Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chaiteachas poiblí public expenditure
" (Beidh mé ag scríobh faoi chaiteachas poiblí agus míchothroime an mhí seo chugainn.
caiteachas gan srian spending without restraint
" Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian, Nó níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
caiteachas expenditure
" 'Is cóir gearradh siar ar an fhéilire,' a dúirt mé leis agus mhínigh mé dó mo chuid cúiseanna leis an ráiteas: 'Mura mbíonn ach seachtain i ngach coicís agus coicís i ngach mí, ní bheidh ach an dá ráithe sa bhliain: tabharfaidh muid earrach agus samhradh orthu agus ní bheidh daoine ag téamh a gcuid tithe; ní bheidh caiteachas na Nollag níos mó ann; ní bheidh na múinteoirí dod' chrá nó beidh siad ar saoire níos mó ná leath na bliana; agus thar bhuntáiste ar bith eile: ar an bhliain seo chugainn, nuair a bheas mise tríocha trí bliain d'aois beidh mé sé bliana agus trí scór agus i dteideal dul amach ar an phinsean.
caiteachas expenditure
" Ach níor ghá go mbeadh an caiteachas, dar liom, chomh mór is atá á rá ag daoine áirithe.
caiteachas gan srian unrestrained spending
" Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraigí go dian Mar níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
ró-chaiteachas over-expeniture
" Tá an t-iaraire Máire Uí Ruairc tar éis buille a fháil mar gheall ar an ró-chaiteachas faoi thrí a bhí i gceist maidir leis an Luas i mBaile Átha Cliath.
caiteachais expenditure
" Thig le hathruithe i gcúinsí pearsanta duine a chuid caiteachais a chur bun os cionn agus tá sé rífhurasta airgead a fháil ar cairde, bíodh sé ó na hinstitiúidí airgeadais nó ó iasachtóirí neamhscrupallacha na cúlsráide.
chaiteachas expenditure
" ” De réir dealraimh, in áit níos mó airgid a chaitheamh ar thaighde faoin fhuinneamh malartach, tá an rialtas ag gearradh siar ar an chaiteachas sin.
an caiteachas céanna the same expenditure
" Ag an gcruinniú mullaigh an tseachtain seo caite, thairg an rialtas in Canberra $130 milliún breise, a thrian de sin do stáisiúin nua póilíní, dá mbeadh na stáit agus na críocha sásta an caiteachas céanna a dhéanamh agus na póilíní breise a fhostú agus a íoc.
caiteachas gan srian unrestrained spending
" Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian Mar níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
cuid den chaiteachas sin some of that spending
" Sna deich mbliana atá romhainn, caithfear suas le €100 billiún ar infheistíocht infrastruchtúir ar “oileán na hÉireann” agus dúirt Ahern go mbeadh cuid den chaiteachas sin dírithe ar tionscadail thrasteorann – bóithre, iarnróid, aibhléis agus teileachumarsáid.
caiteachas expenditure
" Deir sé chomh maith go raibh an caiteachas *per capita* ar pháistí sna scoileanna gramadaí níos airde ná mar a bhí sé sna scoileanna idirmheánacha.
a gcuid caiteachais féin. their own expenditure.
" Tá na daoine sin cúramach lena gcuid airgid, ach sa gcás seo is féidir leo toradh a fheiceáil ar obair na heagraíochta agus ar a gcuid caiteachais féin.
an caiteachas poiblí public expenditure
"an caiteachas poiblí ar chúrsaí spóirt cúlaitheach, is é sin tá an dream is lú ioncaim ag soláthar an airgid chun áiseanna spóirt a chur ar fáil d’aicme níos saibhre.
ar chaiteachas poiblí in public expenditure
" Chiallódh sé sin go mbeadh orthu ciorruithe suntasacha a dhéanamh ar chaiteachas poiblí nó breis cánach a ghearradh ar oibrithe.
