ródhlúth too close a relationship
" Cuireadh ina leith gur theip ar an rialtóir an maoirsiú ceart a dhéanamh ar na bainc agus go raibh caidreamh ródhlúth ag an rialtóir agus na bainc lena chéile.
mhianach an chaidrimh the quality, type of relationship
" Deir sé fosta gur ‘minic a bhíonn léiriú íorónta nó éadrom , searbhasach nó scigmhagúil iontu ar nádúr an ghrá agus ar mhianach an chaidrimh idir fir agus mná.