Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fhéilire calendar
" 'Is cóir gearradh siar ar an fhéilire,' a dúirt mé leis agus mhínigh mé dó mo chuid cúiseanna leis an ráiteas: 'Mura mbíonn ach seachtain i ngach coicís agus coicís i ngach mí, ní bheidh ach an dá ráithe sa bhliain: tabharfaidh muid earrach agus samhradh orthu agus ní bheidh daoine ag téamh a gcuid tithe; ní bheidh caiteachas na Nollag níos mó ann; ní bheidh na múinteoirí dod' chrá nó beidh siad ar saoire níos mó ná leath na bliana; agus thar bhuntáiste ar bith eile: ar an bhliain seo chugainn, nuair a bheas mise tríocha trí bliain d'aois beidh mé sé bliana agus trí scór agus i dteideal dul amach ar an phinsean.
féilire calendar
" Tosaíonn Léamó ag amharc thart agus feiceann sé an féilire ar an bhalla.
ar an bhféilire bliantúil on the annual calendar
" Lá speisialta ar an bhféilire bliantúil is ea an chéad lá de mhí na Bealtaine.
bhliain féilire calendar year
" Ní ag trácht ar an bhliain airgeadais atá mé, ná ag tagairt don bhliain chánach, ach ag smaoineamh atá mé ar an bhliain féilire mar a thuigeann muid ar fad í, an bhliain sin a thosaíonn ar Lá Caille, agus ag smaoineamh atá mé ar an tríú mí den bhliain chéanna.
fhéilire calendar
" Tá an choinne marcáilte ar an fhéilire ar an bhalla; is eol duit go bhfuil an choinne ann; ní bhíonn eagla ar bith ort roimh an choinne nach bhfuil le tarlú go ceann tamaill fhada eile ná faitíos ort go dtiocfaidh an choinne aniar aduaidh ort agus, ansin, go tobann, pléascann an choinne gan choinne agus sin tú ag streachailt amach an doras le málaí spóirt agus cótaí agus páistí agus gach “Beidh muid mall.
féilire ceolchoirmeacha events calendar
" ” An t-am a mbeidh Dervish sa bhaile, tharla gur dream ceoltóirí iad atá saor ar fad, gan aon cheangal comhlachta orthu, bíonn siad ag brath ar a chéile le sciar den obair agus den fhreagracht a ghlacadh ó thaobh cleachtadh, féilire ceolchoirmeacha agus turais a aontú, ó thaobh am taifeadta agus mar sin de.
bhféilire calendar, diary
" Bhuel ní bheidh sé níos costasaí ná na deiseanna atá caillte i do chloigeann agat, nó i leabhar nóta, nó i bhféilire, go dtí seo! (Rud eile a tharraing m’aird, go bhfuil siad ar tí feidhmchláirín iPhone a seoladh freisin.
féilire digiteach a digital calendar
" Is féidir é a nascadh le féilire digiteach freisin ionas go mbeidh tú cinnte nach bhfuil na himeachtaí atá ag teacht aníos ar siúl ag an am céanna is a bheas na himeachtaí priobháideacha atá á n-eagrú agat féin.
Ba bhuaicphointe é san fhéilire sóisialta a high point on the social calendar
" Ba bhuaicphointe é san fhéilire sóisialta cuireadh a fháil chuig fáiltiú nó chuig tionól ina raibh Murphy ag canadh.
cuireadh ar fhéilire were put on the calendar
" Tamall ina dhiaidh sin bhí pictiúr de Chaitlín agus í ag fuáil i measc na ngrianghraf a cuireadh ar fhéilire a bhí urraithe ag Magee.
bhféilire an CLG the GAA calendar
" Ach cad eile a dhéanfá? Níl faic níos nádúrtha le déanamh mar chaptaen buacach ar an lá is mó sa bhliain i bhféilire an CLG ach a bheith gaelach.
Gearr marc ar do fhéilire mark your calendar
" (Gearr marc ar do fhéilire anois!)
féilire na hiomána the hurling calendar
" Tá spreagadh iontach tugtha ag Luimneach, Áth Cliath, Uíbh Fhaillí agus Laois do chraobhchomórtas iomána na bliana seo ach níl féilire na hiomána sásúil mar atá dar le Colm Mac Séalaigh