Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcaomhnú preservation
" Nochtann sé an ról atá ag na meáin chumarsáide i gcruthú agus i gcaomhnú 'stair oifigiúil' an stáit seo.
a chaomhnú to preserve
" Go mbeidh an rialtas dáiríre faoin nGaeilge agus go gcuirfidh siad an maoiniú ceart ar fáil chun í a chaomhnú agus a neartú.
a chaomhnú to preserve
" Tá deacrachtaí móra ann an teanga a chaomhnú agus a sheachadadh síos trísna glúintibh.
a chaomhnú to preserve
" Is ann don fhoréigean aontachtach le sprioc polaitiúil dá gcuid féin a bhaint amach agus an íde-eolaíocht a d'fhoghlaim siad ón uasaicme anuas a chaomhnú - nach féidir muinín a bheith agat i gCaitlicigh.
chaomhnú conservation
" Cuireann Caisleán an Easpaig béim ar oideachas faoi chaomhnú.
a chaomhnú to preserve
" Grúpa ceannródaíochta ón gceantar a bhunaigh é, daoine ar spéis leo oidhreacht teangan, cheoil, litríochta, cheardaíochta, ealaíne agus seandálaíochta Chorca Dhuibhne a chaomhnú agus a threisiú.
caomhnú preservation
" Gan amhras, ba cheart go mbeadh caomhnú agus láidriú na nGaeltachtaí mar thosaíocht; gan pobal bríomhar Gaeilge, caillfidh go leor againn an fuinneamh agus an misneach leanúint ar aghaidh ag úsáid na Gaeilge mar theanga laethúil.
ag caomhnú promoting
" Cad é an pictiúr a chruthaíonn sin den "dream eile"? An bhfuil mé ag caomhnú an tseicteachais? Ar cheart dom ligint dóibh Gaeilge a labhairt ar Bhóthar na Seanchille?) Sochaí fhearúil ======= Sochaí fhearúil a bhí riamh i sochaí Thuaisceart na hÉireann, bródúil as neart a luachanna aicme oibre.
caomhnú preservation
" Measann muidne nach féidir tús a chur le caomhnú phobal Gaeilge na Gaeltachta go dtí: Go dtiocfaidh polaiteoirí agus lucht Rialtais ar an tuiscint gur fiú an Ghaeltacht a shábháil mar go gcuireann sí le féinmhuinín agus le féiniúlacht na tíre, agus gur gá di a bheith ann chun a chinntiú gur tír neamhspleách shainiúil a bheas in Éirinn i measc thíortha eile na hEorpa.
caomhnú preservation
" Nuair a chuir mé an cheist an féidir leis an ailtireacht cuidiú le caomhnú na Gaeilge fuair mé freagra dearfach.
a chaomhnú to preserve
" Dár ndóigh, ar nós gach Gaeltacht eile sa tír, tá an Béarla ag brú orainn agus bíonn an Comharchumann i gcónaí ag iarraidh a bheith ag smaoineamh ar phleananna chun an teanga a chaomhnú.
a chaomhnú to preserve
" Sna blianta atá amach romhainn, beidh dúshlán mór roimh mhuintir Chill Chartha agus roimh mhuintir iardheisceart Dhún na nGall ina iomláine: an oidhreacht a chaomhnú ag gach leibhéal de shaol na ndaoine, agus na nithe atá maith ó thaobh teanga, ó thaobh ceoil agus ó thaobh cúrsaí cultúrtha a choinneáil chun neart a chur leis an turasóireacht chultúrtha, ar bhealaí a rachas chun sochair do gach duine sa cheantar agus do na glúnta atá le theacht amach anseo.
a chaomhnú to preserve
" Tá tuiscint níos fearr agam anois ar cé chomh crua is atá sé teanga neamhfhorleathan a chaomhnú.
leis an Ghaeilge a chaomhnú to preserve the Irish language
" Is mór an taca fosta an choláiste Gaeilge leis an Ghaeilge a chaomhnú.
