Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caillte frozen
" Bheadh sí caillte ansin.
caillte dead
" Bhí a fhios aici go raibh uirthi tabhairt faoin obair go práinneach mar go raibh roinnt mhaith de lucht aitheantais Brennan in aois a gceithre scór faoin am sin agus, fé mar a tharlaíonn, tá cuid acu caillte ó foilsíodh an leabhar i mbliana.
rud a mhothaím atá caillte againn something I feel we've lost
" Bíonn am ag daoine dá chéile, rud a mhothaím atá caillte againn san Iarthar.
rud a mhothaím atá caillte againn something I feel we've lost
" Bíonn am ag daoine dá chéile, rud a mhothaím atá caillte againn san Iarthar.
caillte missed
" Bhí daoine áirithe ann a raibh líon suntasach ranganna caillte acu toisc “fadhbanna” éagsúla bheith acu.
caillte sa cheol lost in the music
" De ghnáth bíonn mo shúile dúnta agam nuair a bhím ag seinnt – mé caillte sa cheol agus sna smaointe a thagann chugam.
go bhfuil an cath áirithe sin caillte that that particular battle is lost
" Bíodh sin amhlaidh, is dócha go bhfuil an cath áirithe sin caillte agus is fearr aithne ag daoine air mar “Phádraig” agus gurbh fhearr, i bhfianaise lucht léitheoireachta an leabhair seo, cloí leis an leagan coitianta.
buaite agus caillte won and lost
" Bhí an comórtas sraithe níos oscailte ná mar a bhí sé le fada mar tá cluiche nó dhó buaite agus caillte ag gach foireann.
Bheinn caillte dá n-uireasa. I'd be lost without them.
" Bheinn caillte dá n-uireasa.
a bheadh caillte murach é. which would have been lost but for him.
" Caomhnóir agus cláraitheoir ab ea Morrison agus a bhuíochas dá chuid oibre tá fáil againn ar íomhánna a bheadh caillte murach é.
níl an cath caillte fós. the battle isn't lost yet.
" Nach féidir? An féidir? Ná bíodh imní oraibh a mhuintir Chónra na Gaeilge, níl an cath caillte fós.
cráite agus caillte tormented and lost
" ” Tá Kings san iomaíocht d’ainmniúchán do Ghradam Oscar don scannán is fearr i dteanga iasachta – an chéad uair riamh ar tharla sé seo i gcás scannán Gaeilge – agus tá Tom Collins ag súil go gcuideoidh an scannán agus an phoiblíocht ar fad le haird a tharraingt ar an dea-obair atá á déanamh ag muintir Aisling agus ar an dóchas atá á thabhairt ag an obair sin do na céadta Éireannach a bheadh cráite agus caillte gan é.
caillte lost
" Insíonn Kings scéal glúine atá caillte, i scannán atá lán daonnachta agus mothúchán.
Tá cuid de mo cheol teaghlaigh caillte agam I have lost some of my family music
" Tá cuid de mo cheol teaghlaigh caillte agam agus tá mo chuid Gaeilge caillte agam fosta.
Ceist a chur orthu tuige a bhfuil siad chomh caillte? to ask them why they are so lost
" Ceist a chur orthu tuige a bhfuil siad chomh caillte? An falsacht atá ann? An bhfuil mo chuid cainte chomh briotach sin, chomh dothuigthe sin, nach dtig leo fiú tomhas cad é atá á rá agam.
ag mothú go hiomlán caillte. feeling completely lost
" Sheas mé i lár na tolglainne imeachta in aerfort Heathrow ag stánadh timpeall orm agus ag mothú go hiomlán caillte.
muinín caillte lost confidence
"muinín caillte ag mórán daoine sna forais a mbíodh muinín acu astu; tá daoine ag féachaint ar an Rialtas le ceannasaíocht láidir daingean a thabhairt, ach níl sé soiléir gur féidir seo a fháil.
caillte lost
" Cailleadh eochair, goideadh gutháin agus araile, ach ní raibh a fhios ag foireann McKinney cé ba chúis leis go raibh an toghchán caillte, agus chonaic siad mo dhuine ar an teilifís.
ndéagóirí caillte lost teenagers
" Stiúrthóirí ar suim leo saol agus sícé na ndéagóirí caillte a mhaireann ar faobharimeall shochaí bhriste, dhíluachaithe na linne seo.
caillte lost
" edu/pace/lubin/departments-and-research-centers/marketing-department/interactive-and-direct-marketing-lab/) Cuir i gcomórtas leis nár dhúirt ach 15% díobh nach mairfeadh siad seachtain gan teilifís agus 9% díobh a mhaígh go mbeadh siad caillte gan suíomhanna líonrú gréasáin.
caillte is lost
" Má tháinig sí agus roinnt daoine eile slán ón longbhriseadh, tá a deartháir, Sebastian, caillte agus is léir faitíos uirthi faoi céard atá i ndán di sa tír iasachta seo darb ainm Illyria.
bheith curtha caillte being dead and buried
" Ainneoin an Nollaig a bheith curtha caillte le ráithe tá an gheamaireacht ag dul ar aghaidh ó thuaidh, go háirithe taobh istigh den UUP.
