Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éagsúlacht de chanúintí a variety of dialects
" Déantar iarracht gach bliain éagsúlacht de chanúintí agus de stíleanna a chur i láthair.
chanúint aistíoch peculiar dialect
" Áit dheas í Turku, siúd is go bhfuil bunadh na háite róchraiceáilte i ndiaidh an haca oighir, agus an chanúint aistíoch Fionlainnise a bíos siad ag labhairt, tógann sé roinnt mhaith ama ort a theacht isteach uirthi.
ina chanúint féin in his own dialect
" "Cén chaoi a bhfuil tú?" arsa mise leis, agus mé ag iarraidh é a chur ar a chompord ina chanúint féin.
canúintí dialects
" An chúis a bheadh leis sin ná go bhfuil canúintí éagsúla na Gearmáinise fós á labhairt agus is í an Bhaváiris an chanúint a bhfuil an líon is mó cainteoirí aici.
na canúintí éagsúla the various dialects
" Tugann EasyReader tacaíocht do na canúintí éagsúla freisin - idir chanúint na Mumhan, Connacht agus Uladh - agus tá sé an-éasca aistriú ó cheann amháin go ceann eile.
ceist na gcanúintí the dialect question
" Agus cuireann ceist na gcanúintí mearbhall orthu.
canúint dialect
" Tá airgead á chur amú ar an *Ulster Scots*, ní teanga atá ann ach canúint ach tá cultur *Ulster Scots *ann - níl dabht ar bith fá sin," ar sí.
chanúint na Mumhan the Munster dialect
" Bhí spéis i gcónaí agam eolas a chur ar chanúint na Mumhan agus chuireas romham é sin a dhéanamh.
canúintí difriúla different dialects
" Ar an gcaoi seo, faigheann na mic léinn seans blasanna agus canúintí difriúla a chloisteáil.
canúint accent
" Amhrán a fhanfaidh liom go deo ná leagan faoi leith de "Maia Hi", amhrán an tsamhraidh le *boyband *ón Rúmáin - beirt fhear meánaosta á chanadh in ard a ngutha agus canúint bhreá Fhrancach acu.
chuile chanúint agus blas every dialect and accent
" Bhí orm dul i dtaithí ar an saghas Gaeilge a bhí ag chuile dhuine sa ghrúpa mar bhí chuile chanúint agus blas le cluinstin ann.
meascán canúintí mixture of dialects
" B’fhéidir gurb í mo chuid Gaeilge féin, agus an meascán canúintí atá agam, is cúis leis sin.
chanúint dialect
" Bhí siadsan den tuairim, áfach, go raibh an chanúint a bhí ag an athair an-saoithiúil ar fad.
chanúint dialect
" Lárchanúint na Gearmáinise, nó Gearmáinis chaighdeánach, atá ag an dream óg, agus Baváiris a labhraíonn seisean.
de bharr na canúna because of the dialect
" Ta roinnt cainteoirí dúchais a bhfuil aithne agam orthu, ach is Connachtaigh iad agus is deacair dom uaireanta iad a leanstan de bharr na canúna.
canúintí éagsúla various dialects
" Bhí na daoine seo istigh ann agus canúintí éagsúla acu – b’as Tír Chonaill cuid acu agus b’as Baile Átha Cliath cuid acu.
canúint dialect
" Dúradh san alt go raibh *Learning Irish *díreach foilsithe agus go raibh sé bunaithe ar Ghaeilge Chois Fhairrge, is é sin le rá, canúint m’athar.
meascán bocht canúintí a big mix of dialects
" Bíonn meascán bocht canúintí le cluinstin ann agus thabharfá suntas ach go háirithe don mhéid daoine ó Ghaeltachtaí beaga atá ag cur fúthu anois i gContae na Gaillimhe.
canúint dialect
" Ní bheidh mé ag rá anseo cé acu teanga nó canúint í an Ultais – níl mé ach ag rá go bhfuil daoine ag labhairt mar sin agus gur rud difriúil é.
de chanúintí ceoil difriúla, of different musical dialects,
" Is cruinniú muid de chanúintí ceoil difriúla, ar bhealach, toisc go dtagann muid le chéile ó gach cúige sa tír.
mar aitheantas don chanúint áitiúil? as recognition of the local dialect?
