Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcarcair in prison
" Cén bhaint atá ag seo le cúrsaí? Is é an pointe ar mhaith liom aird a tharraingt air ná gur cuireadh Simpson i gcarcair díreach i ndiaidh dhúnmharú Simpson Brown agus Goldman agus nár ligeadh amach ar bannaí é ag am ar bith le linn na trialach.
i gcarcair in prison
" Ionadaí é O'Rawe, agus easaontóirí eile ar nós Brendan Hughes, Anthony McIntyre agus Tommy McKearney, dóibh siúd a chaith blianta fada i gcarcair ar mhaithe le haisling nár baineadh amach.
i gcarcair in prison
" Bhí sé toilteanach tréimhse a chaitheamh i gcarcair seachas géilleadh ar a chuid prionsabal.
i gcarcair in prison
" Idir an dá linn, tá cúigear fear Gealtachta i gcarcair i bPríosún Chnoc na Seimre le chóir a bheith sé seachtaine anuas agus gach cuma ar an scéal nach saorfar iad go dtí go dtosóidh an téarma úr dlí i mí Dheireadh Fómhair.
de charcair an tuaiscirt. on the north's prisons.
" Ó bhí na stailceanna ocrais ann i 1981, chonaic muid an páirtí ag fás as cuimse, a bhuíochas d’íobairt na ndaoine a fuair bás go doilíosach 27 bliain ó shin agus straitéis chliste a oibríodh amach taobh amuigh agus taobh istigh de charcair an tuaiscirt.
charcair jail
" Balor: Agus bheadh Poll na Raithní ina charcair ag na boic sin ó Guantanamo Bay.
charcair jail
" Deir an t-easaontóir Síneach, Harry Wu, a chónaíonn i Washington DC, go bhfuil an bheatha ‘iontach saor’ sa tSín agus go bhfuil sé furasta corp marbháin a fháil as an charcair nó as an otharlann agus iad a úsáid mar ‘earraí’.
isteach ar leaba chláir na carcrach into the harsh conditions of jail
" Caithigí isteach ar leaba chláir na carcrach sinn.
dúnadh na carcrach closing (of) the jail
" Céasadh Ar ndóigh, i gcomparáid le rudaí eile a bhí ag déanamh scime do mhuintir Mheiriceá, ba rud sách beag é dúnadh na carcrach, ach ba léir go raibh Obama ag tabhairt leide.
sáite i gcoimhlint na carcrach engrossed in the jail struggle
" Ní fios cad é a tharlódh dá dtiocfaí ar réiteach go luath sa scéal, ach de réir mar a fuair an deichniúr príosúnach bás i gcarchair na Ceise Fada, b’amhlaidh ba láidre a d’éirigh Sinn Féin agus mothúcháin gach náisiúntóir sáite i gcoimhlint na carcrach, a mhalairt den rud a bhí Thatcher ag iarraidh a chur i gcrích.
gcarcair jail
" Cuireadh pobail dúchais óna dtailte sinsir agus rinneadh na mílte a chéasadh is a chur i gcarcair.
gcarcair jail
" ‘Tuigim nach é an réiteach is fearr é ar an gcruachás ina bhfuil mé, ach má shocraigh mé éalú as an gcarcair is ar mhaithe le héisteacht a fháil dom féin sula dtiocfaidh an cás seo os comhair na cúirte.
shacadh sa charcair throw into jail
" Ba é an freagra a thug na húdaráis air seo ná na céadta a shacadh sa charcair is 30 duine a mharú.
gcarcair jail
" Tá Suu Kyi i gcarcair ag drong mhíleata na tíre le fiche bliain anuas nach mór.
leaba chláir na carcrach a while in jail
" Dá mba duine thú a bhuail bob ar lucht leasa shóisligh, is í leaba chláir na carcrach a bheadh i ndán duit!