iasc a chaomhnú to conserve fish
" Agus an méid sin ráite, tá an ceart ar fad ag na hiascairí nuair a deir siad gur amaidíocht atá ar bun ag an gCoimisiún Eorpach, é ag iarraidh iasc a chaomhnú agus ag an am céanna ag ligint do na Spáinnigh na céadta bád iascaireachta eile a chur isteach sa limistéar.
caomhnú an Phrotastúnachais the preservation of Protestantism
" Fá cheann 20 bliain eile, ní bheidh *raison d'etre *an stáit, caomhnú an Phrotastúnachais, ann níos mó.
leis an teanga seo a chaomhnú to preserve this language
" Inár dtuairim féin, tá muidne ag déanamh obair mhór leis an teanga seo a chaomhnú ar dhóigh straitéiseach agus tá gnéithe láidre trasteorann agus trasphobail le feiceáil inár gcuid gníomhaíochtaí.
cultúr na tíre a chaomhnú to preserve the culture of the country
" Dar liom féin go bhfuil sé de dhualgas ar Rialtas Shaorstát na Baváire cultúr na tíre a chaomhnú agus féachaint chuige gur féidir leis an bpobal taitneamh a bhaint as a chultúr féin go nádúrtha.
an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn to preserve and to promote the language
" Chabhraigh an tseachtain leis an eagraíocht an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn.
na traidisiúin a chaomhnú to preserve the traditions
" Léiríonn sé é seo le scéalta faoi chlubanna beaga ar fud na tíre agus an obair dhian atá ar siúl ag daoine go deonach chun na seirbhísí don phobal chomh maith leis na cluichí iad féin a fhorbairt agus na traidisiúin a chaomhnú.
a chaomhnú to preserve
" Tá súil agam go gcuideoidh an iarracht bheag seo le cuid den oidhreacht sin a chaomhnú.
oidhreacht a chaomhnú to preserve his legacy
" Cinnte, cuirfidh *entente cordiale *idir an bheirt cheannairí alltacht ar chuid dá lucht leanúna, ach tá oiread sin smachta acu - Paisley ar an DUP, ainneoin na troda a bheas ann a oidhreacht a chaomhnú i ndiaidh dó an saol seo nó a shaol polaitiúil a fhágáil, cibé a thagann ar tús; agus Adams/McGuinness (ainneoin na n-easaontóirí) - gur féidir leo tromlach mór a lucht leanúna a thabhairt leo.
a chaomhnú to preserve
" Caithfidh muid an teanga a chaomhnú.
á gcaomhnú being preserved
" Ní chuireann sé sin isteach orainn, mar ar a laghad tá na tithe á gcaomhnú.
a chaomhnú to preserve
" Beidh níos mó daoine ag teacht chun na tíre agus sílim go mbeidh na hÉireannaigh ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chaomhnú le haitheantas a thabhairt dúinn féin mar thír ar leith.
a chaomhnú to preserve
" Mar sin, nach bhfuil baol ann go gcaillfear, diaidh ar ndiaidh, ainmneacha na mbailte fearainn – agus an stair atá le fáil iontu? Agus an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag síniú Orduithe Logainmeacha (mar shampla an tOrdú le déanaí a d’athraigh ainm Gaeilge Mountcharles ón mBéarlachas, is é sin Móin Séarlas, go Tamhnach an tSalainn) chun stair áitiúil na tíre a chaomhnú, b’ait an rud é dá mbeadh Roinn eile ag milleadh na staire seo, ag cur uimhreacha ríomhaire-chairdiúla in áit logainmneacha saibhre.
a chaomhnú to preserve
" Mar sin, nach bhfuil baol ann go gcaillfear, diaidh ar ndiaidh, ainmneacha na mbailte fearainn – agus an stair atá le fáil iontu? Agus an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag síniú Orduithe Logainmeacha (mar shampla an tOrdú le déanaí a d’athraigh ainm Gaeilge Mountcharles ón mBéarlachas, is é sin Móin Séarlas, go Tamhnach an tSalainn) chun stair áitiúil na tíre a chaomhnú, b’ait an rud é dá mbeadh Roinn eile ag milleadh na staire seo, ag cur uimhreacha ríomhaire-chairdiúla in áit logainmneacha saibhre.