tomhaltachais agus caiteachais consumerism and spending
" Agus b’fhéidir gurb é an maitheas a bhainfidh daoine áirithe as na heachtraí seo ar fad ná go bhfoghlaimeoidh siad ceacht agus nach gcaillfidh siad srian orthu féin ó thaobh tomhaltachais agus caiteachais de an chéad uair eile a bheidh borradh i gceist.
caiteachas expenditure
" Dá mbeadh an ráta úis faoi chúram Bhanc Ceannais na hÉireann anois is dócha go n-ísleoidís an ráta le hinfheistíocht agus caiteachas a spreagadh.
chaiteachas rábach rampant expenditure
" Cén t-ionadh mar sin nár thug an seachtar ball déag – idir cheapacháin rialtais agus ionadaithe na gceardchumann faoi deara go raibh rud ar bith as bealach faoin chaiteachas rábach a líomhnaítear a bhí ar bun ag iar-Príomhfheidhmeanach FÁS, Rody Molloy, agus a chomhleacaithe le hairgead poiblí.
mhírialtachtaí caiteachais expenditure irregularities
" Cad é faoin Choiste um Chuntais Phoiblí? An amhlaidh nár thug siad aon suntas do mhírialtachtaí caiteachais FÁS óna gcuid tuarascálacha bliantúla? Ar ndóigh d’inseodh duine ar bith atá fostaithe sa tseirbhís phoiblí nach nós ariamh aon airgead atá fágtha sa bhuiséad a chur ar ais sa státchiste.
chaiteachas expenditure
" Tugann sé le fios freisin go bhfuil siad ag iarraidh réiteach a fháil trí thionscal a spreagadh agus trí chaiteachas ar thógraí caipitil.
gcaiteachas expenditure
" Dúirt Catherine Connolly go mbeadh ar an dtírín beag seo, faoi mhír áirithe de chuid Conradh Liospóin, ár gcaiteachas ar chúrsaí míleata a mhéadú, dá nglacfaí le Conradh Liospóin.
mhealladh chun caiteachais to entice towards spending
" Bhí sé mar sprioc acu daoine a mhealladh chun caiteachais agus beidh de thoradh air sin, dochar breise don timpeallacht.
chaiteachas rábach wild expenditure
" Ó thosaigh an ghéarchéim gheilleagair reatha is beag seachtain nach mbíonn alt sna nuachtáin náisiúnta faoin chaiteachas rábach a bhaineann le cúrsaí Gaeilge.
chaiteachas an stáit state expenditure
" Ach más mian linn go gcaithfí leis ar an bhonn sin seachas mar phlean buile eile de chuid an Aire Uí Chuív, caithfidh pobal na Gaeilge a chinntiú go dtarlóidh díospóireacht leathan roimhré, sa dóigh is go dtig leo teacht roimh aon chlamhsán faoi chaiteachas an stáit ar an teanga (bíodh sé bunaithe ar an fhírinne nó ar an aineolas.
gcaiteachas expenditure
" Foinse Maoinithe - Foinse Easaontais Is é an tsiocair ghearáin a bhí acu, go dteastaíonn ó Madame Pécresse, dar leo, nach mbeidh na huachtaráin ollscoile ag brath go hiomlán ar mhaoiniú an stáit mar atá siad faoi láthair agus, dá thoradh sin, go mbeidh neamhspleáchas níos mó acu i bhforbairt cúrsaí agus i gcaiteachas caipitil.
caiteachas expenditure
" Tá sé ráite sa tuarascáil, áfach, gur tuigeadh do na húdair go raibh próiseas eile ar siúl ag Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann agus a gcomhghleacaithe abhus, faoi scáth na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas, le dul i ngleic le caiteachas na n-eagraíochtaí trasteorainn.
