Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caingean dlí a law suit
" Nuair a thionscain Edmonds caingean dlí ar dhífhostú éagórach, d’agair an tArd-Aigne John Ashcroft “pribhléid rún stáit,” rud atá thar a bheith neamhchoitianta.
caingne law
" Cén fáth go ndéanfaí iarracht duine a rinne iarracht cuidiú go gnaoiúil le fadhb tráchtála a réiteach, an duine sin a tharraingt chun caingne? Is cosúil go síleann stát na hÉireann gur féidir satailt ar an Éireannach.
Chun Caingne to law
" Chun Caingne ======= Is mar sin atá Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe faoi láthair, an chúirt a chíorann mórcheisteanna na tíre, go háirithe mar a bhaineann siad le bunreacht Mheiriceá.
caingne éagsúla various legal cases
" Faoin am sin, beidh comhlachtaí Meiriceánacha eile ag saothrú a gcoda go súch sách as na caingne éagsúla.
Caingean the legal action
" ' Caingean Anita Groener ========== Sa chomhthéacs sin, is fiú a chuimhneamh gur theip ar chás cúirte a ghlac múinteoir ealaíne ón Ísiltír, Anita Groener, in éadan na Roinne Oideachais i Samhain na Bliana 1989.
caingean dlí a thabhairt i gcoinne to bring a court case against
" Ar an drochuair, níl an saothar is déanaí ó Bruce, Loopers, feicthe agam mar is fíor an rud a dúirt cara liom roimh theacht ár gcéad linbh: ní bhíonn fonn orm costas feighlí a chaitheamh ar oíche sa phictiúrlann! Nuair a chuala mé, mar sin, cúpla mí ó shin go raibh sé beartaithe ag Willis caingean dlí a thabhairt i gcoinne Apple faoi úinéireacht a bhailiúcháin ollmhór ceoil leo, bhioraigh mo dhá chluais.
Caingean Saibhseála a Thionscnamh bringing a test case to court
" Caingean Saibhseála a Thionscnamh ================ Ar ndóigh má theipeann ar an fheachtasaíocht, b’fhéidir gur fiú a bheith ag machnamh ar chaingean saibhseála a thionscnamh.
tabhair caingean in aghaidh take a case against
" Má tá an spaga teann agat agus am le caitheamh, labhair le habhcóide agus tabhair caingean in aghaidh aon mheán cumarsáide a dhéanann beag is fiú díot mar gheall ar do chúlra, aicme, teanga/saíochta, creidimh nó ar aon bhun faoin ghréin.
dul chun caingne go to law
" Mhol sé do mhuintir na Gaeilge in Éirinn dul chun caingne.
Tá an chaingean os comhair there’s a charge before
" Tá an chaingean os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta sa Háig, san Ísiltír, faoi láthair.
gcaingean legal case
" Mhúscail an reifreann ar na mallaibh spéis John-Paul Mc Carthy i gcaingean Crotty v An Taoiseach 1986, agus sheol i mbun léamh an bhreithiúnais é.
imithe chun caingne at law
" Tá dhá leagan den lánúnas imithe chun caingne i gCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe.