Bíonn siad á meascadh isteach agus cabhraíonn sé sin leat nathanna a cheapadh agus gach rud agus thug siad blas canúna dom tharla gur Laighneach mé, saghas uch, an drochchanúint atá agam! Tarraingím focla Thír Chonaill chugam féin nuair a bhím sa taobh sin.
Ba iomaí teanga a bhí san ollscoil sin fad a mhair sí, ach bíodh go samhlaítear teanga na Gaeilge anois leis an imeallbhord thiar go háirithe, ba i lár na hÉireann a bhí nead gach canúna, ba ansin a theagmhaigh gach fuaim, gach foghar is gach focal lena chéile.