Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
calóga arbhair cornflakes
" Bhí lastas de chuile chineál ar an traein seo - sicíní, earraí leictreacha, calóga arbhair, beoir agus troscán ina measc.
na calóga the flakes
" Bhí na calóga ag titim go trom nuair a d'fhágamar sléibhte thuaisceart Nua-Gheirsí, ach seacht n-uaire an chloig níos déanaí, i Virginia, ní raibh ann ach báisteach shalach ag séideadh isteach ón bhfarraige go treallach.
calóga móra bána big white flakes
" Gach deich nóiméad nó mar sin, teilgeann an printéir calóga móra bána amach.
gur dócha nach bhfaca sé fiú calóg amháin sneachta that he probably never saw a snow flake
" Ach céard dá n-inseofaí an fhírinne dóibh agus go n-inseofaí dóibh gur i dtír the theolaí cois farraige a mhair Daidí na Nollag, nár scair sé suas ar réinfhia riamh agus gur dócha nach bhfaca sé fiú calóg amháin sneachta ina shaol flaithiúil fada?! Sin é a nochtadh domsa le déanaí nuair a thug mé cuairt ar an mbaile beag Demre, nó Myra mar a thugtaí air in am Niocláis, ar chósta iardheisceart na Tuirce.