" An amhlaidh – agus níl anseo ach buille faoi thuairim – gur cuireadh an focal isteach mar aitheantas don chanúint áitiúil? Ní focal é a shamhlaíonn tú le cathracha na Stát, áit ar chuir formhór na nÉireannach fúthu.
i gcanúintí éagsúla. in various dialects.
" AÓF: Tugaim faoi deara go bhfuil amhráin agat ar an albam i gcanúintí éagsúla.
cén chanúint, what dialect,
" Is cuma cén cineál Gaeilge a bhíonn i gceist, cén chanúint, cén luas a bhíonn sa chaint, leanann na páistí seo achan rud gan stró ar bith.
canúintí láidre strong accents
" Den chuid is mó, is é an cineál Gaeilge atá le cloisteáil ar an raidió ná Gaeilge cainteoirí a bhfuil canúintí láidre acu agus a mbíonn focail mhóra dheacra á n-úsáid acu.
dá n-imeodh canúintí agus blasanna áitiúla ar fad, if dialects and local accents dissappeared altogether
" Bhuel, anois is mo sciolladh déanta agam, caithfidh mé a rá gur mhór an trua dá n-imeodh canúintí agus blasanna áitiúla ar fad, mar sin féin.
chanúint dialect
" Baineann na seanscéalta le haois eile agus le nósanna eile léitheoireachta, aois inar léigh daoine seanchas le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge féin nó le heolas a chur ar an chanúint ab fhearr leo.
saineolaí ar chanúint Thír Chonaill expert on the Donegal dialect
" Is seanchaí, saoi agus saineolaí ar chanúint Thír Chonaill é John Ghráinne Ó Duibheannaigh ó Rann na Feirste, atá beo bríomhar go fóill agus é sna hochtóidí.
canúna dialect
" Is éigean a admháil go bhfuil an-rath ar McCausland mar urlabhraí ar son na canúna.
canúintí dialects
" Bhíodh an stíl scríbhneoireachta dílis do na canúintí Gaeltachta.
canúint acent
" Bhí canúint láidir Shasana ag Charlie, ach bhí gnéithe de chanúint Bhéarla Chiarraí measctha tríthi agus ba dhraíochtúil éisteacht leis ag déanamh cur síos ar eachtraí Micko, cé go mba dheacair é a thuiscint ar uairibh.
chanúint dialect
" ‘Cén chaoi a bhfuil tú?’ arsa mise leis, agus mé ag iarraidh é a chur ar a chompord ina chanúint féin.
chanúint dialect
" Tugtar communities ar na háiteanna seo sa chanúint ar a dtugtar ‘Béarla na mBundúchasach’, agus tá an chuid is mó acu sna ceantair is iargúlta faoin tír, go háirithe sa tuaisceart agus sa lár.
canúint dialect
" com/watch?v=ZGiYgRF_2T4&feature=autoshare_twitter) Bhí mé ag súil go mór leis an chanúint áitiúil a chloisteáil – go minic tagann tú ar an chineál blas ‘Fargo’ (scannán de chuid na ndeartháireacha Cohen) sin, ach níl sé chomh láidir i bPEI le canúint Thalamh an Éisc.
blas canúna eloquence, accent
" Bíonn siad á meascadh isteach agus cabhraíonn sé sin leat nathanna a cheapadh agus gach rud agus thug siad blas canúna dom tharla gur Laighneach mé, saghas uch, an drochchanúint atá agam! Tarraingím focla Thír Chonaill chugam féin nuair a bhím sa taobh sin.
canúintí dialects
" Téarma cineálach do theaghlach ‘teangacha’ é Tamazight, áfach, mar nach canúintí amháin, ach teangacha éagsúla a bhíonn á labhairt ag roinnt de na pobail éagsúla, Shawia, Mzab, Aheggar.
canúint dialect
" Dúradh leis go raibh sé róghearr agus go mbeadh canúint Bhaile Átha Cliath ródheacair do choimhthígh í a thabhairt leo.
canúintí accents
" Má bhuail, ámh, ní cuimhin liom é (agus is é sin bua an spiaire, ar ndóigh!), agus is mór an trua dom é, ó bhíodar ag spiaireacht faoi phasanna Éireannacha leis an ainm Murphy! Caithfidh sé nach raibh an bheirt seo ródháiríre faoina n-ionannais bréige, ó bhí canúintí láidre Slavacha acu, in ainneoin an ainm! Dar le comharsana na beirte, bhí na "Murphys" (fíorainmneacha: Vlaidimir agus Lidia Gúrdheiv) á bhfaire le tamall.
canúint acent
" Is cuimhin liom dul isteach dtí Tigh Mhic Cárthaigh, is bhí an tigh lán le stróinséirí i lár an lae – canúint Shasana is canúint Mheiriceá.
nead gach canúna home of every dialect
" Ba iomaí teanga a bhí san ollscoil sin fad a mhair sí, ach bíodh go samhlaítear teanga na Gaeilge anois leis an imeallbhord thiar go háirithe, ba i lár na hÉireann a bhí nead gach canúna, ba ansin a theagmhaigh gach fuaim, gach foghar is gach focal lena chéile.
canúint a dialect
" ”* Ag an tráth seo dúirt Rúnaí Preasa Rialtas na Breataine, Alastair Campbell, go rachadh sé doiligh air a mhíniú do na meáin chumarsáide, a bhí tagtha ó achan chearn den domhan, nach mbeadh socrú ar bith ann agus go leanfaí leis an chogaíocht de bharr aighneas a bhain le canúint a dtugtar Ullans air! Tar éis síniú an Chomhaontaithe, deir Blair gur thuig sé nach raibh an próiseas críochnaithe, ná baol air: *“It wasn’t the end, it was the beginning.
Canúint na Muintire the family dialect
" Canúint na Muintire ========= Ar an turas sin, bhuail mé le Tomás de Bhaldraithe, agus mhol sé dom taighde a dhéanamh ar Ghaeilge Árainn.
chanúintí dialects
" Sa Fhrainc, áit a raibh neart ‘teangacha ceantair’, cuireadh béim ar an bhFraincis mar theanga oifigiúil náisiúnta, agus feiceadh ar an Occitanais, an Bhascais agus ar an mBriotáinis mar chanúintí gan mhaith nach n-oirfeadh don saol nua-aimseartha.
chanúint dialect
" Caint na Cathrach ========= Tá sé thar a bheith tábhachtach don chuairteoir teacht isteach ar chanúint na tíre, ar bhéarlagair chathair Toronto.
canúint accent
" Ní hionann canúint Shasana a bheith ag duine agus a bheith in éadan na hÉireann.
canúint an deiscirt southern accent
" Níos aistigh fós, níl canúint an deiscirt ar éinne sa chathair seo, ach meascán de Bhéarlaí na gcathracha oirthearacha mar Nua-Eabhrac agus Baile an Tí Mhóir as a dtáinig imircigh an 19ú haois.
ag spochadh as a gcanúint mocking their accent
" Léiríonn an mílitriú sa teideal an dóigh a mbíonn daoine abhus ag spochadh as a gcanúint.
Le Chéile is Fearr Sinn, an Dá Chanúint we’re best together, the two dialects
" Le Chéile is Fearr Sinn, an Dá Chanúint ============ **SMM: Tá eolas éicint agat ar an tír seo anois.
Is beag nach dhá chanúint iad they’re almost two dialects
dháiríre, is dhá chanúint iad they’re two dialects indeed
" ** AW: Déarfainnse idir Dún na nGall anseo agus Eilean Íle díreach trasna na farraige, dháiríre, is dhá chanúint iad.
chanúint dialect
" Bhí an leabhar bunaithe ar an taighde a rinne sí ar an tionchar a bhí ag an nGaeilge ar chanúint Bhéarla na hAstráile.
tháinig canúint uathúil na tíre seo ar an bhfód the country’s unique dialect came into being
" Is léir nach dtarlódh a leithéid mura raibh an Ghaeilge i bhfeidhm go forleathan abhus le linn na tréimhse inar tháinig canúint uathúil na tíre seo ar an bhfód.
chanúint leathan a nochtann broad dialect displays
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
chanúint Bhéarla na hÉireann a dialect of Hiberno-English
" Shíl mé gur chanúint Bhéarla na hÉireann a bhí san ‘Irish’.
chanúint dialect
" Ag tiomáint dúinn faoi scáth na mullaí scáfara agus an airde mhearbhallach ag tarraingt an chroí agus na hanála aníos trí mo scornach, mhínigh Jacques Thiers dom gur leagan de chanúint Toscani na hIodáile atá i dteanga na Corsaise ach go bhfuil iarsmaí ann den chaint a bhí ar an oileán roimh aimsir na Laidne.
chun a gcearta a thabhairt do na canúintí éagsúla to give the various dialects their due
" Is díol spéise a bhfuil le rá sa réamhrá, áit a dtugtar léargas ar an iarracht mhacánta a rinne an Rannóg chun a gcearta a thabhairt do na canúintí éagsúla agus chun tuairimí an phobail a chur san áireamh: Sa bhliain 1953 foilsíodh Gramadach na Gaeilge – Caighdeán Rannóg an Aistriúcháin d’fhonn go bhfaighfí tuairimí agus moltaí ón bpobal a chuideodh leis an Rannóg córas deilbhíochta a leagan amach a bheadh oiriúnach lena ghlacadh mar chaighdeán comhchoiteann.
an chanúint go mór mhór the dialect particularly
" Is cuma linne inniu muna ndéanaimid dadaí as, ach go gcoinneodh sinn an teangaidh beo, an chanúint go mór mhór.
gcanúint so-aitheanta recognizable accent
" Lena gcraiceann donn agus lena gcanúint so-aitheanta, is furasta iad a aithint as daoine eile agus leithcheal a dhéanamh orthu.
canúint the dialect
" Glór fir, glór daingean, dea-mhúinte, agus canúint Bhrandenburg na Gearmaíne air.
léite sna canúintí inar chum na filí iad read in the dialects the poets composed them
" Mar go bhfuil na dánta léite sna canúintí inar chum na filí iad ar na físeáin ann, tugtar na dánta chun beochtana – PoetryBeo.
a rian ar an chanúint Bhéarla (left) its mark on the English dialect
" Agus d’fhág an Ghaeilge a rian ar an chanúint Bhéarla i Learpholl.
chanúint Bhéarla uathúil distinct English dialect
" Bhí Gaeilge ag go leor de na hÉireannaigh a tháinig chun na hAstráile i luathstair na coilíneachta agus léiríonn an leabhar an tionchar a bhí acu ar chanúint Bhéarla uathúil na tíre seo.
canúint dialect
" Labhair Eithne Ní Ghallchobhair leis an Pholannach seo a bhfuil canúint chomh láidir sin aige go gceapann daoine gur as Conamara é!
Canúint láir na Francaise a centralized dialect of French
" Canúint láir na Francaise a fuair Diarmuid Johnson roimhe i Liège ‘cois Meuse na sreabh’ sa mBeilg, cathair a mheabhraigh dó Corcaigh.