dhéanfaí iarracht é a chaomhnú an attempt would be made to preserve it
" Arís, da mbeadh droichead stairiúil, tarraingteach mar seo i dtír ar bith eile san Eoraip, dhéanfaí iarracht é a chaomhnú, chan é a scrios.
a chaomhnú to preserve
" An phríomhfhealsúnacht atá taobh thiar den ghníomhaíocht seo ná go bhfuil ceangal nó muintearas nádúrtha idir pobail na hÉireann agus na Breataine, agus gur mithid an gaol seo a spreagadh agus a chaomhnú.
chaomhnú an chomhshaoil environmental conservation
" Ní raibh mé ag iarraidh neamhaird a thabhairt ar riachtanais dhaoine bochta na hAfraice Theas, ach chuaigh mé féin ansin ag lorg eolais agus taithí ar chaomhnú an chomhshaoil.
caomhnú preservation
" Is é an cuspóir atá acu ná caomhnú agus taighde a dhéanamh ar ghluaiseachtaí, fuaimeanna agus marcanna ainmhithe nach príomhaigh iad, ar an tuiscint gur modhanna cruthaitheacha cumarsáide atá sna feiniméin seo a dtig leo léargas a thabhairt dúinn orainn féin agus ar an saol atá cruthaithe againn.
Caomhnú preservation
" Caomhnú ceoil agus seanchais an cheantair atá mar phríomhchúram fhoireann na Cartlainne.
Caomhnú preservation
" Caomhnú ceoil agus seanchais an cheantair atá mar phríomhchúram fhoireann na Cartlainne.
i gcaomhnú na Gaeilge in the preservation of Irish
" Tá ról ar leith ag na coláistí i gcaomhnú na Gaeilge, ní hamháin i measc na bpáistí iad féin agus ina gcuid scoileanna, ach fosta sna pobail a bhfuil siad lonnaithe iontu.
caomhnú agus leathnú na Gaeilge the preservation and extending
" In Alt 8 den Acht, tá ráiteas a deir “déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathnú na Gaeilge mar phríomh-mheán chumarsáide a *spreagadh*.
chun aontas na gluaiseachta a chaomhnú to preserve the unity of the party
" Tháinig an airtléire throm amach (muintir Uí Riain is a leithéid siúd, leagan Fhianna Fáil de “Fhir Liatha” Pháirtí Coimeádach na Breataine) chun aontas na gluaiseachta a chaomhnú.
a chaomhnú to preserve
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an Ghaeilge? Níor mhaith liom ach go n-aithneoidh daoine a thábhachtaí atá sé a dteanga agus a gcultúr féin a chaomhnú, a athbheathú agus a athnuachan i dtólamh.
go bhféadfaí an talamh a cheannach agus a chaomhnú that the land could be bought and conserved
" Thaispeáin sé sleamhnáin don lucht féachana a léirigh na hainmhithe agus na héanacha a bhí le fáil ann agus mhínigh sé dóibh go bhféadfaí an talamh a cheannach agus a chaomhnú ar $3 an t-acra.
ag caomhnú cultúr. preserving cultures.
" Cabhraíonn siad le daoine atá ina gcónaí ar na sráideanna san Afraic agus le tionscadail oideachasúla agus chultúrtha sa Tibéid agus i Neipeal, ag múineadh amhrán agus damhsa agus ag caomhnú cultúr.
poist a chaomhnú agus a chruthú to protect and to create jobs
" Is cinnte go bhfuil gach duine ar aon intinn go bhfuil orainn poist a chaomhnú agus a chruthú – ach caithfimid a bheith macánta faoi na saghsanna post atá i gceist.
caomhnú nó cosaint na teanga. preservation and protection of the language.
" Agus cé go bhfuil sé an-bhródúil as an mbaint a bhí ag Nemeton leis an mbuanú teanga sa Rinn trí fhostaíocht a chur ar fáil do dhaoine áitiúla, deir sé nach mbraitheann sé dualgas ar bith maidir le caomhnú nó cosaint na teanga.
caomhnú na teanga conservation of the language
" D’fhéadfaí a chinntiú, áfach, go bhfuil na hinstitiúidí a bhfuil baint acu le caomhnú na teanga ag feidhmiú i nGaeilge, mar ba cheart.
i gcaomhnú na Gaeilge in the preservation of Irish
" Bhí sí tiomanta fosta a chinntiú go mbeadh Pobalscoil Chorca Dhuibhne gníomhach i gcaomhnú na Gaeilge mar theanga bheo pobail an oiread agus is féidir.
a chaomhnú to preserve
" Luaitear i lár na tuarascála moladh a bhfuil bunús réitithe ann d'fhadhb Phobalscoil Chorca Dhuibhne: “D’fhonn oideachas trí mheán na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta a chaomhnú chomh fada agus is féidir, ba chóir machnamh a dhéanamh faoi na nithe seo a leanas i gceantair Ghaeltachta áit ar mhian le teaghlaigh oideachas trí Bhéarla a bheith acu: aonad a bhunú chun soláthar a dhéanamh dóibh siúd ar mian leo oideachas a fháil trí mheán an Bhéarla cóir iompair saor in aisce a sholáthar don scoil dara leibhéal is gaire a mhúineann trí Bhéarla.
caomhnú na teanga the preservation of the language
" Ar ndóigh tá caomhnú na teanga luaite mar aidhm ag Comhairle Contae na Gaillimhe ina bPlean Forbartha agus tá a leithéid de chleachtas ag teacht salach ar an aidhm sin.
leis na bláthanna fiáine seo a chur agus a chaomhnú, to sow and to conserve these flowers
" Easpa síoltaAch cé gur mhian le a lán feirmeoirí talamh a chur ar leataobh leis na bláthanna fiáine seo a chur agus a chaomhnú, tá easpa síolta ar fáil le hé a dhéanamh.
áilleacht na timpeallachta a chaomhnú. preserving the beauty of the environment.
" Is airsean a thitfidh sé comhréiteach a aimsiú idir muilte gaoithe a fhorbairt agus áilleacht na timpeallachta a chaomhnú.
go raibh substaint an bhunreachta á chaomhnú that the substance of the constitution was being preserved.
" Chuir Seansailéir na Gearmáine, Angela Merkel, chomh láidir céanna é i bParlaimint na hEorpa nuair a dúirt sí gurbh fhíric í go raibh substaint an bhunreachta á chaomhnú (27 Meitheamh 2007).
chaomhnú conserve
" Cé gur thug rialtas Mhanann a chúl leis an teanga, bunaíodh Yn Çheshaght Ghailckagh (Cumann na Manainnise) in 1899 chun an Mhanainnis a chaomhnú mar theanga náisiúnta an oileáin.
chaomhnú. conserve
" Ba í Bríd Ní Bheirn a scríobh na scéalta síos sa bhliain 1930 mar chuid de phróiseas a bhí ar bun le seanchas agus béaloideas na tíre a chaomhnú.
chaomhnú conserve
" Dar le Huxley, agus uaisle eile na Breataine a bhunaigh CFD, ní bheadh stáit nua, neamhspleácha na hAfraice in ann an fiadhúlra a chaomhnú gan treoir an fhir ghil.
chaomhnú to preserve
" Is beag iontas mar sin gur thosaigh an balla ag imeacht as radharc de réir a chéile – rud a chuir imní ar lucht staire agus ar chuairteoirí agus a spreag tionscadal leis an bhalla a chaomhnú agus é a atógáíl in áiteanna mar aon leis na túir faire! An Balla Gearr Tá an *East Side Gallery* ar an phíosa is mó den bhalla atá fágtha (1.
caomhnú na Gaeilge the preservation of Irish
" Ach dar le de Valera, b’amhlaidh gur thábhachtaí i bhfad é caomhnú na Gaeilge le linn géarchéime dá chineál siocair nach raibh sí i riocht sách láidir le go bhféadfaí an obair sin a chur ar an mhéar fhada: “Sa chaoi ina bhfuil an saol fá láthair, ta a lán neithe gur deacair dúinn gan suim, agus suim an-mhór do chur ionnta.