gcaiteachas expenditure
" Má ghlactar leis an phrionsabal sin, ciorruithe a dhéanamh i gcaiteachas Gaeltachta agus Gaeilge, cén fáth nach nglactar leis i dtaobh fhormhór an chaiteachais atá a dhéanamh ag an Stát, is é sin an infheistíocht ollmhór atá á déanamh go leanúnach ins na ceantair mhóra uirbeacha sa tír seo? Mar shampla an bhfuil an caiteachas atá an Stát ag déanamh sa Chóras tríú leibhéal atá lonnaithe, go príomha, ins na príomhchathracha ‘*targeted at those most in need*’? An bhfuil an lána breise a cuireadh leis an M50 i mBÁC ag freastal ar lucht na gannchoda? An Chéad Teanga Oifigiúil Tá airgead na Gaeltachta á chaitheamh de bharr an polasaí rialtais atá ann ó bhunú an stáit gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil agus go bhfuil gá lena forbairt agus lena buanú.
chaiteachas expenditure
" Tá tuilleadh fianaise ar fáil ó na haighneachtaí a chur na Ranna Rialtais éagsúla faoi bhráid na buíne speisialta a bhí ag déanamh staidéir ar chaiteachas sa tseirbhís phoiblí (nó an Bord Snip Nua) faoin athrú o bhonn a bheas ag teacht ar shaol na Gaeilge is na Gaeltachta sna blianta beaga amach romhainn.
caiteachas expenditure
" Ar an chéad dul síos, bhí ar rialtas na Fionlainne an caiteachas poiblí a laghdú.
chaiteachais expenditure
" Ní féidir a shéanadh go mbíonn an iomarca béime anois ar chúrsaí tráchtála agus ar chaiteachais um Nollaig, ach is féidir le gach duine a rogha rud a dhéanamh.
chaiteachas expenditure
" Ar ndóigh, níl sa mhéid thuasluaite ach blaiseadh beag den chaiteachas le linn an ama sin.
chaiteachas expenditure
" Bhí McGovern, iarrthóir uachtaránachta agus cáinteoir an chogaidh i Vítneam, ag moladh go ngearrfaí siar ar chaiteachas míleata SAM.
chaiteachas expenditure
" Tír Chonaill Ach tá na blianta de chaiteachas ar chur chun cinn na turasóireachta i gceantar Ghaoth Dobhair curtha ó mhaith ag foilsiú an eagráin seo de *Lonely Planet*.
chaiteachais expenditure
" Ba bheag luach a chur údair Thuarascáil an Bhord Snip Nua ar chúrsaí Gaeilge ach bhí sé doiligh cás a dhéanamh ar a son ó tharla an tua a bheith ag titim ar achan ghné eile de chaiteachais an stáit.
chaiteachas expenditure
" Bheartaigh an chúirt nach bhfuil sé dleathach aon srian a chur ar chaiteachas a dhéanfadh corparáid ar chraolta polaitiúla de bharr go dtiocfadh a leithéid de shrian a bheith salach ar Chéad Leasú an Bhunreachta.
chaiteachas expenditure
" Maítear gur cuireadh próiseas athbhreithnithe sa tsiúl lena chinntiú go bhfaighfeadh pobal labhartha na Gaeilge luach a gcuid airgid as an chaiteachas seo, tuairim is €8m sa bhliain.
caiteachas expenditure
" Dhá oiread airgid agus dhá oiread solatháir atá i gceist, agus níl an caiteachas mór, beagán faoi mhilliún punt sa bhliain, ach tá ardú breisíoch – incremental increase – geallta acu i ndiaidh 2011.
caiteachas expenditure
" De réir mheastúchán an Choimisinéara, thiocfadh go mbeadh caiteachas de €500 milliún i gceist le teagasc na Gaeilge gach bliain agus go bhfaigheann an gnáthdhalta thart ar 1,500 uair an chloig d’oiliúint sa teanga óna chéad lá sna naíonáin bheaga go dtí go mbaintear ceann scríbe amach san Ardteist.
caiteachas expenditure
" Chuir siad deireadh leis an cháin sin agus le go leor táillí eile nach í, an mhótarcháin ina measc, agus d’ardaigh siad caiteachas an rialtais go suntasach.
caiteachas expenditure
" Ní mar sin a bhí go dtí seo, áit a raibh moltaí na Roinne Airgeadais ó thaobh caiteachas caipitiúil 2010-2016 ag teacht iomlán salach ar aon fhís rathúil do ról an Údaráis sa Ghaeltacht.