Charcair prison
" Maigh gCabraí ====== I mí na Nollaig 2009, d'éirigh Steve Rodford as a phost mar rialtóir Charcair Mhaigh gCabraí i ndiaidh do eochróirí theacht ar a mhionsonraithe pearsanta i gcillín ina raibh cime easaontóra, Brendan McConville.
fhoireann na carcrach of the prison staff
" Measadh go raibh Rodford faoi bhagairt bháis ag poblachtánaigh An tseachtain seo, cuireadh beirt eochróirí ar fionraí i ndiaidh fiosrúcháin ó Ombudsman na gcarcracha, Pauline McCabe, a mhaígh gur dócha gur bhall de fhoireann na carcrach a leag na sonraí sa chillín.
chur i gcarcair to put in jail
" 
Ach bhí poblachtánaithe gníomhacha ina measc seo, rud a cothaigh nimh san fheoil ag na póilíní a bhí ag iarraidh na fir seo a chur i gcarcair agus chonaic baill den RUC Rosemary Nelson mar chonstaic.
carr carcrach prison van
" Dhá lá ina dhiaidh sin, rinneadh iarracht cimí na caismirte a shaorú as carr carcrach agus scaoil na saighdiúirí leis an slua.
gcarcair jail
" Mhaígh Foucault os ard ina staidéar cáiliúil ar an gcarcair go bhféadfaí anam síoraí an duine dhaonna a fheiceáil i measc seancharn cartlainne réigiúnda éigin.
charcair jail
" Ba eisean a dúirt go raibh sé sásta am a chaitheamh sa charcair ar cheist na n-umar séarachais.
i gcarcracha in jails
" Agus beidh siad ag íoc as an £30,000 an duine a chosnaíonn sé chun coirpeach a choinneáil ar an leaba chláir ar feadh bliana, i gcarcracha atá beagnach lán anois mar gheall ar an *"feeding frenzy in sentencing"* a tharla tar éis na gcíréibeacha, de réir Eoin McLennan-Murray, ceannaire na rialtóirí príosúin.
chun carcrach to jail
" Bhí baint aige le coiriúlacht ar feadh i bhfad agus cuireadh go scoileanna ceartúcháin agus chun carcrach é as eachtraí gadaíochta.
dhroch-choinníollacha na carcrach the poor conditions in the jail
" Dúirt Eileen Gillespie nach raibh sí ag scríobh chuige maidir le héagóir na trialach ach faoi dhroch-choinníollacha na carcrach.
i gcarcair in jail
" Scaoileadh Ann agus Eileen Gillespie saor as an phríosún i Lúnasa na bliana 1983, tar éis dóibh naoi mbliana go leith a chaitheamh i gcarcair.
carcracha rúnda secret jails
" Níorbh fhada go raibh trúpaí Mheiriceá san Íaráic agus san Afganastáin, agus go raibh carcracha rúnda á riaradh ag na Stáit Aontaithe timpeall an domhain ina raibh daoine anaithnide á gcéasadh gan trócaire.
carcair jail
" Alleliuia, tá an chuma ar an scéal go bhfuil Polanski fillte ar an seanghort a threabh sé le díograis i *‘Repulsion’*, 1965 – *‘Rosemary’s Baby’*, 1968 – *‘The Tenant’*, 1976 – an t-árasán (carcair? príosún? géibheann?) meánaicmeach ina bhfuil na príomhcharachtair, na comhraiceoirí, faoi gheasa na gceithre bhfallaí, iad teanntaithe isteach, ar nós Fionn agus na Fianna i mBruíon Chaorthainn na bhfinscéalta fadó, gan neart acu ar pé cumhacht mhídhaonna (ósréalaíoch?) a choimeádann ann iad in ainneoin a dtola agus a míle dícheall éalú.
i ngéibheann i gcarcair held captive in a jail
" Ní fada go loiscfear a sciatháin mhaiseacha: cá bhfios dúinne nach bhfuil a fhios sin aige, freisin?" — Pádraic Ó Conaire Tá cáil bainte amach ag Henri Charrière ar fud an domhain de bharr an leabhair, Papillion, a scríobh sé faoi gach rud a tharla dó agus é i ngéibheann i gcarcair i nGuáin na Fraince.
isteach sa charcair lena cois into jail also
" Caitheadh roinnt polaiteoirí de chuid an fhreasúra isteach sa charcair lena cois agus theith a fear céile chun Poblacht na Seice, áit a bhfuair sé tearmann polaitiúil.