chaomhnú, mar dhea supposedly to preserve
" Samhlaím go bhfuil mórán chuile dhuine dena truaillitheoirí cláraithe le REPS, an Rural Environmental Protection Scheme, faoina bhfaigheann siad slám maith airgid chuile bhliain leis an dtimpeallacht a chaomhnú, mar dhea.
chaomhnú protect
" Agus cad é faoin Ghaeilge? Caidé faoin chultúr a tháinig slán in ainneoin ionraí agus na Géarleanúna? Cad é faoin dúchas ar thug daoine a n-anam len é a chosaint agus a chaomhnú? Beidh sibh sásta a chloisteáil go bhfuil sé fós slán sna háiteanna nár chuir muintir an Bundesbank spéis ar bith iontu.
chaomhnú to preserve
" Tá an SPNF ina cuid den Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus is cuid de chúram na Seirbhíse raon gnáthóg agus cineálacha ainmhí agus feithide in Éirinn a chaomhnú.
chaomhnú to preserve
" Tá mé ag déanamh go n-aontódh sibh go bhfuil oidhreacht luachmhar ar fáil i ‘dtobar na Gaeilge’ agus is fiú go mór í a chaomhnú.
chaomhnú to preserve
" D’éirigh leis an misean ord poiblí a chaomhnú agus bunaíodh Údarás Idirthréimhseach na Náisiún Aontaithe leis an tír a rialú.
chaomhnú to preserve
" D’éirigh leis an misean ord poiblí a chaomhnú agus bunaíodh Údarás Idirthréimhseach na Náisiún Aontaithe leis an tír a rialú.
chaomhnú preserve
" Ba chóir do dhaoine in Éirinn níos mó a dhéanamh chun seanfhoirgnimh a chaomhnú, a deir saineolaí sa Bhreatain Bhig.
caomhnú preservation
" Tá cruóg faoi leith le caomhnú Mau i bhfianaise na tábhachta atá ag baint léi mar dhobharcheantar.
chaomhnú preserve
" Dar le Minority Rights Group go mba cheart go socródh tíortha glactha eatarthu féin go ligfí formhór na dteifeach Mandaean isteach san aon tír amháin d’fhonn cultúr is féiniúlacht an mhionlaigh bhig eitnigh a chaomhnú.
chaomhnú preservation
" Theastaigh obair an Údaráis a roinnt idir cúrsaí teanga sa Ghaeltacht agus cruthú fostaíochta, le béim níos treise ar an bpríomhchúram faoin Acht atá ar an Údarás: an Ghaeilge a chaomhnú is a leathnú sa Ghaeltacht mar ghnáth-theanga an phobail sna ceantair Ghaeltachta.
chaomhnú preserve
" Mar sin féin, tá roinnt seanóirí ann nach bhfuil chomh siúráilte sin gur fiú an teanga a chaomhnú agus bíonn sé deacair orainn ar uairibh tathant orthu go dteastaíonn an teanga arís ó ghlúin níos óige.
chaomhnú preserve
" Níor mhiste dá réir sin aird a thabhairt ar a bhfuil le rá acu más mian linn tionscal na turasóireachta a chaomhnú nó a fhorbairt.
chaomhnú preservation
" Ach ba ar chaomhnú an status quo a bhí iarrachtaí phobal na teanga dírithe le dornán míosa anuas seachas ar leasuithe chun maitheasa a dhéanamh ar bheartais teangan, rud a bhí intuigthe go leor is dócha.
chaomhnú to preserve
" Murar féidir le foghlaimeoirí saibhreas, iomláine, agus áilleacht theanga na Gaeltachta a thabhairt leo, an fiú an Ghaeltacht a chaomhnú ar chor ar bith? Nó an é go mbeadh Gaeilge na gcathracha ní ba bhoichte fós murach an Ghaeltacht a bheith ann? Nó an bhfeidhmíonn an Ghaeltacht ar leibhéal eile in intinn an fhoghlaimeora, go seasann sí mar bhunchloch faoi choincheap éigin a bhaineann le féidearthachtaí teanga? Is é sin, gur mó an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeltacht mar thaca i samhlaíocht an fhoghlaimeora ná a bhaineann leis an fhíor-Ghaeltacht mar acmhainn daonnachta nó mar thobar saíochta ann féin? An Bhuíon Bheag Chinniúnach Is dóigh liom féin gur beag seans anois atá ag an Ghaeilge mar theanga phobail.