chaiteachas expenditure
" “Ní chreidim go bhfuil ceann ar bith de na páirtithe san Fheidhmeannas i bhfách le ciorruithe sa chaiteachas poiblí ar bonn ídéolaíochta, ach is beag scóp atá acu clár oibre a thógáil a sheachnaíonn gearradh siar agus dífhostaíocht ollmhór” arsa an tUasal Campfield.
caiteachas expenditure
" Na Milliúin le Sábháil ========== Is mó an caiteachas per capita ar an oideachas i dtuaisceart Éireann ná in áit ar bith sa Bhreatain.
chaiteachas an stáit state expenditure
" Agus, mar a dhearbhaigh an Rialtas céad lá na míosa (féach an nasc ar dheis), ’sé an chéad choinníoll ná go nglacfar leis an gcáinaisnéis a ghearrann €4bn de chaiteachas an stáit agus a leagan €2bn cáin breise.
chaiteachas expenditure
" Tá an eagraíocht ag feidhmiú le blianta anuas mar a bheadh poblacht neamhspleách ann; ag déanamh cinntí faoi chaiteachas agus faoi mhaoiniú tograí, ag déanamh socruithe le hinfheisteoirí agus ag iarraidh tionscnaimh a mhealladh chun na Gaeltachta.
caiteachas expenditure
" Is leamh an rud é go mairfidh an Teach atá freagrach as an phraiseach agus go gcuirfear deireadh leis an cheann atá beagnach saor ó mhilleán! Agus an tír báite i bhfiacha, is cóir gach caiteachas stáit a scrúdú, ach nílim ag teacht leis na tráchtairí a chuireann an bhéim ar chostas an tSeanaid mar chruthú gur chóir deireadh a chur leis.
Caiteachas expenditure
" Caiteachas Ard an Leighis ============= Ní áibhéil é a rá go bhfuil fadhb an iomarca meáchain agus an mhurtaill ag ráta aicíde i measc daoine fásta san Astráil.
chaiteachas expenditure
" Bheartaigh siad go mba mhaith an rud é go mbeadh aitheantas tugtha ar bhealach éicint don chaiteachas sin.
chaiteachas expenditure
" Moltaí don Rialtas Nua: ============= Tá airgead gann agus ní féidir a bheith ag súil le aon chaiteachas breise ar an nGaeilge ná ar an nGaeltacht.
chaiteachas míleata military expenditure
" Molann siad ardú mór ar chaiteachas míleata.
caiteachas expenditure
" Beo ar an Ghaoith ========= Ba é rialtas Lucht Oibre Ramsey Macdonald a ghearr an caiteachas poiblí go fíochmhar, a ghearr 10 faoin gcéad ó thuarastail státseirbhíseach agus 10 faoin gcéad ó liúntais dífhostaíochta.
chaiteachas expenditure
" Gearrfar siar ar chaiteachas ar an oideachas, ar an taighde, agus ar an bhonneagar.
bhearna idir caiteachas gap between expenditure
" Sílim go nglactar leis go mbeidh arduithe cánach de dhíth sna blianta atá amach romhainn chun an bhearna idir caiteachas agus ioncaim an stáit a líonadh.
chaiteachas expenditure
" Ach ar chóir go ngearrfaí an cháin bhreise ar thithe (nó ar luach talaimh) ar ioncaim, ar chaiteachas (CBL), nó ar fhoinsí eile? Is cosúil go bhfuil na heacnamaithe ar aon intinn maidir le cén cháin is mó a dhéanann dochar don fhás gheilleagair.
chaiteachas expenditure
" ‘An tSamhail Nua Mhaoinithe,’ a thugtar ar a bhfuil beartaithe agus é mar aidhm aige a chinntiú go bhfaighfidh an Foras luach a gcuid airgid as an chaiteachas substaintiúil a dhéantar ar an earnáil.
an chaiteachais expenditure
" Ní chuireann na rialacha nua aon srian ar mhéid iomlán na cánach a bhaileodh rialtas ar leith nó ar mhéid an chaiteachais a dhéanfaidís.
chaiteachas expenditure
" com), agus tugtar briseadh síos ar chaiteachas na carthanachta chomh fada siar le 2006.
caiteachas a chuidíonn le expenditure which helps
" Gineann na Coláistí Gaeilge caiteachas a chuidíonn le siopaí na háite.