gcarcair jail
" Traolach Mac Suibhne, Ard-Mhéara Chorcaí ==================== Fuair a hathair Terence McSwiney, Ard-Mheara Chorcaí, bás ar stailc ocrais a lean 74 lá i gcarcair Brixton Shasana.
an charcair san áireamh the jail included
" Tá iarratas ar £10m d'airgead Eorpach Peace III curtha isteach ach anuas ar sin, tá pleananna ag Ollscoil Uladh £250 milliún a infheistiu i dtuaisceart na cathrach agus tá moltaí ann fosta ‘dorchla cultúir’ a thógáil agus foirgnimh stairiúla i sráid Dhún na nGall agus ar Bhóthar Chromghlinne, an charcair san áireamh, a fheabhsú.
chime i gcarcair na nDaoine a prisoner in the peoples’ jail
" Ní foláir nó gur cheap Walsh gur chime i gcarcair na nDaoine ab ea an Rialtas lá amháin, agus gur caomhnóir an leasa phoiblí é lá eile.
dhá bhliain charcrach two years imprisonment
" Ghearr an breitheamh dhá bhliain charcrach ar Nadezhda Tolokonnikova (22), Maria Alyokhina (24) agus Yekaterina Samutsevich (30) as a n-agóid, a mhair 40 soicind agus dúradh leo, ‘gur diamhasla míofar a bhí ann a bheith ag mallachtú san eaglais’ agus go raibh siad ciontach as drochmheas agus fuath a tharraingt ar an Eaglais Cheartchreidmheach.
ar ais chun na carcrach back to the jail
" "Chuaigh mé ar ais chun na carcrach agus dúirt le mo OC nach raibh mé ag dul a aithint an chúirt nach raibh mé sásta go millfí mo chlú ach dúirt seisean, "nó tá tú ag dul ar ais arís".
i gcarcair in jail
" Cailleadh beirt acu sa phríosún agus chaith an triúr eile scór bliain i gcarcair sular thug an Tiarna Dudley pardún dóibh sa bhliain 1902.
faoi ghlas i gcarcracha Shasana held in English jails
" 1: 1968-1978* Ruan O Donnell, Irish Academic Press (2012) Leabhar thar a bheith tábhachtach is ea Special Category, leabhar toirtiúil úrnua a scrúdaíonn cad a tharla nuair a cuireadh os cionn 200 príosúnach Poblachtach faoi ghlas i gcarcracha Shasana le linn chéad chéim na dTrioblóidí.
laistigh den charcair within the jail
" Bailithe ar Troigh gan Tuairisc ============ An Córas Scaipthe a bhí ann roimhe sin, ba do bhuíonta beaga coirpeach fadtéarmach a cuireadh ar bun an chéad lá riamh é, rud a chiallaigh go raibh na húdaráis Bhriotanacha trína chéile ar dtús faoi conas déileáil leis na cimí nua sin, cimí a raibh córas ceannaireachta docht acu féin, laistigh den charcair agus ar an taobh amuigh freisin, cimí a raibh bá an phobail agus dreamanna cearta sibhialta leo go minic freisin.
de na hagóidí carcrach is mó agus is foréigní a tharla riamh of the largest and most violent protests which ever occurred
" Ní hamháin go ndearna na Poblachtaigh iarrachtaí rialta ar éalú as an ngéibheann ina rabhadar, ach bhí na cimí Poblachtacha lárnach i gcuid de na hagóidí carcrach is mó agus is foréigní a tharla riamh laistigh de chóras coiriúil na Breataine leis na céadta bliain anuas, an chíréib mhór a tharla i gcarcair Hull sa bhliain 1976 san áireamh.
sna carcair in the jails
" " An Athghabháil ====== Creideann Feargal go raibh daoine sa tuaisceart, bíodh siad ag obair ar son an phobail nó ag gníomhú ar son na teanga sna carcair, bhí siad á dheanamh mar chuid den idé-eolaíocht sin a chreid gur chóir an díchoilíniú a bhaint amach.
i gcarcair in prison
" Chaith gach duine acu tuairim is deich mbliana i gcarcair.