gcaomhnú preservation
" Labhair sé faoi luachanna traidisiúnta: an meas a bhí aige ar mhúinteoirí, ar léann agus ar an ról ríthábhachtach a bhí ag an scoil i gcaomhnú phrionsabail bhunaidh na Poblachta.
chaomhnú to preserve
" D’fhógair Jenny Macklin, an t-aire atá freagrach as cúrsaí bundúchasacha sa rialtas náisiúnta, tionscadal nua leis na teangacha a chaomhnú ar na mallaibh.
chaomhnú to preserve
" Bunaíodh Cartlann: *An Irish Political Archive* i Sasana i Mí Bealtaine 2001 chun ábhar a bhain leis an fheachtas abhus (i Sasana), mar bhileoga, dialanna, leabhair, póstaeir , agallaimh ar téip agus mar sin de, a bhailiú agus a chaomhnú.
caomhnú preservation
" Tá go leor scríofa faoi thábhacht an chóras oideachais i leith caomhnú agus cur chun cinn na teanga ach díol suntais é nach bhfuil aon ghealltanas sonrach úr tugtha ina leith sa bhreis ar a bhfuil ar siúl faoi láthair.
chaomhnú preservation
" Dhearbhaigh an Ráiteas tacaíocht an Rialtais d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta agus leag amach 13 cuspóir ó thaobh beartais maidir leis sin.
chaomhnú to preserve
" Deir sé gurb é “an t-oideachas an tseirbhís phoiblí is tábhachtaí a d’fhéadfadh Stát a chur ar fáil, chun tacú le tuismitheoirí agus leis an bpobal a dteanga mhionlaithe a chaomhnú”.
caomhnú preservation
" ” Rinne Údarás na Gaeltachta fíor-dhrochjab den dualgas reachtúil a bhí is atá ar an eagraíocht maidir le caomhnú na Gaeilge sa nGaeltacht go dtí seo.
chaomhnú to preserve
" Ach an rud ná go bhfuil ana-chuid daoine, daoine óga, go dteastaíonn uathu go mbeadh aithne acu ar an nGaelainn, go bhfuil ana-chion acu ar an nGaelainn agus is é sin a chaithfear a chaomhnú agus a fhorbairt agus a chur chun cinn.
caomhnú preservation
" Ó Ross Dumhach go Teamhair na Rí, tá an obair chéanna le feiceáil – ar dtús, seasann an pobal go láidir le cúis timpeallachta nó b’fheidir le caomhnú ionad staire, ag léiriú tacaíochta trí litreacha chuig na meáin, nó trí ainmneacha a fháil ar achainíocha, nó i léirsithe fiú amháin.
caomhnú na teanga lárnach linguistic preservation central
" De thairbhe a leochaillí is atá an Ghaeilge sa Ghaeltacht san am i láthair, áfach, ba cheart go mbeadh caomhnú na teanga lárnach in aon mhaoiniú a dhéantar ar chomhlachtaí ann.
chaomhnú na teanga dúchais preserving the native language
" Is pleanáil teanga atá i gceist ins an dá chás ar ndóigh – ceann amháin dírithe ar an státchóras agus an ceann eile ar chaomhnú na teanga dúchais.
chaomhnú agus a fhorbairt to preserve and develop
" Déanann sé tagairt do stair na teanga, don chaoi ar tháinig meath uirthi agus do na hiarrachtaí a rinne an rialtas an teanga a chaomhnú agus a fhorbairt.
chaomhnú agus a chur chun cinn to preserve and to progress
" Ach an bhfuil sibh ag meilt bhur gcuid ama anseo i measc na nGall, ag iarraidh an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn?** DMD: Bhuel is fíor go bhfuil muintir na Gaeilge ag éirí tanaí ar an talamh, ach má shíleann daoine go bhfuil an Ghaeilge chun an taibhse a thabhairt suas i mBaile Átha Cliath, bhuel tá siad ag tafann suas an crann mícheart.
