Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chaidreamh poiblí public relations
" Chaith muid lá ansin agus caithfidh mé a rá go ndearna siad jab maith leis an chaidreamh poiblí an lá sin.
oifigeach caidrimh phoiblí public relations officers
" I measc 67 oifigeach caidrimh phoiblí a bhí ag obair acu san Iaráic cúpla mí ó shin, ní raibh ach triúr a raibh Araibis acu.
ó thaobh caidrimh phoiblí de as regards public relations
" Tá níos mó damáiste ó thaobh caidrimh phoiblí de déanta ag dúnmharú McCartney ná mar a rinne bolscaireacht na Sasanach agus na n-aontachtaithe le tríocha bliain anuas.
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Cén ról atá agat féin sa Chomhdháil Cheilteach (An CC) agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise an tOifigeach Caidrimh Phoiblí agus tá mé sa phost timpeall seacht nó ocht de bhlianta.
ó thaobh caidrimh phoiblí de as regards public relations
" De réir mar atá an feachtas ag leathnú, tá sé tuigthe ag McDonald’s, Coles agus Woolworth’s go bhféadfadh tubaiste a bheith ar a lámha acu ó thaobh caidrimh phoiblí de agus tá fógraí acu sna páipéir ag cur in iúl an taobh eile den scéal.
conradh flaithiúil caidrimh phoiblí a generous public relations contract
" Bhí neart ceisteanna le freagairt ag an Aire Iompair, Martin Cullen, faoin dóigh ar bronnadh conradh flaithiúil caidrimh phoiblí ar chomrádaí polaitiúil dá chuid, ach ní raibh aon cheo le freagairt aige faoi chaidreamh collaí a bheith aige le Monica Leech, mar a thug cúpla nuachtán le fios go cliathánach.
obair chaidrimh phoiblí public relations work
" Rinne mé céim i nGaillimh agus ansin chaith mé trí bliana ag déanamh obair chaidrimh phoiblí le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus ag obair go páirtaimseartha le RTÉ.
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Fríd am, casadh na baill eile den eagraíocht orm, mar atá Pádraig Ó Cuinneagáin (Rúnaí), Fionbarra Ó Baoill (Leas-chathaoirleach), Máire Nic Suibhne (Oifigeach Caidrimh Phoiblí), Iognáid Ó Muircheartaigh (Cisteoir) agus Brid Ní Dhóláin (Oifigeach Forbartha).
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Cén ról atá agat féin sna Gaeil Óga agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú mar Oifigeach Caidrimh Phoiblí do Na Gaeil Óga, mar sin bím ag iarraidh ainm na heagraíochta a chur chun cinn sna meáin chumarsáide.
sa ghníomhaireacht ba mhó caidrimh phoiblí in the biggest public relations agency
" ” Ní raibh easpa misnigh ar bith ar Natasha, áfach, agus smaoinigh sí ar dhóigh le taithí luachmhar oibre a fháil a chuideodh léi post a fháil: oibriú saor in aisce sa ghníomhaireacht ba mhó caidrimh phoiblí sa tír, Carr Communications.
caidreamh poiblí public relations
" D’éirigh mé as i ndiaidh na chéad oíche agus thug mé mo CV do Robbie Fox, úinéir an chlub, agus dúirt mé leis gurbh fhéidir liom rud éigin bainteach le cúrsaí margaíochta agus caidreamh poiblí a dhéanamh.
caidrimh phoiblí pr
" Nuair a d’fhiafraigh mé ar Twitter “Céard é an ghné is fearr de Wave dar leat?” dúirt bean amháin liom “The "close browser window" is my favourite feature of Google Wave - sorry!”Tá roinnt caidrimh phoiblí fós le déanamh ag Google Wave is dócha! Chruthaigh Google an uirlis nua seo, ní hamháin mar athchur r-phoist ach mar uirlis chomhoibrithe.