gléasta in éadaí carcrach dressed in prison clothing
" Bíonn roinnt daoine san arm craiceáilte gléasta in éadaí carcrach le reanna saighde orthu chun cur i gcuimhne don dream eile gur bunaíodh coilíneacht Bhriotanach abhus mar áitreabh pionóis agus gur de shliocht na gcimí iad na hAstrálaigh.
saorfaí na daoine a cuireadh i gcarcair would free the people imprisoned
" Ag an bhomaite dheireanach, d’éirigh le hidirghabhálaithe ón AE an dá pháirtí a mhealladh chun cainte agus shínigh siad socrú a chinnteodh go mbeadh toghchán roimh dheireadh na bliana agus go saorfaí na daoine a cuireadh i gcarcair le linn na n-agóidí.
ar an bpláta beag i gcarcair in a jail
" Chaith Corby naoi mbliana ar an bpláta beag i gcarcair darb ainm Kerobokan, i mBali na hIndinéise, agus bhí a scaoileadh saor ar an bpríomhscéal sna meáin go léir san Astráil ag an am.
fós i gcarcair still in jail
" Feictear dom go bhfuil sí fós i gcarcair – a bhuí leis na meáin a rinne dúshaothrú uirthi beagnach ón bhomaite a gabhadh í deich mbliana ó shin.
i gcarcair in jail
" Tugann Campbell léargas ar leith dúinn ar chur chuige Jenkins le linn stailc ocrais na ndeirfiúracha Price, Marion agus Dolours, i mBrixton, beirt dar ciontaíodh as buamáil an Old Bailey agus a bhí i gcarcair le fiche bliain.
carcair Éireannach an Irish jail
" “*Fortified by one of Roy’s dangerously potent dry Martinis*”, mhol a chomhairleoir Anthony Lester don Stát-Rúnaí gan géilleadh do bhagairt na ndeirfiúracha go nglacfaidís lámha ina mbás féin muna gcuirfí iad siar go carcair Éireannach.
i gcarcair in jail
" D’fhéadfá a mhaíomh go raibh sé de cheart aige na gnéithe sin d’Ioslám atá uafásach i súile gach duine eile seachas bunchreidmhigh Mhoslamacha a cháineadh - cás Meriam Ibrahim, a daoradh chun báis i ndiaidh dá leanbh theacht ar an saol i gcarcair agus í ceangailte le slabhra cionn is gur iompaigh sí ina Críostaí mar shampla, cé go bhfuil sé fógartha go scaoilfear saor í roimh i bhfad.
scaoileadh as an gcarcair was set free from jail
" (gáire croíúil) Bím ag scríobh go leor agus bím ag labhairt go seasta! Is spéisiúil gur feimineach láidir a bhí i mo dheirfiúr nuair a scaoileadh as an gcarcair í agus mhaíodh sí ‘women are always the extension or another, a male’, an dtuigeann tú? Ach is é mo scéal féin, mar a tharlaíonn, gur deartháir Mairead Farrell mise.
caite isteach sa charcair thrown into jail
" An féidir leat aon mhaith a dhéanamh le gníomhaíocht den chineál seo?** NFarrell: B’fhéidir mar gheall ar mo thógáil i mBéal Feirste – tá sé san fhuil, *instinctively, I try to avoid prison*! Creidim go bhfuil go leor de na meáin chumarsáide sa stát seo a shíleann gur cheart go mbeadh éinne as an tuaisceart caite isteach sa charcair.
Nár braithe tú am na carcrach crua ort may you not feel the time jail difficult
" Nár braithe tú am na carcrach crua ort.
chun na carcrach to jail
" Níl i roinnt den sceimhlitheoireacht a nochtar i SAM ach drámaíocht agus aisteoireacht ina dtreoraítear go slítheánta an corrchréatúr neoid chun na carcrach.
sacadh isteach sa charcair thrown into jail
" Cíorann Bearnaí Ó Doibhlin san alt seo an t-iomrall ceartais ba mheasa san Astráil le fada an lá riamh, máthair a ciontaíodh agus a sacadh isteach sa charcair nuair a chuimil an tubaiste léi.