caomhnú na timpeallachta protection of the environment
" Ach sé suíomh agus scála na dtuirbíní – cuid acu níos airde ná spíce Bhaile Átha Cliath – atá ag déanamh imní d'éinne gur cás leis caomhnú na timpeallachta.
a chaomhnú feasta to sustain any longer
" Tá an Léann Ceilteach rólag sa nGearmáin áfach leis an traidisiún sin a chaomhnú feasta, agus tá an Béarla róláidir le coinneáil ó dhoras.
chaomhnú na teanga seo the preservation of the language
" Saíocht Splanctha Ár Linne =========== Leagtar an-béim ar chaomhnú na teanga seo, ach baineann tábhacht i gcónaí le hathnuachan na teanga.
le cruthú agus caomhnú na fostaíochta the provision and the continuance of employment
" Mhaígh sí gur thacaigh sé go daingean i gcónaí le cruthú agus caomhnú na fostaíochta sa bhaile, agus ar a shon sin nár cheannaigh sé oiread is pionta pórtair féin in áit ar bith taobh amuigh de Thír Chonaill.
chaomhnú is a chosaint to preserve and defend
" Bhí ar an AE iachall a chur ar rialtas Bhleá Cliath cuid de na portaigh chéanna a chaomhnú is a chosaint agus caithfidh an tAire Jimmy Deenihan gníomhú dá réir.
a chaomhnú protect
" Tá sé níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh go ndéanfaí neodracht na hÉireann a chaomhnú.
chaomhnú preservation
" Tá sé in am ag daoine áirithe moltaí praiticiúla a chur ar fáil faoi chaomhnú na Gaeltachta agus éirí as a bheith cáinteach an t-am go léir.
a chaomhnú to preserve
" Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le beirt a bhfuil baint acu le tionscadal tábhachtach in iardheisceart Dhún na nGall a bhfuil sé mar sprioc aige traidisiún ceoil agus seanchas an cheantair a chaomhnú.
a chaomhnú to preserve
" Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le beirt a bhfuil baint acu le tionscadal tábhachtach in iardheisceart Dhún na nGall a bhfuil sé mar sprioc aige traidisiún ceoil agus seanchas an cheantair a chaomhnú.
na healaíona traidisiúnta a chaomhnú to preserve the traditional arts
" Tá sé mar aidhm ag an institiúid seo na healaíona traidisiúnta a chaomhnú ina dtimpeallacht dhúchasach féin.
chaomhnú. conserve
" Is maith an rud é, mar sin, go bhfuil sárobair curtha i gcrích ag eagraíochtaí speisialta sa Bhreatain le bláthanna fiáine atá faoi bhrú a chaomhnú.
leis an chomhshaol a chaomhnú. to conserve the environment
" Ní hé gur chuir na staitisticí a clúdaíodh inti ionadh air, ach tuigeann sé go bhfuil easpa gnímh i gceist sa tír seo i measc na bhforas a cuireadh ar bun leis an chomhshaol a chaomhnú.
gníomhach i gcaomhnú an eolais faoi active in preserving information regarding him
" Tá fios an scéil faoi Big Jim Larking i Learpholl ag Tony Birtill, mar bhí sé féin gníomhach i gcaomhnú an eolais faoi agus i gcrochadh leice ina chuimhne fosta.
go mba cheart cás caomhnú na Gaeilge a chur that a case for the preservation of Irish ought to be brought
" Molann sé go mba cheart cás caomhnú na Gaeilge a chur os comhair Comhairle Airí Aontas na hEorpa.
caomhnú phortaigh na hÉireann the preservation of Irish bogs
" Dá mhéad aighneas faoi caomhnú phortaigh na hÉireann, is ríchuma le gníomhaireachtaí an stáit faoi chaomhnú oidhreacht ár ngnáthóg.
chaomhnú oidhreacht ár ngnáthóg the preservation of our habitat heritage
" Dá mhéad aighneas faoi caomhnú phortaigh na hÉireann, is ríchuma le gníomhaireachtaí an stáit faoi chaomhnú oidhreacht ár ngnáthóg.