Is Beag an Toradh ar an gCaiteachas little pay back on the investment
" Is Beag an Toradh ar an gCaiteachas ===================== Feictear domsa, nach raibh, le fada an lá, mórán toradh ar roinnt mhaith de na tionscnaimh éagsúla teanga, a bhfuil sé mar aidhm acu Gaeilgeoirí a dhéanamh de Bhéarlóirí.
An Roinn Caiteachais Phoiblí is Athchóirithe Dept. of public accounts and refurbishment
" D'fhógair An Roinn Caiteachais Phoiblí is Athchóirithe ar na mallaibh go bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar na liúntais a íoctar le múinteoirí sa Ghaeltacht agus le múinteoirí a bhíonn ag teagasc trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Seo leanas an briseadh síos ar an gcaiteachas sin the following is the breakdown of that expenditure
" Seo leanas an briseadh síos ar an gcaiteachas sin don bhliain 2010: **Réimse Chraolacháin Caiteachas** Raidió na Gaeltachta, €11.
Mar thoradh ar an gcaiteachas seo resulting from this expenditure
" Mar thoradh ar an gcaiteachas seo, tá muid in ann leaganacha Gaeilge de cháipéisí teicniúla ón Aontas Eorpach a fháil, nach léitear.
chóir don rialtas an caiteachas poiblí a stiúradh the government ought to direct public expenditure
" Is beag duine nach síleann gur chóir don rialtas an caiteachas poiblí a stiúradh go ciallmhar.
an caiteachas a ghearradh siar to cut back on expenditure
" Má ghlacann tú leis go gcaithfimid an t-easnamh seo a cheartú, tuigfidh tú nach bhfuil aon rogha againn ach an cháin a ardú agus an caiteachas a ghearradh siar arís.
d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe the minister for public expenditure and reform
" Ábhar mór conspóide ab ea an cinneadh sin i measc lucht labhartha na Gaeilge nuair a d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, i mí Dheireadh Fómhair, 2013 go rabhthas ag cur deireadh leis na pointí bisigh agus go gcuirfí cionmhéid i bhfeidhm feasta nuair a bheadh earcú á dhéanamh.
ar chaiteachas riachtanach on necessity expenditure
" Tá teaghlaigh tar éis gearradh siar go mór ar chaiteachas riachtanach: bia, leictreachas agus breosla, gan trácht ar chaiteachas breise.
maidir le caiteachas in regard to expenditure
" Bhí titim 40% ar líon na síntiús ó bhailiúcháin sráide na heagraíochta i mbliana Le sé mhí anuas, tá ceisteanna ann maidir le caiteachas, rialachas agus dar ndóigh tuarastal na n-oibrithe sna 8,500 carthanas atá cláraithe sa tír agus is cosúil go bhfuil tionchar na díospóireachta le feiceáil go soiléir anois.
an ceartúchán ar chaiteachas the correction of expenditure
" Ba chuma cé a bhí i gcumhacht, a fhad is a bhí an ceartúchán ar chaiteachas agus ar cháin ar siúl, bhí daoine chun buille a thabhairt dóibh ar lá an toghcháin.
Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe the minister for public expenditure and refurbishment
" B’é an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, a rinne an cinneadh agus maíodh gur ag cur deireadh le lúb ar lár sa chóras a bhíothas.
chaiteachas an stáit state expenditure
" Tá sé in am ag saol na Gaeilge dul i ngleic leis na ceisteanna atá curtha faoi chaiteachas an stáit ar chúrsaí Gaeilge dar leis.