Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tá sé siúd caoch He's very drunk
" Tá sé siúd caoch agus níl a dhath níos cinntí ná go mbeidh sé ag tarraingt orla bomaite ar bith anois," arsa Deirdre.
Tá sé siúd caoch He's very drunk
" Tá sé siúd caoch agus níl a dhath níos cinntí ná go mbeidh sé ag tarraingt orla bomaite ar bith anois," arsa Deirdre.
caochadh wink
" Tá boladh achrainn san áit seo, a sméid sí ar ais orm le caochadh dá súil.
caolsráid chaoch blind alley
" Ach tá an seandearcadh ag na heasaontóirí poblachtánacha go fóill agus is é mo bharúil go bhfuil siad ag dul suas caolsráid chaoch (mar a déarfá sa Bhéarla) agus má leanann siad ar aghaidh go mbeidh níos mó fulaingthe neamhriachtanaí ann.
doirse caocha blind, walled-up doors
" "Mhol mé dó cúpla milliún euro a chomharthú fá choinne doirse úra a chur isteach i dtithe polaiteoirí: doirse caocha, gan boscaí litreacha ar bith, sa dóigh nach mbeidh féicheamhain ábalta seansonraisc a sheachadadh fríd na doirse agus muid i mbéal na Nollag.
ag caochadh a shúile winking
" Bhí Buachaill an Chúil Dualaigh ag crúsáil leis agus é ag caochadh a shúile le Jimmy Mo Mhíle Stór.
chaoch sé súil léi he winked at her
" " "Ó," arsa Aindí, agus chaoch sé súil léi.
caochta ar meisce blind drunk
" "Nílimid ag iarraidh go mbeadh leithscéal ag éinne steiréitíopa a shamhlú linn," a dúirt Éireannach fir amháin a bhí caochta ar meisce, sail éille ina lámh chlé aige, fidil sa lámh dheas agus leipreachán ina phóca aige.
caochta drunk
" Tá poitín dlíthiúil anois sa tír ach tá an pobal iontach fraochta Nó níl feirmeoirí ag obair ach iad uilig sa leaba caochta Is tá Enda Kenny ceapaithe mar Aire Talmhaíochta Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.
ag caochadh twinkling
" Bhí fáinne beag a raibh cloch dhearg crochta as ag caochadh i bpoll an imleacáin agus nuair a shiúil sí thart leis, bhí tatú ar chaol a droma fosta.
nó ar chaoch sé leathshúil go trodach or if he closed one eye aggressively
" ‘Cé tá ag fiafraí?’ Ní fhéadfadh Liam a rá cé acu ar sméid sé, nó ar chaoch sé leathshúil go trodach.
agus é i ndiaidh a shúil a chaochadh and he had just winked
" Bhí Cathal Beag Álainn Ó Searcaigh ag crúsáil leis agus é i ndiaidh a shúil a chaochadh leis *An Buachaill Caol Dubh*.
ní raibh sí in inmhe an tsúil chéanna a chaochadh. she wasn't able to blink the same eye.
" Bhí *Bean Dubh an Ghleanna* ag éirí dubh sa ghnúis nó bhí súil s’aicise ar an leaid céanna ach ní raibh sí in inmhe an tsúil chéanna a chaochadh.
ag éirí caoch. getting blind.
" Cén chaoi a bhfuil sibh inniu? Peadar: Beo ar éigean, agus thú féin? Peaitín: Maraithe, a mhac, maraithe ag rith i ndiaidh bitseachaí bodógaí ó mhaidin is gan a’m ach dhá sheanchois is maide agus Rex bocht atá ag éirí caoch.
ag caochadh súl winking
" “Bainne”, a dúirt sé, agus é ag caochadh súl leis an leas-ardmháistreas, “mar go bhfuil bolg tinn orm.
caoch blind
" Ina áit sin, brúfaidh siad ar aghaidh, cuirfidh siad an locht ar an tír seo amháin agus fanfaidh siad caoch ar imní an phobail Eorpaigh.
