Pota Focal Intergaelic
ap | cab | cac | cad | cae
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bairéadach cap-wearing
" *An Chicago Tribune *a d'fhiafraigh ar dtús cá raibh an t-anlaith milis, mealltach, fáinne-chluaiseach, bairéadach sin Peatsaí Dan Mac Ruairí? *Pravda *na Rúise a thóg an cheist cá háit a raibh an boc eile milis, mealltach, col ceathrach, círéibeach sin ar bhreá leis a bheith ina fhorlámhaí ar an Chreag i Lár na Farraige móire suaite, Pól Mac Ruairí? *L'Osservatore Romano *a bhí ag iarraidh a fháil amach cá raibh an Pabhsae Gléigeal sin atá ina príomh-*idiot *preabach, praiticiúil, pragmatach ar Phobalscoil Thoraí, an tSiúr Máire Clár na Cáiréise? Fiafraíonn an nuachtán naofa an raibh sise ar scoil an lá sin nó, mura raibh, cá háit go díreach a raibh sí agus cad é a bhí ar siúl aici ann? Ceisteanna iad sin atá á gcíoradh anois ag tuairisceoirí na cruinne, ceisteanna a bhfuil a bhfreagraí tuillte ag lucht léite nuachtáin an domhain.
an chaidhp bháis death cap
" Mharaigh an t-anraith, a bhí ar fiuchadh, cuid acu agus, chun an chaidhp bháis cheart a chur orthu, chaith Mere Royaume an pota folamh anuas orthu chomh maith.
an dlaoi mhullaigh the cap
" Chuir céasadh Dholores an dlaoi mhullaigh ar shraith de scéalta náireacha a foilsíodh le leathbhliain anuas.
bairéad cúil skull cap
" 09) nuair a chuir Giúdach óg, le bairéad cúil air, an cheist seo ar Nick Griffin MEP: "*How could you say such things about the holocaust?"* Seo mar a scríobh an tOllamh Marianne Elliott as Roinn an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Learphoill faoin Drochshaol: ‘*No one could have predicted the calamitous harvest failures of the 1840s, but with almost eight million people, Ireland was considerably over-populated and having difficulty feeding itself*.
Anuas ar to cap
" Anuas ar gach tubaiste eile, tá an priompallán ag caint faoi dhá cheann de na trí leithreas ar gach eitleán dá chuid a bhaint amach, agus suíocháin bhreise a chur isteach ina n-áit.
Mar sméar mullaigh an chnuasaigh to cap it off
" Mar sméar mullaigh an chnuasaigh, bronnadh sochraid stáit air i ndiaidh a bháis.
mar bharr ar an donas to cap it off
" Caidé a thugann tú ar bhurgar de chuid Tesco a thit isteach sa BBQ agus atá dóite? Black Beauty! Níl caill ar bith ar bhurgair Tesco, ach b’fhearr liom féin My Lidl Pony! Agus mar bharr ar an donas: Tá an oiread sin ocrais orm go dtiocfadh liom capall a ithe – Imigh leat chuig Tigh Tesco agus faigh burgar duit féin! Hó! Hó! Hó! Agus ós ag caint dúinn ar dhaoine a bhíonn ag gáire os ard, gearradh 5% de phinsean na nIarthaoiseach i mbliana, ach síleann Balor go mbeidh siad in ann na heachbhurgair de chuid Tesco a sheachaint, agus go mbeidh siad in innimh a gcuid burgar a cheannach in áit inteacht eile.
comhairlíonn siad caipín they advise a cap
" Agus comhairlíonn siad caipín, pluid, stocaí, seaicéad nó cibé ball éadaigh eile a chur uirthi go dti mbíonn sí chomh te le hoigheann! Fásann na páisti suas agus faitíos orthu roimh an bhfuacht, ar ndóigh.
claibín oighir ice cap
" Tá caint go leor agus bagairtí nach beag á ndéanamh i dtaobh acmhainní an Artaigh anois agus claibín oighir an domhain ag leá leis in aghaidh an lae.