An misneach caillte agam I am giving up
" An misneach caillte agam, leagas uaim seanghiotár an trí chórda.
deichniúr caillte a lost decade
" Tá ‘deichniúr caillte’  roimh an Ríocht Aontaithe, dar le scríbhneoir amháin agus measann scríbhneoirí éagsúla go bhfuil Seansailéir Státchiste na Breataine George Osborne i sáinn agus gimicí á dtairiscint aige; go bhfuil polasaí *“hoping for the best”* aige; go bhfuil sé i mbun feachtais mhaolú dochair; gur theip air borradh a chur faoi jabanna a chruthú nó fás a spreagadh agus go bhfuil cruth piorra ar an gheilleagar.
Deis an athmhuintearais caillte the chance of reconciliation lost
" Deis an athmhuintearais caillte, glacann Cheyenne seilbh ar dhiachair an athar.
a ré caillte acu their era long gone
" Ag titim as a chéile atá na foirgnimh uaisle, a ré caillte acu na céadta bliain ó shin.
caillte lost
" Agus sinn ag iomrascáil leis an dtraidisiún ársa caillte seo, scríobh sé mar gheall ar “coimcne” nó *“a shared universe of Irish cultural discourse and identification”*, ré chaillte a chuireann iachall orainn *“selective construction”* a dhéanamh d’fhonn tús a chur leis an staidéar stairiúil ex post facto.
smacht caillte ag an rialtas ar cheantair the government has lost control of areas
" Anuas ar sin, ainneoin cosc ar nuachtóirí i gcuid mhaith den tír faoi láthair, is soiléir go bhfuil smacht caillte ag an rialtas ar cheantair a bhfuil tábhacht geilleagair agus straitéise leo.
nach raibh an iomarca meacáin caillte aici she hadn’t lost too much weight
" Tháinig scéal amach tar éis do Spence éirí as a stailc ocrais go raibh an Seanadóir Patrick Brazeau ag magadh fúithi sa Dáil, go raibh amhras air gur dhiúltaigh sí bia le linn na stailce toisc nach raibh an iomarca meacáin caillte aici.
leanaí gan bhreith caillte unborn children lost
" Ní hionadh, ach oiread, go bhfuil leanaí gan bhreith caillte ag roinnt ban agus iad á ndíbirt sa tslí seo.
caillte sa cheo lost in the mist
" Is beag a bhí le feiceáil fán tráth seo agus an chosúlacht ar an scéil, go raibh go leor daoine caillte sa cheo.
a mhothaíonn beagán caillte inti who feel a little lost in dealing with it
" Tá PoetryBeo ann dóibh sin a thugann grá don Ghaeilge agus dóibh sin a mhothaíonn beagán caillte inti.
Tá cath caillte ag an ngluaiseacht ar son na beatha the movement for the protection of the unborn has lost the battle
" **SMM: Tá cath caillte ag an ngluaiseacht ar son na beatha.
Tá sí caillte cheana féin it’s finished already
"Tá sí caillte cheana féin” ar sé.
colún tacaíochta eile caillte another column of support lost
" Má tharlaíonn sin, cuirfear an ceangal idir iad agus an tSiria ar fionraí, agus beidh colún tacaíochta eile caillte ag réimeas Assad.
nó tá deireadh ar fad caillte or it has lost all (purpose)
" Ní féidir foras mar sin géilleadh don Bhéarla nó tá deireadh ar fad caillte.
Deis caillte a missed opportunity
" Deis caillte a bheas ann muna gcuirtear foilseachán ar bun a bhaineann lánúsáid as láidreachtaí an mheáin féin.
bhfuil an cumas sin caillte aige he’s lost that ability
" Tháinig Dinny ar an tsaol seo le dhá chois ar a cholainn, agus cosa breátha móra atá iontu, bail ó Dhia orthu, nó is minic a chuir sé isteach ina chlab mór iad; agus cé gur fhoghlaim Dinny go hóg ina shaol an dóigh le seasamh ar a dhá chois féin, is léir go bhfuil an cumas sin caillte aige anois.
Le muinín na cathrach aistí caillte the city having lost faith in her
" Le muinín na cathrach aistí caillte, thuig Marois go raibh sí ag snámh in aghaidh an easa.
muinín caillte lost confidence
" B’fhéidir nach dtuigeann Joe Mc Hugh go bhfuil muinín caillte ag go leor de lucht na Gaeilge ina Roinn.
Bhí deireadh dúile caillte againn we lost hope
" Bhí deireadh dúile caillte againn sna meáin chumarsáide.
níl deireadh caillte all's not lost
" Tá taobh eile ar an mbád - níl deireadh caillte - i gcás teangacha dúchais na hAstráile, ná baol air.
bhfuil an cath caillte the battle’s lost
" Bhí Donncha Ó hÉallaithe i láthair ag seoladh an straitéis is deireanaí ag an rialtas chun an Ghaeilge a shlánú sa nGaeltacht, ach ceapann sé go bhfuil an cath caillte sa nGaeltacht de dheasca an chur chuige atá molta.