Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caogaidí fifties
" Meallann an áit lucht scoir níos óige - tá a bhformhór sna caogaidí nó sna seascaidí.
sna caogaidí in the fifties
" Agus mise i mo ghasúr sna caogaidí (roimh theacht na teilifíse), bhíodh nós againn a bheith ag canadh ag ócáidí teaghlaigh, um Nollaig mar shampla.
deireadh na gcaogaidí the end of the fifties
" " deireadh na gcaogaidí ======= Is mar eacnamaí, seachas mar Ghaeilgeoir, áfach, a bhain Whitaker amach ionad sa stair dó féin.
ag tús na gcaogaidí in the early Fifties
" " An aisteoireacht agus an ceol ======= Chas sé le Kitty Ní Ghallchóir ag tús na gcaogaidí nuair a bhíodar beirt ina mbaill d'Aisteoirí Ghaoth Dobhair.
sna caogaidí in the Fifties
" Ba iad na healaíontóirí Norah McGuinness, Nano Reid agus Louis le Brocquy a bhí mar ionadaithe na hÉireann sa *Biennale *sna caogaidí, agus ansin Patrick Scott sna seascaidí.
sna caogaidí in the Fifties
" B’fhéidir, dá mbeadh an deis sin aige, go bhféadfadh Clooney fiafraí de JFK cén fáth a raibh McCarthy ar dhuine de na cairde ab fhearr a bhí ag muintir Chinnéide sna caogaidí.
na caogaidí the fifties
" Ó na tríochaidí anuas go dtí na caogaidí, mar shampla, d’fhaigheadh aisteoirí óga cóipeanna beaga den deilbhín in áit cinn mhóir.
na caogaidí the Fifties
" D’oscail taispeántas suntasach grianghrafadóireachta in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) i mBaile Átha Cliath i rith na míosa seo caite a thugann ábhar machnaimh don té ar spéis leis an saol in Éirinn idir na caogaidí agus an lá atá inniu ann.
tugtha fá thús na gcaogaidí over by the beginning of the Fifties
" Murphy, le hiarracht den gceart aige, go raibh seal Dev mar pholaiteoir / státaire tugtha fá thús na gcaogaidí.
i gcaogaidí an chéid seo caite in the Fifties of the last century
" Imircigh a d’fhág Éire i gcaogaidí an chéid seo caite ab ea tuismitheoirí Joyce, Marr (Maher) agus Morrissey; glúin rompu siúd a thug athair Rourke an bád bán air féin.
na hocht déag caogaidí the 1850s
" Bhí, ar bhealach – mar níor baisteadh an t-ainm úd ar an sliabh go dtí na hocht déag caogaidí, i gcuimhne ar Shasanach nach ndearna rud ar bith ach suí ar a thóin in oifig léarscáileanna.
ó na caogaidí i leith from the Fifties onwards
" Aisphreabadh atá ann, b’fhéidir, i ndiaidh tonn throm na teilifíse, a thit ar an spórt áitiúil i Meiriceá ó na caogaidí i leith.
teacht na teilifíse sna caogaidí the coming of television in the Fifties
" Ba é teacht na teilifíse sna caogaidí a d’athraigh gach rud.
sna caogaidí, in the fifties,
" Beidh an saol ina cheart arís, díreach mar a bhí i Meiriceá sna caogaidí, ar an *tele*.
ó bhí deireadh na gcaogaidí ann, since the end of the Fifties,
" Ní raibh sé ar ais in Éirinn ach uair amháin ó bhí deireadh na gcaogaidí ann, i 1985, ach deir sé nach dtógfadh sé ach seachtain air teacht isteach ar an teanga arís.
rian na gcaogaidí the mark of the Fifties
" Go deimhin, tá rian na gcaogaidí air.
na caogaidí the Fifties
" In ainneoin a chuid scannal gnéis, faoi dheireadh a théarma bhí sé ar an uachtarán ba mhó a raibh gean air ó na caogaidí amach.
sna caogaidí. in the fifties
" D'fhoghlaim sé an Ghaeilge agus é ag triall ar na Cruacha Gorma i dTír Chonaill sna caogaidí.
i lár na gcaogaidí. in the mid-Fifties.
" Chuala mé den chéad uair é ag céilí ar an gCeathrú Rua i lár na gcaogaidí.
na caogaidí the Fifties
" Ba iad na caogaidí aimsir fhás na mbruachbhailte, agus déantar trácht go forleathan anois ar "*White Flight*" – teitheadh na ndaoine geala ó phlódcheantair na gcathracha amach go dtí na bruachbhailte.
sna caogaidí in the fifties
" Aiste shuntasach is ea í mar go ndéantar plé suimiúil inti, ní hamháin ar an nGaeilge, ach ar an dóigh ar tháinig athrú íde-eolaíoch ar an Stát sna caogaidí nuair a thángthas ar an tuiscint go raibh teipthe ar fhís de Valera – is é sin, go raibh teipthe ar nóisean na hathbheochana agus ar an gcaomhnaitheacht.
sna caogaidí agus sna seascaidí. in the Fifties and Sixties.
" Ba bhreá liom fáil amach cad é a bhí taobh thiar den drochíde fhíochmhar béil a thug sé do Chaitlicigh gan choir sna caogaidí agus sna seascaidí.
caogaidí 1950s
" Tá faitíos ar leith orainn in Éirinn, áfach, mar feictear dúinn nach bhfuil an t-éalú céanna againn agus a bhíodh sna caogaidí agus sna hochtóidí le dul ar eisimirce; níl postanna ar fáil, ach an oiread, sna tíortha a mbíodh muid ag tarraingt orthu mar Shasana, Meiriceá nó Ceanada.
caogaidí fifties
" DVD a bhí ann, DVD ar a bhfuil na scannáin ‘Christy Ring’ agus ‘Peil’ agus nócha nóiméad de nuachtscannáin de chluichí iomána agus peile ó na caogaidí agus na seascaidí.
gcaogaidí 50s
" Ach a deir Máirtín ‘ó lár na gcaogaidí amach ní raibh an pháirc feiliúnach le haghaidh cluiche ar bith mar bhí dochar mór déanta don chriathrach ag peil, beithígh agus ag an mbáisteach’.
gcaogaidí 50s
" Deireadh na gcaogaidí agus tús na seascaidí ag fás aníos dom i gCluain Meala, bhíodh fíórchoimhlint i gCúige Mumhan idir Corcaigh agus Tiobraid Árann.
gcaogaidí 1950s
" I bhfocail eile, daoine a thosaigh ar scoil idir lár na gcaogaidí agus lár na nóchaidí is mó a bheadh san fhórsa oibre i 2006 agus níor mhiste a rá go raibh rogha na gaelscolaíochta teoranta go maith i gcaitheamh formhór an ama sin.
caogaidí 1950s
" (Is dóigh liom go raibh a leithéid le sonrú i mBéal Feirste agus mise ag fás aníos ann sna caogaidí agus seascaidí, ach sin scéal do lá éigin eile.
gcaogaidí 1950s
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
sna caogaidí in the Fifties
" Féachann Éamonn Ó Dónaill siar ar shaol an fhir seo a d'fhág a cheantar dúchais i Maigh Eo sna caogaidí agus ar éirigh leis oiread a bhaint amach le linn na mblianta fada a chaith sé i Meiriceá.