caoch dearóil blind drunk
" Bhíodh Éamonn Ó Doornail againn ar feadh tamaill; ansin bhí Caoimhe Ní Lion againn ar feadh tamaill bhig; bhí Leamh Ó Cuinneagáin againn ar feadh cúpla uair an chloig; agus ar na saolta deireanacha seo, tá Balor ag fáil litreacha forbhannacha ón Dochtúir Seosamh Mac Muirí, ag áitiú air gan aon tagairt a dhéanamh dó féin nó d’eagarthóir sealadach ar bith eile, agus ag bagairt batrála ar Bhalor bocht caoch dearóil má dhéanann sé amhlaidh.
bóthar caoch cul de sac
" Tá rún aige Londain a bhaint amach, ach ní thuigeann sé gur bóthar caoch é Calais dá leithéid.
caochadh winking
" Agus go gairid ina dhiaidh sin tosóidh polaiteoirí na tíre ag insint na fírinne, agus is iomaí béal a bheas ar leathadh agus is iomaí súil a bheas á caochadh agus is iomaí béal a bheas á bhriseadh.
caochadh wink
" Sula n-athróimid an bunreacht ba chóir dúinn na ceisteanna seo a fhreagairt: céard iad na bunluachanna a cheapaimid gur cóir a beith ag oifigeach stáit? An bhfuilimid sásta cloí leis na rialacha agus gan a bheith ag iarraidh an t-aicearra a ghearradh le caochadh súile? An bhfuilimid sásta polaiteoir a cháineadh as caimiléireacht fiú má tá baint aige le páirtí a dtugaimid tacaíocht dó? I bhfírinne, an bhfuil an oscailteacht, an t-ionracas, agus an fhreagracht uainn? **Naisc**: Breis is dhá bhliain ó shin http://findarticles.
caochta leis an ól blind drunk
" Éiríonn sí caochta leis an ól agus déanann sí sceith bhéil di féin, agus dar leis an athair, tá sí tar éis an teaghlach a náiriú.
ar chonair chaoch up a cul de sac
" An comhartha eile é “Oileán Oighear Peterman (2010)”, mar a dtugtar air anois, go bhfuilimid ar chonair chaoch a chríochnóidh i réabadh ár ngnáthóg féin? Deir Andreas Muenchow, a bhfuil taighde déanta aige ar oighearshruth Petermann leis na blianta, go bhfuil sé deacair ceangal cinnte a dhéanamh idir an sceitheadh seo agus athrú aeráide an domhain.
bhóthar caoch a cul de sac
" Is é an chontúirt é go rachaidh na daoine seo i muinín an ghunna agus an phléascáin le cúrsaí a athrú, ainneoin go léiríonn an stair go bhfuil siad gaibhte isteach ar bhóthar caoch.
bun an bhóthair chaoch the end of a cul de sac
" In Aghaidh a Thola ======== Cén fáth a raibh an fear as oirthear Bhéal Feirste ag iarraidh a bheith ina cheannaire ar an pháirtí a bhí ag máirseáil go diongbháilte go bun an bhóthair chaoch.
chaoch-cheo thick fog
" Bhí sé suaimhneach ag an droichead, ach a luaithe is a bhain muid 700 méadar in airde amach bhí gaoth láidir ann, le sneachta séidte sa chaoch-cheo.
caochta na súl the blind eye
" Scaip cultúr caochta na súl agus nós bronnta na gclúdach litreach ar fud an chórais riaracháin.
ina brat caoch blinding with snow
go glórach, caoch in oblivious commotion
" Bhí iriseoirí an bhaile ag tógáil pictiúr go glórach, caoch.
gcaitear an tsúil chaoch a blind eye is turned
" ’Sí is téis d’Alex Gibney ná gurb é meon na Vatacáine, nuair is gá ‘causa nobile’ na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí a chosaint, go gcaitear an tsúil chaoch, ar gach leibhéal, ar ghníomhartha coiriúla drochbhuachaillí na cléire.
is súil chaoch atá ann anois it is now purblind
" Ach más ea, is súil chaoch atá ann anois.
gáir fhiulair chaoich na sealg call of the purblind eagle of many hunts
" Gotha gadhair Ghleanna Caoin, is gáir fhiulair chaoich na sealg, tairm ná tuinne ag triall go moch isteach ó Thráigh na gCloch nDearg.