Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caiséad cassette
" Sheol sí caiséad chugam dár gceol oíche tar éis dom filleadh abhaile – tá an caiséad fós agam agus an ceol fós greanta i m’aigne.
eisíodh caiséad dá chuid a cassette of his was released
" Scríobh sé riar amhrán tráth, agus eisíodh caiséad dá chuid thart ar scór bliain ó shin.
bailiúchán caiséad a collection of cassettes
"bailiúchán caiséad agam, agus smaointe fánacha agus cúpla seoid le fáil orthu, a théann chomh fada siar le 1988.
caiséad caite a worn-out cassette
" Sheinn Rossa, mo dheartháir, caiséad caite blianta fada ó shin sa charr ar an mbealach abhaile ó Ghaillimh agus thit mé i ngrá leis an bhfuaim.
chaiséad a cassette
" Ní raibh ag éirí go maith leis an seisiún grianghrafadóíreachta go dtí gur shuigh Liam síos os comhair pianó agus thosaigh ag seinnt píosa ceoil a d'fhoghlaim sé blianta ó shoin, nuair a bhí sé ana-óg, ó chaiséad de cheol Tango Airgintíneach a thug a uncail dó mar bhronntanas, tar éis dó filleadh ó mhisean sagartóíreachta.
caiséad a cassette
" Buíochas le Dia, bhí athbheochan den cheol tradisiúnta sa cheantar nuair a thosaigh mé ag freastal ar chúrsaí Gaeilge ag Oideas Gael i lár na 1980s agus an caiséad 'Ó bhun Shliabh Liag' a cheannaigh mé ansin san am, tá sé agam go fóill.
seinnteoir caiséid a tape recorder
" Agus thug sé soir go dtí cathair na Gaillimhe muid, agus bhí tréimhse caite agamsa ag obair agus …bhí an t-airgead seo coigilte agus bhí mé tar éis seinnteoir caiséid a cheannach dom féin agus rinne mé taifeadadh de Phádraic, d’fhear an tí, ábhar álainn, paidreacha agus dánta diaga ach an chaoi a ndúirt sé iad, cuirfeadh sé na deora leat, dáiríre, ach pé scéal é thug Máirtín mé féin agus Éilís agus an seinnteoir caiséid soir go dtí Mícheál Ó Concheanainn, scéalaí mór, agus is cuimhin liom i gcónaí an chaint a bhí ag Máirtín agus chomh humhal agus chomh lách is a bhí sé le Mícheál Ó Concheanainn.